Réasúnacht (Cad Chuige)
Tuigeann Coláiste Oiriall gur páirtíocht atá i gceist san oideachas idir scoláirí, múinteoirí tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal i gcoitinne. Tuigimid gur duine neamhspleách é gach scoláire a bhfuil forbairt le déanamh aige (i.e.pearsanta; fisiciúil; spioradálta; mothaitheach; gnéasach; sóisialta; acadúil) sa dóigh go mbeidh sé ábalta páirt a ghlacadh sa tsochaí. Tá OCC riachtanach do dhaoine óga le foghlaim faoi chaidrimh agus faoi chollaíocht ar dhóigheanna a chuirfidh ar a gcumas smaointiú agus gníomhú ar bhealach morálta, cúramach agus freagrach
Is iad na tuismitheoirí/caomhnóirí na príomhoideachasóirí ach tá ról tánaisteach ag an scoil san obair seo agus agus is dá bharr sin go bhfuil clár Oideachas Caidrimh agus Collaíochta ar siúl i gColáiste Oiriall. Tá gá soiléir ann go mbeadh scoileanna páirteach san OCC le tacú le tuismitheoirí mar phríomoideachasóirí.
Cur chuige scoile uile
Is féidir le gach múinteoir, gach rang agus gach imeacht lastigh den seomra ranga deiseanna a chur ar fáil chun cur le forbairt phearsanta an scoláire. Ag an leibhéal sóisearach agus sinsearach is féidir le hOidí Ranga chomh maith le múinteoirí Eolaíochta, Eacnamíocht Bhaile, Reiligiúin, Corpoideachais, OSSP, Oideachais Sláinte, Treoir Ghairme agus Comhairleoireachta páirt faoi leith a ghlacadh i gcur chun cinn an chláir.
Cuir i bhfeidhm na modhanna oibre
Scaipfear réamheolas atá bainteach leis an chlár OCC ar thusimitheoirí scoláirí na chéad bhliana.
Scaipfear liosta na dtopaicí a bheas le plé le linn na bliana ar thuismitheoirí gach bliainghrúpa nuair a bheas sin socraithe ag na múinteoirí OCC. Déanfar seo roimh thús theagasc an chláir.
Déanfaidh Coláiste Oiriall a dhicheall aghaidh a thabhairt ar aon imní a bheas ar aon thuismitheoir maidir le hábhar an chláir.
Múinfear an clár mar mhodúl taobh istigh den chlár Oideachas Sóisialta, Sláinte agus Pearsanta (OSSP)

Cuspóirí
Beidh muid ag súil le cur ar chumas na scoláirí:
- tuiscint agus scileanna cuí a aimsiú chun cairdis agus caidrimh shláintiúla a chruthú.
- féinaithne dhearfach a fhorbairt agus scileanna a shealbhú chun féinmheas a neartú agus a bhuanú.
- a bheith ar an eolas fá éagsúlacht bealaí inár féidir le hindibhiúil fás agus athrú, go hairithe le linn ogántachta agus meas a chothú ar dhifríochtaí idir indibhiúil.
- Foghlaim mar gheall ar fhiseolaíocht dhaonna ag cur béim faoi leith ar atáirgeach gnéasach, ar thorthúlacht dhaonna agus ar ghalrú collaí inaithriste.
- Forbairt ghnéasúil a aithint agus gnéithe den chollaíocht cosúil le ról nósúil gnéis, cúrsaí inscne agus tionchair chúlturtha ar chollaíocht a aithint agus a iniúchadh.
- Meas a bheith ar luachanna shaol an teaghlaigh agus ar chúraimí tuismitheoirí.
- Straitéisí a oibriú amach chun a n-intinn féin a dhéanamh suas agus chun gníomhú ar bhealach a bheadh ag teacht le hionracas pearsanta agus morálta an duine agus meas a bheith ar chearta agus ar dhínit daoine eile.
- Le bheith oilte ar conas deileáil le brú óna gcuid chomhscoláirí, conas deileáil le coimhlint agus conas deileáil le bagairtí do shabháilteacht phearsanta.
Rólanna agus Freagrachtaí
Tá sé de dhualgas ar mhúinteoirí atmasfear a chothú a léiríonn meas ar phríobháideachas gach scoláire agus a chaitheann go cúramach agus go goilliúnach le gach scoláire.
Cuirfear oiliúint ar fáil do gach múinteoir a bheas bainteach leis an chlár
Is féidir leis an phobal i gcoitinne cainteoirí agus cuairteoirí atá foirsteanach do na topaicí atá faoi chaibidil a chur ar fáil.
Ba cheart go mbeadh cothromaíocht ann idir fir agus mná ar an fhoireann ó thaobh dul chun cinn agus ó thaobh cuir i láthair an chláir OCC.
Ábhar an Chláir
An Teastas Sóisearach
Cumarsáid, mothúcháin, sláinteachas, íomha dearfach, féinmheas, teanga chollaíochta, caithreachas, fás agus athrú, giniúint linbh, ag iompar, caidrimh le clann, cairde nó girseach/gasúr, rólanna inscne agus brúanna, sabháilteacht phearsanta, cinnidh fhreagracha a dhéanamh, déagóir ag iompar.
An Teastas Sinsearach
Cumarsáid, mothúcháin, atáirgeadh, collaíocht dhaonna, pleanáil chlainne, ag iompar, ról tuismitheoirí, galair collaí inaithriste, caidrimh ghrámhara, pósadh, stadas gnéasúil, rólanna inscne, ciapadh gnéis, ionsaí, éigniú, drochúsáid nó drochíde.
