- Cuirfear Staidéar Stiúrtha ar fáil gach Luan, Máirt agus Céadaoin idir 3.45 pm agus 6.30 pm. Beidh briseadh cúig bhomaite dhéag ag 5.00 pm san aireamh anseo.
- Is faoi thuismitheoirí/chaomhnóirí atá sé na daltaí a bhailiú ag deireadh an treimhse staidéir.
- Tá cosc ar fhóin poca agus ar Walkmans sa Seomra Staidéir.
- Tá na daltaí freagrach as a gcuid leabhar/guirléidí féin a bheith leo ag an staidéar.
- Níl cead dul amach ag an taisceadán le linn am staidéir mar cuireann sé isteach ar dhaoine eile.
- Níl cead ag dalta ar bith an staidéar a fhágáil luath ar chúis ar bith gan nóta scríofa a bheith faighte agus é sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir. Ba cheart an nóta seo a thaispeáint don fheitheoir ag tús an tréimhse staidéir.
- Má bhíonn dalta mall ag teacht ag an Staidéar Stiúrtha caithfidh sé nóta a bheith leis sínithe ag tuismitheoir ag míniú cad chuige gur cuireadh moill air.
- Ní ghlacfar le pleidhíocht nó amaidí ar bith le linn an Staidéar Stiúrtha. Iarrfar ar dhalta fágáil má bhíonn aon droch-iompar ar siúl aige.
- Cuirfear nóta abhaile chuig tuismitheoirí/caomhnóirí sa dialann mar eolas amháin ag míniú cad chuige gur iarraidh ar an dalta fágáil. Ba cheart an nóta seo a shíniú.
- Má bhíonn an dalta bainteach le haon eachtra mhíshásúil eile nó aon iompar mísásúil ar siúl aige iarrfar ar an dalta gan pilleadh ar an Staidéar Stiúrtha ar feadh trí sheachtaine.
- Déanfar seiceáil ar thinreamh gach tráthnóna agus coinneofar taifead air.
- Cosnóidh an Staidéar Stiúrtha €50 faoi cheathar in aghaidh na bliana.

