Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

Ag dul siar ar bhóithrín na smaointe.

 

Cuireann Coláiste Oiriall fearadh na fáilte roimh dhaltaí nua na chéad bhliana. Tá 76 acu uilig ann ó 17 bunscoil éagsúil ar fud an chontae. Ar ndóighe bhuail siad le chéile cheana féin nuair chaith siad deireadh seachtaine le chéile i nGaeltacht Rann na Feirste i mí na Bealtaine.

Síníodh na conarthaí le comhlacht tógála John Sisk le gairid chun Campas nua Oideachais Mhuineacháin a thógáil ar bhóthar Ard Mhacha, áit a mbíodh Beairic an Airm. Ar ndóighe tá Coláiste Oiriall mar chroílár an champais nua. Is fiú idir €35 milliún agus €45 milliún ina iomlán an tionscnamh seo nuair a chuirtear gach rud sa chuntas.

Beidh Coláiste Oiriall ag réachtáil turas deireadh seachtaine chuig cluiche Príomhroinne in Old Trafford agus roinnt imeachtaí eile i gceantar Manchain na Sasana ag deireadh mhí na Samhna.

Déanann Coláiste Oiriall comhghairdeas leis na daltaí 6 bliana uilig a fuair a gcuid torthaí Ardteiste le gairid. Fuair roinnt acu 500 pointe nó thairis agus beidh siad gan mhoill ag tabhairt aghaidh ar oideachas tríú leibhéal.