Luann an tAcht Oideachais 1998 go gcaithfidh cuspóirí polasaí agus modhanna oibre a bheith ag scoil maidir le cothromaíocht iontrála isteach ins an scoil agus maidir le cothromaíocht chun freastal ar an scoil. Caithfidh seo a bheith mar chuid den Phlean Scoile. Luann an tAcht fosta gur choir do scoil a polasaí iontrála a fhoilsiú – a pholasaí maidir le daltaí a chur as an scoil agus maidir le daltaí a chur ar fionraí – san áireamh. Faoi reachtaíocht eile tá dualgas ar scoil polasaithe a chur le chéile i ngnéithe éagsúla de shaol na scoile. Cuireadh na polasaithe seo a leanas le chéile i gcomhar leis an fhoireann. Rinneadh iad a dhaigniú ag cruinniú múinteoirí, ag cruinniú Choiste Tuismitheoirí agus faoi dheireadh ag cruinniú Bhord Bainistíochta. Moltar do thuismitheoirí na polasaithe a léamh go cúramach.
