THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH
Beartas Frithbhulaíochta Choláiste Oiriall
- An Polasaí
I gcomhréir le riachtanais an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na dtreoirlínte faoi chód iompair a d'eisigh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais tá an beartas frithbhulaíochta seo a leanas glactha ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall mar chuid de chód iompair iomlán na scoile. Géilleann an beartas go huile agus go hiomlán do riachtanais Ghnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile a foilsíodh i Meán Fómhair 2013. Is iad na Cinn Bhliana agus an Fhoireann Tacaíochta Daltaí a ghlacann an ról mar fhoireann comhordaithe ag cur i bhfeidhm an pholasaí seol.
- Príomhphrionsabail dea-chleachtais
Aithníonn Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a dhiúltaí a d'fhéadfadh a thionchar a bheith ar dhaltaí, agus geallann an scoil dá réir cloí leis na príomhphrionsabail dea-chleachtais seo a leanas agus iompar bulaíochta á chosc agus á chomhrac.
- Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil:
- ina nglactar go fonnmhar le difríocht agus le héagsúlacht agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht
- ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i dtimpeallacht neamhbhagrach; agus
- ina gcuirtear caidreamh bunaithe ar mheas chun cinn ar fud phobal na scoilE
- Ceannaireacht éifeachtach
- Cur chuige scoile uile
- Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aige
- Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt)
- a chothaíonn ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí; agus
- ina dtéitear i ngleic go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus trasfóbach
- Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí
- Tacaíochtaí don fhoireann
- Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar shlí chomhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus
- Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.
- Sainmhíniú ar bhulaíocht
I gcomhréir le Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile seo é an sainmhíniú ar bhulaíocht: iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine nó daoine eile, agus a dhéantar arís agus arís eile. Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas ar an sainmhíniú ar bhulaíocht:
- Ionsaitheacht fhisiciúil: Áirítear air sin duine a bhrú, a shá, a bhualadh, a chiceáil, a phriocadh nó cor coise a chur ann. Bheadh trom-ionsaí fisiciúil ar áireamh anseo. Is minic a théann daltaí i mbun 'troideanna bréige', ach féadtar úsáid a bhaint astu chun ciapadh fisiciúil a dhéanamh faoi cheilt, sin nó duine a ghortú.
- Imeaglú: Cineál ar leith iompar bulaíochta is ea imeaglú: d'fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar chomharthaíocht choirp ionsaitheach ina mbaintear úsáid as an nguth mar arm troda. D'fhéadfadh aghaidh a léiríonn ionsaitheacht agus/nó míghnaoi a bheith ina chúis mhór imní.
- Aonrú agus eisiamh: Tarlaíonn bulaíocht den chineál seo nuair a dhéanann cuid den rang nó an rang ar fad duine a aonrú, a eisiamh nó neamhaird a thabhair air/uirthi d'aon ghnó. Fágtar duine as an áireamh d'aon ghnó agus bíonn cúlchaint mhailíseach ar siúl. D'fhéadfadh ráitis mhaslacha a bheith á scríobh mar gheall ar an dalta seo in áiteanna poiblí, nó nótaí faoin dalta nó líníochtaí den dalta a bheith á scaipeadh nó í/é a bheith á maslú/mhaslú de chogar ach é a bheith sách ard le go gcloisfí é.
- Caidreamh bulaíochta: Bíonn seo ann nuair a dhiúltaítear go leanúnach d'iarrachtaí duine caidreamh a bheith aige/aici le piaraí agus gaol a chothú leo, nó nuair a bhaintear an bonn de na hiarrachtaí sin.
- Cibearbhulaíocht: Is bulaíocht é seo a chuirtear i gcrích trí theicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide ar nós téacsteachtaireachtaí, suíomhanna líonra sóisialta, r-phost, cur teachtaireachtaí meandracha, feidhmchláir, suíomhanna cluichíochta, seomraí comhrá agus teicneolaíochtaí eile ar líne. An cineál bulaíochta ar líne is coitianta ná teachtaireachtaí míchuí nó goilliúnacha a dhíriú ar dhuine.
- Ainmneacha maslacha a thabhairt ar dhuine: Duine ar bith a thugann ainm maslach, goilliúnach nó náiritheach ar dhuine eile, ba cheart féachaint air sin mar iompar bulaíochta. Is minic a ndéantar tagairt do chuma fhisiciúil duine. D'fhéadfaí aird dhiúltach a dhíriú ar thuin chainte nó ar ghuth so-aitheanta. Is minic cumas acadúil a bheith ina chúis le hainmneacha maslacha.
- Dochar do mhaoin: Is féidir bulaíocht a dhíriú ar mhaoin phearsanta. I gceist ansin bheadh damáiste d'éadaí, d'fhón póca nó do ghléasanna eile, do leabhair scoile agus d'ábhar foghlama eile nó cur isteach ar thaisceadán nó ar rothar an dalta. D'fhéadfaí a bhfuil sa mhála scoile a chaitheamh amach ar an urlár. D'fhéadfaí rudaí pearsanta a bhriseadh, a loit, a ghoid nó a chur i bhfolach.
- Sracadh: D'fhéadfaí airgead a éileamh, faoi bhagairt uaireanta. D'fhéadfaí iallach a chur ar dhalta maoin a ghoid ar son duine eile atá ag gabháil d'iompar bulaíochta .
- Bulaíocht bunaithe ar aitheantas, ar nós bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch, bulaíocht bunaithe ar bhallraíocht den Lucht Siúil agus bulaíocht ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.
Ní chuimsíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht teagmhais aonraithe nó teagmhais aon uaire d'iompar diúltach d'aon turas, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile agus ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile.
Ach, i bhfianaise an bheartais seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.
Iompar diúltach nach n-áirítear sa sainmhíniú seo ar bhulaíocht, déileálfar leis de réir chód iompair na scoile.
- Múinteoirí Ábhartha
Is iad na múinteoirí ábhartha a dhéanfaidh bulaíocht a imscrúdú agus a dhéileálfaidh léi ná na Cinn Bhliana, an Príomhoide agus an Príomhoide Tánaisteach.
- Straitéisí oideachais agus coiscthe
Seo a leanas na straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear straitéisí a bheidh dírithe go sonrach ar an gcibearbhulaíocht agus ar bhulaíocht bunaithe ar aitheantas, go háirithe bulaíocht homafóbach agus trasfóbach) a bheidh in úsáid i gColáiste Oiriall:
- Tá muid ag doiciméadú na straitéisí sonracha oideachais agus coiscthe a chuirfidh an scoil chun feidhme, go speisialta agus muid ag plé le ceist na cibearbhulaíochta agus na bulaíochta bunaithe ar aitheantas, go háirithe bulaíocht homafóbach agus bulaíocht trasfóbach.
- Ar na cleachtais éifeachtacha tá bearta coiscthe agus bearta chun feasacht a mhúscailt mar gheall ar gach gné den bhulaíocht agus straitéisí chun cabhrú le daltaí dul i ngleic le fadhbanna de réir mar a thagann siad chun cinn. Féachann muid chuige sna straitéisí sin go gcothaítear ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí.
- Féachann muid chuige le deiseanna a thabhairt do dhaltaí chun braistint dhearfach dá fhiúntas féin a chothú tríd ár gclár curaclaim agus seach-churaclaim mar aithníonn muid an ceangal láidir idir iompar agus féinmheas. Díríonn ár dtionscnaimh agus ár gcláir ar fheasacht agus ar thuiscint ar bhulaíocht a chothú sna daltaí, lena n-áirítear cúiseanna le bulaíocht agus iarmhairtí na bulaíochta agus pléann muid go speisialta le bulaíocht bunaithe ar aitheantas agus go háirithe le bulaíocht homafóbach agus le bulaíocht trasfóbach.
- Is í an dóigh is fearr le dul i ngleic leis an chibearbhulaíocht ná é a chosc ar an chéad dul síos. Díríonn ár mbearta coiscthe agus múscailt feasachta a dhíriú ar oideachas a chur ar dhaltaí faoin tslí le hiad féin a iompar ar líne, faoin tslí le bheith sábháilte ar líne agus ar conas cultúr a chothú ina dtuairiscítear aon údar imní mar gheall ar chibearbhulaíocht. Gnéithe tábhachtach den chur chuige sin is ea cur chuige scoile uile a bheith ann agus ról gníomhach a bheith ag tuismitheoirí. Cuirtear san áireamh sna bearta coiscthe agus múscailt feasachta an deis atá ann chun gabháil don chibearbhulaíocht ar áiseanna teicneolaíochta atá ar fáil laistigh den scoil.
- Déanann muid cúram speisialta do dhaltaí faoi mhíchumas agus do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus bearta á ndéanamh ag scoil chun dul i ngleic le hiompar bulaíochta nó é a chosc. Tá an beartas frithbhulaíochta gcomhréir le beartais agus tacaíochtaí eile na scoile agus cinntíonn muid go n-oibríonn na seirbhísí ar fad a dhéanann soláthar do dhaltaí mar iad as lámha a chéile. Ar na bearta a dhéanann muid chun an fhéidearthacht go ndéanfar bulaíocht ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a laghdú tá cuimsiú a fheabhsú, díriú ar scileanna sóisialta a shealbhú, aird a dhíriú ar phríomhócáidí mar an t-athrú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil agus dea-chultúr scoile a chothú ina léirítear meas ar chách agus ina dtugtar lámh chúnta do uile dhuine
- Déanann muid ár ndícheall chun feasacht ar bhulaíocht a mhúscailt ionas go dtuigfidh gach ball de phobal na scoile an rud is bulaíocht ann agus an tslí ina ndéileálann an scoil le hiompar bulaíochta. Bíonn Seachtain Feasachta Cairdis againn, pléitear bulaíocht agus déantar cur i láthair ag cruinnithe Chumann na dTuismitheoiri, bíonn seisiúin eolais ann do mhúinteoirí, déantar caint go rialta ag na tionóil, pléitear an t-ábhar le gach bliainghrúpa ag tús na bliana, bíonn feachtas póstaer iontach feiceálach ann ar fud na scoile, líonann daltaí ceistneoirí machnamhacha isteach, tá CCTT i bhfeidhm ar fud na scoile agus tá go leor gnéithe den bhulaíocht fite fuaite i gCód Iompair na scoile. Déanann muid cinnte de go mbíonn feitheoireacht shásúil roimh, le linn agus i ndiaidh am scoile.Tuigeann muid go dtugann seachtain feasachta cairdis an fhéinmhuinín is gá a thabhairt do thuismitheoirí dalta a bhfuil bulaíocht á déanamh uirthi nó air chun í a thuairisciú don scoil. Cuidíonn sé fosta chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt do thuismitheoirí an dalta atá ag gabháil don bhulaíocht go bhfuil sé de fhreagracht orthu díriú ar iompar a bpáiste.
- Tá roinnt comhpháirteanna agus clár sa churaclam atá ábhartha maidir le bulaíocht a chosc agus meas ar éagsúlacht agus ar chuimsiú a chothú. Déantar foráil speisialta sa churaclam OSPS chun féachaint ar iompar bulaíochta agus ar na réimsí gaolmhara seo: muintearas agus imeascadh, cumarsáid, coimhlint, cairdeas, sábháilteacht phearsanta agus caidreamh. Sa Chlár Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta tá deiseanna chun réimsí ar nós na gnéasachta agus an chaidrimh a chíoradh agus a phlé, rudaí a bhfuil baint mhór acu le bulaíocht bunaithe ar aitheantas. Aithníonn muid go mbíonn gá le forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí sa réimse seo oibre.
- Tá spás i ngach ábhar le dearcadh a chothú ar mhaithe le meas ar chách; a thábhachtaí atá an éagsúlacht; conas réamhchlaonadh agus steiréitíopáil a sheachaint agus béim a leagan ar a neamh-inghlactha atá iompar bulaíochta. Sa Bhéarla, úsáideann muid litríocht chun plé a spreagadh. Sa Tíreolaíocht agus sa Stair, déanann muid tagairtí don choilíniú, don dúshaothrú agus do dheachtóireachtaí chun mí-úsáid cumhachta a léiriú. Leathnaíonn muid na hiarrachtaí sin isteach i réimsí eile ar nós na hEalaíne, na Drámaíochta, an Oideachais Reiligiúnaigh, agus an Chorpoideachais. Cuireann muid comhoibriú agus iarrachtaí grúpa chun cinn i spóirt foirne, i gclubanna agus i gcumainn scoile agus trí mheán ábhair phraiticiúla. Aithníonn muid go mbíonn deiseanna den scoth le fáil i ngníomhaíochtaí spóirt chun ionsaitheacht a úsáid ar mhaithe le rud fiúntach a bhaint amach agus chun féinsmacht a fhoghlaim.
- Gnásanna chun iompar bulaíochta a imscrúdú agus déileáil leis
Seo a leanas straitéisí Choláiste Oiriall chun iompar bulaíochta a imscrúdú, chun obair leantach a dhéanamh ina dtaobh agus chun iompar bulaíochta a thaifeadadh mar aon leis na straitéisí idirghabhála bunaithe a úsáidfidh an scoil chun déileáil le cásanna d'iompar bulaíochta:
- Is é an phríomhaidhm a bheidh ag an múinteoir ábhartha agus bulaíocht á imscrúdú aici/aige aghaidh a thabhairt ar aon cheist is gá a réiteach agus an gaol idir na páirtithe i dtrácht a chur ar ais mar a bhí sé an oiread is indéanta sin (seachas milleán a chur). Agus imscrúdú ar bhulaíocht á dhéanamh, nó nuair a bhítear ag déileáil le bulaíocht, feidhmeoidh an múinteoir a breithiúnas gairmiúil chun a chinneadh cibé an ndearnadh bulaíocht agus conas ab fhearr déileáil leis an bhfadhb.
- Caithfidh an múinteoir ábhartha gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí gan ainm, a imscrúdú agus déileáil leo. Ar an tslí sin beidh níos mó muiníne ag daltaí gur fiú bulaíocht a thuairisciú. Tá sé ríthábhachtach an mhuinín sin a chothú i measc na ndaltaí. Deirtear go soiléir leis na daltaí nach ag tabhairt leideanna atá siad nuair a thuairiscíonn siad teagmhais bhulaíochta ach á n-iompar féin ar dhóigh fhreagrach.
- Spreagann muid an fhoireann neamhtheagaisc – rúnaithe, cúntóirí riachtanas speisialta, coimhdirí iompar scoile, airígh, glantóirí – chun aon teagmhas d'iompar bulaíochta a fheiceann siad, nó a luaitear leo, a thuairisciú don mhúinteoir ábhartha.
- Ní mór do thuismitheoirí agus do dhaltaí comhoibriú le haon imscrúdú agus cuidiú leis an scoil aon cheist bhulaíochta a réiteach agus an caidreamh a bhíodh idir na páirtithe atá bainteach leis an mbulaíocht a chur ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta sin. Bíonn cur chuige réidh, fadhbréitigh, neamhmhothúchánach ag múinteoirí agus iad ag déileáil le líomhaintí d'iompar bulaíochta a thuairiscíonn daltaí, baill foirne nó tuismitheoirí dóibh.
- Is fearr de ghnáth teagmhais a imscrúdú lasmuigh den seomra ranga chun príobháideacht gach duine atá bainteach leis a chosaint. Déantar gach agallamh go híogair ag féachaint do chearta gach dalta i dtrácht. D'fhéadfadh daltaí nach bhfuil baint dhíreach acu leis an mbulaíocht eolas úsáideach a sholáthar in agallamh mar sin. Agus anailís á déanamh ar theagmhais d'iompar bulaíochta, lorgaíonn an múinteoir ábhartha freagraí ar na ceisteanna céard, cá háit, cathain, cén duine nó cé na daoine, agus cad chuige? Cuirtear na ceisteanna sin go ciúin síochánta, chun sampla a thabhairt den dóigh le déileáil le coimhlint go héifeachtach neamhionsaitheach.
- Má bhíonn grúpa i gceist, cuirtear agallamh ar gach duine den ghrúpa ina nduine agus ina nduine agus labhraítear leis an ngrúpa ar fad ina dhiaidh sin. Ag an chruinniú grúpa, iarrtar ar gach ball cuntas a thabhairt ar an méid a chonaic sé/sí le bheith cinnte go gcluineann an grúpa ar fad cuntais a chéile. Tacaíonn muid le gach ball sa ghrúpa i bhfianaise na mbrúnna a d'fhéadfadh baill eile sa ghrúpa a chur orthu tar éis an agallaimh leis an múinteoir. In amanna thiocfadh leis a bheith foirsteanach nó cuidiúil iarraidh ar na daoine a bhí bainteach leis an teagmhas a gcuntas ar an teagmhas a scríobh síos.
- I gcásanna ina gcinneann an múinteoir ábhartha go ndearnadh bulaíocht, déantar teagmháil, a luaithe is féidir, le tuismitheoirí na bpáirtithe i dtrácht chun iad a chur ar an eolas faoin scéal agus na bearta a dhéanfar a mhíniú doibh (le tagairt do bheartas na scoile). Tugann an scoil deis phlé do na tuismitheoirí ar dhóigheanna ina bhféadfaí bearta na scoile agus an tacaíocht do na daltaí a athneartú nó a mhéadú. I gcás ina gcinneann an múinteoir ábhartha go raibh dalta ag gabháil d'iompar bulaíochta, cuirtear ar a súile nó ar a shúile di nó dó go soiléir gur sháraigh sí nó sé beartas frith-bhulaíochta na scoile agus déantar iarrachtaí chun go bhféachfadh sí nó sí an scéal ó thaobh an dalta a bhfuil an bhulaíocht á déanamh air nó uirthi nó air.
- Bíonn muid soiléir don uile dhuine atá bainteach leis (gach grúpa daltaí agus tuismitheoirí) in aon chás ina mbíonn gá le smachtú, gur ceist phríobháideach é idir an dalta atá á smachtú, a tuismitheoirí nó a thuismitheoirí agus an scoil. Socraíonn muid cruinnithe breise leis na páirtithe i dtrácht a shocrú chun iarracht a dhéanamh iad a thabhairt le chéile níos faide anonn má bhíonn an dalta a ndearnadh an bhulaíocht uirthi nó air sásta leis sin. Féadann tairbhe theiripeach a bheith ag gabháil le cruinnithe mar sin.
- I gcásanna ina measann an múinteoir ábhartha nár caitheadh go leordhóthanach leis an iompar bulaíochta laistigh de 20 lá scoil tar éis di/dó a chinneadh gur tharla iompar bulaíochta, caithfidh an múinteoir ábhartha é sin a thaifead ar an ‘fhoirm chun iompar bulaíochta a thaifeadadh’. Agus cinneadh á dhéanamh cibé ar déileáladh go cuí agus go leordhóthanach le cás bulaíochta, ní mór don mhúinteoir ábhartha, mar chuid dá breithiúnas gairmiúil, na tosca seo a leanas a chur san áireamh: cibé ar scoireadh den iompar bulaíochta ó shin; cibé ar réitíodh, a mhéad ab fhéidir, aon cheist a bhí le réiteach idir na páirtithe; cibé an bhfuil an caidreamh idir na páirtithe curtha ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta agus an bhfuarthas aon aiseolas ó na páirtithe i dtrácht, óna dtuismitheoirí nó ó Phríomhoide nó ó Phríomhoide Tánaisteach na scoile.
- I gcás nach bhfuil tuismitheoir sásta gur dhéileáil an scoil le cás bulaíochta i gcomhréir leis na gnásanna seo, caithfidh gnásanna na scoile maidir le gearán a dhéanamh a chur in iúl don tuismitheoir. I gcás ina mbaineann an tuismitheoir úsáid as gnásanna na scoile maidir le gearán a dhéanamh agus nach bhfuil sí/sé sásta fós, caithfidh an scoil a insint don tuismitheoir go bhfuil sé de cheart aici/aige gearán a dhéanamh le hOmbudsman na Leanaí.
- Gnásanna chun iompar bulaíochta a thaifeadadh
Tá sé cinnithe ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall go mbíonn gnásanna soiléire ag an scoil chun iompar bulaíochta a nótáil agus a thuairisciú go foirmiúil agus tá na gnásanna sin doiciméadaithe mar chuid de bheartas frithbhulaíochta na scoile. Ní mór gach taifead a choimeád i gcomhréir leis an reachtaíocht chuí cosanta sonraí.
- Is féidir le tuismitheoirí agus le daltaí saincheist bhulaíochta a thuairisciú trí Microsoft Form a chomhlánú, foirm atá suite in áit iontach feiceálach ar leathanach baile ár suíomh idirlín.
- Bíodh is go gcaithfear gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí gan ainm i dtaobh bulaíochta, a imscrúdú agus go gcaithfidh an múinteoir ábhartha déileáil leo, bainfidh an múinteoir ábhartha leas as a breithiúnas gairmiúil i dtaca leis na taifid de na tuairiscí sin a bheidh le coinneáil, na bearta a dhéanfar agus aon phlé leo siúd atá bainteach leis an mbulaíocht maidir leis an gcéanna.
- Má fhaigheann an múinteoir ábhartha go ndearnadh bulaíocht, ní mór don mhúinteoir ábhartha taifid scríofa a choimeád chun cabhrú léi/leis an cheist a réiteach agus an gaol idir na páirtithe a chur ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta.
- Caithfidh an múinteoir ábhartha an ‘fhoirm chun iompar bulaíochta a thaifeadadh’a úsáid chun an t-iompar bulaíochta a thaifeadadh sna cásanna seo a leanas: i gcásanna ina measann sé/sí nár díríodh go leordhóthanach ná go cuí ar an iompar bulaíochta laistigh de 20 lá scoile tar éis dó/di a chinneadh gur tharla iompar bulaíochta; agus i gcás inar chinn an scoil go gcaithfear iompar bulaíochta a thaifeadadh i gcásanna áirithe agus é a thuairisciú láithreach don Phríomhoide nó don Leasphríomhoide.
- Tacaíochtaí do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu
Seo a leanas clár tacaíochta Choláiste Oiriall do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu:
- Tá clár tacaíochta i bhfeidhm i gColáiste Oiriall do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu. D'fhéadfadh comhairleoireacht agus/nó deiseanna chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí chun a bhféinmheas a mhéadú, a scileanna cairdis agus sóisialta a fhorbairt agus athléimneacht a chothú iontu a bheith de dhíth ar dhaltaí mar sin. Is cur chuige cúram comhroinnte atá againn. Baineann muid leas as cleachtas aisríoch, idirghabháil nó comhréiteach mar is cuí. Coinníonn muid cumarsáid oscailte idir scoil, tuismitheoirí agus gníomhaireachtaí seachtracha agus oibríonn muid le chéile chun an fhadhb a leigheas agus chun an t-íospartach a chosaint.
- Tá clár tacaíochta do dhaltaí a bhí ag gabháil d'iompar bulaíochta a bheith mar chuid de phróiseas idirghabhála na scoile, leis. Bíonn cuidiú leanúnach de dhíth ar dhaltaí a bhí bainteach le hiompar bulaíochta. Daltaí nach leor a bhféinmheas, tugtar deiseanna dóibh chun a gcuid braistintí féinfhiúntais a mhéadú. Mar sin aithníonn muid go mbíonn sé tábhachtach sna straitéisí foghlama a chuirtear chun feidhme foráil a bheith déanta chun braistint daltaí faoina bhfiúntas féin a mhéadú. D'fhéadfadh comhairleoireacht a bheith de dhíth ar dhaltaí a ghabhann d'iompar bulaíochta chun gur féidir leo bealaí eile a fhoghlaim chun a gcuid riachtanas a chomhlíonadh gan cearta daoine eile a shárú.
- Cásanna tromchúiseacha a tharchur chuig FSS
I dtaca le bulaíocht sna scoileanna foráiltear in Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Páistí, 2011 (Tús Áite do Leanaí) agus sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna "i gcásanna ina dtarlaíonn teagmhas tromchúiseach agus ina bhféachtar ar an iompar mar iompar a d'fhéadfadh a bheith mí-úsáideach, ní mór don scoil dul i gcomhairle le Seirbhísí Sóisialta FSS do Leanaí agus do Theaghlaigh d'fhonn freagairt chuí a dhréachtú, ar nós plean bainistíochta".
Déantar teagmhais thromchúiseacha d'iompar bulaíochta a tharchur, faoi mar atá leagtha síos in Tús Áite do Leanaí agus sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna, chuig Seirbhís Leanaí agus Teaghlaigh HSE agus/nó na Gardaí, faoi mar a bheadh.
Foráiltear, leis, sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna go gcaithfidh an Teagmhálaí Ainmnithe comhairle a lorg ó Sheirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS i gcás ina bhfuil údar imní ag pearsanra scoile mar gheall ar pháiste ach nach bhfuil siad cinnte ar cheart an cás a thuairisciú d'FSS.
- Bulaíocht mar chuid den chontanam
Is féidir le hiompar bulaíochta a bheith mar chuid de chontanam iompair seachas ina ghníomh neamhspleách agus i gcásanna áirithe féadfaidh an t-iompar iompú ina ionsaí nó ina chiapadh tromchúiseach fisiciúil nó gnéasach. Chun a chinntiú go ndéileáltar le cásanna den sórt sin go cuí, déantar foráil i mbeartas frithbhulaíochta na scoile le haghaidh nascacht chuí leis an gcód iompair agus chun cásanna a tharchur chuig gníomhaireachtaí agus údaráis sheachtracha, nuair is cuí. I gcásanna ina bhfuil údar tromchúiseach imní againnl i dtaobh iompar dalta, lorgaíonn muid comhairle ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS).
- Maoirseacht agus Monatóireacht Éifeachtach ar Dhaltaí
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil beartais agus cleachtais chuí mhaoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil leis agus chun idirghabháil luath a éascú más féidir.
- An Ciapadh a Chosc
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a oibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.
- Tá an beartas seo ar fáil do phearsanra na scoile, foilsíodh é ar shuíomh Gréasáin na scoile agus do Chumann na dTuismitheoirí. Cuirfear cóip den bheartas seo ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.
- Athbhreithneoidh an Bord Bainistíochta an beartas agus a fheidhmiú uair amháin i ngach scoilbhliain. Cuirfear fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile ar fáil do phearsanra na scoile, foilseofar é ar shuíomh Gréasáin na scoile agus do Chumann na dTuismitheoirí. Cuirfear taifead den athbhreithniú agus a thoradh ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.
Athbhreithniú faofa ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall ar 09 Feabhra 2021
Síniú: ___________________________ Dáta: 08 Meán Fómhair 2022
(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta)
Síniú: _____________________________ Dáta: 08 Meán Fómhair 2022
(Príomhoide)
Dáta an chéad athbhreithnithe eile: go bliantiúil