Glacann an Bord Bainistíochta leis go bhfuil fíorthábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí maidir le gach gné de shaol na scoile agus nach mór sin a bheith le sonrú ar pholasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht uile na scoile. Dá réir sin, ag teacht lena n-éilítear faoi ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile’ na Roinne Oideachais agus Scileanna, tá an polasaí seo a leanas maidir le caomhnú leanaí aontaithe ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall:
1. Tá glactha ag an mBord Bainistíochta le ‘Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile’ na Roinne agus déanfar a gcur i bhfeidhm go hiomlán, gan athrú gan leasú, mar chuid den pholasaí ginearálta maidir le caomhnú leanaí.
2. An Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DLP): Brendan Ó Dufaigh
3. An Leas-Dhuine Idirchaidrimh Ainmnithe (Leas-DLP): Annette Ní Thuathail
4. I ndáil le polasaithe, modhanna oibre agus beartaíocht de chuid Choláiste Oiriall cloífear leis na prionsabail seo a leanas den dea-chleachtas maidir le caomhnú leanaí agus leas leanaí:
Déanfaidh an scoil:
• glacadh leis go bhfuil fíorthábhacht le caomhnú leanaí agus leas leanaí, gan bheann ar aon cheist eile;
• comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis chuí faoin reachtaíocht maidir le caomhnú leanaí agus cúrsaí leasa leanaí
• gnásanna sábháilte a ghlacadh chuici féin d’fhonn an dóigh go dtarlódh dochar nó tionóisc do leanbh a mhaolú oiread agus is féidir agus an lucht oibre a chosaint ó chall dul i mbaol nach gá a bhféadfadh gurb é toradh a bheadh air go gcuirfí drochúsáid nó faillí ina leith;
• gnás ionracais a thabhairt chun cinn le tuismitheoirí agus iad a spreagadh a bheith rannpháirteach in oideachas a gcuid leanaí; agus
• meas iomlán a léiriú ar riachtanais rúndachta agus í ag déileáil le cúrsaí caomhnaithe leanaí
Cloífidh an scoil leis na prionsabail thuas freisin i ndáil le haon dalta fásta lena mbaineann soghontacht speisialta.
5. Ba cheart an chuid seo den pholasaí maidir le caomhnú leanaí a úsáid chun tagairt go sonrach do pholasaithe, do chleachtais agus do ghníomhaíochtaí de chuid na scoile a meastar go mbaineann siad go mór le caomhnú leanaí (e.g. an Cód Iompair/an Polasaí in aghaidh na Bulaíochta, an Straitéis Tinrimh Daltaí, Maoirseacht ar Dhaltaí, Gníomhaíochtaí Spóirt/Turais Scoile/Socrúcháin oibre daltaí in iarbhunscoileanna, etc.)
Tá sé cinntithe ag an mBord go bhfuil na polasaithe, prótacail nó cleachtais, de réir mar is cuí, curtha i bhfeidhm i ndáil le gach ceann de na rudaí thuasluaite.
6. Cuireadh an polasaí seo ar fáil d’fhoireann na scoile agus do Chumann na dTuismitheoirí (sa chás gur ann dó) agus tá sé ar fáil go héasca ag tuismitheoirí ach a iarraidh. Cuirfear cóip den pholasaí seo ar fáil don Roinn agus don phátrún sa chás go n-iarrtar é.
7. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an polasaí seo a thabhairt faoi athbhreithniú uair in aghaidh na scoilbhliana.
Ghlac an Bord Bainistíochta leis an bpolasaí seo ar an 13 Deireadh Fómhair 2011
Siniú: _________________________ Síniú: __________________________
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta Príomh-Oide
Dáta: 13/10/11 Dáta: 13/10/11
Dáta an chéad athbhreithniú eile: an chéad chruinniú den Bhord sa scoilbhliain 2012-13
