Gailearaí

SAMSUNG img_5650 ceolchoirm-043 ceolchoirm-052 img_5772 ceolchoirm-067

CARTLANN

  • 2012 (19)
  • 2011 (55)
  • 2010 (10)
Baile > Staidéar

Staidéar

Tá obair chrua leanúnach de dhíth chun torthaí maithe a bhaint amach sna scrúduithe stáit. Tugtar obair bhaile an-rialta do dhaltaí i ngach ábhar agus ceartaítear í. Moltar idir dhá uair a chloig agus cúig uair a chloig a chaitheamh ar obair bhaile agus/nó staidéar gach oíche ag brath ar an bhliain ina bhfuil an dalta. Cuirfear pionóis i bhfeidhm mura ndéantar obair bhaile agus cuirfear tuismitheoirí ar an eolas. Déanann daltaí scrúduithe foirmiúla, inmheánacha ag Nollaig agus sa Samhradh agus cuirtear tuairiscí abhaile trí uair sa bhliain: Samhain, Nollaig agus Samhradh. Déanann daltaí atá ag tabhairt faoi scrúduithe stáit triailscrúduithe go luath sa bhliain nua.

Cuirtear Staidéar Stiúrtha ar fáil gach Luan, Máirt agus Céadaoin idir 3.45 pm agus 6.30 pm. Moltar do thuismitheoirí smaointiú go láidir ar a gcuid páistí a chlárú ann, go háirithe daltaí ón 2ú, 3ú, 5ú agus 6ú bliainta. Feictear duinn go dtéann sé chun tairbhe na ndaltaí agus iad i mbun staidéir. Cuirtear béim ar Scileanna Staidéir sa scoil agus déanann an Múinteoir Gairmthreorach agus na múinteoirí uilig gach iarracht míniú do dhaltaí cén dóigh chun staidéar a dhéanamh agus cén dóigh chun pleananna staidéir a leagan amach. Reáchtáltar seimineár Scileanna Staidéir go bliantúil do mhórán de na bliainghrúpaí.