1. Ráiteas Polasaí
1.1 Ceadaíonn Coláiste Oiriall do gach dalta, a bhfuil sé ar chumas na scoile freastal ar a c(h)uid riachtanas oideachais, teacht ar an scoil, ag cur sábháilteacht agus cearta na ndaoine ábhartha uilig san áireamh, agus faoi réir fheidhmeanna an Aire de bhun alt 7(1) an Achta Oideachais 1998.
1.2 Baineann an polasaí seo le gach scoil dara leibhéil atá faoi choimirce CGO Cho. Mhuineacháin.
2. Creat Dlíthúil
2.1 Aithníonn Coláiste Oiriall cearta gach aon pháiste, páistí atá faoi mhí-chumas nó a bhfuil riachtanais oideachais speisialta eile acu san áireamh, de réir mar a mbaineann siadsan le hoideachas de bhun an Achta Oideachais 1998 alt 6 (c) agus faoi réir Fheidhmeanna An Aire de bhun alt 7 (1) an Achta Oideachais 1998.
2.2 Aithníonn Coláiste Oiriall a dhualgas chun comhionnanas i rochtain ar oideachas agus rannpháirtíocht ann a chur chun cinn de bhun an Achta Oideachais 1998, alt 6 (c) agus faoi réir fheidhmeanna an Aire de bhun alt 7 (1) an Achta Oideachais 1998.
2.3 Maidir le glacadh le daltaí, dearbhaíonn Coláiste Oiriall a dhualgas reachtúil de bhun an Acht Um Stadas Comhionannais 2000 de réir mar a bhaineann sé le bunachais oideachais.
3. Freagracht Tuismitheoirí
3.1 D’fhéadfadh go mbeadh ar thuismitheoir páiste (nó dalta atá os cionn 18 mbliana d’aois) a bhfuil iarratas ar iontráil déanta aige /aici pé faisnéis a d’fhéadfadh a bheith fororduithe ag Coláiste Oiriall.
3.2 Roimh theacht an pháiste go Coláiste Oiriall, beidh ar an tuismitheoir agus ar an pháiste (nó ar dhalta atá os cionn 18 mbliana d’aois) gealltanas scríofa ina dhearbhaítear go gcomhlíonfar cód iompair na scoile a shíniú.
4. Nósanna Imeachta maidir le Clárú
4.1 D’fhéadfadh Coláiste Oiriall na nósanna imeachta seo a leanas a chur i bhfeidhm:
1) Foirm chláraithe le bheith comhlánaithe.
2) An dáta deiridh le cur isteach más ábartha.
3) Agallamh le tuismitheoir/caomhnóir.
4) Nósanna imeachta maidir leis an phobal áitiúil a chur ar an eolas faoi chlárú.
5) Faisnéis de dhíth ar thuismitheoirí an dalta
4.2 D’fhéadfadh Coláiste Oiriall an fhaisnéis seo a leanas a lorg ó thuismitheoirí daltaí nach bhfuil aois a 18 slánaithe acu nó ó dhaltaí a bhfuil aois a 18 slánaithe acu sula ndéantar cinneadh maidir le cibé an nglacfaidh nó nach nglacfaidh an scoil leo.
1) Ainm, dáta breithe an dalta, teastas breithe an dalta
2) Seoladh an dalta/na dtuismitheoirí
3) Ainm na máthar roimh phósadh
4) An bhfuil cárta leighis ag an teaghlach?
5) Uimhir UAP an dalta
6) Uimhreacha teileafóin agus uimhreacha teileafóin do chás éigeandála san áireamh
7) Sonraí na scoile a raibh an dalta uirthi roimhe seo
Reiligiún an dalta
9) Faisnéis leighis ábhartha
10) Faisnéis ón iarscoil
11) Aon fhaisnéis ábhartha maidir le cúram an dalta/orduithe dlí a mbaineann leis an dalta
12) Aon eolas ábhartha maidir le riachtanais oideachais an dalta
13) Tuairiscí Síceolaíochta Oideachais
4.3 Eiseoidh an Bord Bainistíochta nó a ainmní cinneadh chuig tuismitheoir dalta taobh istigh de 21 lá tar éis an fhaisnéis ábhartha atá léirithe i 5.2 a fháil, nó taobh istigh de 21 lá tar éis an dáta deiridh a bheidh sonraithe do chlárú, de bhun an Achta Oideachais (Leas) Alt 19 (3).
4.4 Tá CGO Chontae Mhuineacháin (lena n-áirítear Coláiste Oiriall atá faoina choimirce) cláraithe mar Rialaitheoir Sonraí faoi Achtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Tá na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tuismitheoir agus dalta do Choláiste Oiriall de dhíth ar mhaithe le rollú daltaí, clárú, riarachán, téacsanna a sheoladh, leas leanaí agus fá choinne ár ndualgais reachtúla eile a chomhlíonadh. Bainfear feidhm as sonraí teagmhála chomh maith chun tuismitheoir agus dalta a chur ar an eolas maidir le himeachtaí nó gníomhaíochtaí Choláiste Oiriall nó CGO. Cé go gcaithfidh CGO Mhuineacháin agus Coláiste Oiriall leis an eolas a sholáthrítear faoi rún go ginearálta tá seans ann go mbeidh orainn, ó am go ham, sonraí pearsanta a mhalartú ar bhonn rúnda le comhlachtaí eile lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh , an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais nó le scoil eile (má tá an dalta ag aistriú). Braitheann muid ar thuismitheoirí/caomhnóirí fá choinne faisnéis chruinn agus iomlán a sholáthar dúinn agus fá choinne uasdátú a thabhairt dúinn maidir le haon athrú san fhaisnéis a soláthraíodh. Dá mbeadh an tuismitheoir nó an dalta ag iarraidh sonraí do pháiste/do shonraí a uasdátú nó rochtain a fháil orthu ba choir dóibh sin a chur in iúl do Phríomhoide Choláiste Oiriall i bhfoirm scríbhinne.
5 Critéir Iontrála
5.1 Áiríteatear ar cháilíocht d’iontráil na rialacháin de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta seo a leanas
1. Bheith in aois a 12 ar 1ú Éanáir sa bhliain féilire tar éis don pháiste teacht isteach sa chéad bhliain.
2. Ba chóir go mbeadh caighdeán oideachais cothrom le caighdeán bhliain a sé Bunscoile bainte amach ag daltaí le náisiúntacht Éireannach sa bhliain acadúil roimh theacht ar an scoil.
3. Oideachas inchomparáide le bheith bainte amach ag daltaí ó thíortha eile.
5.2 Sa chás ina mbíonn níos mó iarratas ná áiteanna ag Coláiste Oiriall, déanfaidh an scoil tosaíocht ar na critéir roghnaithe seo a leanas:
1) Liosta scoileanna friothálach
2) An chéad pháiste sa chlann
3) Rogha siblín
4) Páistí fhoireann scoile
5) Páistí a bhfuil freastal déanta acu ar bhunscoil lánGhaeilge
6) Gach páiste eile a bhfuil cónaí air/uirthi sa scoilcheantar.
7) Páistí nach bhfuil cónaí orthu sa scoilcheantar ach a bhfuil siblíní leofa ar an scoil.
Páistí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den scoilcheantar
9) Gach iarratasóir eile
5.3 Sa chás ina mbíonn Coláiste Oiriall ró-shuibscríofa ar an lá deiridh fá choinne
iarratais a fháil, cuirfear liosta feithimh i bhfeidhm. Cuirfear eolas maidir leis an dáta sin ar fáil go forleathan. Má tharlaíonn sé go bhfuil áit ar fáil déanfar an cinneadh maidir le hiarratasóirí de réir an chritéir iontrála.
5.4 De réir threoirlínte na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, ní chuirfidh líon na n-áiteanna iontrála isteach ar an churaclam a sholáthraítear.
5.5 I gcás dalta a bheith ag iarraidh bliain scoile a ath-dhéanamh, déanfaidh Coláiste Oiriall gach iarracht freastal ar an dalta. Beidh sin, áfach, faoi réir (a) áiteanna a bheith ar fáil i ngrúpaí ranga rogha ábhar an dalta, (b) na roghanna ábhar atá á dtairiscint ag an scoil an bhliain sin, (c) srianta curaclaim gach raoin ábhar agus (d) de réir Imlitir Eolaíochta MO2/95 na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
6. Iarratas ar Aistriú ó dhalta.
6.1 Aithníonn Coiste Gairmoideachais Cho. Mhuineacháin agus Coláiste Oiriall nach féidir aistrithe a sheachaint (e.g. athrú áit chónaithe nó clann ag bogadh isteach go ceantar). Mar ghnáthpholasaí, ní mholtar aistrithe isteach sa scoil ó thaobh dul chun cinn iomlán leanúnachas an pháiste de.
6.2 Sainmhínitear iarratas ar aistriú mar iarratas ó dhalta a cláraigh cheana féin i scoil eile sa scoilcheantar nó lasmuigh den scoilcheantar nó dalta a dhéanann iarratas tar éis 30ú Méan Fómhair den bhliain acadúil.
6.3 Níl sé mar pholasaí ag Coiste Gairmoideachais Cho. Mhuineacháin nó ag Coláiste Oiriall glacadh le haistrithe ó dhaltaí atá cláraithe cheana féin i scoil iarbhunoideachais áitiúil ach má bhíonn cuinsí eisceachtúla ann. Nuair a shásaítear Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall go bhfuil a leithéid de chuinsí eisceachtúla ann is féidir go gcuirfear na coinníollacha agus na nósanna imeachta seo i bhfeidhm.
6.4 Ní mór do thuismitheoir(í) an dalta (nó an dalta atá os cionn 18 mbliana d’aois) an Fhoirm um Iarratas ar Aistriú a chomhlánú.
6.5 Ní mór do thuismitheoir(í) an dalta (nó an dalta atá os cionn 18 mbliana d’aois) an Fhoirm um Fhiosrúchán Daltaí a chomhlánú.
6.6 Iarrfarr ar Phríomhoide na scoile a bhfuil an dalta ag freastal uirthi faoi láthair nó na scoile deiridh ar a raibh sé/sí an Fhoirm um Fhiosrúchán Dalta comhlánaithe a sheoladh ar ais chugainn.
6.7 Nuair a chomhlíontar na riachtanais in 6.4 agus 6.5 ní mór do thuismitheoir(í) an dalta (nó don dalta atá os cionn 18 mbliana d’aois) freastal a dhéanamh ar agallaimh leis an Phríomhoide agus daoine eile ábhartha ag an scoil.
6.8 Is féidir go n-iarrfar ar an dalta scrúdú Gaeilge scríofa agus béil a dhéanamh, foirsteanach dá aois agus caithfidh bainistíocht na scoile í féin a shásamh go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge labhartha agus scríofa ag an dalta.
6.9 Caithfidh bainistíochta na scoile a bheith sásta go bhfuil cúiseanna maithe oideachasúla ag baint leis an aistriú agus go rachadh an t-aistriú chun sochair an dalta sin.
6.10 Má bhíonn Bord Bainistíocht Choláiste Oiriall sásta gur chuir an t-iarratasóir gach eolas ar fáil, agus,ag féachaint dá dualgas reachtúil, agus freastal ar riachtanais oideachais an iarratasóra, gan cur isteach ar chearta na ndaltaí atá ar an scoil cheana féin, d’fhéadfaí ansin áit a thairiscint don iarratasóir. Is féidir leis an scoil iarratasóir a dhiúltú murar nochtaíodh eolas iomlán nó má tugadh eolas bréagach.
6.11 Má díbríodh dalta as scoil eile ní féidir leis an iarratas dul ar aghaidh go dtí go mbeidh na tuismitheoirí curtha ar an eolas maidir leis an cheart atá acu achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na hiarscoile maidir lena bpáiste.
6.12 Cuirfidh Coláiste Oiriall na tuismitheoirí ar an eolas maidir leis an cheart seo. Thig leis an scoil foirmeacha iarratas ar achomharc a chur ar fáil maidir leis seo.
6.13 Sa chás ina dhéanann dalta atá tar éis an scoil a fhágáil go deonach chun fostaíocht a ghlacadh nó chun freastal ar bhunachas eile oideachais, iarratas foirmealta ar an scoil ar ath-ghlacadh, glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le cibé an nglacfaidh nó nach nglacfaidh an scoil leis an dalta arís. In athbhreithniú den saghas sin bheadh iarthaifead scoile an dalta maidir le cur chuige oibre, rannpháirtíocht in imeachtaí scoile, tinreamh, iompar, taifead ón iarscoil san áireamh. Cuirfear an tuismitheoir/na tuismitheoirí agus an dalta faoi agallamh atá ina chuid den nós imeachta maidir le hath-ghlacadh.
6.14 Roimh theacht ar an scoil beidh ar dhaltaí foirm a shíniú a ina mbeidh sé ráite go
nglacann siad le Cód Iompair Choláiste Oiriall.
7. Cead Isteach a Dhiúltú do Dhalta
7.1 Ní dhiúlteoidh CGO Chontae Mhuineacháin cead d’aon dalta teacht chuig Coláiste Oiriall ná ar aon cheann dá gcuid scoileanna ach amháin de réir pholasaí an CGO de bhun alt 15(2) an Achta Oideachais 1998.
7.2 Forchoimeádann an Coiste cead diúltiú do dhalta i gcúinsí eisceachtúla. D’fhéadfadh sé, sa chás inar chruthaigh clárú an dalta riosca doghlactha do shláinte agus sábáilteacht daltaí, foirne nó maoine scoile go mbeadh sin san áireamh sna cúinsí sin.
8. Achomhairc
8.1 Sa chás ina ndiúltaítear cead isteach ar an scoil cuirfear an tuismitheoir agus an dalta (nó dalta atá os cionn 18 mbliana d’aois) ar an eolas maidir leis an nós imeachta achomhairc de réir an Achta Oideachais 1998 agus an Achta Oideachais (Leas) 2000.
9. Cur i bhFeidhm agus Athbhreithniú
9.1 Tá an fhreagracht as an pholasaí seo a chur i bhfeidhm ar CGO Chontae Mhuineacháin, an Bord Bainistíochta agus Príomhoide Choláiste Oiriall.
9.2 Déanfar an polasaí seo a athbhreithniú ag féachaint d’aon tásca reachtacha nó tásca eile ábhartha.
