Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

Tá polasaí éide scoile i bhfeidhm i gColáiste Oiriall. Táthar ag súil leis go mbeidh scoláirí ag caitheamh an éide go cuí le linn dóibh a bheith ar scoil, ag teacht ar scoil agus ag dul abhaile ón scoil. Cuireann éide atá caite go néata go mór le híomha scoile. Seo a leanas éide scoile Choláiste Oiriall:

  • Geansaí marúin faoi mhuineál V le suaitheantas na scoile
  • Brístí dubha bootleg nó sciorta pléata tartan go meáncholpa le tosach díreach fá choinne na gcailíní – níl brístí caola ceadaithe
  • Bristí dubha díreacha polyester/viscose fá choinne na ngasúraí – níl brístí caola ceadaithe
  • Léine nó blús bánbhuí
  • Carbhat – marún mar bhundath le stríoca bánbhuí agus dubha ann gach re seach
  • Seaicéad fearthainne dubh le líneáil ann agus le suaitheantas na scoile
  • Bróga leathair dubha (nó bróga dúghorma Dubarry) agus stocaí dubha nó triús fá choinne na gcailíní – níl bróga reatha nó bróga canbháis ceadaithe.

Ranganna Corpoideachais, traenáil spóirt agus cluichí

  • Brístí chulaith reatha dúghorma shell na scoile
  • Cochall liath na scoile le stríoca marúin ar an ascaill le suaitheantas na scoile.
  • Léine polo le suaitheantas na scoile.

Tá éide scoile Choláiste Oiriall ar fáil ó George agus Mairead White sa Fabric Centre, 15 Sráid na Páirce, Muineachán (Teil. 047 82062) - cóngarach don timpeallán agus trasna an bhealaigh mhóir ó Theach a’ Phobail Naomh Iosaef.  Reáchtálann siad Club Coigiltis Éide Scoile fosta.

 

Treoirlínte

  1. Caithfidh an t-éide scoile a bheith glan, néata agus caite i gceart i rith an ama.
  2. Bíodh an cnaipe ag an mhuinéal druidte ar an léine agus ar an bhlús.
  3. Caithfidh an carbhat a bheith ceangailte i gceart agus gan é a bheith caite go scaoilte.
  4. Caithfear an sciorta go dtí an ghlúin.
  5. Níl cead seaicéid nó éadach lomrach nach mbaineann leis an éide scoile a chaitheamh.
  6. Tá caitheamh seodra teoranta go dtí dhá fháinne láimhe, fáinne amháin disréideach  sa mhaothán íochtarach i ngach cluais agus uaireadóir.
  7. Níl cead an aghaidh a pholladh ar mhaithe le sláinte agus le sabháilteacht.
  8. Tá cosc ar smidiú a chaitheamh ach tá cead snas a chur ar na hinge.
  9. Glactar leis go mbeidh dath nadúrtha gruaige ag scoláirí.
  10. Níl cead culaith Corpoideachais nó bróga reatha a chaitheamh le linn do scoláire a bheith ag teacht ar scoil nó ag dul abhaile ón scoil nó i rang eile ar mhaithe le sláinteachas. 
  11. Is éide spóirt agus bróga reatha nó bróga peile amháin a chaithtear le linn ranganna Corpoideachais, imirt cluichí agus seisiúin traenála.
  12. Tá cead brístí gairide CLCG a chaitheamh le linn ranganna Corpoideachais ach beidh brístí an chulaith reatha de dhíth go fóill.
  13. Táthar ag súil leis go mbeidh cuma shlachtmhar ar scoláirí i gcónaí agus an t-éide scoile a chaitheamh acu.
  14. Cuirfear an córas smachta i bhfeidhm má sháraítear na treoirlínte thuas.