Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

D’éirigh thar barr leis an cheolchoirm a d’eagraigh Coláiste Oiriall in Óstán an Westenra ar an 14 Márta – an chéad cheolchoirm a reáchtáil an scoil ariamh. Ba chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge a bhí ann.

Bhí idir cheol traidisiúnta, phopcheol agus cheol claisiceach le cluinstin ar an oíche chomh maith le hamhránaíocht Gaeilge agus Béarla, damhsa, potaireacht bhéil agus aithriseoireacht  gan trácht ar an phíob mhór a chuir tús leis an oíche. Ghlac thart fá 50 dalta páirt ann chomh maith le cór na scoile. Cheoil an dá ghrúpa traidisiúnta roinnt portanna agus cheoil an grúpa sinsearach amhrán ó Mhuineachán dar teideal “Na Coillte Glasa Triúcha”

[flashvideo align=”alignleft” file=http://www.oiriall.ie/wp-content/flv/feile-padraig-2011.flv /]

Grúpa Traidisiúnta Sinsearach Choláiste OiriallGrúpa Traidisiúnta Sinsearach Choláiste Oiriall

Cheoil Josh MacPilib “Marry You”, cheoil Liam Mac Aonasa “Hotel Yorba”, cheoil Scarlett Ní Chorráin “Anachie Gordon”, cheoil Hannah Ní Longaigh “She Moved Through The Fair” agus cheoil Darragh Ó Tuathail “Dirty Old Town”. Cheoil Eibhlín Nic Cionna “Bríd Óg Ní Mhaille” agus cheoil Aoife Nic Roideáin “Molly na gCuach Uí Chuileanáin”. Rinne Frances Ní Chonghaile Nic Aodha aithriseoireacht ar “The Stolen Child”. Ba iad na pianadóirí a bhí ann Madeleine Ní Chearbhaill, Claudia Ní Mhaiclín, Lauren Nic Giolla Eáin, Meabh Ní Ruanaí, Aimee Ní Mhathúna, Emma Ní Mhaonaigh agus Megan Ní Bheirn. Bhí lúchair an tsaoil ar an scoil go dtiocfadh Eilis Ní Mhaolfhabhaoil, iardhalta dár gcuid pilleadh ar an scoil chun páirt a ghlacadh sa cheolchoirm agus sheinn sí port mall galánta ar an chláirseach. Rinne an Múinteoir Ceoil bronnadh beag uirthi ansin agus ghuígh sí ádh mór uirthi agus í i mbun ceoil mar chúrsa céime san ollscoil.

Cor Seisear leis na damhsóirí Frances Ní Chonghaile Nic Aodha, Ellen Ní Bhriain, Arlene Ní Ghiolla Chomhail, Sarah Nic Thighearnáin, Charlotte Ní hAgáin. agus Megan Nic Oirc. Buíochas do Mhúinteoir Olivia.Cor Seisear leis na damhsóirí Frances Ní Chonghaile Nic Aodha, Ellen Ní Bhriain, Arlene Ní Ghiolla Chomhail, Sarah Nic Thighearnáin, Charlotte Ní hAgáin. agus Megan Nic Oirc. Buíochas do Mhúinteoir Olivia.

B’é an Múinteoir Seán MacThaidhg fear a’ tí na hoíche, an Múinteoir Dermot Jack MacCionna bainisteoir stáitse, an Múinteoir Olivia Nic Canain, Comhordaitheoir Damhsa agus an Múinteoir Nuala Ní Ghlaschoille an Comhairleoir Ceoil. Gabhann Coláiste Oiriall buíochas le hÓstán an Westenra, Ballinode Piano Studio, Peadar McMahon fa choinne na ngrianghrafanna, Murphy’s Videos don fhíseán agus Panic Hire don fhuaim agus do na soilse. Gabhann muid buíochas fosta leis na ceoltóirí uilig agus do na tuismitheoirí uilig a thug tacaíocht don ocáid. Comhghairdeas libh uilig. Bhí sibh ar fheabhas. Tá an baile uilig ag caint oraibh!