Ráiteas Choláiste Oiriall ar an Bhulaíocht
- • Tá gach duine i gColáiste Oiriall i dteideal urraime agus bheith slán ó aon chineál bulaíochta nó maistíneachta.
- • Oibreoidh an scoil go réamhghníomhach, chomh fada agus a thig léi, le cinntiú nach dtarlaíonn bulaíocht.
- • Is iompar freagrach céillí é bheith ag cur in iúl má bhíonn tromaíocht ar siúl.
- • Má tá tromaíocht á himirt ort nó má tá eolas agat ar eachtra tromaíochta, cuir an méid sin in iúl do mhúinteoir éigin nó don Phríomhoide.
- • Coinneofar taifead de gach teagmhas bulaíochta a thuairiscítear.
- • Caithfear go dáiríre leis an cheist.
- • Tá clár tacaíochta ag an scoil le freastal ar an mhaistín agus an té a bhíonn thíos leis.
- • Glacfar céimeanna cuí chun a chinntiú nach leanfaidh an bhulaíocht ar aghaidh.
Aidhm
Is é aidhm an pholasaí ná go mbeidh meas ag gach duine ar a chéile i gColáiste Oiriall, go gcothófar atmaisféar sona agus féinmhuinín sna daltaí agus go ndéanfar Cothram na Féinne a chinntiú. Fairfidh múinteoirí ar chumarsáid agus iompar na ndaltaí ar bhonn leanúnach. Má fheictear fadhb cuirfear in iúl don Phríomhoide láithreach í.
Sainmhíniú
Ciallaíonn bulaíocht ciapadh leanúnach, bíodh sé ina ghníomh fisiceach, síceolaíoch, trí bhéal nó trí ghléasanna leictreonacha a dhéanann duine aonair nó grúpa daoine, go díreach nó go hindíreach, ar dhuine nó ar dhaoine eile. Is iompar míchuí é a bhaineann le ceart an duine aonair ar dhínit phearsanta.
Cineálacha Bulaíochta
• Náiriú; ar a n-áirítear baisteachán, tagairt do chumas acadúil, claonadh gnéis srl.
• Imeaglú; a chuimsíonn úsáid ionsaitheach teanga choirp.
• Drochíde bhéil, gan ainm nó eile.
• Drochíde fhisiceach nó drochíde a bhagraítear.
• Caint bhorb bhruíonach nó ghraosta.
• Cúis ghrinn ionsaitheach; cibé acu a bhíonn se ráite, ar ríomhphost nó ar theachtaireacht téacs srl.
• Leatrom nó íospairt; ar a n-áirítear ráitis nó caint iontach pearsanta.
• Eisiamh agus aonrú .i. ag coinneáil daoine eile amach as imeachtaí, cuideachta srl.
• Cur isteach trí bhaint le maoin phearsanta duine nó lena thaisceadán srl.
• Bagairtí a chuimsíonn éilimh ar airgead.
• Ionsaí trí ráfla, cúlchaint, sáiteán nó leathfhocal, díspeagadh nó magadh ar chlú duine eile.
• Cibearbhulaíocht – BEBO, MSN, Facebook agus teachtaireachtaí téacs.
Samplaí den Bhulaíocht
• Bulaíocht Fhisiceach: Is bulaíocht é má bhrúnn tú, má chiceálann tú agus /nó má bhagraíonn tú ar dhuine eile ar dhóigh ionsaitheach nó má úsáideann tú aon chineál eile foréigin.
• Bulaíocht Shíceolaíoch agus Mhothúchánach: Is bulaíocht é má deir/scríobhann tú tuairimí míthaitneamhacha le/faoi dhuine eile m.s. baisteachán, stalcaireacht, tú bheith tarcaisneach, ag scaipeadh ráflaí, ag spochadh as duine nó ag rá rudaí atá ionsaitheach ó thaobh gnéis de. Is bulaíocht é má ghlacann tú nó má dhéanann tú dochar do rudaí pearsanta duine eile, má chiapann tú nó má dhéanann tú aonaránú ar dhuine eile nó má úsáideann tú comharthaí bagracha. Is bulaíocht é fosta úsáid mhíchuí na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide in aghaidh daoine eile.
• Bulaíocht Chiníoch: Is bulaíocht é má imríonn tú leatrom ar dhaoine eile nó má chaitheann tú go dímheasúil leo nó ar dhóigh dhifriúil mar gheall ar a gcultúr, a ndúchas eitneach, a gcreideamh, a ngnéaschlaonadh, a mballraíocht sa Lucht Siúil, a míchumas nó a gcine.
• Bulaíocht Ghnéasach: Is bulaíocht é má dhéanann tú réamhbhogadh gnéasach gan iarraidh nó más tú is cúis le duine mothú míchompordach agus/nó imeaglaithe, m.s. claontagairt ghnéasach, pornagrafaíocht, teagmháil ghnéasach gan fáilte nó scaipeadh ráflaí faoi iompar nó claonadh gnéasach duine.
• Bulaíocht Chaidrimh: Is bulaíocht é má tá baint ar bith agat le haon iompar a bhfuil sé mar sprioc aige dochar a dhéanamh do chairdeas nó mothúcháin chuimsitheachta duine eile i ngrúpa cairdis. Tá tú i mbun bulaíochta má chuireann tú cosc ar dhuine eile páirt iomlán a ghlacadh in aon ghníomhaíocht scoile.
Nósanna Imeachta maidir le Teagmhais Bhulaíochta a thuairisciú
Ba chóir do dhaltaí aon chineál bulaíochta a phlé le múinteoir nó duine fásta eile a bhfuil muinín acu as laistigh de chóras na scoile. Is iompar freagrach é seo agus ní ghlactar leis mar ‘sceitheadh’ ar dhuine eile.
Ba chóir do thuismitheoirí/caomhnóirí dul i dteagmháil leis an Cheannasaí Bliana maidir le cásanna d’iompar bulaíochta a bhfuil amhras orthu fúthu nó a tháinig chucu trína bpáistí féin nó trí thuismitheoirí eile.
Nósanna Imeachta maidir le déileáil le teagmhais bhulaíochta
• Cuirfidh an pearsanra cuí foirne agallamh ar gach dalta a bhfuil baint acu le teagmhas bulaíochta.
• Labhrófar go speisialta leis an íospartach líomhnaithe agus leis an té ar cuireadh an bhulaíocht ina leith agus spreagfar iad leis an fhadhb a réiteach.
• Iarrfar ar an íospartach líomhnaithe agus ar dhéantóir líomhnaithe na bulaíochta na sonraí a bhaineann leis an chás a scríobh síos.
• Cleachtaíonn muid cur chuige socair, neamhchorraithe nuair a bhíonn muid ag déileáil le heachtraí bulaíochta.
• Coinníonn muid cuntas scríofa ar chainteanna ar bith a bhí againn leo siúd a bhí páirteach san eachtra.
Sa chás go meastar an teagmhas bheith ina mhioncheist, tabharfar rabhadh ó bhéal don mhaistín éirí as an iompar míchuí, á chur in iúl dó/di cén dóigh a bhfuil siad ag sárú Chód Smachta na scoile agus ag iarraidh air/uirthi amharc ar an scéal ó thaobh an íospartaigh. Caithfidh an maistín leithscéal scríofa nó ó bhéal a ghabháil leis an té a ndearnadh maistíneacht air/uirthi. Má mheastar gur chuí é is féidir teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí chomh maith.
Má leantar den drochiompar nó más ceist níos tromchúisí í, cuirfear an scéal in iúl do thuismitheoir/caomhnóirí na n-íospartach agus na maistíní a bhfuil baint acu leis an scéal. Is amhlaidh, a thabharfar deis dóibh an cheist a phlé ionas go mbeidh siad sa dóigh a dtig leo cuidiú lena bpáiste sula dtarlóidh géarchéim. Caithfidh an maistín leithscéal scríofa nó ó bhéal a ghabháil leis an té a ndearnadh maistíneacht air/uirthi. Cuirfear smachtbhannaí cuí i bhfeidhm, de réir na mBeartas Smachta agus Frithbhulaíochta.
Ghlac an Bord Bainistíochta leis an bpolasaí seo ar an 13 Deireadh Fómhair 2011
Siniú: _________________________ Síniú: __________________________
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta Príomh-Oide
Dáta: 13/10/11 Dáta: 13/10/11
Dáta an chéad athbhreithniú eile: 2014
