Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

This page is also available in English

Is iar-bhunscoil í Coláiste Oiriall a sholáthraíonn oideachas iar-bhunscoile do dhaltaí ó Bhliain a haon go Bliain na hArdteistiméireachta.

De réir cheanglais an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017, an Aguisín a ghabhann le Tús Áite do Leanaí (2019), na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023) agus Treoir Tusla maidir leis na Ráitis um Chumhdach Leanaí a ullmhú, chomhaontaigh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall an Ráiteas um Chumhdach Leanaí atá leagtha amach sa doiciméad seo.

  1. Tá an Bord Bainistíochta tar éis Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023) na Roinne a ghlacadh agus déanfaidh sé iad a chur i bhfeidhm go hiomlán, gan athrú gan leasú mar chuid den Ráiteas foriomlán um Chumhdach Leanaí
  2. Is é Brendan Ó Dufaigh an Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) 
  3. Is í Annette Ní Thuathail an Leas-Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA)
  4. Is é Brendan Ó Dufaigh an Duine Ábhartha
  5. Aithníonn an Bord Bainistíochta go mbaineann cúinsí cosanta agus leasa leanaí trí gach gné de shaol na scoile agus go gcaithfear iad a léiriú i mbeartais, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí uile na scoile. Comhlíonfaidh an scoil, ina cuid beartas, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí, na prionsabail a leanas maidir le dea-chleachtas i gcosaint agus leas leanaí: 

Déanfaidh an scoil an méid a leanas:

  • aithneoidh sí go bhfuil cosaint agus leas leanaí thar a bheith tábhachtach, beag beann ar gach breithniú eile.
  • comhlíonfaidh sí go hiomlán a hoibleagáidí reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus comhlíonfaidh sí reachtaíocht ábhartha eile a bhaineann le cosaint agus leas leanaí.
  • comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis reachtúla ábhartha maidir le cosaint leanaí agus cúrsaí leasa.
  • cleachtais shábháilte a ghlacadh chun an fhéidearthacht go dtarlódh díobháil nó timpistí do leanaí a íoslaghdú agus chun oibrithe a chosaint ar an ngá le rioscaí neamhriachtanacha a ghlacadh a d’fhéadfadh iad féin a fhágáil ar oscailt do chúiseamh mí-úsáide nó faille.
  • cleachtas oscailteachta a fhorbairt le tuismitheoirí agus rannpháirtíocht tuismitheoirí in oideachas a gcuid leanaí a spreagadh. 
  • meas iomlán a bheith acu ar cheanglais rúndachta agus iad ag déileáil le cúrsaí maidir le cosaint leanaí.

Comhlíonfaidh an scoil na prionsabail thuas freisin maidir le haon scoláire fásta atá faoi leochail speisialta. 

  1. Tá na nósanna imeachta/bearta seo a leanas i bhfeidhm:
  • Maidir le haon bhall foirne atá faoi réir aon imscrúdaithe (cibé mar a thuairiscítear sin) maidir le haon ghníomh, neamhghníomh nó imthoisc i ndáil le leanbh atá ag freastal ar an scoil, comhlíonann an scoil na nósanna imeachta ábhartha atá leagtha amach i gCaibidil 7 de na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023) agus comhlíonann an scoil na nósanna imeachta araíonachta comhaontaithe ábhartha d’fhoireann scoile atá foilsíthe ar shuíomh gréasáin gov.ie. 
  • Maidir le roghnú nó earcú foirne agus a n-oiriúnacht chun oibriú le leanaí, comhlíonann an scoil ceanglais reachtúla grinnfhiosrúcháin Achtanna an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 agus comhlíonann an scoil an treoir níos leithne maidir le dualgas cúraim a leagtar amach i gciorcláin ghrinnfhiosrúcháin agus earcaíochta Garda a d’fhoilsigh an RO agus atá ar fáil ar shuíomh gréasáin gov.ie.
  • Maidir le faisnéis, agus, nuair is gá, treoir agus oiliúint, a sholáthar don fhoireann i ndáil le tarlú díobhála a shainaithint (mar a shainmhínítear in Acht 2015) tá an méid a leanas déanta ag an scoil-
  • Chuir sí cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile ar fáil do gach ball foirne 
  • Cinntíonn sí go gcuirtear cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile ar fáil do gach ball foirne nua 
  • Spreagann sí baill foirne chun leas a bhaint as oiliúint ábhartha 
  • Spreagann sí baill an Bhoird Bainistíochta chun leas a bhaint as oiliúint ábhartha 
  • Coinníonn an Bord Bainistíochta taifid ar gach oiliúint ar bhaill foirne agus ar bhaill den Bhord 
  • Maidir le Tusla i ndáil le hábhair imní um chosaint leanaí a thuairisciú, ceanglaítear ar gach duine den phearsanra scoile na nósanna imeachta atá leagtha amach sna Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023) a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás múinteoirí cláraithe, iad siúd atá sainordaithe chun tuairisciú faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.
  • Is daoine sainordaithe iad na múinteoirí cláraithe ar fad atá fostaithe ag an scoil faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.
  • De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015 agus san Aguisín a ghabhann le Tús Áite do Leanaí (2019), rinne an Bord measúnú ar aon fhéidearthacht díobhála do leanbh agus é nó í ag freastal ar an scoil nó ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí scoile. Tá measúnú scríofa ina leagtar amach na réimsí riosca a sainaithníodh agus nósanna imeachta na scoile chun na rioscaí sin a bhainistiú san áireamh sa Ráiteas um Chumhdach Leanaí. 
  • Is féidir teacht ar na nósanna imeachta éagsúla dá dtagraítear sa Ráiteas seo ar shuíomh gréasáin na scoile, ar shuíomh gréasáin gov.ie nó cuirfear ar fáil iad arna iarraidh sin ag an scoil.
  1. Foilsíodh an ráiteas seo ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuireadh ar fáil é do gach ball de phearsanra na scoile, do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó) agus don phátrún. Tá sé inrochtana go héasca ag tuismitheoirí agus caomhnóirí ach é a iarraidh. Cuirfear cóip den Ráiteas seo ar fáil do Tusla agus don Roinn má iarrtar sin. 
  2. Déanfar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí a athbhreithniú ar bhonn bliantúil nó a luaithe is indéanta tar éis athrú ábhartha a bheith ann in aon ábhar dá dtagraíonn an ráiteas seo.

Rinne an Bord Bainistíochta athbhreithniú ar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí ar an 05 Meán Fómhair 2024 

Síniú: _________________________

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

Dáta: 5 Meán Fómhair 2024

Síniú: _________________________

An Príomhoide/Rúnaí an Bhoird Bainistíochta

Dáta: 5 Meán Fómhair 2024

 

 

Oiriall Twitter

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344