Tá dátaí fá choinne laethanta saoire, druid luath do chruinnithe foirne, cruinnithe le tuismitheoirí, turasanna, taithí oibre agus scrúduithe imeasc na ndátaí i bhfeilire na scoile. Is foireann de shainmhúinteoirí i ngach réimse ábhar atá ag obair i gColáiste Oiriall. Bíonn baint mhór ag an fhoireann le himeachtaí breise mar spórt agus cheol.
Is féidir leat do mhac nó d’iníon a chlárú i gColáiste Oiriall ach an Fhoirm um Chlárú Dalta a líonadh. Tugtar cuireadh do thuismitheoirí dhaltaí rang a sé sna bunscoileanna teacht chuig Oíche Oscailte sa scoil mall i mí Eanáir gach bliain. Bíonn turas thart ar an scoil, caint an Phríomhoide, taispeántas ceoil agus greim bia mar chodanna den oíche seo. Moltar do thuismitheoirí eolas a chur ar Pholasaí Ionrtrála na scoile agus ar Chód Iompair na scoile sula gcláraíonn siad dalta.
