Amanna Imeachta agus Fillte
Daltaí na hIdirbhliana ag fágáil na scoile Deardaoin, 2 Meitheamh ag 10.00 am
Siopadóireacht le déanamh roimhré.
Ag pilleadh ar an scoil Dé hAoine, 3 Meitheamh ar 2.00 i.n. ar an chuid is moille
Daltaí na 5ú bliana ag fágáil na scoile Dé hAoine, 3 Meitheamh ag meánlae.
Siopadóireacht le déanamh roimhré.
Ag pilleadh ar an scoil Dé Satharn, 4 Meitheamh ar 2.00 i.n. ar an chuid is moille
Ostán Sliabh Beagh
Beidh sibh lonnaithe ag Ostán Sliabh Beagh, Cnoc an tSalainn.
Beidh cead agaibh an pháirc peile astro trasna an bhealaigh ón ostán a úsáid ach liathróid/í a bheith libh.
Beidh cead agaibh na leithris istigh san ostán a úsáid
Beidh cead agaibh seomra a úsáid chun físeán a thaispeáint ach an trealamh cuí a bheith libh.
Pubaill
Cuirfidh sibh na pubaill in airde sa pháirc bheag trasna an bhealaigh ón ostán
Is faoi na daltaí a bheas sé na pubaill a chur in airde agus iad a bhaint anuas.
Níl cead ag aon dalta dul isteach go puball dalta eile in am ar bith.
Leagfar amach cé bheas i bpubaill le chéile nuair a bhaineann sibh ceann scribe amach.
Bia
Gheobhaidh sibh tae, caife, tósta, gránach bricfeasta agus ispíní don bhricfeasta ag 8.30 ar maidin.
Gheobhaidh sibh dinnéar bunúsach, curaí sicín, rís agus sceallóga, um tráthnóna nuair a bheas an tsiúlóid thart.
Cuirfear buiséad siopadóirachta ar fáil daoibh agus is féidir liosta earraí bia atá le ceannach a aontú le chéile.
Beidh ar bhaicle beag agaibh a bheith sásta dul ag siopadóireacht faoi threoir múinteoira ar son an ghrúpa luath ar maidin roimh imeacht daoibh.
Meas
Bíodh meas ag ar an ionad loistín/campála.
Bíodh meas agat ar an treoraí nó ar cheannaire na siúlóidí. Éist leo agus beidh tú ag foghlaim!
Ná fág rud ar bith i do dhiaidh ach lorg na mbróg. Bailigí libh gach píosa bruscair.
Ná húsáid drochtheanga nó caint gharbh le haon bhall eile den ghrúpa agus na maslaigh aon duine.
Siúlóidí
Is ceantar iargúlta portaigh agus sleibhtiúil é Bragan
Is é Paddy Sherry a bheas mar threoraí agaibh. Is treoraí lánoilte é a bhfuil an-suim aige sa flora agus fána.
Beidh an luas siúil bunaithe ar an tsiúlóir is moille.
Rialacha
- Tá cosc iomlán ar gach trealamh leictreonach, iPhones agus iPads san áireamh, ar an turas. Tógfar uaibh iad ar feadh tréimhse ama a shocraíonn an scoil m’a bheirtear oraibh agus iad i bhur seilbh agaibh. Mar sin fágaigí sa bhaile iad!
- Gaeilge amháin a labhraíonn sibh le chéile le linn an turais agus le linn na siúlóidí.
- Caithfidh cloí le rialacha na scoile agus géilleadh d’údarás na múinteoirí a bheas bhur dtionlacan.
Seicliosta
Bíodh na nithe seo a leanas agat – make sure to bring the following:
- Bróga cnocadóireachta nó buataisí/hill climbing boots
- Stocaí (5 phéire ar a laghad)
- Leggings/Tracksuit bottoms
- Bristí
- Barr mar bharr peile nó rothaíochta
- Éadach lomrach mar Fleece T léine agus fleece sparáilte
- Bearaid agus miotóga
- Seacaid gaoithe/waterproof
- Mála droma Rucksack with liner
- Uisce (2 litres in aghaidh an lae)
- Bia – torthaí, yogurt, deochanna te, ceapairí,
- Garchabhair – blister pads, cogaisí/leigheas más gá
- Sraith breise eadaí – extra layer of clothing
- Uachtar gréine/sun cream
- Earraí maisíochta/toiletries agus tuáille
- Mala codlata/sleeping bag/duvet
- Bia go leor fa chóinne siúlóidí dhá lá mar cheapairí – sandwiches for the walks
- Baby Wipes