
Brendan Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall
Tá baint ag Brendan Ó Dufaigh le cúrsaí Gaeilge le fada. Oibríonn sé sa Choláiste Samhraidh i nGaeltacht Rann na Feirste agus d’oibrigh sé le Gael-Linn ar feadh cúig bliana. Bhí baint aige fosta le bunú Ghaelscoil Ultain i 1986 agus tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na scoile faoi láthair. Bhí sé ar cheann de na daoine a bhunaigh Gaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan i 2008 agus tá sé mar chathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile sin fosta.
Bhí sé mar PRO ar Fhéile Dramaíochta Bhaile na Lorgan ar feadh deich mbliana, mar chathaoirleach ar Clontibret Buddy Bear Trust Fund agus mar bhall de Bhord Amharclann an Garage. Scríobh sé The Book of Clontibret, leabhar 350 leathanach ar stair a pharóiste féin agus Election and Rejection leabhar faoi thorthaí ollthoghchán an chontae. Scríobh sé agus d’fhoilsigh sé Portráid d’Éirinn i 2008, téacsleabhar Ardteiste Staire trí mheán na Gaeilge le freastal ar Ghaelcholáistí.
Is as Eanaigh Gheala ó dhúchais dó agus fuair sé a chuid scolaíochta ag Scoil na mBraithre, Muineachán, Coláiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, áit ar bhain sé céim mháistreachta amach sa Stair Áitiúil. Sular ceapadh é mar Phríomhoide ar Choláiste Oiriall ag an Chásc 2004, bhí Brendan ar fhoireann Mheánscoil Mhuire, Baile na Lorgan ar feadh 13 bliana, áit a raibh sé mar Chomhordanóir na gCláracha agus mar bhall den Bhord Bainistíochta.
