Aidhmeanna
Is í aidhm na hIdirbhliana ná:
- fás pearsanta, sóisialta, oideachasúil agus gairmiúil na ndaltaí a chur chun tosaigh
- iad a ullmhú mar bhaill neamhspleácha, freagracha den tochaí ina mbeidh
- siad páirteach ann.
Droichead idir an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach
- Tugann an Idirbhliain seans don dalta an droichead a thrasnú agus an t-athrú a dhéanamh ó thimpeallacht foghlama spleách na sraithe sóisearaí go dtí timpeallacht foghlama neamhspleách na hArdteiste.
- Tugann an Idirbhliain deis do dhaltaí forbairt phearsanta a dhéanamh trí imeachtaí acadúla, ábhair nua agus gniomhaiochtai seachchuraclaim a bhlaiseadh.
- Cuidíonn an Idirbhliain le daltaí cinnti eolasacha a dhéanamh maidir le roghanna Ardteiste.
- Spreagann an Idirbhliain daltaí chun taithí a fháil ar an saol taobh amuigh den scoil mar chuid dá bhforbairt.
- Cothaíonn an Idirbhliain aibíocht sa staidéar agus sa chur chuige chun oibre.
- Cothaíonn an Idirbhliain forbairt sna scileanna cumarsaide labhartha agus scríofa.
- Cothaíonn an Idirbhliain muinín, misneach agus freagracht.
Leagan Amach an Chláir
- Na croí-ábhair – Matamaitic, Béarla agus Gaeilge
- Béim ar na hábhair phraiticiúla – modúil san áireamh
- Ábhair Ardteiste uilig a shamplú
- Reiligiún & Oideachas Sóisialta
- Corpoideachas/Spórt/ Scíth
- Teicneolaíocht na Faisnéise
- Modúil
- Gairmthreoir
- Folláine
Modúil
- Ceannairí sa Todhchaí CLCG
- MOS (Microsoft Office Specialist)
- TEG (Teastas Eorpach Gaeilge
- Clár Aeráide Rewrite ar líne
- Ceardlanna craoltóireachta Raidió RíRá
- Turas go dtí Ceathrú Gaeltacha Bhéal Feirste
- Turas thar sáile
- Caint Phoiblí
- Cocaireacht
- Drámaíocht
- Garchabhair
- Damhsa Céilí
- Ceardlann Damhsa le Tura Artura
- Gaisce – Gradam an Uachtaráin (deonach)
Foghlaim & Forbairt
Beidh daltaí:
- Freagrach as a gcuid foghlama
- Ag foghlaim trí ghníomhaíocht
- Ag déanamh nascanna idir ábhair áirithe
- Ag obair i ngrúpaí
- Ag plé agus ag díospóireacht
- Á chur faoi agallamh
-
Ag déanamh féin-mhachnaimh
Foghlaimeoidh siad faoi
- Forbairt Phearsanta
- Féin-thuiscint
- Féin-mheas
- Meas ar a bpiaraí, fostóirí, múinteoirí
- Tuiscint shóisialta
- Comhoibriú
- Cothú scileanna cumarsaide agus scileanna praiticiúla
Beidh daltaí
- Ag cur i láthair
- Ag glacadh páirt i dtaighde agus in obair thionscnaimh
- Ag dul ar cuairteanna
- Ag freastal ar an phobal
- Ag fáil taithí san ionad oibre
Céard atá na múinteoirí ag tnúth leis uathu?
- Forbairt phearsanta
- Meas
- Iarracht
- Spreagadh
- Suim
- Taitneamh
- Aibíocht
- Sár-thinreamh
Taithí Oibre
- Seachtain amháin i láthair amháin oibre i mí na Samhna agus seachtain eile i láthair eile oibre i mí Feabhra.
- Iarrtar ar dhaltaí a gcuid taithí oibre féin a chuartú.
- Is féidir le hospidéil, staisiúin Gardaí, scoileanna, monarchana, cogaslanna, gruagairí, comhlachtaí ríomhaire, tréidlíanna, cuntasóirí a bheith mar láithreacha oibre.
- Líonann na daltaí tuairisc comhlachta agus cuireann na fostóirí tuairisc ar ais chugainn mar gheall ar an dalta.
Spórt agus Scíth
- Snámh
- Golf Driving Range
- Pitch and Putt agus Leadóg
- Caitheamh bollaí
- Boláil istigh
- Marcaíocht capall
- Rianadóireacht
- Liathróid Láimhe agus liathróid raicéid
- Aeróbaic chéime agus traenáil chiorcaid
Turasanna
- Caisleán Bhaile Atha Cliath
- Páirc an Chrocaigh
- Brú na Bóinne
- An Chúirt Chuarda
Measúnú agus Teistiméireacht
- Déanfaidh gach dalta agallamh foirmiúil mar chuid den phróiseas measúnaithe
- Caithfidh gach dalta CV faoi bhráid an bhoird agallaimh
- Cuirfidh beirt duine fásta, múinteoir ar dhuine acu agus duine gairmiúil eile ón taobh amuigh, agallamh ar gach dalta do 10 – 15 bhomaite de fhad ar a laghad.
- Cuirfear ceisteanna ar na daltaí mar gheall ar a n-eispéiris san Idirbhliain agus mar gheall ar a saol san am atá le teacht
Cumhdach Saothair Ar Líne
Comhlánann na daltaí a dtaifead pearsanta féin mar chumhdach saothair at líne don bhliain. Déanfar seo ar shuíomh speisialta scoile don idirbbhliain amháin. ‘Séard le taifeadadh anseo ná gníomhartha éagsúla na bliana ar nós:
- éachtaí pearsanta
- turasanna scoile
- laethanta ceardlanna
- rannpháirtíocht scoile
- achoimrí ábhar
- taithí oibre
- obair dheonach
Beidh grianghraif, grafaicí, learáidí agus téacs ann chun iad á tacú. Úsáidfear an cumhdach saothair ar líne mar uirlís mheasúnaithe
Cén uair a dhéantar measúnú?
- Déantar measúnú ag tréimhsí éagsúla le linn na scoilbhliana.
- Déantar measúnú go foirmeálta agus go neamhfhoirmeálta.
- Déanfaidh an múinteoir measúnú ar fhorbairt an dalta bunaithe ar fhianaise na hoibre atá déanta.
- Déanfaidh an dalta féin-mheasúnú go leanúnach i rith na hIdirbhliana i ngach ábhar.
- Tarlaíonn féin-mheasúnú nuair a dhéanann an dalta measúnú ar a chuid oibre féin.
Cén dóigh a dhéantar measúnú?
Déantar an measúnú seo go foirmeálta agus go neamhfoirmeálta.
Measúnú Foirmeálta:
Déantar measúnú foirmeálta ag deireadh tionscnaimh, ag deireadh téarma nó ag deireadh na bliana nuair a bhíonn fianaise shoiléir ag an dalta agus an mhúinteoir.
Measúnú Neamhfhoirmeálta:
Tarlaíonn measúnú neamhfhoirmeálta nuair a dhéantar breathnadóireacht ar mhodhanna oibre an dalta, scileanna praiticiúla, scileanna cumarsáide, scileanna idirphearsanta, rannpháirtíocht ranga agus scoile, iompar ginéarálta agus meon.
Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú
Déanann an dalta measúnú air/uirthí féin. Seo é féinmheasúnú. Déanann dalta measúnú ar dhalta eile. Seo é Piarmheasúnú
Modhanna Measúnaithe
Bíonn an dalta á mheas ag an mhúinteoir i rith an ama le linn na hidirbhliana. Bailíonn an dalta agus an múinteoir fianaise go leanúnach a thaispeánann forbairt, feasacht agus fás an dalta.
Úsáidtear modhanna éagsúla chun measúnú a chur i gcrích:
- Obair Ranga obair déanta sna hábhair éagsúla.
- Tionscnaimh gníomhaíocht chomhoibríoch déanta go haonarach nó mar ghrúpa agus go bhfuil pleanáil de dhíth chun spriocanna comónta a bhaint amach.
- Agallamh cuirtear agallamh ar gach dalta um Cháisc
- Rannpháirtíocht ag cur le saol na scoile sh. foireann spóirt, díospóireacht, caint poiblí, corás cinnireachta, cór, réiteoireacht, grúpa ceoil srl.
- Cumhdach Saothair cnuasach oibre na bliana ina fianaise, tuairiscí,tuairimí agus grianghraif imeachtaí ina
Córas Creidiuintí
Tá measúnú leathan déanta ar gach dalta san idirbhliain. Déantar seo trí chreidiúintí a shaothrú. Seo a leanas na gnéithe measúnaithe:
- An Cumhdach Saothair 100
- Mórmheasúnú: Iarracht Oibre is fearr i ngach ábhar/modúl trí chreidiúintí ag Nollaig & Samhradh 100
- Scrúduithe sna croí-ábhair (Nollaig agus Samhradh) 75
- Rannpháirtíocht 100
- CV agus Agallamh 50
- Tinreamh agus Poncúlacht 25
- Iompar 50
Cad is creidiúint ann?
‘Séard is creidiúint ann ná grád ó 1 go 5 a bhronntar ag an mhúinteoir bunaithe ar an iarracht déanta.
5 = Sár-Iarracht; neamhspleách; obair bhaile féin-stiúrtha
4 = Iarracht mhaith; obair bhaile déanta go rialta
3 = Iarracht le cuidiú muinteora; caighdeán measartha san obair bhaile
2 = Beagán Iarrachta; obair bhaile déanta go hannamh
1 = Easpa Iarrachta; gan obair bhaile go leanúnach
Bíonn scrúduithe sna croíábhair (Béarla, Gaeilge, Mata) chun leibhéal ag an Ardteist a thomhais. Ar bharr seo, faigheann tú marc measúnaithe i ngach ábhar/modúl ag deireadh gach téarma. Cuirtear na grádanna seo ar an Chárta Torthaí.
Cárta Torthaí na hIdirbhliana
- Déantar taifead ar ghrádú i ngach ábhar ó gach téarma le linn na bliana i bhfoirm ‘creidiúintí’.
- Beidh an cárta seo á choimeád agus á líonadh ag gach dalta ina f(h)illteán idirbhliana.
- Suimítear na creidiúintí ag deireadh na bliana agus bronntar an meánmharc ort i ngach ábhar.
Mórmheasúnú Idirbhliana
1. An Cumhdach Saothair | 100 |
a. Cur i láthair, ord, eagar, fianaise agus caighdeán teanga sa Chumhdach Saothair | 50 |
b. Súil siar, féinscrúdú agus mórmhachnamh sa Chumhdach Saothair | 25 |
c. Cur síos ar chúig eispéireas sa Chumhdach Saothair | 25 |
2. Mórmheasúnú Iarracht Oibre is fearr i ngach ábhar/modúl trí chreidiúintí ag Nollaig agus Samhradh | 100 |
3. Scrúduithe sna croí-ábhair (Nollaig agus Samhradh) | 75 |
4. Rannpháirtíocht | 100 |
a. i ngníomhaíochtaí scoile, nach gníomhaíochta spóirt iad | 50 |
b. i ngníomhaíochtaí spóirt ar shon na scoile | 25 |
c. i ngníomhaíochtaí atá neamhbhainteach leis an scoil | 25 |
5. CV agus Agallamh | 50 |
6. Tinreamh agus Poncúlacht | 25 |
7. Iompar | 50 |
IOMLÁN | 500 |
AN CÓRAS CÉIMNITHE MÓRMHEASÚNAITHE | |
400 -500 (80% nó níos airde) | Ardghradam |
300 – 399 (idir 60% agus 79%) | Gradam |
200 – 299 (idir 40% agus 59%) | Pas |