Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

Board of Management Report

Tuarascáil an Phríomhoide Tosaíodh na ranganna Gaeilge Dé Sathairn do lucht na chéad bhliana nár fhreastail ar Ghaelscoileanna, cruinniú Eolais do thuismitheoirí dhaltaí na chéad bhliana, Lá Spóirt don scoil uilig amárach trialacha éirime Idirbhliana ar siúl Dé Céadaoin, 20 Meán Fómhair agus an tráthnóna dar gcionn tionólfar Cruinniú Eolais do thuismitheoirí lucht na hIdirbhliana. As seo amach beidh tuismitheoirí ag úsáid Vsware chun míniúcháin ar neamhláithreachais a chur isteach, bhí tionól againn sa Gharáiste, tá Food Village agus an ceaintín ar ais agus tá muid sásta leis an tseirbhís. Tá trí rang sa chéad bhliain ag déanamh samplóireachta ar na hábhair roghnacha ar feadh sé seachtaine.

Athbhreithniú an Bhoird ar an pholasaí maidir le Caomhnú Leanaí Rinne an Bord athbhreithniú ar pholasaí na scoile maidir le caomhnú páistí a thabhairt chun críche. Rinneadh an t-athbhreithniú seo i gcomhréir leis an “Seicliosta don Athbhreithniú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí” a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.

Turais Fuair an Príomhoide Moladh Imlíneach ar an turas (TU2) chomh maith le hiarratas fa choinne turas oideachasúil a bheith faofa ag an Bhord (TU3). Tá measúnú riosca déanta (TU6) agus tá foirm Toiliú Tuismitheoirí (TU5) líonta isteach ag na tuismitheoirí uilig. Tá an Bord Bainistíochta toillteanach an litir faofa a chomhlánú ag ceadú an turais (TU4). Chuir an Príomhoide eolas faoi bhráid an chruinnithe faoi roinnt turais lae eile.

Féinmheastóireacht agus Plean Feabhsúcháin Scoile Tá an Plean Feabhsúcháin Scoile réidh anois, cuireadh é faoi bráid chruinniú múinteoirí coicís ó shin. Anocht cuireadh é faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.  Aithníodh láidreachtaí agus réimsí ina bhfuil obair le déanamh le feabhsú. 

Torthaí Scrúduithe Ardteiste Fuair seachtar as an chohórt nó 10% de 66 scoláire os cionn 600 pointe CAO an duine. Fuair 23 scoláire nó 35% os cionn 500 pointe. Fuair 48 scoláire nó 73% os cionn 400 pointe ar an iomlán. B’é 460 an meánlíon pointí CAO a bhíonn ag scoláirí Choláiste Oiriall. Cuireadh síos ar na hábhair a bhí i bhfad níos airde den mheán náisiúnta agus ar na hábhair a bhí go díreach ag an phle anáisiúnta nó rud beag os a chionn.

Beartas Ligint Isteach Rinneadh leasaithe ar an Bheartas Ligint Isteach i leith na scoilbhliana 2023/2024. Cuireadh an leagan leasaithe den bheartas faoi bhráid an chruinnithe agus glacadh leis.

Teagasc agus Foghlaim Tá lúchair orainn páirt a ghlacadh i Léarscáiliú Soláthair (Provision Mapping) – is proiséas é chun tacú le feabhsú ionchuimsitheach scoile. Maireann an chéad chuid de bliain go leith, am a mbeidh teacht ag scoil ar threir, acmhainní, ceardlanna agus foghlaim ghairmiúil agus déanfaidh sé an scoil a chumasú chun eolas agus sonraí a bhailiú ó fhoireann, ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí maidir le hoideachas ionchuimsitheach

Gnóthaí Scoláirí Ceapadh na cinnirí seo a leanas don scoilbhliain reatha seo, ceapadh Ellen NicDhomhnaill agus Aodhán O Dughaill mar Ardchinnirí, Comhairle Daltaí nua le toghadh gan mhoill, cuirfear oiliúnt ar na Cuiditheoirí Idirbhliana agus ar na Cinnirí go luath, bronnadh an gradam Gaisce ar 30 scoláire atá anois sa chúigiú bliain amois

Aon Ghnó Eile Chuir comhairleoirí Imshaoil, FlynnFurney Phlean Gnímh Bithéagsúlachta  le chéile do Choláiste Oiriall le maoiniú ó Leader. Tá go leor rudaí fiúntacha a dhéanfaidh muid iarracht cur i gcrích taobh istigh d’achar ama an phlean 2023-26. Cuirfidh an plean an pobal scoile ag smaoitiú ar an bhithéagsúlacht agus feasacht a ardú ar na nithe a thig linn a athrú agus a fheabhsú chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn agus tús áit a thabhairt dí.

Board of Management Report

Tuarascáil an Phríomhoide Chaill an fhoireann cailíní cispheile mionúir (1ú bhliain) amach as áit i mbabhta leathcraobh na hÉireann cé gur bhain siad dhá chluiche as trí cinn sa turnaimint cílithe sa Mhuine Bheag, Co. Cheatharlach. D’éirigh le foireann cailíní cispheile sóisear (2ú bliain) dul ar aghaidh go dtí babhta leathchraobh na hÉireann nuair a bhain siad an trí chluiche sa turnaimint cáilithe. Chuaigh 46 scoláire Idirbhliana, i gcuideachta ceathrar múinteoir chun na Spáinne ar thuras. Bronnfaidh an tAire Oideachais, Norma Foley, duais ar Ellen Nic Dhomhnaill as an chéad áit a fháil sa rannóg Gaeilge den Chomórtas Scileanna Gairme a d’eagraigh Careers Portal agus AIB ag searmanas ag Oifigí na Roinne Oideachais i Sráid Marlborough. Bronnfar duais fosta ar Conall Alfred. Tá naoi seachtaine scoile déanta againn ó tháinig Priontáil Bhainistithe Cantec isteach. Beidh sé ag cosnú €3,500 dúinn do trí mhí sin i gcomparáid le €1,200 sa seanchóras. Tugadh cuireadh do Dearbhla Ní Mhearáin (Powerpoint) agus Diarmuid Mag Fhionntaigh (Excel) páirt a ghlacadh i gCraobh na hÉireann de MOS (Microsoft Office Specialist) de bharr feabhas a gcuid scrúduithe ríomhaireachta le linn na hIdirbhliana. Bhuaigh an fhoireann faoi-19 gasúraí Corn Mhic an Bhaird inniu in éadan Choláiste Naomh Caoimhín, Lios na Sceithe i bPáirc Naomh Tiarnach, Cluain Eois.

Féinmheastóireacht agus Plean Feabhsúcháin Scoile Tá cuid mhór oibre déanta ar an Phlean Feabhsúcháinn féin i gcomhar leis na múinteoirí agus tá trí mhórchuspóir aontaithe. Tuigeann muid na láidreachtaí mar a aithníodh go dtí seo san fhéinmheastóireacht agus ag eascairt amach as sin tá an trí mhór chuspóir againn. Tá tuillleadh oibre de dhíth chun na spriocanna feabhsaithe a dheimhniú agus cad iad na gníomhaíochtaí chun na spriocanna agus na mórchuspóirí a bhaint amach. Ghabh an Bord Bainistíochta buíochas leis an Choiste Teagaisc agus Foghlama a d’oibrigh ar seo, go speisialta, Bríd agus ansin Claire ar thit an t-ualach uirthi an t-eolas uilig a scagadh agus a chomhordú.

Éiteas i gcoimhthéacs Scoileanna ETB Rinne an Príomhoide cur i láthair ar an choincheap ‘éiteas’ mar a bhaineann sé le scoileanna ETB.  Chuir se síos ar an chúig chroí-luach aitheanta atá ag scoileanna ETB: cúram, comhionannas, pobal, meas agus barr feabhais san oideachais. Labhraíodh faoi na croí-luachanna atá fréamhaithe go láidir sa scoil agus faoi croí-luachanna eile go gcaithfidh muid feabhsú agus forbairt tuilleadh.

seachtaine éitis, luachanna éiteas a cheangail leis an chóras smachta, ag bronnadh pointí dearfacha ar VSware, ag caint faoi luachanna scoile le daltaí agus iad i dtrioblóid agus cuaille eolais nó signpost leis na príomhluachanna a dhéanamh i ranganna adhmadóireachta.

Íocaíochtaí Scoláirí D’iarr an Príomhoide cead ar an Bhord íocaíochtaí a bhailiú ó na scoláirí/ó thuismitheoirí scoláirí sa chéad scoilbhliain eile (2023-24). Chuir sé síos ar na táillí a bhí i gceist Eagraíonn Coláiste Oiriall Scéim Leabhar ar Cíos ón chéad bhliain i rith an bhealaigh suas go dtí an 6ú bliain. Íocann tuismitheoirí €90 go bliantiúil as Scéim na Leabhar do na téacsleabhair agus do na leabhair saothair. Íocann siad táille €60 fosta do Sheirbhísí Scoláirí. RRitheadh rún ag údarú an Phríomhoide na táillí thuasluaite a bhailiú ó thuismitheoirí na scoláirí

 

Ag údarú an Phríomhoide fionraí a chur i bhfeidhm Thoiligh an Bord údarás a thabhairt don Phríomhoide fionraíocht a ghearradh ar scoláire ar feadh suas le trí lá sa chéad scoilbhliain eile (2023-24). Aithníonn an Bord Bainistíochta  gur chóir an cheist a chur faoina mbráid má táthar ag moladh fionraíocht níos faide ná trí lá do scoláire ach toileann an Bord fosta údarás a thabhairt don Phríomhoide fionraíocht suas le cúig lá a ghearradh le linn na scoilbhlina seo chugainn (2023-24) i gcomhar leis an chathaoirleach sa chás nach dtig cruinniú de chuid an Bhoird a ghairm in am caoithiúil.

Athbhreithniú ar Pholasaí Ligint Isteach moladh é agus glacadh leis

 

 

Board of Management Report

Tuarascáil an Phríomhoide  Bhain an fhoireann sinsir díospóireachta áit i gCraobh na hÉireann amach. Bronnadh gradaim Uile-Réalta Iarbhunscoileanna LGFA ar chúigear scoláire. Chaill Coláiste Oiriall éadan Mheánscoil Iosaef, Béal Easa, Co. Mhaigh Eo i gCorn Náisiúnta Cailíní Sinsir B FAI. Bhain an fhoireann cispheile cailíní faoi 16 boinn cré-umha nuair a bhuaigh siad ar Mheánscoil Mount Anville i mbabhta ceathrú-cheannais na hÉireann.  Thug muid isteach daltaí nuachláraithe atá go fóill i rang 6 chun scrúduithe iontrála CAT4 a chur orthu. Fuair iarmhac léinn, Fachtna Mac Conghail, Gradam Taispeántais Iontrála i gColáiste na Tríonóide. Bronnadh an dara háit ar fhoireann teagaisc Choláiste Oiriall sa rannóg Gaeloideachais i nGradaim Barr Feabhais an ETBI. Fuair Aoibhinn Ní Chraoibhín agus Dearbhla Ní Mhearáin fríd go dtí Craobh na hÉireann de Poetry Aloud.  Bhuaigh Dearbhla an dara háit agus bhuaigh Saorlaith NicCionna duais speisialta ag craobh ‘Barúil’. Is iad Coláiste Oiriall Seaimpíní Chraobh na hÉireann i gComórtas Thráth na gCeist Feachtas. Thug triúr dalta óráidí os comhair an Choiste na Gaeilge sa Dáil.  Bhuaigh an fhoireann sóisir B Cailíní Léig an Oirthuaiscirt B1 agus glacfaidh siad páirt i dturnaimint cáilithe na hÉireann agus beidh an fhoireann mionúir B Cailíní i dturnaimint cáilithe na hÉireann fosta. Bhronn Billy Breen, Bainisteoir Sinsearach Ceantair le Prodigy Learning gradam Ionad Feabhais 2021-2022 ar an scoil mar ar na scrúduithe Microsoft Office Specialist (MOS). Bhí Fiona Ní Mheachair, Roinn Chigire mar éascaitheoir le grúpa fócais mar chéim i bhforbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. Fuair iar-mhacléinn, Conor Ó Learnaí scoláireachtaí iontrrála UCD.

WikiWomen Chuir muid fáilte oíche Luain roimh mhic léinn iarbhunscoile agus a gcuid múinteoirí ó Friesland san Ollain agus ó Thír na mBascach sa Spáinn atá ag tabhairt faoi thionscadal WikiWomen i gcuideachta mhic léinn ó Choláiste Oiriall chun líon na mbeatháisnéisí ban i dteangacha mionlaigh a ardú ar Vicipéid.  Tugadh an-mholadh do na múinteoirí Seán Ó Máirtín, Roisin Uí Choinn agus go speisialta Faela Mhic Dhomhnaill atá mar chomhordaitheoir.

Turais Rachaidh 45 dalta agus 4 múinteoir ar thuras chun Barcelona na Spáinne idir 19 Aibreán agus 22 Aibreán ar thuras oideachais agus béim ar chultúr, oidhreacht, stair agus siamsaíocht. Tá an Bord Bainistíochta toillteanach an litir faofa a chomhlánú ag ceadú an turais (TU4). Rachaidh ceathrar dalta agus múinteoir go Gaeltacht Ghaoth Dobhair le freastal ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge idir Dé Céadaoin, 26 Aibreán agus Déardaoin, 27 Aibreán. Tá an Bord Bainistíochta toillteanach an litir faofa a chomhlánú ag ceadú an turais.

Teagasc agus Foghlaim Tá Coiste Teagaisc agus Foghlama ag obair ar an Fhéinmheastóireachta scoile i gcomhair leis an phobal scoile ina iomlán.   Tá láidreachtaí aitheanta agus réimsí a bhfuil feabhas de dhíth tagtha chun solais fosta. Tá roinnt de na spriocanna feabhsaithe aontaithe agus beidh an Coiste agus an fhoireann uilig ag obair ar ghníomhaíochtaí chun na spriocanna a chur i gcrích.

Tuairisc ó Chomhairle na nDaltaí Rinneadh plé ar an cheaintín nua agus mheas baill na Comhairle tuairimí na ndaltaí ar 'Food Kitchen.' Tá na daltaí an-sásta le praghas, caighdéan agus rogha an bhia atá ar fáil.  Mhol an Chomhairle gur cheart don scoil tairgí miostrú a chur ar fáil i leithreas na cailíní. Ghlac bainistíocht na scoile leis an mholadh. Tá Comhairle na nDaltaí ag obair ar neart rudaí eile - ag glanadh amach earraí caillte agus faighte, ag déanamh liosta de dhamáiste déanta sna leithreas agus ag athnuachán na gcartaí ISSU.

Board of Management Report

Tuarascáil an Phríomhoide JCT againn roimh an Nollaig, Beidh trealamh úrnua priontála againn roimh dheireadh na míosa, ceardlanna téarmaíochta roimh an Nollaig do lucht na chéad bhliana, d’eagraigh muid Seachtain Folláine, Seachtain Feasachta Cairdis agus Lá Ceiliúrtha, ghlac muid páirt sna díospóireachtaí Concern, Scléip agus sa Spelling Bee, ffoireann sinsearach díospóireachta na scoile i gCraobh na hÉireann, an chéad Seirbhís Charúl ag an Nollaig, beidh muid páirteach i gCraobh Uladh Sacair de pheil na gcailíní faoi 19 in éadan Mulroy College, Baile na nGallóglach, Cruinniú Eolais faoin tSraith Shóisearach do thuismitheoirí lucht na darna bliana maidir leis an JCT, an chéad chruinniú tuismitheoirí beo sa Halla Spóirt idir 4.15 agus 7.15 do thuismitheoirí lucht na chéad bhliana an tseachtain seo chugainn, Food Village ag oscailt an cheaintín Dé Máirt seo chugainn, biachlár leathan acu – níos mó ná 150 rogha ann, íoslodálann daltaí/múinteoirí aip agus ordaíonn siad agus díolann siad as an bhia ar a laghad 36 uair a chloig roimhré, craolfaidh Raidió na Gaeltachta clár beo, Barrscéalta, ar an Déardaoin, 19 Eanáir, ttriailscrúduithe na hArdteiste ag toiseacht Déardaoin, 26ú Eanáir agus triailscrúduithe na Sraithe Sóisearaí an lá dar gcionn trialacha praiticiúla san Innealtóireacht agus sa Staidéar Foirgníochta roimh bhriseadh mheántéarma Feabhra, Lá Spraoi Rang 5 na mBunscoileanna ar an 9ú Feabhra agus beidh baill den Choiste Cúraim ag buaileadh go hindibhidiúil le lucht na tríú bliana an lá dár gcionn

Athbhreithniú ar an Pholasaí Ligint isteach Rinne an Bord athbhreithniú ar pholasaí na scoile maidir ligint isteach nó iontráil. Tá an t-Acht Oideachais (Soláthar maidir le Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu), 2022 tar éis teacht i bhfeidhm. Tá ar gach scoil a bPolasaí Iontrála a leasú.  Sé an leasú/athrú atá beartaithe ar Pholasaí Iontrála na scoile: “Déanfaidh [ainm na scoile] aon ordachán a fhreastalófar ar an mbord nó ar an bpátrún faoi alt 37A agus 67(4)(b) a chomhlíonadh.” agus “Oibreoidh Coláiste Oiriall i gcomhar leis an CNOS i gcomhlíonadh a cuid fheidhmeanna ag an gComhairle faoin Acht um Oideachas (Soláthar do Pháistí lena bhfuil Riachtanais Speisialta acu) 2004 lena n-áirítear go háirithe trí rang nó ranganna ar leith a chur ar fáil agus a oibriú nuair a iarrfaidh an Chomhairle orthu á dhéanamh amhlaidh.”

Ráiteas Rialú Inmheánach mír sheasta ar an chlár ag cruinniú an Bhoird Bhainistíochta gach bliain i dtaca le comhlíonadh na scoile sa bhliain féilire sin. Ar an fhoirm dhearbhaigh an Príomhoide/Rúnaí an Bhoird chomh fada agus is eol dó gur chloígh Coláiste Oiriall leis na ceanglais agus leis na dualgais uile atá leagtha amach i Lámhleabhar an Bhoird Bhainistíochta do Bhoird Oideachais agus Oiliúna, Boird Bhainistíochta Scoileanna BOO agus Choláistí Pobail agus beartais agus nósanna imeachta BOO an Chabháin agus Mhuineacháin in 2021.

Teagasc agus Foghlaim: Pléadh an Tuarisic Féinmheastóireachta Scoile agus an Plean Feabhsúcháin ag cruinniú múinteoiríníos luaithe tráthnóna. Rinne Bríd agus Claire cur i láthair ag caint ar Phlean na Bliana seo agus muid ag teacht amach as Covid. Tosaíodh ar an phlé maidir le Féinmheastóireacht scoile agu Plean Feabhsúcháin na Bliana seo chugainn agus an scoil ag toiseacht ar an chéad timthriall trí bliana eile. Caitheadh cuid mhór ama ag díriú ar na gnéithe áirithe den scoil a fheabhsú sa chéad timtriall eile   

 

Board of Management Report

Tuarascáil an Phríomhoide: D’eagraigh muid turais do na blianta sóisearacha uilig. Bronfar gradaim Uile-Réalta (All-Star)  Scoileanna Cailíní Uladh ar chúigear cailín sa scoil. Cruinniú tuismitheoirí ar líne do thuismitheoirí scoláirí na tríú bliana.  Rinne na múinteoirí Bitheolaíochta an Staidéar Eiceolaíochta amuigh i bPáirc Rossmore roimh Shamhain agus beidh Fiosrúchán Tíreolaíochta na 6ú bliana san Ionad Oideachais Allamuigh Tanagh Dé hAoine seo ag teacht. Beidh Seachtain STEM, turas go dtí Pláinéadlann Ard Mhacha, Spelling Bee, Seachtain Feasachta Cairdis agus Seirbhís Léachtaí agus Carúl na Nollag ar siúl sna seachtainí romhainn. Beidh daltaí páirteach i Scléip, Guth na hÉigse agus Poetry Aloud. Bhí scoláirí páirteach i ndíospóireacht Gael-linn, díospóireacht Concern agus Tráth na gCeist ‘Feachtas’ agus beidh sa dara babhta. Bhí Lá Oscailte agus Oíche Oscailte againn agus muid ag earcú daltaí don chéad scoilbhliain eile. Bhí Lá Oiliúna Uile-Scoile JCT inné. Tá an darna ráta aistrithe ó Ghaelscoil go Gaelcholáiste i gCo. Mhuineacháin de réir tuarascála de chuid na Roinne Oideachais.

Ardteist Fheidhmeach Rinneadh plé ar an Ardteist Fheidhmeach agus ar na cúiseanna gur chinn an fhoireann múinteorií gan dul ar aghaidh leis. Pléadh é go minic ag leibhéil éagsúla imeasc na múinteoirí ó bhí an Nollaig anuraidh ann. Ach ba mhaith leis an fhoireann ina iomlán freastal ar an bhaicle beag daltaí nach bhfeileann an ghnáth-Ardteist dóibh. Ualach oibre, acmhainní daonna, an chuid eile den scoil thíos le haistriú acmhainní, uimhreacha beaga, drochthinreamh, easpa sásachta ar bhuachaillí nó ar chailíní ag brath ar na hábhair a chuirfí ar fáil. Scríobhadh chuig tuismitheoirí lucht na 3ú bliana agus lucht na 4ú bliana ag iarradh orthu a gcuid tuairimí a chur in iúil dúinn. Chuir cúigear tuismitheoir fáilte roimh an smaoineamh agus, cosúil leis na múinteoirí, mheas siad go gcuirfeadh sé leis an scoil. 

Cruinnithe Tuismitheoirí Cuireadh ceist ar mhúinteoirí an raibh siad leis na cruinnithe Tuismitheoirí-Múinteoirí mar atá siad ar líne le cúpla bliain anuas, an raibh siad i láthair go pearsanta ag cruinniú Tuismitheoirí- Múinteoirí i gColáiste Oiriall ariamh agus cé acu ab fhearr leat mar thuismitheoir ag freastal ar chruinniú agus muid ag dul chun tosaigh. Chinn an fhoireann trí chruinniú a bheith ar líne do thuismitheoirí na 2ú bliana, 5ú bliana agus 6ú bliana (an chéad cheann) tráthnóntaí Céadaoine idir 1.45 agus 4.45 mar a bhí againn ó thosaigh Covid. Shocraigh an fhoireann fosta trí chruinniú eile a bheith sa Halla Spóirt don chéad uair ariamh tráthnónta Máirt sa bhliain úr do thuismitheoirí na 1ú bhliana, 3ú bliana agus 6ú bliana (darna cruinniú) idir 4.00 agus 7.00.

Teagasc agus Foghlaim Obair mhór déanta ag an Choiste Teagaisc agus Foghlama go speisialta ag Bríd, Claire, Aoife, Roisin Uí Chuinn agus Niamh. Go leor cruinnithe acu, d’fhreastail an Príomhoide ar chuid acu.  Chuir siad a gcuid torthaí uilig faoi bhráid na múinteoirí ag ceardlann speisialta ar 11 Deireadh Fómhair. Mar chuid den phróiséas féinmheastóireacht scoile, cuireadh ceardlann uair go leith le chéile don fhoireann iomlán teagaisc inr pléadh tionchar Cóivid-19 faoi cheithre ghné éagsúil. Seo a leanas na fócais a bheas againn don bhliain seo agus gach rud san áireamh: Scileanna Cumarsáide (agus Gaeilge mar chuid de), Obair ghrúpa agus Freastal.  Tabharfar straitéisí agus molta do mhúinteoirí chun cabhrú leo béim a chur ar na nithe seo. Seo a pléadh ag an seisiún faoi leith a chuir an Coiste faoi bhráid na foirne agus súil againn ar chomhfhreagras na cigireachta ag tús na scoilbhliana:

Tréimhse mheastóireachta: Meán Fomhair 2023-2026

Dáta Eisiúna: Meán Fomhair 2023 

Dáta Athbhreithithe: Bealtaine 2026

                                                                                                

Sprioc 1: An Ghaeilge

LÁIDREACHTAÍ A AITNÍODH SAN FHÉINMHEASTÓIR-EACHT DEIRIDH

 

  • Faigheann daltaí marcanna arda sa Ghaeilge sna scrúduithe stáit, go speisialta sa scrúdú béil,  bliain i ndiaidh bliana
  • Labhrann gach múinteoir Gaeilge go líofa agus tá siad breá toilteanach í a labhairt i rith an ama
  • Múintear na hábhair uilig trí Ghaeilge seachas na teangacha
  • Tá toil mhór ag na daltaí don Teanga

 

RÉIMSÍ A BHFUIL FEABHAS DE DHÍTH

A AITNÍODH SAN FHÉINMHEASTÓIR-EACHT DEIRIDH

 

  • Caighdeán Gaeilge labhartha
  • An teanga sa chlós agus sna pasáistí
  • Roinnt daltaí atá lag go hacadúil ag fágáil na scoile mar tá siad ag streachailt leis an teanga chumarsáide anseo.
  • Tacaíochtaí teanga easnamhach
  • Ní bhfuair daltaí áirithe an bua ar chaint na Gaeilge ó bhí na scoileanna druidte le srianta Covid 19.

 

SPRIOCANNA FEABHSAITHE

 

  • Gaeilge labhartha na ndaltaí a shaibhriú
  • Daltaí a spreagadh chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin
  • Tacú agus cuidiú le daltaí atá ag streachailt le líofacht sa teanga
  • Díriú ar leabhar úr téarmaíochta COGG agus cóip a bheith ag na sóisir uilig

 

DIMINSEAN

  • Foghlaim agus Teagasc

 

RÉIMSE

  • Eispéiris na bhfoghlaimeoirí

 

CAIGHDEÁIN

  • Faigheann na scoláirí deiseanna chun na scileanna agus na dearcthaí atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt

 

RÁITIS AR CHLEACHTAS ÉIFEACHTACH

  • Is féidir le scoláirí, le treoir éigin, na scileanna a foghlaimíodh i gcomhthéacs amháin a aistriú go comhthéacs eile agus iad a chur i bhfeidhm.

 

GNÍOMHAÍOCHTAÍ LE DÉANAMH CHUN NA SPRIOCANNA A BHAINT AMACH

 

  • Cainteanna ó aíonna aitheanta sa Seomra Físchomhdhála
  • Caint mhealltach, spreagúil faoi stair, coimhthéacs agus tábhacht na teanga a chur faoi bhráid na scoláirí
  • Pléghrúpaí fá ról na Gaeilge ag leibhéal ranganna agus ag leibhéal scoile a eagrú
  • An scoil a bheith páirteach i níos mó gníomhaíochtaí Gaeilge – lastigh den scoil san áireamh.
  • Ceardlanna teanga a eagrú
  • Foclaíocht cheisteanna scrúduithe a shoiléiriú

CÉ ATÁ FREAGRACH

 

  • Roinn na Gaeilge agus Múinteoirí Eile Ranga
  • Bainistíocht
  • Tréadchúramóirí agus an Coiste Teagaisc agus Foghlama
  • An fhoireann teagaisc
  • Múinteoir le ceapadh
  • Múinteoirí Ábhair

 

FRÁMA AMA DO GHNÍOMHÚ

 

2023-26

 

CRITÉIR RATHA

 

  • Na daltaí a speagadh agus a chur ag machnamh faoi ról na Gaeilge ina saol ag súil leis go mbeidh níos mó fonn orthu í a labhairt – suirbhe eile a chur orthu
  • Go ndéanfadh na daltaí sealbhú ar fhrasaí coitianta Gaeilge chun iad a bheith compordach ag caint i suímh neamhfhoirmeálta
  • Go labhrófar níos mó Gaeilge i dtimpeallacht na scoile.

 

Sprioc 2: Tinreamh

LÁIDREACHTAÍ A AITNÍODH SAN FHÉINMHEASTÓIR-EACHT DEIRIDH

 

  • Labhrann Tréadchúramóirí nó/agus Cinn Bhliana le daltaí nuair a aithnítear patrún asláithreachais ann.
  • Cuireann an rúnaí téacs abhaile go laethúil ag 9.30 ag tabhairt le fios go bhfuil dalta as láthair an mhaidin sin agus nach bhfuil sin mínithe.
  • Pléann Ceann Bliana na chéad bhliana an tábhacht a bhaineann le freastal sásúil le tuismitheoirí ag cruinniú eolais thuismitheoirí na chéad bhliana luath sa bhliain.
  • Polasaí nua faofa

 

RÉIMSÍ A BHFUIL FEABHAS DE DHÍTH

A AITNÍODH SAN FHÉINMHEASTÓIR-EACHT DEIRIDH

 

  • Mionlach daltaí ag dul ar laethanta saoire le linn am scoile
  • Níos mó tinnis thart (tinneas tromchúiseach go minic)
  • Níos mó imní agus struis i measc an phobal daltaí
  • Scéal ón Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roinnt uaireanta le linn na bliana chun daltaí a chur ar an eolas má bhí teocht, fiabhras nó casacht orthu, iad fanacht sa bhaile
  • Plé níos cuimsithí le tuismitheoirí ar an ábhar seo de dhíth

 

SPRIOCANNA FEABHSAITHE

 

  • Leibhéal freastail na ndaltaí a ardú chun leanúnachas na foghlama a threisiú.
  • Leibheál feasachta a ardú sa phobal scoile i gcoitinne faoi fhreastal sásúil scoile.
  • Gaol níos fearr a chothú le tuismitheoirí sa dóigh go mbeidh siad ag comhoibriú linn ar an ábhar seo.
  • Tabhairt ar thuismitheoirí a bheith níos rannpháirtí i bhfreastal sásúil a gcuid páistí

 

DIMINSEAN

  • Ceannaireacht agus bainistíocht

 

RÉIMSE

  • Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile

 

CAIGHDEÁIN

  • A bheith i gceannas ar rannpháirtíocht na scoile i bpróiseas leanúnach féinmheastóireachta

 

RÁITIS AR CHLEACHTAS ÉIFEACHTACH

  • Aithníonn an príomhoide, an príomhoide tánaisteach (na príomhoidí tánaisteacha) agus ceannairí eile sa scoil gur cuid ríthábhachtach dá ról ná pleanáil ghíomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin a threorú agus a bhainistiú. Tá siad ag obair lena chinntiú go gcuirtear pleananna feabhsúcháin i ngníomh ar bhonn scoile uile.

 

GNÍOMHAÍOCHTAÍ LE DÉANAMH CHUN NA SPRIOCANNA A BHAINT AMACH

 

  • Comhordaitheoir faoi leith tinrimh a cheapadh chun plé le tuismitheoirí agus le daltaí.
  • Litir a chur chuig tuismitheoirí luath sa scoilbhliain ag cur béime ar fhreastal sásúil agus ag míniú a thábhacht.
  • Cur i láthair cumhachtphointí a réiteach agus a chur faoi bhráid na scoláirí
  • Leibheál tinrimh a lua le tuismitheoirí ag cruinnithe tuismitheoirí agus sna tuairiscí ag dul abhaile chun béim a chur ar an cheangal leis an fhoghlaim.
  • Glaoch a chur abhaile má bhíonn daltaí as láthair trí lá i ndiaidh a chéile
  • Béim a chur ar thábhacht tinrimh ag gach seisiún eolais tuismitheoirí eg. an tSraith Shóisearach  (2 bl) Idirbhliain (3 bl), roghnú ábhair Ardteiste (4ú bl)
  • Tuismitheoirí  freagrach as cultúir a neartú go dtagann a gcuid páistí ar scoil gach lá agus go bhfuil tuismitheoirí freagrach as míniúchán sásúil a thabhairt ar asláithreachas agus ar dhrochhoncúlacht don scoil
  • Luach saothair mar theastas nó litir a bhronnadh ar scoláire le sárfhreastal níos minice sa bhliain

 

CÉ ATÁ FREAGRACH

 

  • Príomhoide
  • Bainistíocht
  • Tréadchúramóirí
  • Múinteoirí Ranga agus lucht na hoifige
  • Cinn Bhliana
  • Na múinteoirí a chuireann seisiúin eolais faoi bhráid tuismitheoirí
  • Na tuismitheoirí
  • Tréadchúramóirí, Oifigeach Tinrimh agus lucht na hoifige

 

FRÁMA AMA DO GHNÍOMHÚ

 

2023-26

 

CRITÉIR RATHA

 

  • Na daltaí a speagadh agus a chur ag machnamh faoi ról na Gaeilge ina saol ag súil leis go mbeidh níos mó fonn orthu í a labhairt – suirbhe eile a chur orthu
  • Go ndéanfadh na daltaí sealbhú ar fhrasaí coitianta Gaeilge chun iad a bheith compordach ag caint i suímh neamhfhoirmeálta
  • Go labhrófar níos mó Gaeilge i dtimpeallacht na scoile.

                                                              

Sprioc 3: Scileanna Cumarsáide

LÁIDREACHTAÍ A AITNÍODH SAN FHÉINMHEASTÓIR-EACHT DEIRIDH

 

  • Gnásanna obair ghrúpa seanbhunaithe sa scoil
  • Cóhort daltaí an-chairdiúil agus an-mhúinte sa scoil
  • Daltaí toillteannach tabhairt faoi aon mhódhanna foghlama a chuirtear faoina mbráid.
  • Traidisiún againn i gcomórtais chaint phoiblí agus i gcomórtais díospóireachta

 

 

RÉIMSÍ A BHFUIL FEABHAS DE DHÍTH

A AITNÍODH SAN FHÉINMHEASTÓIR-EACHT DEIRIDH

 

 

  • Roinnt daltaí caillte maidir le tuiscint chuspóir an taisc in obair ghrúpa
  • Iarmhairtí Covid agus tionchar na meán diúltach agus dochrach
  • Níl obair ghrúpa corruair chomh héifeachtach is ba ghnách leis a bheith.
  • Atmáisfear roinnt ranganna an-chiúin le cúpla bliain anuas agus scoláirí ag brath barraíocht ar an mhúinteoir mar thoradh

 

SPRIOCANNA FEABHSAITHE

 

 

  • Leibhéal litearthacht béil agus feasacht fóinéimeach daltaí a shaibhriú
  • Spriocanna soiléire a leagadh amach d’obair ghrúpa agus do ról gach dalta sa ghrúpa.
  • Cumarsáid idir daltaí sa seomra ranga a fheabhsú sa dóigh go mbeidh scoláirí níos rannpháirtí i ranganna ó bhéal
  • Muinín a thabhairt do dhaltaí chun bheith ag caint, ag plé agus ag léamh os ard chun an fhoghlaim a fheabhsú.
  • Tacú le daltaí éirí cleachtaithe lena nguth féin agus bheith compordach leis.

 

DIMINSEAN

  • Teagasc agus foghlaim

 

RÉIMSE

  • Cleachtas aonair na múinteoirí

 

CAIGHDÉAN

  • Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cuir chuige teagaisc atá oiriúnach do na hintinní foghlama agus do riachtanais foghlama na scoláirí

 

RÁITIS AR CHLEACHTAS ÉIFEACHTACH

  • Soláthraíonn múinteoirí teagasc ar ardchaighdeán a spreagann rannpháirtíocht na scoláirí agus a thacaíonn le deiseanna uathrialacha foghlama. Coinníonn múinteoirí cothromaíocht idir a n-ionchur féin agus rannpháirtíocht agus freagairt tháirgiúil na scoláirí.

 

GNÍOMHAÍOCHTAÍ LE DÉANAMH CHUN NA SPRIOCANNA A BHAINT AMACH

 

 

  • Sraith straitéisí maidir le cumarsáid éifeachtach a scaipeadh ar mhúinteoirí
  • Difréail a dhéanamh ó thaobh ceisteanna de ionas nach mbeidh aon dalta imníoch nó faoi bhrú a bhfreagairt.
  • Béim ar dhaltaí a spreagadh chun obair a roinnt níos minice le chéile
  • Go ndéanfar cuid de na MRBanna ó bhéal más féidir
  • Deiseanna cainte a chruthú sa dóigh go mbeidh sé nadúrtha ag daltaí a bheith ag caint go foirmiúil le chéile i gcoimhthéacs foghlama de
  • A rá le daltaí agus le tuismitheoirí go rialta go bhfuil an-tábhacht ag baint le caint, cur in iúl agus cumarsáíde mar scíl foghlama

 

CÉ ATÁ FREAGRACH

  • Coiste teagaisc agus foghlama
  • Múinteoirí Ranga
  • Múinteoirí Ranga
  • Múinteoirí na Sraithe Sóisearaí
  • Múinteoirí agus bainistíocht
  • Foireann teagaisc agus bainistíocht

 

FRÁMA AMA DO GHNÍOMHÚ

 

2023-2026

 

CRITÉIR RATHA

  • Feabhas sna freagraí ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí i gcomparáid le suirbhéanna níos luaithe.
  • Measúnú múinteoirí i bhfoirm aiseolas ag cruinnithe foirne, ó cheistneoirí agus ó fhreagraí ar Microsoft Forms.
  • Suirbhé a dhéanamh imeasc tusimitheoirí an mothaíonn a gcuid páistí go maith agus go dearfach ag caint srl sa seomra ranga

 

 

EOLAS DO THUISMITHEOIRÍ CHOLÁISTE OIRIALL MAIDIR LE hÚSÁID VSWARE

VSware is a cloud and mobile based school administration platform, which handles all core school data, including term reports, students’ timetables, attendance and parents’ explanations about absenteeism. 

You already have a unique username and password.  Parents of First Year students will receive it shortly.

These details are necessary to access your VSware account. There is only one login per family.

Your details remain the same indefinitely – so please store carefully. The address is oiriall.vsware.ie

If this is your first-time logging into VSware, Coláiste Oiriall will send you your unique username by text message– usually Forename.Surname (eg. Mary.Murphy)

Na dóigheanna le teacht ar do chuntas VSware

You can access your Coláiste Oiriall VSware account in the following ways:

Option 1 - computer/laptop using the Google Chrome browser

or

Option 2 - mobile phone or tablet device such as iPad, Galaxy tablet

Option 1 – Accessing VSware via a computer/laptop

  • Open a browser – either Google Chrome, Safari or Microsoft Edge.
  • Go to oiriall.vsware.ie  (parents’ VSware account)
  • Enter your username and password and hit Login

If this is your first time accessing VSware you will have to create your own password as follows:

  • Click Create or reset your password
  • Enter your username (which we will have already sent to you by text) and also enter the last 4 digits of your mobile number, hit Send Code
  • You will receive a text message on your mobile phone with a code.
  • Enter code along with your new chosen password. Follow the instructions on screen and hit Change Password
  • You will be brought back to the login screen where you can enter your username, new password and hit Login

Option 2 – Accessing VSware via a device (mobile phone/tablet etc.)

  • Download the VSware app to the phone/device
  • For Android devices: Visit the Google Play Store on your device and search for 'VSware
  • For iOS devices (Apple): Visit the App Store on your device and search for 'VSware
  • Tap 'Install'.
  • Once the app is on your device, start typing the name of your school (Coláiste Oiriall), then select it from the dropdown list when it appears.
  • Enter your username and password and hit Login

If this is your first time accessing VSware, you will have to create your own password, see above panel.

Ag cur an scoil ar an eolas faoi asláithreachas

How to inform Coláiste Oiriall when your child was/will be absent for a full day or partial day?

  • Login to Parent’s VSware account (oiriall.vsware.ie on computer or laptop)
  • All your children attending Coláiste Oiriall are listed on the Parents’ dashboard
  • Click on the relevant student icon/photograph.
  • Go to Attendance screen for your child .

Future Absences

Scroll down to Absence Requests and click Submit Absence

Then select either Single Day or Multi Date and hit Next

Select date and type of absence and give one of the following three reasons for absenteeism

  • Aon Rud Eile (Other)
  • Coinne (Appointment)
  • Tinneas (Illness)

Provide reason for the absence

Hit submit.  Your absence request will be sent to the school for approval.

(we appreciate you can give rough times only for an appointment)

Note: if you select Single Day you will be given the option to select a Full Day or Partial Day absence

Past, unexplained absence

If your child has been absent in the past without an explanation being given to the school, you can type the reason

Go to the main Attendance screen for your child, scroll down to Absence Requests and click Submit Absence

Select Past Absence and hit Next

Then select the date in question, enter the type and reason for the absence and hit Submit. Coláiste Oiriall will then receive this information.

Please ensure that NOTIFICATIONS are turned on in settings for the VSware app.

Please ensure that you do not share your password with your son/daughter.

An dóigh le teacht ar thuairiscí measúnaithe do chuid páistí

How to access you son’s/daughter Coláiste Oiriall Assessment Reports (Halloween/Christmas/Mocks/Summer inhouse exams)?

Halloween, Christmas, Mock and Summer examination reports are issued to parents via VSware only. Log in to your VSware account

 Login to Parent’s VSware account: (oiriall.vsware.ie on computer or laptop)

This brings you to Parents’ dashboard.

All your children attending Coláiste Oiriall are listed on the dashboard.

Click on the relevant student icon/photograph.

Go to Assessment screen for your child 

  • Click Term Assessments tab.
  • Select an exam (eg. 2023 BL? Nollaig) from drop down menu.
  • The most recent exam results will appear. This displays the student's mark, grade and teacher comment for each subject.
  • You can also scroll down menu for previous examination results.
  • Parents can print off a school term report. Click actions, click Download Results.
  • A Word document will then download onto your computer or device and you will be able to view, save and print it.

If you have more than one child in the school, click on the relevant student icon/photograph on the dashboard and repeat the above to generate the report.

Fógra maidir le hathbhreithniú an Bhoird Bainistíochta ar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí

Chuig: Tusimitheoirí scoláirí atá ag freastal ar Choláiste Oiriall

Is mian le Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall na nithe seo a leanas a thabhairt le fios duit:

Tugadh chun críche athbhreithniú bliantúil an Bhoird Bainistíochta ar Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile ag cruinniú an Bhoird a tionóladh ar an 6 Meán Fomhair 2023

Rinneadh an t-athbhreithniú seo i gcomhréir leis an “Seicliosta don Athbhreithniú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí” a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na Roinne gov.ie

Síniú _____________________________________ Dáta: 6 Meán Fómhair 2023
Cathaoirleach, Bord Bainistíochta

 

Síniú _____________________________________ Dáta: 6 Meán Fómhair 2023
Príomhoide / Rúnaí don Bhord Bainistíochta

 

Notification regarding Coláiste Oiriall Board of Management’s review of the Child Safeguarding Statement

To: Parents of students attending Coláiste Oiriall

The Board of Management of Coláiste Oiriall wishes to inform you that:

The Board of Management’s annual review of the school’s Child Safeguarding Statement was completed at the Board meeting of 6 September 2023.

This review was conducted in accordance with the “Checklist for Review of the Child Safeguarding Statement” published on the Department’s ‘website www.education.ie

Signed _______________________________________ Date: 6th September 2023
Chairperson, Board of Management

 

Signed _______________________________________ Date: 06 September 2023
Principal/Secretary to the Board of Management

 

Teachtaireacht do scoláire maidir le tábhacht freastail shásúil ar scoil

Message to Parents about the importance of satisfactory attendance at school

Chuig: Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin agus pobal scoile  Choláiste Oiriall

Report Bullying Concern 

Beartas Freastail Choláiste Oiriall

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Réamhrá

Tugann an tAcht Oideachais (Leas), 2000 creatlach chuimsitheach le haghaidh freastal rialta scoile a chur chun cinn. Faoin Acht,  caithfidh gach dalta freastal ar scoil go rialta go dtí go mbeidh siad sé bliana déag nó ar a laghad trí bliana oideachais a dhéanamh in iar-bhunscoil, cibé acu a thagann go deireanach.

Féachann Coláiste Oiriall chuige go bhfaigheann a chuid daltaí uile oideachas a thabharfaidh oiread deiseanna agus is féidir le go mbainfidh gach dalta barr feabhais amach. Déanann Coláiste Oiriall an-iarracht timpeallacht fháilteach gheanúil a chruthú ina mothaíonn gach ball de phobal na scoile go bhfuil siad ag teastáil agus slán. Oibríonn na baill foirne uile leis na daltaí agus a dteaghlaigh lena chinntiú go bhfreastalaíonn gach dalta go rialta agus go poncúil.

Leagtar síos sa pholasaí seo spriocanna agus cuspóirí foriomlána Choláiste Oiriall maidir le freastal ar bhealach a bheidh ag teacht  lenár ráiteas misin. Leagtar síos fosta na straitéisí a úsáideann muid chun leibhéil arda freastal a chur chun cinn sa scoil,drochfhreastal a chosc, idirghabháil luath a dhéanamh i gcás ina dtagann deacrachtaí freastal chun cinn agus tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn ar ábhar imní í an dóigh a bhfuil siad ag freastal.

Aidhmeanna agus Cuspóirí

  • A chinntiú gur tosaíocht é an tinreamh agus an phoncúlacht ag gach páirtí leasmhar sa scoil ar a n-áirítear daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí.
  • Creatlach a fhorbairt a shainíonn róil agus freagrachtaí aontaithe agus a chothaíonn comhsheasmhacht maidir le cur i gcrích tascanna ainmnithe.
  • Tacaíocht, comhairle agus treoir a sholáthar do thuismitheoirí agus do dhaltaí.
  • Cur chuige córasach a fhorbairt i dtaca le sonraí a bhailiú a bhaineann le tinreamh agus anailís a dhéanamh orthu.
  • Breis forbartha a dhéanamh ar chóras luaíochtaí agus smachtbhannaí.
  • Riachtanais an dalta aonair a aithint le linn saincheisteanna atá bainteach le freastal a láimhseáil nó athimeascadh a phleanáil i ndiaidh tréimhse fhada asláithreachta.

Ag Feabhsú Rannpháirtíocht na Mac Léinn

Tá timpeallacht scoile tacúil, dearfach agus fáilteach againn. Tá a fhios againn an taábhacht a bhaineann le riachtanais an pháiste aonair a aithint agus tá straitéisí fóirsteanach i bhfeidhm a thabharfaidh aghaidh ar riachtanais aitheanta. Tá tábhacht ag baint le hidirghabháil luath a thairiscint chomh maith le tacaíocht phearsanta agus rannpháirtíocht le teaghlaigh agus lena gcuid páistí. Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le hidirghabhálacha pobail a choinníonn ar bun na naisc leis an scoil, an mac léinn, an teaghlach agus an pobal, ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna pearsanta agus praiticiúla maidir le tarraingt siar.

Treoirphrionsabail

Tá tiomantas Choláiste Oiriall i leith freastail mar ghné thábhachtach dár n-éiteas. Tá cultúr againn ina mbíonn muid ag súil le caighdeán ard maidir le foghlaim a, rannpháirtíocht agus freastal gach mac léinn. Creideann muidne go bhfuil tionchar ag gach réimse den taithí atá ag mic léinn ar scoil ar a rannpháirtíocht agus ar a bhfreastal. Aithníonn  muid a chasta is atá saol roinnt mac léinn agus na deacrachtaí atá acu agus cuireann muid béim ar an chomhoibriú le tuismitheoirí chun leibhéil arda freastail a bhaint amach.

Aithníonn an scoil cumas gach dalta freastal ar scoil, foghlaim go maith agus torthaí maithe a bhaitn amach. Ceisteann muid steiréitíopaí a ghlacann leis go mbeidh fadhbanna maidir le freastal agsu foghlaim i gcónaí ag mic léinn ó chúlraí áirithe nó a bhfuil taithí faoi leith acu. Tá sé mar aidhm againn tógáil ar an bhonn tuigbheál go bhfuil freagracht phearsanta orthu as a gcuid foghlam féin agus le bheith ar scoil gach lá.

Cur chuige uile-scoile

Ciallaíonn cur chuige uile-scoile i leith freastail go n-oibríonn éiteas, beartais agus cleachtais go comhsheasmhach le chéile chun tacú le dea-fhreastal, go bhfuil freastal mar chuid rialtade phleanáil agus de chaibidil, go n-oibríonn an bhainistíocht agus an fhoireann mar fhoireann agus go mbíonn comhsheasmhach acu i leith freastail agus go mbíonn tuismitheoirí agus daltaí mar chuid de phobal cuimsitheach scoile agus go mbíonn deiseanna acu cur leis an bheartas freastail.

Caighdeáin a chur in iúl

Leag Coláiste Oiriall síos na caighdeáin a bhfuiltear ag súil leo maidir le freastal. Tá na caighdeáin seo soiléir agus tá sé mar aidhm acu freastal iomlán gach dalta a chur chun cinn. Cuirtear iad in iúl do gach ball den phobal scoile.  Cuireann muid eolas ar fáil maidir leis an dóigh chun neamhláithreachas dalta a chur in iúl don scoil agus an dóigh a phléann an scoil le neamhláithreachas ina dhiaidh sin.

Monatóireacht agus Taifeadadh a dhéanamh ar Fhreastal Scoile

Tá dóigheanna curtha le chéile againn chun daltaí a shainaithint atá i mbaol agus chun cloí leis an riachtanas seo coinníonn muid taifid chruinne de gach neamhláithreachas dalta agus gach uair a theipeann ar dhalta freastal. Bailíonn, tomhasann agus déanann muid anailís ar freastal ar fud na scoile,patrúin ranga nó bliainghrúpa agus leanann muid patrúin freastail anoir fosta.

Tá muid airdeallach maidir le patrúin drochfhreastail atá ag teacht chun cinn agus bíonn muid eolach ar dhaltaí agus ar ghrúpaí daltaí a bhfuil a bhfreastal ina ábhar buartha. Tá muid eisceachtúil airdeallach faoi dhaltaí a bhfuil leochaileacht bhreise acu mar gheall ar dhorchfhreastal. Nuair a scrúdaítear patrúin,d’fhéadfaidís amanna an lae, na seachtaine nó na scoilbhliana a n-imríonn drochfreastal tionchar as bealach mór orthu. Is féidir leis na patrúin a léiriú na hidirghabhálacha a d’fhéadfadh an scoil a chur i bhfeidhm chun neamhláithreachas a laghdú.

Úsáideann muid córas ríomhairithe VSware, córas daingean a choinníonn taifid chruinne agus chuimsitheacha freastail.Déanann muid taifead cruinn de fheastail ag tús gach maidne.  Glaonn muid an rolla i ngach rang i ngach seomra ranga, áit a dhéantar taifead agus monatóireachta ar fhreastal agus ar mhínithe ar neamhláithreachas 

Dea-fhreastal Scoile a chur chun cinn

Tá sraith beartais agus straitéisí freastal againn a chuireann dea-fhreastal chun cinn i measc gach dalta. Cuidíonn siad seo le cosc a chur ar fhás phatrúin drochfhreastail agus thig leo cuidiiú le saincheisteanna freastail atá ag teacht chun cinn a shainaithint. San áireamh sna straitéisí seo tá múscailt ghinearálta feastactha agus ardionchais a leagan, plé le tuismitheoirí  nuair a bhíonn ardionchais aá leagan, córais luaíochta, taifead a dhéanamh ar fhreastal i dtuairiscí scoile daltaí agsu deabhú dearfach freastail nuair a ghlaotar an rolla.

Cuireann muid gníomhaíochtaí seach-churaclaim mar spórt, ceol,díospóireachtaí agus ealaí ar fáil. Creideann muid go dtacaíonn na gníomhaíochtaí seo le daltaí freastal ar scoil, go háirithe nuair a fhreastalaíonn siad ar ábhair spéise ar leith na ndaltaí atá thíos le deacrachtaí freastail agus nuair a bhíonn said sceidealaithe d’amanna na seachtaine scoile nuair a bhíonn patrúin drochfhreastail soiléir.

Cuireann cumhachtú daltaí trí ghuth a thabhairt dóibh sa scoil agus sa phobal, cuireann sé le rannpháirtíocht daltaí i saol na scoile agus d’fhéadfadh buntaistí eascairt as maidir le freastal ar scoil. Spreagtar gach dalta i gColáiste Oiriall plé le struchtúir cheannaireachta sa scoil agus sa phobal. Thiocfadh le daltaí a bhfuil deachrachtaí freastal acu a bheith ag mothú scartha ó na struchtúir seoach tugann an Príomhoide agus na múinteoirí gach spreagadh páirt a ghlacadh iontu.

Ag freagairt do dhrochfhreastal

Déanann Coláiste Oiriall gach iarracht chun teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí nuair a thagann fadhbanna freastail scoile chun cinn agus comhoibríonn muid leo chun iaracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar na himthosca  taobh istigh agus taobh amuigh den scoil a dhéanann difear do chúrsaí freastail scoile. Tá sé millteanach tábhachtach dul i mbun plé le tusimitheoirí go luath chun a chinntiú nach leanann drochfhreastal scoile ar aghaidh.

Labhrann an Ceann Bliana nó an Tréadchúramóir leis an tuismitheoir le teacht ar an chúis agus béim a chur ar an dochar a dhéantar do dheiseanna foghlama an pháiste má bhíonn siad mall nó má bhíonn rátaí drochfhreastail acu. Tugann muid cuireadh do thuismitheoirí chuig cruinniú, áit a phléann muid cúrsaí drochfhreastail agus an fhreagracht atá ar thuismitheoirí. Cuireann muid ceist ar thuismitheoirí cén tacaíocht a bhíonn de dhíth orthu chun a chinntiú go dtíg lena bpáiste freastal ar scoil. Faigheann muid leargas ar chuinsí sa bhaile gur féidir cur isteach ar fhreastal scoile trí theagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí. Cuidíonn muid le daltaí suim a chothú san fhoghlaim arís agus breith suas ar ábhar atá caillte acu.

Freagrachtaí na Scoile

Cuireann an scoil an tOifigeach Leasa Oideachais ar an eolas nuair nach ndéanann scoláirí freastal rialta ar scoil agus nuair a chailleann scoláirí níos mó ná 20 lá. Nuair a fhaightear amach go mbíonn neamhláithreachas scoile ceangailte le ceisteanna mothúchánacha, sóisialta, foghlama nó deacrachtaí den chineál sin, féachfaidh Coláiste Oiriall le beartas a chur i bhfeidhm chun déileáil leis na deacrachtaí sin.  Thiocfadh taifead tinrimh a úsáid mar chuid de theistiméireacht faoi charachtar.

Tuismitheoirí

Tá freagracht ar thuismitheoirí a bpáiste/a bpáistí a chur ar scoil go dtí go mbeidh siad 16 bliana d’aois, é sin nó go dtí go mbeidh trí bliana d’oideachas iarbhunscoile déanta acu cibé cé acu is déanaí. Ba cheart do dhalta freastal ar scoil gach lá. Is é freagracht na dtuismitheoirí a chinntiú nach gcailleann a mac/iníon lá scoile ach amháin le linn tinnis nó tosca ‘dosheachanta’. Ba chóir coinní leighis/fiaclóireachta a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta scoile nuair is féidir. Níor chóir daltaí a bhaint amach as an scoil le linn am téarma le haghaidh laethanta saoire.

Má chailleann dalta lá ar scoil is ar chrann an tuismitheora a thiteann sé a chur in iúl do Choláiste Oiriall faoina asláithreacht. Is féidir teachtaireacht ghutháin a chur chuig oifig na scoile. Caithfidh nóta scríofa mínithe óna dtuismitheoir bheith ag daltaí atá ag filleadh chun na scoile i ndiaidh dóibh bheith as láthair. Tá spás fágtha le haghaidh na nótaí seo i ndialann an dalta. 

Ba cheart do thuismitheoirí a chinntiú go mbíonn a gcuid páistí ar scoil in am.  Ba chóir do dhaltaí an scoil a shroicheadh 5 bhomaite roimh idir thús an lae scoile – ag 8.40 r.n. ar an chuid is moille. Tugann sin am dóibh dul chuig a dtaisceadán agus na leabhair agus an trealamh atá de dhíth orthu dá gcuid ranganna a eagrú.

Is é polasaí na scoile go gcoinneofar daltaí siar má bhíonn siad mall ar scoil roinnt uaireanta. Cuirtear an géibheann seo in iúl do thuismitheoirí trí litir ón Cheann Bliana. Aithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh tosca dosheachanta i gceist nuair a thiocfaidh dalta isteach go mall m.s. deacrachtaí taistil. Bíonn an scoil solúbtha maidir le ceisteanna den chineál sin agus oibríonn sí i gcomhar leis na tuismitheoirí agus an dalta chun aon tacaíocht is féidir a thabhairt.

An tOifigeach Tinrimh

Tá an tOifigeach Tinrimh freagrach as cur i bhfeidhm éifeachtach Bheartas Tinrimh agus Poncúlachta na scoile. Tá an tOifigeach Tinrimh freagrach as na tuairisceáin tinrimh chuí a sheoladh ar ais chuig an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (NEWB). Gheobhaidh sé tacaíocht ina chuid oibre ó bhainistíochta na scoile.

Déanfaidh an tOifigeach Tinrimh monatóireacht ar an tinreamh i gcomhar leis na Cinn Bhliana agus cinnteoidh siad luath-idirghabháil má aithnítear go bhfuil fadhb ann. Úsáidfidh an tOifigeach Tinrimh litreacha caighdeánacha na scoile le dul i dteagmháil le tuismitheoirí/ caomhnóirí daltaí a bhíonn mall go minic don scoil.

Is é an an tOifigeach Tinrimh i bpáirt leis na Cinn Bhliana atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar phatrúin tinrimh agus phoncúlachta trasna an bhliainghrúpa.  Rachaidh an tOifigeach Tinrimh i dteagmháil le tuismitheoirí mar a mbíonn patrún asláithreachta nó moille le brath. Tugann an tOifigeach Tinrimh tacaíocht do Thréadchúramóirí a chinntiú go bhfaightear míniú ar gach cás asláithreachta i nóta ó thuismitheoirí. I roinnt bheag cásanna is féidir go mbeadh deacracht ag an Tréadchúramóir teacht ar nóta ón bhaile.  Más cuí rachaidh an tOifigeach Tinrimh i gceann an phlé le cinntiú go mínítear an asláithreacht seo. 

Cuirfidh an tOifigeach Tinrimh agus/nó an fhoireann bainistíochta smachtbhannaí don mhoille i bhfeidhm de réir Chód Iompair na Scoile. Cuirfidh an tOifigeach Tinrimh in iúl do thuismitheoirí trí litir nuair a bhíonn thart ar 15 chás neamhláithreachta ag dalta, go n-eiseofar ar ball tuairisc chuig an Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais, má leanann an patrún ar aghaidh.  Cuirfear litir eile chuig tuismitheoirí níos moille má/nuair a chuirfear tuairisc chuig an Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais. Tá an scoil tuisceanach maidir le riachtanais phearsanta agus tosca a cuid daltaí agus tuigtear go mbíonn spreagadh ag teastáil ó roinnt daltaí le teacht ar scoil go rialta.

An Múinteoir Ábhair

Is é an Múinteoir Ábhair atá freagrach as rolla a ghlaoch ag tús gach ranga ag úsáid an bhogearra, VSware.  Is féidir na taifid seo a chur ar fáil do Chinn Bhliana, Príomhoide nó Príomhoide Tánaisteach dá dtarlódh sé in am ar bith go mbeadh ceist ann faoi thuairisc dhalta. Le linn an ama sin, ba chóir don Mhúinteoir Ábhair leanúint den asláithreacht agus nótaí ó thuismitheoirí ag míniú na gcásanna seo a bhailiú.

Ba chóir do Mhúinteoirí Ábhar a rá leis an Cheann Bliana má thagann patrún asláithreachta/ moille chun cinn i dtaca le dalta ar bith ina ngrúpa. Is féidir leis an Mhúinteoir Ábhair a leithéid sin de bhuaireamh a chur in iúl do thuismitheoir trí dhialann an dalta. 

Straitéisí chun Rannpháirtíocht Daltaí a Chur chun Cinn

Aithníonn an scoil go mbíonn ardtinreamh ann nuair a mhothaíonn daltaí sona, sábháilte agus páirteach i saol phobal na scoile. Is trí rannpháirtíocht iomlán gach dalta i ngach gné de shaol na scoile agus trí fhéachaint chuige go gcothaítear a bhforbairt phearsanta, dea-shaoránacht agus dul chun cinn acadúil is ea is mian linn patrúin tinrimh a uasmhéadú.  Is rún linn sin a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

  • Curaclam

Cuireann an scoil réimse leathan ábhar ar fáil ar an tSraith Shóisearach agus Shinsearach. Ofráiltear fosta Clár cuimsitheach Idirbhliana. Bíonn tacaíocht Chomhairleoir Treoirghairme agus teagasc bunaithe ar acmhainní ar fáil do dhaltaí nuair is/más gá.

  • Modheolaíochtaí

Trí theagasc an churaclaim déanann an múinteoir iarracht réimse modheolaíochtaí a úsáid a spreagann agus a éascaíonn rannpháirtíocht na ndaltaí uile. Déantar cinnte go mbíonn difrealú i ngach rang le freastal ar gach dalta. Soláthraíonn an bhainistíocht scoile forbairt mhúinteoirí agus tacaíonn siad léi trína dhéanamh éasca acu freastal ar chúrsaí inseirbhíse agus trí laethanta oiliúna foirne a thairiscint.

  • Comhchuraclaim

Freastalaíonn clár comhchuraclaim/seach-churaclaim Choláiste Oiriall ar réimse leathan spéiseanna sa dóigh is go n-uasmhéadófar rannpháirtíocht daltaí.  I measc an réimse gníomhaíochtaí a thairgtear áirítear spóirt, drámaíocht, cuairteanna, clubanna am lóin, feasacht charthanachta agus turais allamuigh.

  • Tréadchúramóir/Ceann Bliana

Spreagann an t-atmaisféar comhbhách ranga a chothaíonn an Tréadchúramóir spreagann sin fosta lánpháirtíocht i saol na scoile. I gcomhar leis an Cheann Bliana, bíonn ról ag an Tréadchúramóir meanma mhaith ranga a chothú a chuireann cairdeas agus foghlaim chun cinn. 

  • Rannpháirtíocht Tuismitheoirí

Fáiltítear roimh ionchur tuismitheoirí trí na bealaí éagsúla atá ar fáil dóibh m.s. Cumann Tuismitheoirí. Reáchtáiltear Cruinnithe Tuiste-Oide agus cruinnithe bainteacha eolais go rialta le linn na scoilbhliana. 

  • Tionscnaimh

Tá roinnt tionscnamh curtha in áit chun dea-thinreamh agus dea-phoncúlacht a spreagadh. Bronntar duaiseanna go bliantúil ar son taifead tinrimh neamhbhriste.  Cuireann oidí i gcuimhne do dhaltaí go rialta go gcaithfidh siad a bheith ag a gcuid ranganna in am. Tá Dialann an Dalta deartha le cuidiú le tuismitheoirí agus daltaí déileáil le hasláithreachas agus le moille go héasca agus go héifeachtúil.

 

Rinne  Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall an polasaí seo a leasú, a athbhreithniú agus a fhaomhadh ar an Meán Fómhair 2022.

 

Sínithe: _________________________            Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022

(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta) 

 

Sínithe: _________________________            Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022

(Príomhoide)

 

Dáta an chéad athbhreithnithe eile: 2024

 

Coláiste Oiriall Attendance Policy

TÁ AN LEATHANACH SEO AR FÁIL FOSTA I: nGAEILGE

Coláiste Oiriall Acceptable Usage Policy

TÁ AN LEATHANACH SEO AR FÁIL FOSTA I: nGAEILGE

Rationale

Coláiste Oiriall has formulated the following Internet Acceptable Usage Policy in accordance with the school’s fundamental aim to foster in students a sense of self-reliance, independence, co-operation and responsibility and to provide them with skills for life-long learning where the school believes that access to the school’s ICT resources plays an important role. The policy adheres to all aspects of CMETB Technology Acceptable Usage Policy and CMETB Internet Acceptable Usage Policy.

The aim of this Acceptable Usage Policy (AUP) is to ensure that students will benefit from learning opportunities offered by the school’s ICT and internet resources in a safe and effective manner. Internet use and access is considered a school resource and privilege. If the school AUP is not adhered to, this privilege will be withdrawn and appropriate sanctions will be imposed.

Strategies

The school employs the following strategies in order to maximise learning opportunities and reduce risks associated with the Internet:

  • Filtering software and/or equivalent systems will be used where appropriate in order to minimise the risk of exposure to inappropriate material.
  • Each student will be issued a unique Computer Network Account username and password. This will grant them access to the Coláiste Oiriall’s ICT resources at a student’s security level. Students must use only their own username at all times.
  • Each student’s school email account should be used for educational purposes only.
  • Students and teachers will be provided with training in the area of internet usage and safety.
  • Uploading/downloading and installation of non-approved software will not be permitted.
  • Virus protection software will be used and updated on a regular basis.
  • The use of digital storage media (eg. personal memory stick or external hard drive) in school requires a teacher’s permission.
  • Students will treat others with respect at all times and will not undertake any actions that may bring the school into disrepute.

Internet

  • Students will not intentionally visit internet sites that contain obscene, illegal, hateful or otherwise objectionable materials or attempt to circumvent protective software. They will report accidental accessing of inappropriate materials.
  • Students will use the internet for educational purposes only. They will not copy information into assignments and fail to acknowledge the source (plagiarism and copyright infringement).
  • Students will never disclose or publicise personal information.
  • Downloading or uploading materials or images which are not relevant to their studies is in direct breach of Coláiste Oiriall’s Acceptable Usage Policy.
  • Students will not use any social networking websites.

Email

  • Students will use email addresses for educational purposes only and not for personal reasons.
  • Students must only use their school email for school related activities and for registering on school-based activities only.
  • The use of personal email addresses is not allowed for school-based work
  • Students will not send or receive any material that is illegal, obscene and/or defamatory, or that is intended to annoy or intimidate another person.
  • Students will not reveal their own or other people’s personal details, such as addresses or telephone numbers or pictures.
  • Students will never arrange a face-to-face meeting with someone they only know through emails or other online communication.
  • Social networking sites including Facebook, Snapchat, Instagram, MSN Messenger and any other similar sites are not allowed to be accessed in the classroom or in the school.
  • Students should report the receipt of any communication that makes them feel uncomfortable, is offensive, discriminatory, threatening or bullying in nature and must not respond to any such communication. Students should report any such communications to a teacher.
  • Students should avoid opening emails that appear suspicious. Students should report any suspicious emails to a teacher.
  • All emails and opinions expressed in email are the responsibility of the author and do not reflect the opinion of the school.
  • Teachers can be contacted using email during the school term during school hours, 9.00 am – 5.00 pm, Monday to Friday.
  • Students will check their email every day.

Students’ Personal Devices

We do not allow students to use personal devices (eg.smartphone, tablet, smartwatch etc.) in class.  Three mobile trolleys are available for classroom use and two Computer Suites are available.

Pupils using their own technology in school such as leaving a mobile turned on or using it in class, sending nuisance text messages, or the unauthorised taking of images with a mobile camera, still or moving, is in direct breach of the Coláiste Oiriall’s Acceptance Usage Policy and the school’s Mobile Phone Policy and will be dealt with accordingly.

Students’ personal devices (eg.  phones, iPods, cameras, dictaphones, game consoles, PSPs) unless authorised by a teacher, are not to be used on school premises. Each student must ensure all his devices are switched off in the school building and should remain, powered off, in the locker throughout the entire school day, including lunchtime.  Devices on Silent or Vibrate mode are not considered powered off. Mobile phone usage, for the purpose of listening to music only, is permitted in Coláiste Oiriall until 8.40 am. A smartwatch may be worn provided that it isn’t connected or synchronized to a mobile phone or other device.

Coláiste Oiriall takes no responsibility for a personal digital device taken to school by a student.

Sanctions

Misuse of ICT and internet resources may result in disciplinary action, including withdrawal of access privileges and, in extreme cases, suspension or expulsion. Coláiste Oiriall reserves the right to report any illegal activities to the appropriate authorities.

Social Media and messaging services for Staff and Students

All members of the Coláiste Oiriall school community must not use social media, messaging services nor the internet in any way to harass, impersonate, insult, abuse or defame others staff and students must not discuss personal information about students, staff and other members of the school community on social media

Staff and students must not use school email addresses for setting up personal social media accounts or to communicate through such media. Staff and students must not engage in activities involving social media which might bring the school into disrepute

Digital Learning Platforms (including video conferencing)

Coláiste Oiriall’s digital learning platform, Microsoft Teams, is managed and maintained by Cavan Monaghan Education and Training Board of behalf of the school. Each pupil has an outlook email address created for them as part of the school platform  This gives them access to all the office 365 licences and apps free of charge. Students may use this licence on up to 5 devices. Parents do not have to buy individual word, powerpoint, excel licences etc. New apps are added to the pupils’ accounts regularly to help them with new initiatives in the classroom.  

Remote Learning

When students are invited onto or put into a Team to facilitate remote learning, it is the same as being in the class. Students cannot choose to leave a Team once a teacher has created one. When using Teams or any other online interaction, students must always, use their own names and appropriate account pictures. Teachers will only correspond and engage with students who are using and are logged into their Coláiste Oiriall account

Students may not use any language directed towards a fellow student or teacher that is aggressive/ threatening or offensive. All communication online will be exclusively through the medium of Irish, with the exception of the other language classes.

Any behaviour or language deemed inappropriate during school applies online. Students attire must be suitable, and they should use only Microsoft Teams’ backgrounds during live lessons. Students are not permitted to record live classes or to take screenshots and neither are they permitted to share material (powerpoints, notes, videos etc.) created by a teacher

Parents under no circumstances can participate in online classes for reasons of Child Protection and GDPR. Students should leave Mute function on during classes, use the Raise Hand to ask a question and the Chat function to ask a written question or make a comment. Homework and other assignments to be submitted to teacher via OneNote (unless students receive alternative advice from teachers).

Images & Video

Care should be taken when taking photographic or video images that students are not identifiable (no names mentioned etc). Care should also be taken when taking photographic or video images that students are appropriately dressed and are not participating in activities that might bring the individuals or the school into disrepute

Students and staff must not take, use, share, publish or distribute images of others without their permission

Taking photos or videos on school grounds or when participating in school activities is only allowed with expressed permission from staff.  Students and staff must not take or share images, videos or other content online with the intention to harm another member of the school community regardless of whether this happens in school or outside

Sharing explicit images, and in particular, explicit images of students and/or minors is an unacceptable, illegal and absolutely prohibited behaviour, with serious consequences and sanctions for those involved. Sharing explicit images of other students automatically incurs suspension as a sanction and will be reported to the appropriate authorities

Teachers

Teachers will assign specific places in the Computer Room and will assign specific devices from the mobile trolleys in the classroom. Teachers will endeavour to supervise students’ use of computers at all times. However, it is the responsibility of the student to act responsibly when using a computer or other school device.

Teachers will ensure that students internet use will be planned, task-orientated and educational with a regulated and managed environment.

Cyberbullying

Cyberbullying is the use of technology to bully a person with the intent to hurt, humiliate or intimidate them. It can take many forms including exclusion online, hurtful messages/images, abusive messages/emails, imitating someone online, etc.

Cyberbullying can be defined as placing a once-off offensive or hurtful public message, image or statement on a social network site or another public forum where that message, image or statement can be viewed and/or repeated by other people and this will be regarded as bullying behaviour.

As cyberbullying uses technology to perpetrate bullying behaviour and does not require face to face contact, cyber-bullying can occur at any time (day or night). Many forms of bullying can be facilitated through cyber-bullying. For example, a target may be sent homophobic text messages or pictures may be posted with negative comments about a person's sexuality, appearance etc.

Access to technology means that cyberbullying can happen around the clock and the students' home may not even be a safe haven from such bullying. The nature of these technologies means digital content can be shared and seen by a very wide audience almost instantly and is almost impossible to delete permanently. While cyberbullying often takes place at home and at night, the impact can also be felt in school.

When using the internet, students, parents and staff are expected to treat others with respect at all times. Engaging in online activities with the intention to harm, harass, or embarrass another student or member of staff is an unacceptable and absolutely prohibited behaviour, with consequences and sanctions for those involved.

This policy was amended, reviewed and adopted by the Coláiste Oiriall Board of Management on 6th September 2022.

 

Signed: _________________________________      Date: 6th September 2022

(Chairperson of Board of Management) 

 

Signed: _________________________________      Date: 6th September 2022

(Principal)

 

Date of next review: 2024

Polasaí Úsáid Inghlactha Choláiste Oiriall

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Réasúnaíocht

Tá an Polasaí Úsáid Inghlactha Idirlín seo a leanas curtha le chéile ag Coláiste Oiriall de réir bhunaidhm na scoile chun mothú féintuilleamaí, neamhspleáchas, comhoibriú agus freagracht a chothú i scoláirí agus scileanna a thabhairt dóibh don fhoghlaim ar feadh an tsaoil nó creideann an scoil gur tábhachtach an rud é go mbeadh teacht ar acmhainní TFC na scoile.  Cloíonn an beartas le gach gné de Bheartas Úsáid Inghlactha Teicneolaíochta BOOCM agus Beartas Úsáid Inghlactha Idirlín BOOCM. 

Is í aidhm an Pholasaí Úsáid Inghlactha seo (PÚI) a chinntiú go mbainfidh scoláirí leas as deiseanna foghlama a chuirtear ar fáil ar bhealach sábháilte agus éifeachtach trí acmhainní TFC agus idirlín na scoile. Meastar gur acmhainn scoile agus gur pribhléid é úsáid agus rochtain idirlín. Mura gcloítear le PÚI na scoile, tarraingeofar siar an phribhléid sin agus cuirfear smachtbhannaí cuí i bhfeidhm.

Straitéisí

Bíonn na straitéisí seo a leanas ag an scoil chun deiseanna foghlama a uasmhéadú agus rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a laghdú:

  • Úsáidfear bogearraí scagtha agus/nó córais chosúla nuair is cuí chun an riosca nochta d'ábhar míchuí a íoslaghdú.
  • Eiseofar ainm úsáideora agus pasfhocal uathúil Cuntas Líonra Ríomhaireachta do gach scoláire. Tabharfaidh sé sin rochtain dóibh ar acmhainní TFC Choláiste Oiriall ag leibhéal slándála do scoláirí. Ní mór do scoláirí a n-ainm úsáideora féin amháin a úsáid i gcónaí.
  • Ba chóir cuntas ríomhphoist scoile gach scoláire a úsáid chun críocha oideachais amháin.
  • Cuirfear oiliúint ar fáil do scoláirí agus do mhúinteoirí maidir le húsáid agus le sábháilteacht idirlín.
  • Ní cheadófar bogearraí neamhcheadaithe a uaslódáil/a íoslódáil agus a shuiteáil.
  • Úsáidfear agus déanfar bogearraí cosanta víris a úsáid agus nuashonrófar iad ar bhonn rialta.
  • Teastaíonn cead múinteora chun meán stóráil dhigiteach a úsáid (m.sh. méaróg chuimhne phearsanta nó tiomántán crua seachtrach) ar scoil.
  • Caithfidh na scoláirí go measúil le daoine eile i gcónaí agus ní thabharfaidh siad faoi aon ghníomhartha a d'fhéadfadh droch-cháil a tharraingt ar an scoil.

Idirlíon

  • Ní thabharfaidh scoláirí cuairt d'aon ghnó ar shuíomhanna idirlín ina bhfuil ábhair gháirsiúla, mhídhleathacha, ghránna nó doghlactha ar bhealach eile ná ní dhéanfaidh siad iarracht teacht timpeall ar bhogearraí cosanta. Cuirfidh siad in iúl má bhíonn rochtain trí thimpiste ar ábhair mhíchuí.
  • Bainfidh na scoláirí úsáid as an idirlíon chun críocha oideachais amháin. Ní chóipeálfaidh siad faisnéis i dtascanna gan an fhoinse a admháil (bradaíl agus sárú cóipchirt).
  • Ní dhéanfaidh scoláirí faisnéis phearsanta a nochtadh ná a phoibliú.
  • Is sárú díreach ar Pholasaí Úsáid Inghlactha Choláiste Oiriall é ábhair nó íomhánna nach mbaineann lena gcuid staidéir a íoslódáil nó a uaslódáil .
  • Ní úsáidfidh scoláirí aon láithreáin ghréasáin líonrú sóisialta.

Ríomhphost

  • Úsáidfidh scoláirí seoltaí ríomhphoist chun críocha oideachais amháin agus ní ar chúiseanna pearsanta.
  • Ní bhainfidh scoláirí úsáid as a ríomhphost scoile ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an scoil agus chun clárú ar ghníomhaíochtaí scoilbhunaithe amháin.
  • Ní cheadaítear seoltaí ríomhphoist pearsanta a úsáid d'obair scoilbhunaithe
  • Ní sheolfaidh ná ní bhfaighidh scoláirí aon ábhar atá mídhleathach, gáirsiúil agus/nó clúmhillteach, nó atá beartaithe chun cur as do dhuine eile nó imeaglú a chur orthu.
  • Ní nochtfaidh scoláirí a sonraí pearsanta féin ná sonraí pearsanta daoine eile, ar nós seoltaí nó uimhreacha teileafóin nó pictiúir.
  • Ní shocróidh scoláirí cruinniú aghaidh ar aghaidh le duine nach bhfuil d’aithne acu orthu ach aithne trí ríomhphoist nó trí chumarsáid eile ar líne.
  • Ní cheadaítear rochtain a fháil sa seomra ranga ná sa scoil ar shuíomhanna líonrú sóisialta lena n-áirítear Facebook, Snapchat, Instagram, MSN Messenger agus aon suíomhanna eile dá samhail.
  • Ba chóir do scoláirí tuairisc a thabhairt má fhaigheann siad aon chumarsáid a fhágann iad ag mothú míchompordach, atá maslach, idirdhealaitheach, bagrach nó a bhfuil bulaíocht i gceist inti agus caithfidh siad gan freagra a thabhairt ar aon chumarsáid den sórt sin. Ba chóir do scoláirí aon chumarsáid dá leithéid a thuairisciú do mhúinteoir.
  • Níor chóir do scoláirí ríomhphoist a oscailt a bhfuil cuma amhrasach orthu. Ba chóir do scoláirí aon ríomhphoist amhrasacha a thuairisciú do mhúinteoir.
  • Is é an t-údar atá freagrach as gach teachtaireacht agus tuairim a chuirtear in iúl i ríomhphost agus ní léiriú iad ar thuairim na scoile.
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh le múinteoirí trí ríomhphost a úsáid le linn an téarma scoile le linn uaireanta scoile, 9.00 r.n. – 5.00 i.n., Luan go hAoine.
  • Seiceálfaidh na scoláirí a gcuid ríomhphost gach lá.

Gléasanna Pearsanta na scoláirí

Ní ligeann muid do scoláirí gléasanna pearsanta a úsáid (m.sh. fón cliste, táibléad, uaireadóir cliste srl. ) sa rang.  Tá trí thralaí shoghluaiste ar fáil d'úsáid an tseomra ranga agus tá dhá Sheomra Ríomhaireachta ar fáil.

Má bhaineann scoláirí úsáid as a dteicneolaíocht féin ar scoil ar nós fón póca a fhágáil ar siúl nó é a úsáid sa rang, teachtaireachtaí téacs núis a sheoladh, nó íomhánna neamhúdaraithe a thógáil le ceamara soghluaiste, socair nó ag bogadh, is sárú díreach é ar Pholasaí Úsáid Inghlactha Choláiste Oiriall agus ar Pholasaí Fón Póca na scoile agus déileálfar leo dá réir.

Mura n-údaraíonn múinteoir é, níl cead ag scoláirí a gcuid gléasanna pearsanta (m.sh. fóin, iPodanna, ceamaraí, deachtafóin, consóil chluiche, PSPnna), a úsáid ar áitreabh na scoile. Ní mór do gach scoláire a chinntiú go mbíonn a ngléasanna go léir múchta i bhfoirgneamh na scoile agus ba chóir iad a fhágáil, agus an chumhacht múchta, sa taisceadán ar feadh an lae scoile ar fad, am lóin san áireamh.  Ní mheastar Má bhíonn gléasanna ar Mhód BalbhaitheCreatha ní mheastar an chumhacht a bheith casta as. Ceadaítear úsáid fón póca, ar mhaithe le héisteacht le ceol amháin, i gColáiste Oiriall go dtí 8.40 r.n.  D'fhéadfaí uaireadóir cliste a chaitheamh ar choinníoll nach bhfuil sé ceangailte nó sioncronaithe le fón póca nó le gléas eile.

Ní ghlacann Coláiste Oiriall aon fhreagracht as gléas digiteach pearsanta a thógann scoláire ar scoil.

Smachtbhannaí

D'fhéadfadh gníomh araíonachta a bheith mar thoradh ar mhí-úsáid TFC agus acmhainní idirlín, lena n-áirítear pribhléidí rochtana a tharraingt siar agus, i gcásanna tromchúiseacha, fionraí nó díbirt. Forchoimeádann Coláiste Oiriall an ceart aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha a thuairisciú do na húdaráis chuí.

Na Meáin Shóisialta agus seirbhísí teachtaireachtaí don Fhoireann agus do Scoláirí

Ní ceadmhach d’aon bhall de phobal scoile Choláiste Oiriall na meáin shóisialta, seirbhísí teachtaireachtaí ná an t-idirlíon a úsáid ar bhealach ar bith chun ciapadh, pearsanú, maslú, mí-úsáid nó clúmhilleadh a dhéanamh ar dhaoine eile. Ní ceadmhach don fhoireann ná do scoláirí eolas pearsanta faoi scoláirí, baill foirne agus baill eile de phobal na scoile a phlé ar na meáin shóisialta  

Ní ceadmhach do bhaill foirne ná do scoláirí seoltaí ríomhphoist scoile a úsáid chun cuntais phearsanta ar na meáin shóisialta a bhunú ná chun cumarsáid a dhéanamh trí na meáin sin.  Ní ceadmhach don fhoireann ná do scoláirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin shóisialta a d'fhéadfadh droch-cháil a tharraingt ar an scoil

Ardáin Foghlaim Dhigiteach (lena n-áirítear físchomhdháil)

Tá ardán foghlaim dhigiteach Choláiste Oiriall, Microsoft Teams, á bhainistiú agus á chothabháil ag Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin thar ceann na scoile.  Tá seoladh ríomhphoist Outlook ag gach scoláire a cruthaíodh dóibh mar chuid d'ardán na scoile. Tugann sé sin rochtain dóibh ar na ceadúnais agus ar na haipeanna go léir in Office 365 saor in aisce. Féadfaidh scoláirí an ceadúnas seo a úsáid ar suas le 5 ghléas. Ní gá do thuismitheoirí ceadúnais aonair, Word, Powerpoint, Excel srl a cheannach. Cuirtear aipeanna nua le cuntais na scoláirí go rialta chun cabhrú leo le tionscnaimh nua sa seomra ranga.  

Cianfhoghlaim

Nuair a thugtar cuireadh do scoláirí teacht isteach nó nuair a chuirtear isteach ar Team iad chun an chianfhoghlaim a éascú, is ionann é agus a bheith sa rang.  Ní féidir le scoláirí roghnú go n-imeoidh siad as Team nuair a bheidh ceann cruthaithe ag múinteoir. Agus Teams nó aon idirghníomhaíocht eile ar líne á n-úsáid acu, ní mór do scoláirí i gcónaí, a n-ainm féin agus pictiúr cuí cuntais a úsáid.  Ní dhéanfaidh múinteoirí comhfhreagras agus teagmháil ach le scoláirí a bhíonn ag úsáid a gcuntais Choláiste Oiriall agus a bhíonn logáilte isteach ann

Ní ceadmhach do scoláirí aon teanga a úsáid atá dírithe ar chomhscoláire nó ar mhúinteoir atá ionsaitheach / bagrach nó maslach. Is trí mheán na Gaeilge amháin a bheidh an chumarsáid ar fad ar líne, cé is moite de na ranganna teanga eile.

Aon iompar nó teanga a mheastar a bheith míchuí le linn na scoile, meastar é a bheith amhlaidh ar líne fosta.  Le linn ceachtanna beo, caithfidh feisteas na scoláirí a bheith oiriúnach, agus níor cheart dóibh ach cúlraí Microsoft Teams a úsáid. Níl cead ag scoláirí ranganna beo a thaifeadadh ná gabhálacha scáileáin a ghlacadh ná níl   cead acu ábhar a roinnt (Taispeántais Chumhachtphointe, nótaí, físeáin srl.) a chruthaíonn múinteoir

Ní féidir le tuismitheoirí faoi chúinsí ar bith páirt a ghlacadh i ranganna ar líne ar chúiseanna a bhaineann le Cosaint Leanaí agus RGCS. Ba chóir do scoláirí an  fheidhm Balbhú a fhágáil ar siúl le linn ranganna, an fheidhm Lámh Ardaithe a úsáid chun ceist a chur agus an fheidhm Comhrá chun ceist scríofa a chur nó tuairim a thabhairt. Is trí OneNote a chuirtear Obair Baile agus tascanna eile faoi bhráid an mhúinteora (mura bhfaigheann scoláirí malairt comhairle ó mhúinteoirí).

Íomhánna & Físeáin

Ba chóir a bheith cúramach agus íomhánna grianghrafadóireachta nó físe á nglacadh ionas nach mbíonn scoláirí inaitheanta (gan aon ainmneacha luaite srl).  Ba chóir a bheith cúramach fosta agus íomhánna grianghrafadóireachta nó físe á nglacadh acu, go bhfuil scoláirí cóirithe go cuí agus nach bhfuil siad páirteach i ngníomhaíochtaí a d'fhéadfadh droch-cháil a tharraingt ar na daoine aonair nó ar an scoil.  Ní ceadmhach do scoláirí ná don fhoireann íomhánna de dhaoine eile a ghlacadh, a úsáid, a roinnt, a fhoilsiú ná a dháileadh gan cead a fháil uathu.

Ní cheadaítear grianghraif nó físeáin a thógáil ar thailte na scoile ná nuair a bhíonn páirt á glacadh i ngníomhaíochtaí scoile ach amháin le cead soiléir ón fhoireann.  Ní ceadmhach do scoláirí ná don fhoireann íomhánna, físeáin ná ábhar eile a ghlacadh ná a roinnt ar líne agus é i gceist acu dochar a dhéanamh do bhall eile de phobal na scoile is cuma cé acu a tharlaíonn sé sin ar scoil nó lasmuigh di.

Is iompar doghlactha, mídhleathach agus iomlán toirmiscthe é íomhánna follasacha a roinnt, agus go háirithe íomhánna follasacha de scoláirí agus/nó de mhionaoisigh, agus beidh iarmhairtí agus smachtbhannaí tromchúiseacha i gceist dóibh siúd lena mbaineann. Trí íomhánna follasacha de scoláirí eile a roinnt, tabhaíonn siad fionraí go huathoibríoch mar smachtbhanna agus déanfar iad a thuairisciú do na húdaráis chuí.

Múinteoirí

Sannfaidh múinteoirí áiteanna ar leith sa Ríomhlann agus sannfaidh siad gléasanna ar leith ó na tralaithe soghluaiste sa seomra ranga. Déanfaidh múinteoirí iarracht maoirseacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann scoláirí as ríomhairí i gcónaí. Mar sin féin, tá sé de fhreagracht ar an scoláire gníomhú go freagrach agus ríomhaire nó gléas scoile eile á úsáid.

Cinnteoidh múinteoirí go mbeidh úsáid idirlín na scoláirí pleanáilte, tasc-dhírithe agus oideachasúil i dtimpeallacht atá rialáilte agus bainistithe.

Cibearbhulaíocht

Is é is cibearbhulaíocht ann ná úsáid na teicneolaíochta chun bulaíocht a dhéanamh ar dhuine agus é ar intinn iad a ghortú, a náiriú nó imeagla a chur orthu. Isiomaí cineál bulaíochta atá ann lena n-áirítear eisiamh ar líne, teachtaireachtaí/íomhánna nimhneacha, teachtaireachtaí/ríomhphoist mhaslacha, aithris a dhéanamh ar dhuine ar líne, srl.  Is féidir cibearbhulaíocht a shainmhíniú mar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí ionsaitheach nó nimhneach aonuaire a chur ar shuíomh líonra sóisialta nó ar fhóram poiblí eile inar féidir le daoine eile an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil agus/nó a athdhéanamh agus measfar gur iompar bulaíochta é sin.

Ós rud é go n-úsáideann cibearbhulaíocht teicneolaíocht chun iompar bulaíochta a bhuanú agus nach gá teagmháil duine le duine a dhéanamh, is féidir le cibearbhulaíocht tarlú am ar bith (lá nó oíche). Is féidir go leor cineálacha bulaíochta a éascú trí chibearbhulaíocht. Mar shampla, d'fhéadfaí teachtaireachtaí téacs homafóbach a sheoladh chuig duine áirithe nó d'fhéadfaí pictiúir a phostáil le tuairimí diúltacha faoi ghnéasacht, cuma duine srl.

Ciallaíonn rochtain ar theicneolaíocht gur féidir leis an chibearbhulaíocht tarlú i rith an ama agus b'fhéidir nach tearmann sábháilte ón bhulaíocht sin fiú teach na scoláirí. Ciallaíonn nádúr na dteicneolaíochtaí seo gur féidir le lucht féachana an-leathan ábhar digiteach a roinnt agus a fheiceáil beagnach láithreach agus tá sé beagnach dodhéanta é a scriosadh go buan. Cé go mbíonn an chibearbhulaíocht ar siúl go minic nuair a bhítear sa bhaile agus san oíche, is féidir an tionchar a mhothú ar scoil fosta.

Agus an t-idirlíon á úsáid, bítear ag súil go gcaithfidh scoláirí, tuismitheoirí agus baill foirne go measúil le daoine eile i gcónaí. Is iompar doghlactha agus toirmiscthe amach is amach é páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar líne agus é ar intinn dochar, ciapadh, nó náire a chur ar scoláire nó ar bhall foirne eile, agus beidh iarmhairtí agus smachtbhannaí i gceist dóibh siúd lena mbaineann.

Rinne  Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall an polasaí seo a leasú, a athbhreithniú agus a fhaomhadh ar an Meán Fómhair 2022.

 

Sínithe: _________________________            Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022

(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta) 

 

Sínithe: _________________________            Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022

(Príomhoide)

 

Dáta an chéad athbhreithnithe eile: 2024

 

PHOTOGRAPHIC & VIDEOGRAPHIC IMAGE CONSENT FORM

Photographs and videos are stimulating forms of media which can motivate and inspire students. Research has shown that using such forms of media in education can help encourage creativity, motivation, as well as improve communication and team-working skills.

Coláiste Oiriall asks that parent(s)/guardian(s) consent to their son/daughter being featured in photographic and videographic promotional material if their son/daughter is under 18 years of age. Where a student is 18 or older, he/she is capable giving such consent. This form is requesting that consent be given for each use of photo or video footage. If such consent is given, the following procedures will apply with regard to taking photographs or video footage of students in Coláiste Oiriall

  • Staff will be aware of possible Child Protection issues when taking photographs of students and in relation to where these photographs are used.
  • Pupils may be identified in these publications in recognition of their participation in events/activities, except where the publication is online.
  • Students in photographs or videos published on the CMETB and/or Coláiste Oiriall website will not be named or identified in any way other than by group g. finalist basketball team.
  • Consent to the processing of a photo and/or video can be withdrawn at any time by filling out a Consent Withdrawal Form which is available from the Principal and submitting it to the school or directly to the CMETB Data Protection Officer at This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. . If you chose to withdraw your consent, the school will no longer use your photographic or videographic image for the purposes set out below. However, processing already carried out may not be able to be redacted g. if a photograph is published in a newspaper already printed or a past yearbook etc.

CONTACT FROM THE SCHOOL

Ag teacht leis na dualgais agus leis na freagrachtaí atá ar Choláiste Oiriall faoin reachtaíocht oideachais ábhartha, d'fhéadfadh an scoil a bheith i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí/scoláirí maidir leis an mhéid thíos, nuair a bheidh an scoláire rollaithe sa scoil:

  • Dul chun cinn an scoláire ó thaobh an oideachais de
  • Laethanta spóirt
  • Cruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí
  • Ceolchoirmeacha/imeachtaí scoile
  • Dúnadh na scoile (e.g. i gcás drochaimsire)
  • An scoláire a bheith déanach ar scoil nó gan é nó í a bheith ag freastal ar an scoil
  • Iompar an scoláire ar scoil
  • Dul chun cinn an scoláire i dtaobh gnéithe sóisialta agus mothúchánacha
  • Aon fhadhb leighis nó fadhb d'aon saghas eile a rachadh i bhfeidhm go mór ar leas an scoláire

Ag teacht leis na dualgais agus leis na freagrachtaí atá ar Choláiste Oiriall faoin reachtaíocht oideachais ábhartha, d'fhéadfadh an scoil a bheith i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí/scoláirí maidir leis an mhéid thíos, nuair a bheidh an scoláire rollaithe sa scoil:

• Dul chun cinn an scoláire ó thaobh an oideachais de
• Laethanta spóirt
• Cruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí
• Ceolchoirmeacha/imeachtaí scoile
• Dúnadh na scoile (e.g. i gcás drochaimsire)
• An scoláire a bheith déanach ar scoil nó gan é nó í a bheith ag freastal ar an scoil
• Iompar an scoláire ar scoil
• Dul chun cinn an scoláire i dtaobh gnéithe sóisialta agus mothúchánacha
• Aon fhadhb leighis nó fadhb d'aon saghas eile a rachadh i bhfeidhm go mór ar leas an scoláire

FAISNÉIS THÁBHACHTACH

  • Please understand that it your responsibility to inform Coláiste Oiriall of any change in contact information or circumstances relating to the student’s application to the school.
  • Where the student has a special educational need, you may transmit any relevant documentation which you believe that Coláiste Oiriall may need to best provide education to the student.
  • For information regarding how your data is processed by Coláiste Oiriall and CMETB, please see overleaf. 

COSAINT SONRAÍ

Tá Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall ina choiste de chuid BOOCM, Ionad Riaracháin BOOCM, Sráid an Mhargaidh, Muineachán, H18 W449, ar rialaitheoir sonraí é de réir na Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018. Is é Oifigeach Cosanta Sonraí BOOCM ná Fiona Nugent agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an té sin ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

The personal data supplied on this Application Form and accompanying documentation sought is required for the purpose of:

  •  Verification of identity
  • Allocation of teachers and resources to the school;
  • Coláiste Oiriall administration;
  • Student enrolment & registration;
  • Determining a student’s eligibility for additional learning supports;
  • Child welfare (including medical welfare) and
  • Fulfilling our other legal obligations including the election of parent/guardian representatives to the ETB under the Education and Training Boards Act, 2013, all of which are tasks carried out pursuant to various statutory duties to which CMETB is subject. The processing of the personal data supplied on this Application Form is therefore carried out in line with Article 6(c) of the General Data Protection Regulation.

Failure to provide the requested information may result in the withdrawal of an offer of a place in the school.

While the information provided will generally be treated as private to CMETB and will be collected and used in compliance with the Data Protection Acts 1988 – 2018, from time to time it may be necessary for us to transfer the personal data to other bodies (including the Department of Education & Skills, the Department of Social Protection, An Garda Síochána, the Health Service Executive, Tusla (CFA) social workers or medical practitioners, the National Educational Welfare Board, the National Council for Special Education, any Special Education Needs Organiser, the National Educational Psychological Service, or (where the student is transferring) to another school/centre). We also may communicate some of the data with the patron or board of management of other schools in order to facilitate the efficient admission of students, pursuant to section 66(6) of the Education Act 1998 as inserted by section 9 of the (Admissions to Schools) Act 2018. We rely on parents/guardians and students to provide us with accurate and complete information and to update us in relation to any change in the information provided.

The personal data provided in this Application Form will be kept for 7 years from the date on which the student turns 18 years of age, unless there is a statutory requirement to retain some or all elements of the data for a further period or indefinitely, in line with CMETB’s Data Retention Policy, which can be found at www.cmetb.ie/data-protection/ .

A copy of the full CMETB’s Data Protection Policy is available at www.cmetb.ie/data-protection/ or from the Coláiste Oiriall school office.

Aon duine a chuirfidh sonraí pearsanta ar fáil tríd an bhFoirm Iarratais seo, tá an ceart aige nó aici rochtain ar na sonraí sin a iarraidh. Tá an ceart aige nó aici freisin a iarraidh go n-athrófaí aon fhaisnéis más faisnéis mhícheart í ó thaobh na bhfíricí de. Is féidir leis an té is ábhar do na sonraí a iarraidh go scriosfaí iad, nó is féidir é sin a dhéanamh thar ceann an té sin, ach ní cheadófar sin ach amháin i gcás nach dteastaíonn na sonraí a thuilleadh chun na gcríoch ar bailíodh iad, nó i gcás nach bhfuil bonn dlíthiúil ag BOOCM chun na sonraí sin a choinneáil.

Má tá aon ghearán agatsa, an duine is ábhar do na sonraí, faoi phróiseáil do chuid sonraí pearsanta, tá an ceart agat gearán a chur isteach chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Coláiste Oiriall, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán

 A Thuismitheoir/Chaomhnóir, a chara, 

Táim ag scríobh chugat thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna, atá ag lorg faisnéise mar gheall ar chúlra eitneach/cultúrtha daltaí a bhfuil áiteanna tairgthe dóibh in iar-bhunscoileanna don bhliain atá romhainn agus atá tar éis glacadh leis na háiteanna sin.

I am writing to you at the request of the Department of Education and Skills who are seeking information on the ethnic/cultural background of students who have been offered and accepted a place in post-primary schools for the coming year. The Department requires this information for the purposes of statistical analysis and reporting in the areas of social inclusion and integration of students in the education system. The Department has also informed the schools that it has consulted with the Office of the Data Protection Commission in respect of the data they are now seeking to collect.

The Department has advised schools that it will only use this information in an aggregate format for the above purposes, i.e. not identifying individual students. Access by Department staff to any of this information is restricted to a small number of Department staff, not exceeding 15, who provide technical support to schools on the collection of this data or who work in the area dealing with statistical analysis. 

Further information on the purposes for which this data is required by the Department and how it is managed and secured is available in Departmental circular 0023/2016. A FAQ on the use of the data of post-primary students by the Department is also available. Copies of both of these documents may be found on www.education.ie or on request from the school. 

With the exception of the Central Statistics Office (CSO) the Department has informed schools that it will not share individual data on a student’s ethnic/cultural background with any other body or person outside of the Department. The CSO may obtain the information provided to the Department under the Statistics Acts. The CSO manage the data so provided in a secure manner and to the same standards that operates for the National Census.

In respect of the ethnic/cultural background of the student (because this is deemed sensitive and personal for data protection purposes) the school must first obtain the explicit written consent of the parent/guardian to collect this data and share it with the Department. 

Please complete the attached form and return it to the school.

Is mise, le meas,

Brendan Ó Dufaigh

Príomhoide

 

Fógra Bliantúil maidir le hIontrálacha

This Annual Admission Notice has been prepared by the Coláiste Oiriall BOM in respect of the admission of students to the school for the school year 2024/2025.

Click here to Download the Application Form

 

TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL

– 22 DEIREADH FÓMHAIR 2019

Tuarascáil an Phríomhoide Thug Micheál Ó Máirtín, T.D. cuairt ar an scoil. Fuair Aoibheann Nic Uaid, seacht A-nna, B amháin agus dhá Ghradam sa Teastas Sóisearach. Fuair an 20 scoláire ab fhearr againn nó 35% den chohórt a rinne an scrúdú 75 A, 51 B agus 27 C, iad uilig ag an ardleibhéal agus ina theannta sin meascán de Ghradaim, Ardtuillteanais agus Tuillteanas – bunús acu Ardtuillteanais. Ba í foireann Chú Chulainn seaimpíní 2019 Spelling Bee. Chuaigh 55 scoláire Idirbhliana agus Séú Bliana go Barcelona ar thuras scoile. Bhí tríocha scoláirí Idirbhliana mar an lucht féachanna do thaifeadadh chlár teilifíse Gaeilge de chuid BBC Tuaisceart Éireann. Beidh Lá Gníomhaíochtai do rang 6 ar siúl Dé Sathairn, 9 Samhain agus beidh Oíche Oscailte ar siúl ar 12 Samhain. Bhí cruinnithe indibhidiúla ag an Choiste Cúraim leis na scoláirí chéad bhliana inné. Tá lucht na hIdirbhliana ar thaithí oibre an tseachtain seo. Tá muid i mbun an chláir traschuraclaim ‘Ceannairí don Todhchaí Chumann Luthchleas Gael. D’fhreastail bunús na foirne ar laethanta oilúna JCT ó bhí tús na scoilbhliana ann. D’fhreastail an triúr Tréadchúramóir sóisearach ar dhá lá oiliúna an duine maidir le folláine agus teagasc OSPS a d’eagraigh an PDST. D’fhreastail an Príomhoide ar chruinniú fhócasghrúpa maidir le forbairt suíomh idirlin acmhainní trí Ghaeilge i gColáiste Mhuire, Béal Feirste.

Tuairisc ó Chumann na dTuismitheoirí Reáchtáladh cruinniú Chinn Bhliana Chumann na dTuismitheoirí ar an 3 Deireadh Fomhair. Ba é an tOideachasóir, Múinteoir Gairmthreorach agus colúnaí san Irish Times, Brian Mooney, a bhí mar aoichainteoir agus labhair sé ar an topaic: ‘Ag pleanáil do ghairmbheatha san 21ú haois in Éirinn’. Ceapadh an coiste seo a leanas ina dhiaidh sin le feidhmiú ar shon na dtuismitheoirí sa bhliain atá romhainn: Kevin McCabe, Leonia Kelly, Brian Carroll, Mickey Ó Corragáin, Ursula McQuaid agus Angela Maguire.

Daingniú Polasaithe: Daingníodh na polasaithe seo a leanas de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin: Polasaí Ligint Isteach agus Polasaí Aistrithe.

Nithe a bhaineann leis na daltaí Ghlac 24 scoláire páirt sa bhabhta áitúil de Poetry Aloud agus tá roinnt acu ag dul ar aghaidh go dtí leathchraobh na hÉireann. Ghlac beirt chailín páirt páirt sna Trialacha do na All-Stars Scoileanna. D’fhreastail scoláirí na Séú Bliana ar Hamlet i mBaile Átha Cliath. Bhí Trialacha Inniúlachata ar siúl don 5ú bliain. Glacfaidh beirt scoláire, Hannah Nic Eindrí agus Hugh Ó Caoláin páirt sa Tionól na nÓg ar an Aeráid. Beidh siad ag caint sa Dáil agus craolfar na cainteanna ar RTE teilifís. Ghlac ceithre fhoireann páirt i gComórtas Thráth na gCeist Ógras um tráthnóna. Eagrófar coisir na Samhna don chéad agus don dara bliain sa Halla Spóirt tráthnóna Deardaoin. Thug scoláirí 6ú bliana Innealtóireachta agus Grafaicí cuairt ar Combilift agus tháinig ionadaí an chomhlacht isteach sa scoil chun labhairt leo. Tá cuid mhór cispheile ag na foirne buachaillí agus cailíní faoi 16 agus faoi 20 agus cuid mhór peile ag na foirne buachaillí agus cailíní faoi 16 agus faoi 20 faoi láthair.

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344