Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

Bhí mí-ádh ar chailíní chéad bhliana Coláiste Oiriall inné Dé Máirt ag Craobh Uladh den chomórtas Futsal i Leitir Ceanainn. Tháinig na cailíní sa dara háit nuair a chríochnaigh siad pointe amháin taobh thiar de na buaiteoirí, Coláiste Loreto Milford.

3

 Sraith an-teannta a bhí ann agus d’imir foireann Oiriall go hiontach chun dul in iomaíocht le scoileanna eile a bhfuil sacar daingean iontu.

Is cinnte gur buacphointe an lae ár mbua ar Scoil Mhuire, Buncranna nuair a d’éirigh linn le scór 3-2. Ba seaimpiní Futsal uile-Eire í Scoil Mhuire ón anuraidh agus fosta, tháinig siad sa dara áit i gcomórtas sacair Uile-Éireann ach scóráil Caoimhe Ní Mhaolchallann dhá chúl agus Molly Ní Ródaigh cúl amh’ain chun bua cáiliúl a chinntiú.

Cé gur imir gach duine go hiontach, caithfidh muid aitheantas speisialta a thabhairt do captain na foirne, Caoimhe Ní Mhalchallann. Scóráil Caoimhe in achan cluiche agus cúig chúl san iomlán, le roinnt bainisteoirí eile ag trácht uirthi go dearfach faoi scil agus stíl imeartha s’aici.

A very impressive display from Monaghan champions, Coláiste Oiriall in the Ulster decider. The girls lost out by one point in the round robin competition despite defeating the 2015 All-ireland champions, Scoil Mhuire, Buncranna. A special mention to Caoimhe Ní Mhaolchallan who was in top form in all three games.

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344