Gailearaí

SAMSUNG pic-8 img_5716 pic-4 img_5772 img_5715

CARTLANN

  • 2012 (19)
  • 2011 (55)
  • 2010 (10)
Baile > Polasaithe > Cód Iompair, Rialacháin agus Córas Smachta

Cód Iompair, Rialacháin agus Córas Smachta

  1. Caithfear géilleadh d’údarás an mhúinteora i gcónaí.
  2. Gabh isteach go seomra ranga go suaimhneach, suígh síos agus tóg amach do chuid leabhar, do chuid obair bhaile agus do dhialann scoile.
  3. Éist go cúramach sa rang agus déan do dhicheall ag do chuid staidéir
  4. Ní labhraíonn ach duine amháin ag an am agus sin nuair a thugann an múinteoir deis cainte duit.
  5. Ná bí ag caint in am ar bith nuair a bhíonn an múinteoir ag caint.
  6. Ná cuir isteach ar an mhúinteoir nó ar dhalta ar bith eile ar dhóigh ar bith le linn ranga.
  7. Má bhíonn tú mall nó ag pilleadh ó bheith as láthair bíodh nóta mínithe i do dhialann scoile agat le dáta air agus í sínithe ag do thuismitheoirí /chaomhnóir.
  8. Ní cóir do scoláire ar bith an rang nó an scoil a fhágáil de bharr tinnis gan chead roimhré ó mhúinteoir.
  9. Tá scoláirí freagrach as a gcuid giuirléidí féin. Moltar lipéad soiléir a chur ar gach fearas pearsanta. Coinnigh gach rud luachmhar i do phócaí.
  10. Ná rith ar na pasáistí thart fán scoil agus ná bíodh iompar crosta nó garbh ar siúl agat le scoláire ar bith eile sa seomra ranga nó taobh amuigh den seomra ranga. Seachain iompar callánach nó tríoblóideach.
  11. Tá cosc ar ghuma coganta ar fud na scoile.
  12. Bíodh bród ort as do scoil agus a timpeallacht. Coinnigh glan agus álainn í. Ná caith bruscar agus ná déan damáiste de chinéal ar bith thart fán scoil.
  13. Seachas lucht na séú bliana, fánann daltaí ar scoil ag am lóin, bíonn lón leo nó ceannaíonn siad lón sa cheaintín in aice láimhe.
  14. Tá cosc ar úsáid fóin phóca le linn an lá scoile. Má chaitheann scoláire fón póca a úsáid roimh nó i ndiaidh am scoile caithfidh sé é a fhágáil múchta ina thaisceadán le linn an lae.
  15. Tá cosc ar shennteoirí CD, walkmans agus gach trealamh leictreonach eile.
  16. Má bhíonn bulaíocht nó tromaíocht ar siúl ar scoláire nó fios aige go bhfuil bulaíocht nó tromaíocht ar siúl ar scoláire eile ba cheart dó insint do mhúinteoir nó don Phríomhoide.
  17. Níl cead ag scoláirí gabháil go dtí a gcuid taisceadán ach roimh thús na ranganna ar maidin, ag an bhriseadh, ag am lóin agus i ndiaidh am scoile.
  18. Tar ar scoil gach lá go slachtmhar agus go néata agus bíodh meas agat ort féin mar indibhidiúl agus mar bhall den phobal scoile.
  19. Tá cosc iomlán ar dhrugaí, ar thobac, ar dheochanna meisciúla a thógaint nó a bheith ag aon dalta ar scoil, ar thalamh na scoile nó an fhad is atá éide na scoile á chaitheamh nó nuair atá daltaí ag freastal ar imeachtaí scoile.
  20. Caithfidh gach dalta a bheith in am don scoil leis an trealamh iomlán cuí, an obair bhaile in ord agus in eagar agus gléasta in éide scoile.
  21. Má dhéanann aon dalta damáiste do threalamh na scoile, beidh sé/sí freagrach as costas an trealaimh a chur ar fáil arís. Iarrtar ar na daltaí fosta, gan timpeallacht na scoile a loit le bruscar.
  22. Tá sé éigeantach go mbeidh an dialann scoile ag an dalta i ngach rang agus é sínithe ag tuistí/caomhnóirí gach seachtain.
  23. Déan do chuid obair bhaile go dáiríre agus tabhair neart ama dí. Críochnaigh í agus cuir i láthair go néata í
  24. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teanga teagaisc na scoile agus beidh dualgas ar dhaltaí Gaeilge amháin a labhairt le chéile ar scoil, sa chlós, ar thurasanna agus ag aon imeachtaí a bhaineann leis an scoil. Níl cead aon teanga eile a labhairt ach i ranganna agus ag imeachtaí tenagacha eile.

Pionóis

Má sháraíonn dalta rialacha na scoile, tiocfaidh an próiseas seo i bhfeidhm:

  1. Rabhadh ó bhéal.
  2. Cuirfear nóta i ndialann scoile an scoláire mar thaifead d’iompar míshásúil.
  3. Má leanann an dalta ag tabhairt trioblóide gheobhaidh sé Bileog Phionóis.
  4. Is féidir dalta a chur ar Thuairisc Seachtainiúil, géibheann gairid, géibheann fada nó a bheith curtha ar fionraí.
  5. Má fhaigheann an dalta Bileog Phionóis faoi thrí cuirfear i ngéibheann gairid é.
  6. Is féidir scéal a chur chuig tuismitheoirí/caomhnóirí i scairt ghutháin nó i bhfoirm scríofa.
  7. Is féidir iarraidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí teacht isteach chun na scoile chun eachtra nó iompar dalta a phlé leo.
  8. Ar chomhairle an Cheannasaí Bliana seolfar dalta os comhair an Choiste Smachta chun moltaí agus comhairle a chur faoi bhráid an dalta.
  9. Beidh cásanna ann go mbainfear leas as tarraingt siar pribhléidí nó tarraingt siar as an rang nó an Tuairisc Sheachtainiúil chun freagracht agus dearcadh dalta a fheabhsú m.s. drochphoncúlacht, droch-iompar ar pháirc imeartha, obair bhaile mhíshásúil agus a leithéad.
  10. Beidh cásanna ann go mbainfear leas as géibheann (gairid nó fada). Cuirfear litir abhaile roimh ré.
  11. Feidhmeoidh an Príomhoide lasmuigh den phróiseas seo ar mhaithe le haire agus sábháilteacht na ndaltaí agus na múinteoirí más gá.
  12. Tá sé de cheart ag an Phríomhoide dalta a chur ar fionraí más gá a leithéad.
  13. Ina dhiaidh sin má leanann an droch-iompar is féidir go gcuirfear cás an dalta os comhair Bhord Bhainistíochta Choláiste Oiriall nó os comhair Choiste Ghairmoideachais Cho. Mhuineacháin.
  14. Is féidir leis an Bhord Bainistiochta moladh a chur ar aghaidh chuig Coiste Gairmoideachais Cho. Mhuineacháin duine a dhíbirt as an scoil go buan má bhíonn iompar dalta ag cur bac leanúnach le teagasc agus foghlaim nó más sárú tromchúiseach den Chód Iompair atá ann
  15. Déanfar gach eachtra a thaifeadadh go leictreonach ar Chóras Smachta na Scoile.

Má thagann dalta ar scoil gan a bheith gléasta i gceart san éide scoile:

  1. Labhróidh Múinteoir nó Oide Ranga nó Ceannasaí Bliana nó an Príomhoide leis an dalta.
  2. Mura bhfuil an t-éide scoile a chaitheamh mar is ceart ag dalta ba cheart go mbeadh nóta mínithe, sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir, sa dialann scoile
  3. Is féidir go bhfaighidh an dalta Bileog Phionóis.
  4. Caithfidh an dalta carbhat a fháil ar cíos san oifig má thagann sé ar scoil gan é.
  5. Mura mbíonn dalta gléasta i gceart san éide scoile faoi thrí, cuirfear an dalta i ngéibheann gairid agus cuirfear scéal chuig na tuismitheoirí/ caomhnóirí.
  6. I gcás dalta a sháraíonn riail an éide scoile arís agus arís eile cuirfear an dalta i ngéibheann fada.

Má sharaíonn dalta riail na Gaeilge:

  1. Gheobhaidh an dalta Bileog Phionóis agus rabhadh ó bhéal an chéad uair.
  2. Má tharlaíonn sé faoi thrí, cuirfear an dalta i ngéibheann gairid agus cuirfear scéal chuig na tuismitheoirí/caomhnóirí.
  3. I gcás dalta a sháraíonn riail labhairt na Gaeilge arís agus arís eile cuirfear an dalta i ngéibheann fada agus is féidir go gcuirfí ar fionraí é faoi dheireadh.
  4. Is féidir go gcuirfí an cás os comhair an Bhoird Bhainistíochta nó chuig Coiste Ghairmoideachais Cho. Mhuineacháin.

Córas Céimnithe

Níos mó ná 3 eachtra, 3 thuairisc nó 3 Bhileog Phionóis

Géibheann Gairid
Níos mó ná 3 Ghéibheann Gairid

Géibheann Fada
Níos mó ná 3 Ghéibheann Fada

Fionraí