Gailearaí

x ceolchoirm-060 img_5690 SAMSUNG img_5715 img_5689

CARTLANN

  • 2012 (19)
  • 2011 (55)
  • 2010 (10)
Baile > Tréadchúram > Gairmthreoir

Gairmthreoir

Gairmthreoir
Is iad is aidhmeanna an Rannóg Ghairmthreorach agus Comhairleoireachta foráil a dhéanamh ar fhorbairt phearsanta, shóisialta, oideachasúil agus gairmiúil na ndaltaí i gColáiste Oiriall, chomh maith le freagra proifisiúnta a thabhairt ar riachtanais na ndaltaí uilig maidir le gairmthreoir agus comhairleoireacht. Tá an tseirbhís á riaradh ag Treoirchomhairleoir Scoile a oileadh go proifisiúnta. Déanann an Treoirchomhairleoir iarracht é sin a bhaint amach trí Threoir Oideachasúil agus Comhairleoireacht, trí Ghairmthreoir agus Comhairleoireacht agus trí Threoir agus Comhairleoireacht shóisialta agus pearsanta.

Bíonn an Treoirchomhairleoir rannpháirteach sa treoir scoile agus sa chomhairleoireacht i gcomhthéacs iomlán an chur chuige sa scoil uile. Is féidir le dalta coinne a lorg leis an dTreoirchomhairleoir. Tugtar am an choinne i scríbhinn do na daltaí ar Bhileog Coinne Scoile. Ansin tugtar í sin do mhúinteoir an ranga óna mbeidh an dalta as láthair.


Treoir
Bíonn rang amháin Gairmthreorach in aghaidh na seachtaine ag na ranganna sinsearacha agus múineann ár dTreoirchomhairleoir na ranganna sin. Cuirtear daltaí na Ceathrú Bliana ar an eolas faoin réimse ábhar Ardteistiméireachta atá ar fail dóibh, ábharaíocht, modhanna oibre agus leagan amach scrúdaithe. Déanann an Cúigiú Bliain iniúchadh ar an réimse de chúrsaí tríú leibhéil atá ar fáil dóibh faoi chúig theideal leathan déag. Déantar tástáil spéise agus tastáil iniúlachta chun cuidiú leis an dalta gairm bheatha dá rogha féin a roghnú. Séard atá sa chlár don Séú Bliain ranganna ar scileanna staidéir, ar conas cinneadh faoi ghairm bheatha a dhéanamh, míniúchán ar na córais CAO agus UCAS agus ar na cúrsaí iar-Theistiméireachta (PLC).

Eagraíonn an múinteoir Gairmthreoir iompar ón scoil chuig roinnt Laethanta Oscailte a eagraíonn na Coláistí nuair a bhíonn spéis léirithe iontu ag roinnt mhaith daltaí. Déanann an múinteoir sin bainistiú ar an Leabharlann Ghairmthreorach agus ar Chlár na bhFógraí Gairmthreorach, tugann sé cuireadh d’aoi-chainteoirí a mbaineann le hábhar chun labhairt leis na daltaí, ullmhaíonn sé nó sí na daltaí d’agallaimh agus do thaithí oibre chomh maith le clár Scileanna Staidéir a chur ina láthair.

Déanann an múinteoir scrúduithe síceolaíochta agus scrúduithe oideachasúsla caighdeánaithe lena gcuirtear eolas úsáideach ar fáil chun feidhmíocht acadúil agus gairme a thuar. Cuirtear daltaí faoi theisteanna difriúla caighdeánaithe agus is féidir na torthaí a phlé le daltaí ar bhonn aonair, agus lena dtuismitheoirí chomh maith má mheastar go bhfuil gá leis sin.

Comhairleoireacht
Tig le daltaí comhairleoireacht phearsanta a lorg. Tig lena múinteoirí, an Príomhoide, a dtuismitheoirí agus a gcairde atreorú a dhéanamh ar a son. Sé cuspóir an Chomhairleora suíomh a chur ar fáil inar féidir leis an dalta a cheisteanna pearsanta a chur i láthair faoi rún i dtimpeallacht atá compordach dó nó di. Baintear feidhm as cur chuige comhairleoireachta sonrach chun an dalta a chumasú fá choinne bealaí atá nua agus níos imchuí a aimsiú chun dul i ngleic leis an saol, nó chun rudaí a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach ar a shaol a phlé.

Cuireann Treoirchomhairleoirí seirbhís faoi rún ar fáil do na daltaí a thugann cuairt orthu. Cuirtear daltaí ar an eolas, áfach, go mbeidh ócáidí ann nuair a d’fhéadfadh an gá a bheith ann don rún sin a scaoileadh, i.e. nuair a bhraitear go bhfuil an dalta nó duine eile a chuirtear ar aithne ár gComhairleora i mbaol go pearsanta. Cuirtear na daoine cuí ar an eolas ag an am sin.

Aithníonn muid go gcaithfidh ár gComhairleoir bheith réamhghníomhach maidir leis na saincheisteanna a chuireann daltaí i láthair i gcónaí. Tá bulaíocht, duine in isle brí, an treocht chun lámh a chur ina mbás féin, mífheidhmiú clainne, iomaíochas, eisiamh sóisialta, teip maidir le mórghníomh acadúil a bhaint amach, drochíde, homafóibe, brú ó dhaltaí eile, mí-úsáid substainte agus ciníochas ar chuid de na fadhbanna ar féidir a maolú le tacaíocht chomhairleoireachta.

Is próiseas foghlama idirghníomhaigh í an chomhairleoireacht idir an Comhairleoir agus an dalta, bíodh duine aonair nó grúpa i gceist, próiseas le cur chuige iomlánaíoch i leith saincheisteanna pearsanta agus/nó gairmiúil. Trí bheith ag freastal ar éilimh Aontas Comhairleoireachta agus Sícteiripe na hÉireann agus ag obair le Cód Eitice Institiúid na gComhairleoirí Treorach cinntítear go bhfuil Seirbhís Chomhairleoireachta Choláiste Oiriall faoi fheitheoireacht agus faoi mhonatóireacht cheart ionas go dtugtar tosaíocht do riachtanais na ndaltaí agus go mbíonn a gcuid cearta ar cosaint.

Daltaí a chur faoi bhráid seirbhísí
Is féidir go lorgófar cuidiú do dhaltaí a bhfuil fadhbanna acu, mar dheacrachtaí foghlama, mí-úsáid substaintí, andúil, cailliúint agus bás agus géarchéim phearsanta, ó áisíneachtaí cosúil le dochtúir an dalta, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, NEPS, Oifigeach Leasa Oideachais agus Oifigeach Ceangail Sóisearach na nGardaí. Caithfear tuismitheoirí a chur ar an eolas agus cead a fháil ó thuismitheoirí sula gcuirfidh ár gComhairleoir dalta faoi bhráid áisíneachtaí sheachtraigh cosúil leis Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte nó Siceolaí Oideachasúil.