Foghlaim Ghníomhach agus Measúnú 2017-18
Dáta Eisiúna: Bealtaine 2017
Dáta Athbhreithithe: Bealtaine 2020
Plean Feabhsúcháin 2017-18: Folláin, Foghlaim Ghníomhach agus Measúnú
Folláin
Achoimre ar Láidreachtaí ón tuairisc FMS 2016-17 |
· Mothaíonn formhór na ndaltaí (95%) agus gach múinteoir gur timpeallacht sábhailte í an scoil agus go bhfuil gaol maith idir daltaí agus múinteoirí (81%). Mothaíonn siad (91%) mar pháirt de chomhphobal na scoile. · Aithníonn 95% dalta go bhfaigheann siad deis páirt a ghlacadh in imeachtaí scoile. Tá clár leathan imeachtaí seachchuracular i gColáiste Oiriall. · Bíonn seachtain fheasachta cairdis ar siúl sa scoil ag a phléitear bulaíocht agus muintearas. · Tá comhairleoir cáilithe ag obair sa scoil agus síceolaí a thagann chun na scoile go seachtainiúil le haghaidh daltaí. · Pléitear folláin sna ranganna OS agus mar pháirt de ranganna eile. Bíonn ceardlann scileanna staidéir ar siúl gach bliain a threoraíonn daltaí conas déaláil le brú ón staidéar. · Tá Cinnirí agus Comhairle na nDaltaí gníomhach sa scoil. · D’fhreasatail na Cinn Bhliana ar 3 oíche inseirbhíse a chuir an BOOCM ar fáil a bhain le folláin agus ról an Chinn Bliana. · Tá oiliúint ASSIST curtha ar 6 múinteoir . · Bíonn tréimhse imeachtaí breise (spóirt, cluichí srl.) ar siúl gach seachtain.
|
Achoimre ar na Feabhsúcháin a bheidh le déanamh agus na spriocanna a bhainfear amach |
· Ba mhaith le 100% de na daltaí a d’fhreagair an ceistneoir níos mó deiseanna a chur ar fáil le cuidiú leo plé lena sláinte intinne agus ní cheapann ach 31% múinteoir go gcuirtear go leor cláracha ar fáil do dhaltaí faoi sláinte intinne. Mar sin, bunófar grúpa múinteoirí a chuirfidh clár le chéile a fhreastalaíonn ar an riachtanais seo. · Ardóidh muid líon na ndaltaí a bhíonn spás acu sa lá machnamh a dhéanamh ar caidé mar a mhothaíonn siad agus mar a bhí a lá ó 38.5% go dtí 70%. · Ardóidh muid líon na ndaltaí a mbíonn deis acu aithne níos fearr a chur ar dhaltaí eile sa bhliain ó 74% go dtí 85%. · Deir 92.4% múinteoir nach gcuireann an scoil deiseanna ar fáil le cuidiú le folláin an mhúiteora a fhorbairt. Mar sin, cuirfear tús le pleanáil chun deiseanna a chur ar fáil do gach múinteoir. · Ba mhaith linn líon na múinteoirí a mhothaíonn ullmhaithe le plé le dalta a théann chucu le fadhbanna sláinte intinne a ardú ó 23.1% go dtí 85%. |
Na Gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na spriocanna seo a bhaint amach |
· Beidh múinteoirí áirithe ceaptha mar ‘Tréadchúramaí’ a bheidh ag plé le tréadchúram na ndaltaí. · Bunófar grúpa múinteoirí a fhorbróidh clár a fhreastalaíonn ar sláinte intinne agus folláine. · Fiosrófar (tríd cheistiúchán/agallaimh) an bhfuil aon ghrúpa daltaí ar leith a bhfuil tacaíocht mothúcháin uathu agus má tá dírófar ar an ghrúpa nó na grúpaí seo. · Socrófar deiseanna le folláin an mhúinteora a phlé agus a fhorbairt. · Socrófar oiliúint do mhúinteoirí conas plé le folláin agus sláinte intinne. · Socrófar tuilleadh deiseanna do dhaltaí aithne níos fearr a chur ar a chéile (m.sh. ceardlann neartú foirne, turas, foghlaim chomhoibríoch sna ranganna srl) · Cuirfear córas cúntóirí i bhfeidhm do dhaltaí a bheidh a díriú ar chuidiú san obair, córas dlúthphairtíochta, sport srl. |
Cé atá i gceannas ar na spriocanna a bhaint amach? |
· Coiste Cúraim agus Folláine · Múinteoirí Folláine, Tréadchúramaí agus Cinn Bliana |
Crítéir Ratha / Conas a dhéantar measúnú gur baineadh amach na spriocanna |
· Cuirfear ceistneoir faoi fholláin agus sláinte intinne ar ghrúpa/ grúpaí daltaí ag tús na bliana agus ag deireadh na bliana le feiceáil an bhfuil an cláir folláine oiriúnach. (2017/18) · Cuirfear ceistneoir ar scoláirí agus múinteoiri tar éis 2 bhliain de shaol na bhfeabhsúchán seo (Samhradh 2019) |
Dáta Athbhreithniú |
Bealtaine 2020 |
Foghlaim Ghníomhach agus Measúnú
Achoimre ar Láidreachtaí ón tuairisc FMS 2016-17 |
· Rinne na múinteoirí sa scoil 2 lá iomlán traenáil inseirbhíse ar fhoghlaim ghníomhach agus na modhanna teagaisc a thacaíonn leis an sraith sóisear nua. · Rinne 2 mhúinteoir sa scoil traenáil inseirbhíse ar cheannaireacht theagascach thar 2 bhliain. · Tá múinteoirí eolach faoi mheasúnú foirmitheach (measúnú chun foghlaim) agus suimitheach (measúnú ar an fhoghlaim) agus cuireann siad i bhfeidhm sna ranganna iad. · Déantar measúnú CAT4 sa 1ú bhliain agus sa 4ú bliain, déantar measúnú DAT sa 4ú bliain agus measúnú Drumcondra don Ghaeilge sa 2ú bliain. · Bíonn scrúduithe tí (measúnú suimitheach) ar siúl 2 uair sa bhliain.
|
Achoimre ar na Feabhsúcháin a bheidh le déanamh agus na Spriocanna a bhainfear amach |
· Deir 83% múinteoir go bhfuil traenáil de dhíth orthu le plé le daltaí le sainriachtanais foghlama. Ba mhaith linn é seo a ísliú go dtí 20% (nó múinteoirí nua amháin) · Ardófar líon na muinteoirí a úsáideann an t-eolas ó mheasúnú CAT/DAT/Drumcondra le cuidiú leo le difreálú, measúnú a dhéanamh agus aiseolas a thabhairt don dalta go dtí 100%. · Ardófar líon na múinteoirí a roinneann na hintinní foghlama i gcónaí nó go minic ó 79% go dtí 100% · Ardófar líon na múinteoirí a dhéanann comharfhoghlaim (co-operative learning) go seachtainiúil leis na ranganna sóisearacha (ranganna sraith sóisearaigh go háirithe) ó 35.7% go dtí 90% agus spreagfar níos mó múinteoirí le bheith ag baint úsáid as uirlisí measúnaithe foirmitheacha éagsúla go seachtainiúil ar nós crítéir ratha, féinmheasúnú, piarmheasúnú, aiseolas dírithe ar fheabhsúcháin.
|
Na Gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na spriocanna seo a bhaint amach |
· Cuirfear oiliúint ar mhúinteoirí maidir le daltaí le sainriactanais oideachais · Cuirfear tuilleadh oiliúint ar mhúinteoirí faoi mheasúnú foirmitheach agus comharfhoghlaim · Beidh deis ag múinteoirí a gcuid shaineolais faoi mhodhanna teagaisc agus measúnú foirmitheach a roinnt ag cruinnithe foirne cosúil le seisiúin ‘teach-meet’ · Beidh stráitéisí measúnaithe, foghlaim agus teagaisc pléite níos minice i measc na foirne agus dea-chleachtas roinnte. |
Cé atá i gceannas ar na spriocanna a bhaint amach? |
· Gach múinteoir ranga · Co-ordaitheoir Riachtanais Speisialta Oideachais |
Crítéir Ratha / Conas a dhéantar measúnú gur baineadh amach na spriocanna |
· Ceistneoir a chur ar mhúinteoirí agus scoláirí (ag deireadh na bliana) |
Dáta Athbhreithniú |
Bealtaine 2020 |