
Annette Ní Thuathail, Príomhoide Tánaisteach Choláiste Oiriall
Is as Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí Annette Ní Thuathail ach tá sí pósta go háitiúil. Tá céim BA aice sa Ghaeilge agus sa Chorpoideachas ó Ollscoil Luimní agus ó shin tá céim M.Sc i mBainistíocht Scoile curtha i gcrích aici in Ollscoil Uladh. Oibríonn sí mar Phríomhoide i gColáiste Sheosaimh Naofa i gCarna i nGaeltacht Chonamara gach samhradh. Tá breis cáilíochtaí aici i bpeil, i haca, i gcamogaíocht, i rugbaí agus i gcispheil. Tá sí ag múineadh i gColáiste Oiriall ó bunaíodh é sa bhliain 2004.
Mhúin Annette i gColáiste Pobail Ghleann Maighir i gCorcaigh sular bhog sí go Muineachán. Tá sé bhonn Contae, ceithre bhonn Cúige agus dhá bhonn Uile-Éireann ag leibhéal sinsearach fóchumainn buaite aici le Domhnach Maighean. D’imir sí cispheil leis an Mhuinchille sular bhog sí go dtí na Muckno Lakers i mBaile na Lorgan agus bhí sí mar bhall de fhoirne a bhuaigh arís agus arís eile i Léig an Oirthuaiscirt a reáchtálann Basketball Ireland. Thraenáil sí foirne cispheile faoi aois i gCarraig Mhachaire Rois ar feadh roinnt blianta.
