Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Ceapadh Beartas Páirceáil Feithiclí do Scoláirí Choláiste Oiriall chun sláinte agus sábháilteacht gach duine ar thailte na scoile a chosaint. Ba chóir cloí i gcónaí le nósanna sábháilte tiomána.

  • Is pribhléid é tiomáint chuig an scoil agus abhaile do scoláirí sinsearacha amháin a bhfuil láncheadúnas tiomána acu.
  • Níl cead ag aon scoláire gluaisrothar ná móipéid, cuadrothar ná tarracóir a thiomáint chuig / a bheith acu ag Coláiste Oiriall.
  • Ní mór do scoláirí ar mian leo carr a thiomáint chun na scoile iarratas a chur i scríbhinn chuig an Phríomhoide a lorg cead an fheithicil a thabhairt ar Champas Oideachais Mhuineacháin (dá ngairtear anseo thíos an ‘campas’) agus ní féidir leo a dhéanamh ach amháin nuair a thoilítear don údarú.
  • Scoláirí a dtugtar cead dóibh tiomáint ar an champas ní féidir leo ach tiomáint chuig agus ó Choláiste Oiriall ag tús agus ag deireadh an lae scoile. Níor chóir dóibh imeacht ó láthair na scoile ina gcarr ag aon am eile, ach amháin má thugann an Príomhoide nó an Leas-Phríomhoide a chead sin dóibh.
  • D’fhéadfadh an Príomhoide a iarraidh go bhfágfadh an scoláire eochracha a chairr san oifig le linn an lae scoile.

Gach scoláire a bhíonn ag iarraidh cead a fháil tiomáint ar thailte na scoile agus na spásanna a úsáid atá sannta do pháirceáil scoláire éilíonn Coláiste Oiriall orthu cloí leis na rialacha seo a leanas:

  • Sonraí na feithicle a sholáthar i scríbhinn, déanamh, cineál/múnla, cláruimhir agus úinéir an chairr
  • Láncheadúnas tiomána bailí a thaispeáint, mar aon le fianaise ar árachas chun an carr a thiomáint, teastas Cáin Bhóthair bailí agus cóip den teastas TNG más cuí.
  • Níl cead ag scoláirí nach bhfuil ach ceadúnas sealadach acu feithicil a thabhairt ar an champas
  • Ní thabharfar cead páirceála ach amháin dóibh siúd a mbíonn ceadúnas iomlán ina seilbh
  • Is é an scoláire a bhíonn go hiomlán freagrach as aon chaillteanas nó damáiste dá c(h)arr, a threalamh nó a inneachar
  • Má bhítear ag tiomáint ar róluas, go fíorchontúirteach, le barraíocht calláin srl. ar thalamh na scoile nó gar d’aon fhoirgneamh scoile caillfidh an scoláire an phribhléid a bheith ag páirceáil ar an champas
  • Caithfidh carranna a ghlasáil ar maidin agus ní cóir dul isteach iontu ná iad a bhogadh le linn an lae gan cead oifigiúil
  • Má fhanann scoláire go mall ar scoil le haghaidh gníomhaíochtaí seach-churaclaim / teagasc iarscoile srl., caithfidh an fheithicil fanacht páirceáilte go dtí go mbeidh an scoláire ag filleadh abhaile i ndiaidh na ngníomhaíochtaí breise sin
  • Níl cead ag scoláirí aon phaisinéirí / scoláirí eile a thabhairt leo. Caillfidh scoláire ar bith a úsáideann feithicil le scoláirí eile a thabhairt ar scoil (amach óna gcuid síblíní) caillfidh siad an phribhléid a bheith ag páirceáil ar an champas
  • Níl páirceáil cairr do scoláirí ar fáil ach amháin sa charrchlós uachtair ar an champas (ar chúl Amharclann an Gharáiste)
  • Bíonn carranna scoláirí toirmiscthe le linn an lae scoile
  • Tá cosc ar scoláirí a bheith ag ithe, ag caitheamh, ag suí ina gcarr nó ag slúisteoireacht thart faoi na carranna a bhíonn páirceáilte ar an champas
  • Is pribhléid é páirceáil ar Champas Oideachais Mhuineacháin is féidir a chúlghairm de bharr deacrachtaí i dtaca le maidhtseáil scoile, poncaíocht, fadhbanna freastail nó aon sárú ar rialacha nó ar rialacháin eile na scoile.  

Is féidir de bharr na rialacháin seo a shárú go gcaillfí na pribhléidí páirceála agus go gcuirfí gníomh smachtaithe i bhfeidhm

Ar mhaithe le Sláinte & Sábháilteacht beidh an ceart ag an Phríomhoide nó ag an Leas-Phríomhoide, gan aon réamhfhógra, deireadh a chur leis an chead tiomáint isteach ar thailte na scoile.

Faofa ag an Bhord Bainistíochta ar an 26 Márta 2019

Déanfar athbhreithniú ar an pholasaí seo i 2021

TÁ AN LEATHANACH SEO AR FÁIL FOSTA I: nGAEILGE

Coláiste Oiriall Vehicle Parking Policy for Students is designed to safeguard the health and safety of all persons on the school grounds. Safe driving habits should always be observed.

  • Driving to and from school is a privilege reserved for senior cycle students only who possess a full driver’s licence.
  • No student may possess or ride a motor bicycle or moped, a quad bike or tractor to/ at Coláiste Oiriall.
  • Students wishing to drive a car to school must apply to the Principal in writing seeking permission to bring the vehicle onto the Monaghan Education Campus (hereafter referred to as the ‘campus’)and may do so only when authorisation has been granted.
  • Students who are granted permission to drive onto the campus may only drive to and from Coláiste Oiriall at the start and end of the school day. They should not leave school premises in their car at any other time, unless permission has been granted by the Principal or Deputy Principal.
  • The Principal may request the student’s car keys to be left in the office during the school day.

Coláiste Oiriall requires all students seeking permission to drive onto the school grounds and to use the assigned student parking spaces to comply with the following:

  • provide written details of the vehicle, make, model and registration number and car owner
  • present a valid full driving licence, evidence of insurance to drive the vehicle, a valid Road Tax certificate and a copy of the NCT cert if applicable
  • Students with provisional licences may not bring a vehicle onto the campus.
  • Parking permission will only be given to full licence holders
  • The student assumes all responsibility for loss or damage to his/her car, its equipment and its contents.
  • Speeding, reckless operation, making excessive noise etc. on school property or near any school building will result in a student losing the privilege of parking on the campus.
  • Cars must be locked in the morning and must not be entered or moved during the day without official permission.
  • If a student remains late in school for extracurricular activities / after school tuition etc, the vehicle must remain parked until the student is returning home after these extra activities.
  • Students are not permitted to carry other passengers/ students. Any student who uses a vehicle to transport other students (other than siblings) will lose the privilege of parking on the campus.
  • Student car parking is available only in the top carpark on the campus (behind the Garage Theatre).
  • Students’ cars are off limits during the school day.
  • Students are prohibited from eating, smoking, sitting in or loitering around the cars parked on the campus.
  • Parking on the Monaghan Education Campus is a privilege that may be revoked based on issues around school truancy, punctuality, attendance problems or violation of other school rules and regulations.

    Violation of these regulations may cause loss of parking privileges and possible disciplinary action.

    In the interests of Health & Safety the Principal or Deputy Principal shall have the right to withdraw permission to drive onto school grounds without prior notice.

    This policy was adopted by the Coláiste Oiriall Board of Management on 26th March 2019

    This policy will be reviewed in 2021

During the rebuilding of this website we came across some old photographs

This is where you Log in

Tháinig an tuairisc maidir le sábháilteacht tine ar ais agus bhí moltaí ann ach cuid mhaith acu taobh amuigh de scóip na scoile. Chuir muid an 12 cheann a raibh freagrach orainn astu ina gceart, mar shampla pictiúir crochta ar an staighre, cláracha fógraí róchongarach dá chéile.

Tugadh tuairisc airgeadais scríofa don Bhord agus míníodh sonraí na tuairisce sin don na baill.

Chuir an Príomhoide síos ar na nithe seo a leanas: cruinnithe tuismitheoirí, uirlís léarscáiliú sonraí curtha le chéile le freastal ar GDPR, muid páirteach sa chlár “Inclusion through sport Youth Initiative” a reachtáil faoi scéim Healthy Ireland, aitheantas ag Dearbhla Ní Ghallchóir mar ardghnóthachtalaí sa Mhata agus san Eolaíocht i Scrúdú an Teastais Shóisearaigh, gradaim faighte ag iarscoláirí i UCD agus Colásite na Trionóide, iarscoláire ag fáil scoláireacht JP McManus, beidh Maguire Media ag déanamh físeáin sa scoil an tseachtain seo chugainn agus bíonn David McCague ó Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Mhuineacháin istigh sa scoil gach Deardaoin idir 8.50 agus 1.10 chun éisteacht agus caint le daltaí a bhfuil brú nó imní orthu nó fadhbanna pearsanta acu.

Scaip an Príomhoide an Tuairisc um Fhormhuiniú ar Chosaint Leanaí agus rinne an bord bainistíochta scrúdú ar na taifid ábhartha agus tháinig siad ar chonclúidí a dhearbhaíonn gur chloígh an scoil le nósanna imeachta cosaint leanaí.

Cheannaigh an scoil trí ríomhaire, trí Surface Pro agus trí osteileagóir digiteach le deontas na Roinne Oideachais, tá muid ag tabhairt ar thuismitheoirí an áip Komeer a íoslodáil. Cuirfear fógraí agus teachtaireachtaí chuig tuismitheoirí ar Komeer as seo amach, cuireadh tuismitheoirí ceithre bhliainghrúpa ar an eolas fán dóigh leis na torthaí a íoslódáil óVSware agus a chlóbhuaileadh amach, d’athraigh muid córas scáileáin digiteacha – mar a d’iarr Comhairle na Mac Léinn chun cumarsáide níos fearr a bheith ag an scoil leo, ag cóiriú suas an suíomh idirlin faoi láthair le téama níos nua aimseartha agus ag oscailt cuntas Twitter

Tá turas thar sáile go Barcelona na Spáinne socraithe go sealadach againn don 9 – 12 Deireadh Fómhair.

Daingníodh na polasaithe seo a leanas de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin: Credit Card Policy, Acceptable Use Policy agus Substance Misuse Policy

Beidh cnuaslá a bhaineann leis an tSraith Shóisearach nua ar siúl trí Ghaeilge do mhúinteoirí Choláiste Oiriall ag ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath ar 4 Nollaig agus beidh lá uile scoile a bhaineann leis an tSraith Shóisearach ar siúl anseo sa scoil ar 5 Feabhra 2019. Beidh an scoil druidte don dá lá sin.

Tá an scoil ag athrú chóras ghradaim na hIdirbhliana agus in áit a bheith ag tabhairt duaiseanna amach don dalta is fearr i ngach ábhar, tabharfar duaiseanna amach do scileanna, ag teacht leis an bhéim atá ar na príomhscileanna sa tSraith Shóisearach.

Ar iarratas na múinteoirí beidh cruinniú tuismitheoirí na 5ú bliana againn i ndiaidh na Samhna in áit ag deireadh mhí Eanáir ag déanamh go mbeidh sé níos buntáistiúla do dhul chun cinn acadúil na scoláirí.

Ar iarratas ó Chomhairle na Mac Léinn tá na scáileáin digiteacha athraithe, mar chuid den chlár ‘Inclusion through Sport Youth Initiative’, tá ochtar scoláire ón Idirbhliain páirteach i gclár piaroiliúna i gcomhphairt le hochtar scoláire ó Choláiste Ard Fea agus ceapadh seisear oifigeach chun Bhanc na Scoile faoi choimirce AIB a leanstan agus páirt a ghlacadh sa chlár Build a Bank Challenge:

Níor tuairiscíodh aon chásanna don Phríomhoide nó don Phríomhoide Tánaisteach ar an teimpléad taifeadta bulaíochta ó tugadh an tuairisc deireanach don Bhord.

Scaipeadh cóip de lámhleabhar na mball, “Bíodh cur amach agaibh ar bhur scoil”.

Tugadh cóip den chomhfhreagras do gach ball.

Fuair an scoil litir ón Roinn Oideachais luath sa tsamhradh ag rá go ndéanfaí measúnú ar shábháilteacht tine sa scoil. Tá an Roinn ag glacadh le sampla de scoileanna a tógadh le fiche bliain anuas agus tá muidne ina measc. Ba innealtóir é ó chomhlacht FLN in Albain ag obair ar son na Roinne Oideachais a chaith sé dhá lá go leith ag dul fríd an scoil agus an Halla Spóirt.

Cuireadh an ráiteas Sábháilteachta agus Sláinte faoi bhráid an Bhoird. De réir an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 tá sé mar pholasaí ag Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin agus Coláiste Oiriall sláinte agus sábháilteacht na foirne agus na scoláirí uilig a chinntiú chomh fada agus atá praiticiúil.

Tugadh tuairisc airgeadais scríofa don Bhord agus míníodh sonraí na tuairisce sin do na baill.

Chuir an Príomhoide síos ar na nithe seo a leanas: Cruinniú Eolais do thuismitheoirí scoláirí nua na chéad bhliana, cruinniú Eolais do thuismitheoirí scoláirí séú bliana i gceann coicíse maidir le hiontráil tríú leibhéal agus na córais CAO agus UCAS, Mac Léinn na Bliana, ceardlanna Scileanna Staidéir, aifreann thús na bliana, Fiosrúchán Tíreolaíochta, Trialacha Éirime do lucht na hIdirbhliana, an Halla Spóirt ar cíos, ‘Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile’ (TGMI), ceardlanna scríbhneoireachta agus ranganna Gaeilge an tSathairn.

Scaip an Príomhoide an Tuairisc um Fhormhuiniú ar Chosaint Leanaí agus rinne an bord bainistíochta scrúdú ar na taifid ábhartha agus tháinig siad ar chonclúidí a dhearbhaíonn gur chloígh an scoil le nósanna imeachta cosaint leanaí.

Chuir Miriam Nugent, an teicneolaí digiteach sa CMETB, oiliúnt maidir le OneNote-Teams ar an fhoireann. Tá miontuairiscí cruinnithe Cúraim, Pleananna Ábhar agus torthaí tástálacha CATS/WRATS agus DATS in airde ar OneNote. Tá deontas de €10,000 le caitheamh ag an scoil ar threalamh ríomhaireachta.

Daingníodh na polasaithe seo a leanas de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin: Data Protection Policy, Fraud Policy, CCTV Policy, Data Breach Policy, Disposal of Fixed Assets Policy.

Ritheadh rún ag údarú an Phríomhoide na táillí éagsúla a bhailiú ó thuismitheoirí na scoláirí.

Pléadh torthaí na scrúduithe stáit sa scoil agus rinneadh roinnt anailís orthu i gcomparáid leis na torthaí náisiúnta. Rinneadh comhghairdeas le múinteoirí agus le scoláirí.

Tá ceathrar múinteoir nua ag plé leis an chlár meantóireachta Droichead agus triúr múinteoir oilte ina bhun.

Cuireadh an Plean Feabhsúcháin Scoile faoi bhráid an chruinnithe agus daingníodh é. Tá sé ag plé le folláine agus leis an tSraith Shóisearach.

Cuireadh an próiseas maidir le ceapadh Phríomhoidí Cúnta 1 agus 2 i gcrích go sásúil de réir Ciorclán 03/18  Leagadh róil agus freagrachtaí gach sealbhóra phoist amach sa Ráiteas Ról agus Freagrachtaí.

D’éascaigh an Príomhoide agus an Príomhoide Tánaisteach ceardlann trí huair a chloig do na múinteoirí atá ag teagaisc OSPS mar ghearrchúrsa sa scoil. Rinne siad seo mar chuid den Phlean Feabhsúcháin Scoile chun Folláine agus an tSraith Shóisearach nua a chur chun cinn.

Rinneadh forbairt ar na hacmhainní a úsáideann an scoil agus na cinnirí a n-oiliúnt againn agus rinneadh forbairt ar chóras na gCuiditheoirí Idirbhliana chun deiseanna luatha a thabhairt do chomrádaithe na hIdirbhliana buaileadh le scoláirí na chéad bhliana.

Rinne an Bord t-athbhreithniú bliantúil ar pholasaí na scoile maidir le frithbhulaíochta agus rinneadh é de réir an liosta seiceála a leagtar amach in Aguisín 4, Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile (2013) na Roinne Oideachais.

Foghlaim Ghníomhach agus Measúnú 2017-18

Dáta Eisiúna: Bealtaine 2017

Dáta Athbhreithithe: Bealtaine 2020

Plean Feabhsúcháin 2017-18: Folláin, Foghlaim Ghníomhach agus Measúnú

Folláin

Achoimre ar Láidreachtaí ón tuairisc FMS 2016-17

·       Mothaíonn formhór na ndaltaí (95%) agus gach múinteoir gur timpeallacht sábhailte í an scoil agus go bhfuil gaol maith idir daltaí agus múinteoirí (81%). Mothaíonn siad (91%) mar pháirt de chomhphobal na scoile.

·       Aithníonn 95% dalta go bhfaigheann siad deis páirt a ghlacadh in imeachtaí scoile. Tá clár leathan imeachtaí seachchuracular i gColáiste Oiriall.

·       Bíonn seachtain fheasachta cairdis ar siúl sa scoil ag a phléitear bulaíocht agus muintearas.

·       Tá comhairleoir cáilithe ag obair sa scoil agus síceolaí a thagann chun na scoile go seachtainiúil le haghaidh daltaí.

·       Pléitear folláin sna ranganna OS agus mar pháirt de ranganna eile. Bíonn ceardlann scileanna staidéir ar siúl gach bliain a threoraíonn daltaí conas déaláil le brú ón staidéar.

·       Tá Cinnirí agus Comhairle na nDaltaí gníomhach sa scoil.

·       D’fhreasatail na Cinn Bhliana ar 3 oíche inseirbhíse a chuir an BOOCM ar fáil a bhain le folláin agus ról an Chinn Bliana.

·       Tá oiliúint ASSIST curtha ar 6 múinteoir .

·       Bíonn tréimhse imeachtaí breise (spóirt, cluichí srl.) ar siúl gach seachtain.

Achoimre ar na Feabhsúcháin a bheidh le déanamh agus na spriocanna a bhainfear amach

·       Ba mhaith le 100% de na daltaí a d’fhreagair an ceistneoir níos mó deiseanna a chur ar fáil le cuidiú leo plé lena sláinte intinne agus ní cheapann ach 31% múinteoir go gcuirtear go leor cláracha ar fáil do dhaltaí faoi sláinte intinne. Mar sin, bunófar grúpa múinteoirí a chuirfidh clár le chéile a fhreastalaíonn ar an riachtanais seo.

·       Ardóidh muid líon na ndaltaí a bhíonn spás acu sa lá machnamh a dhéanamh ar caidé mar a mhothaíonn siad agus mar a bhí a lá ó 38.5% go dtí 70%.

·       Ardóidh muid líon na ndaltaí a mbíonn deis acu aithne níos fearr a chur ar dhaltaí eile sa bhliain ó 74% go dtí 85%.

·       Deir 92.4% múinteoir nach gcuireann an scoil deiseanna ar fáil le cuidiú le folláin an mhúiteora a fhorbairt. Mar sin, cuirfear tús le pleanáil chun deiseanna a chur ar fáil do gach múinteoir.

·       Ba mhaith linn líon na múinteoirí a mhothaíonn ullmhaithe le plé le dalta a théann chucu le fadhbanna sláinte intinne a ardú ó 23.1% go dtí 85%.

Na Gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na spriocanna seo a bhaint amach

·       Beidh múinteoirí áirithe ceaptha mar ‘Tréadchúramaí’ a bheidh ag plé le tréadchúram na ndaltaí.

·       Bunófar grúpa múinteoirí a fhorbróidh clár a fhreastalaíonn ar sláinte intinne agus folláine.

·       Fiosrófar (tríd cheistiúchán/agallaimh) an bhfuil aon ghrúpa daltaí ar leith a bhfuil tacaíocht mothúcháin uathu agus má tá dírófar ar an ghrúpa nó na grúpaí seo.

·       Socrófar deiseanna le folláin an mhúinteora a phlé agus a fhorbairt.

·       Socrófar oiliúint do mhúinteoirí conas plé le folláin agus sláinte intinne.

·       Socrófar tuilleadh deiseanna do dhaltaí aithne níos fearr a chur ar a chéile (m.sh. ceardlann neartú foirne, turas, foghlaim chomhoibríoch sna ranganna srl)

·       Cuirfear córas cúntóirí i bhfeidhm do dhaltaí a bheidh a díriú ar chuidiú san obair, córas dlúthphairtíochta, sport srl.

Cé atá i gceannas ar na spriocanna a bhaint amach?

·       Coiste Cúraim agus Folláine

·       Múinteoirí Folláine, Tréadchúramaí agus Cinn Bliana

Crítéir Ratha / Conas a dhéantar measúnú gur baineadh amach na spriocanna

·       Cuirfear ceistneoir faoi fholláin agus sláinte intinne ar ghrúpa/ grúpaí daltaí ag tús na bliana agus ag deireadh na bliana le feiceáil an bhfuil an cláir folláine oiriúnach. (2017/18)

·       Cuirfear ceistneoir ar scoláirí agus múinteoiri tar éis 2 bhliain de shaol na bhfeabhsúchán seo (Samhradh 2019)

Dáta Athbhreithniú

Bealtaine 2020

Foghlaim Ghníomhach agus Measúnú

Achoimre ar Láidreachtaí ón tuairisc FMS 2016-17

·       Rinne na múinteoirí sa scoil 2 lá iomlán traenáil inseirbhíse ar fhoghlaim ghníomhach agus na modhanna teagaisc a thacaíonn leis an sraith sóisear nua.

·       Rinne 2 mhúinteoir sa scoil traenáil inseirbhíse ar cheannaireacht theagascach thar 2 bhliain.

·       Tá múinteoirí eolach faoi mheasúnú foirmitheach (measúnú chun foghlaim) agus suimitheach (measúnú ar an fhoghlaim) agus cuireann siad i bhfeidhm sna ranganna iad.

·       Déantar measúnú CAT4 sa 1ú bhliain agus sa 4ú bliain, déantar measúnú DAT sa 4ú bliain agus measúnú Drumcondra don Ghaeilge sa 2ú bliain.

·       Bíonn scrúduithe tí (measúnú suimitheach) ar siúl 2 uair sa bhliain.

Achoimre ar na Feabhsúcháin a bheidh le déanamh agus na Spriocanna a bhainfear amach

·       Deir 83% múinteoir go bhfuil traenáil de dhíth orthu le plé le daltaí le sainriachtanais foghlama. Ba mhaith linn é seo a ísliú go dtí 20% (nó múinteoirí nua amháin)

·       Ardófar líon na muinteoirí a úsáideann an t-eolas ó mheasúnú CAT/DAT/Drumcondra le cuidiú leo le difreálú, measúnú a dhéanamh agus aiseolas a thabhairt don dalta go dtí 100%.

·       Ardófar líon na múinteoirí a roinneann na hintinní foghlama i gcónaí nó go minic ó 79% go dtí 100%

·       Ardófar líon na múinteoirí a dhéanann comharfhoghlaim (co-operative learning) go seachtainiúil leis na ranganna sóisearacha (ranganna sraith sóisearaigh go háirithe) ó 35.7% go dtí 90% agus spreagfar níos mó múinteoirí le bheith ag baint úsáid as uirlisí measúnaithe foirmitheacha éagsúla go seachtainiúil ar nós crítéir ratha, féinmheasúnú, piarmheasúnú, aiseolas dírithe ar fheabhsúcháin.

Na Gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na spriocanna seo a bhaint amach

·       Cuirfear oiliúint ar mhúinteoirí maidir le daltaí le sainriactanais oideachais

·       Cuirfear tuilleadh oiliúint ar mhúinteoirí faoi mheasúnú foirmitheach agus comharfhoghlaim

·       Beidh deis ag múinteoirí a gcuid shaineolais faoi mhodhanna teagaisc agus measúnú foirmitheach a roinnt ag cruinnithe foirne cosúil le seisiúin ‘teach-meet’

·       Beidh stráitéisí measúnaithe, foghlaim agus teagaisc pléite níos minice i measc na foirne agus dea-chleachtas roinnte.

Cé atá i gceannas ar na spriocanna a bhaint amach?

·       Gach múinteoir ranga

·       Co-ordaitheoir Riachtanais Speisialta Oideachais

Crítéir Ratha / Conas a dhéantar measúnú gur baineadh amach na spriocanna

·       Ceistneoir a chur ar mhúinteoirí agus scoláirí (ag deireadh na bliana)

Dáta Athbhreithniú

Bealtaine 2020

Foghlaim Ghníomhach agus Measúnú 2018-19

Dáta Eisiúna: Bealtaine 2018

Dáta Athbhreithithe: Bealtaine 2021

Plean Feabhsúcháin 2018-19: Folláin, An tSraith Shóisearach

Folláin

Achoimre ar chonclúidí ón tuairisc FMS 2018-2019

·      Aithníonn scolairí go bhfuil an scoil ag freastal níos fearr ar fholláin na ndaltaí na mar a mheasann múinteoirí ná tuistí. Léiríonn sé seo go bhfuil bearnaí in san dóigh a bhfuil an scoil ag freastal ar fholláin, nó in san tuiscint atá ar fhollain nó sa chumarsáid leis na pairtnéirí uile.

·      Mheas gach grúpa go mbeadh sé úsáideach dóibh dá mba rud é go raibh ceardlanna éagsúla ann a d’fhreastalódh  ar mhórcheisteanna folláine

·      Luaigh tuismitheoirí go mbeadh suim acu in oíche faoi chumarsáid dearfach le déagóirí (52.7%), agus nó Athléimneacht a thógáil in Daoine Óga (38.7%).

Spriocanna ag éirí as an tuairisc FMS 2018-2019

·       Líon na múinteoirí, scolairí agus tuistí atá sásta leis an dóigh a fhreastalaíonn an scoil ar riachtanais folláine na scolairí a ardú go dtí 80% trasna an bhord.

·       Sraith ceardlanna a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar mórcheisteanna folláine i saol an déagóra

·       Oíche a eagrú do thuismitheoirí chun freastal orthu sa dóigh is gur féidir leo tabhairt faoi / cur le folláin a bpáistí féin sa bhaile

Gníomhaíochtaí le déanamh chun na spriocanna a bhaint amach

Gníomh

Cé atá i gceannas ar an sprioc a bhaint amach?

·      Chun freastal go sásúil ar an fholláin, tá sé molta go mbeidh OSPS agus Corpoideachas ar fáil mar gearrchúrsaí do dhaltaí ag toiseacht sa chéad bhliain ar an bhliain seo chugainn.

·      Bheadh oíche a freastalaíonn ar Fholláin, Athléimneacht agus Cumarsáid le Déagóirí an fiúntach do na tuismitheoirí, luath sa bhliain seo chugainn, b’fhéidir ag an am céanna is a bhíonn an AGM ag coiste na dtuismitheoirí.

·      Forbrófar ceardlanna ar na topaicí a leanas: Féinmheas, Toill, Gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne, agus an fhadhb le pornagrafaíocht. Socrófar na bliainghúpaí atá ag tabhairt faoi gach ceann nuair atá siad réidh.

Aoife Uí Leannáin, Príomhoide, Príomhoide Tánaisteach,  múinteoirí OSPS agus Corpoideachas

Príomhoide

Aoife Uí Leannáin

Critéir ratha

Ceistneoir a chur ar mhúinteoirí, scolairí agus tuismitheoirí arís i gceann bliana

Dáta athbhreithniú

Bealtaine 2021

An tSraith Shóisearach Nua

Achoimre ar chonclúidí ón tuairisc FMS 2018-2019

·       Tá easnamh ann sa tuiscint den sraith shóisearach nua (SSN) i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí

·       Tá ról folláine ina bhearna féin, rud atá lárnach sa SSN

·       Tá éagsúlacht mhaith le feiceáil sna modheolaíochtaí teagaisc a úsáideann múinteoirí an SSN

·       Tá easpa tuisceana ann maidir leis na measúnaithe rang-bhunaithe (MRB) i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí

·       Tá roinnt múinteoirí atá míchompordach le codanna éagsúla den SSN

Spriocanna ag éirí as an tuairisc FMS 2017-2018

·       Leibhéal compord na múinteoirí leis na MRB, teanga sa sonraíocht agus measúnú sa SSN a ardú go dtí 25%

·       Líon na dtuismitheoirí a bhfuil tuiscint iomlán acu ar an SSN a ardú go dtí 25%

·       Leibhéal feasachta de ghnéithe na dtascairí foghlama a mhéadú 25%

Gníomhaíochtaí le déanamh chun na spriocanna a bhaint amach

Gníomh

Cé atá i gceannas ar an sprioc a bhaint amach?

·       Leabhrán eolais a chur le chéile/a uasdhátú do thuismitheoirí a mhíníonn na riachtanais chúrsa ar fad dóibh agus aird faoi leith tarraingthe chuig na MRB

·       Timpeallacht shaibhir sa teanga a bhaineann leis na tascairí foghlama a chruthú sa scoil, agus go speisialta sna seomraí ranga, msh póstaeir a chur le chéile, leathanach le greammú isteach sa chóipleabhar, srl

·       Oíche eolais a chur le chéile do thuismitheoirí na 2ú bliana maidir le riachtanais na MRB a bhéas le déanamh i rith na 2ú agus na 3ú bliana

·       Oiliúint bhreise a chur ar fáil do mhúinteoirí de réir mar atá sé ar fáil agus cuí, i bhfoirm cruinnithe le múinteoirí ábhair ó scoileanna eile

Brendan/Annette (le chuidiú ó na múinteoirí

Na múinteoirí ar fad

Príomhoide

Príomhoide agus na múinteoirí ar fad

Critéir ratha

Ceistneoir a chur ar mhúinteoirí, scolairí agus tuismitheoirí arís I gceann bliana

Dáta athbhreithniú

Bealtaine 2021

Amy ag rith i gCraobhacha Uladh an mhí seo chuaigh thart agus í ar a bealach chun craobh na hÉireann a bhaint

Amy ag rith i gCraobhacha Uladh an mhí seo chuaigh thart agus í ar a bealach chun craobh na hÉireann a bhaint

Amy Ní Amaill is All-Ireland champion – again! Is seaimpín uile-Éireann í Amy Ní Amaill. Bhuaigh sí rása sinsearach cailíní 800m in am 2.14.67 ag Craobhacha Raoin agus Faiche na Scoileanna sa Tulach Mór. Amy won the Senior Girls 800 metres in 2.14.67 in the All-Ireland Schools’ Track and Field Championships in Tullamore on Saturday. She bided her time until she came around the last corner and her strong kick finish in the home straight resulted in her being the decisive winner. Laura Whitelaw, Loreto, Mullingar was second and Aoife Delargy, Ursuline, Thurles was third. Comhghairdeas ó chroí chuig Amy.

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Clár Ábhar
1.    Scóip, Ceangal le misean, fís agus aidhmeanna na scoile, Réasúnaíocht, Spriocanna / Cuspóirí.
2.    Róil agus Freagrachtaí, Tuismitheoirí/Caomhnóirí, Múinteoirí, Baill eile Foirne, Bord Bainistíochta.
3.    RIALACHA SCOILE, Bímid ag súil leis, RIALACHA SCOILE MÍNITHE, go dtagann tú ar scoil gach lá agus in am.
4.    Go dtagann tú ar scoil i do chulaith scoile, glan agus slachtmhar, go mbíonn meas agat ar dhaoine agus ar mhaoin agus go dtuairisceoidh tú aon dochar taismeach a dhéanann tú nó a fheiceann tú.  
5.    Go ndéanann tú do dhícheall sa seomra ranga agus le do chuid obair baile.
6.    Go dtig tú ar scoil ullmhaithe mar is ceart don lá scoile, go n-iompraíonn tú tú féin mar is ceart ar fud na scoile.
7.    Bearta coisctheacha
8.    Scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, Luaíochtaí, Luaíochtaí do Scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais, Straitéisí agus Smachtbhannaí
9.    Atreorú
10.    Nósanna imeachta a bhaineann le sáruithe leanúnacha den Chód Iompair
11.    Córas Céimnithe do mhionchionta
12.    Cur i bhfeidhm
13.    Fionraíocht agus Díbirt

Scóip
Baineann an comhad seo le daltaí Choláiste Oiriall agus baineann sé don scolaíocht uilig le linn agus lasmuigh d’uaireanta scoile araon.  Cuireadh an polasaí seo le chéile i gcomhar leis na páirtithe scoile uilig, lena n-áirítear an Bord Bainistíochta, foireann, tuismitheoirí agus daltaí.  Cuireadh an polasaí seo le chéile de réir treoirlínte an Bhoird Leasa Náisiúnta
Oideachais.

Ceangal le misean, fís agus aidhmeanna na scoile
Forbraíodh an beartas seo de réir mhisean ár scoile a bhfuil aire don dalta ina chroí lár.  Féachann an scoil le timpeallacht shlán shábháilte foghlama a chur ar fáil chun ár ndaltaí a fhobairt. Tá Cód Iompraíochta na scoile bunaithe ar mheas ort féin, ar dhaoine eile agus ar an timpeallacht s’againn, ionas go mbíonn atmaisféar dearfach agus comhoibritheach scoile ann.  

Réasúnaíocht
Is iomaí duine a oibríonn le chéile sa scoil againn gach lá agus mar sin de tá gá le hardleibhéal cúirtéise agus meas ar dhaoine eile.  Ní féidir glacadh le hiompar atá dímhúinte, bearránach, contúirteach nó a chuireann isteach ar dhaoine.  Tá ár gCód bunaithe ar an dalta a aithint mar dhuine aonair agus go fóill cruthaítear atmaisféar ina gcosnaítear leas an uile dhuine.

Spriocanna / Cuspóirí
Is iad aidhmeanna an Chóid Iompraíochta againn:
•    Aeráid a chruthú a spreagann agus a chuireann le dea-iompar
•    Timpeallacht dhearfach agus shábháilte a chruthú le haghaidh foghlama agus teagaisc
•    Caidrimh dhearfacha cóimheasa agus comhthacaíochta a thógáil i measc daltaí, baill
foirne agus tuismitheoirí
•    Daltaí a spreagadh le freagracht phearsanta a ghlacadh as a bhfoghlaim féin agus as a n-iompar
•    Chun folláine a chur chun cinn sa dóigh go mbeidh ár gcuid scoláirí ag mothú muiníneach, sona, sláintiúil agus i dteagmháil le daoine agus leis an saol agus chun cur le folláine agus teacht aniar fisiciúil, meabhrach, mothúchánach agus sóisialta ná scoláirí.
•    Nósanna éifeachtacha imeachta bheith in áit a éascóidh reáchtáil na scoile ó lá go lá agus a thig le héilimh na reachtaíochta reatha
•    Cuidiú le daltaí forbairt ina saoránaigh fhreagracha agus bhainteacha
•    Ionchur cuí pearsanra uilig na scoile a chur san áireamh
•    A chinntiú go dtuigeann na tuismitheoirí, na daltaí an fhoireann agus an bhainistíocht an Cód Iompraíochta agus na fáthanna atá leis
•    Na straitéisí agus na bealaí a leagan amach a úsáidfear chun drochiompar a chosc agus chun iompar dearfach a aithint
•    Struchtúr smachtbhannaí cothroma, seasmhacha agus aontaithe a leagan amach a úsáidfear mar fhreagra ar iompar diúltach
•    An idirghabháil a leagan amach a úsáidfear  nuair a bhíonn mí-iompar leanúnach ag dalta

Róil agus Freagrachtaí
Cruthaíonn gach duine sa scoil aeráid agus atmaisféar na scoile.  Aithníonn an scoil againn ionchur gach baill de phobal na scoile.  Tá freagracht ar gach ball dea-iompar a chur chun cinn agus tá ról acu bheith ag cur le caidrimh dhearfacha measa agus muiníne. Tá an scoil ag súil leis go ndéanfaidh daltaí a ndícheall i gcónaí tacú le cód iompraíochta na scoile.

Tuismitheoirí/Caomhnóirí
Aithníonn an scoil ról tuismitheoirí/caomhnóirí i bhforbairt agus i bhfeidhmiú an Chóid Iompraíochta agus táthar ag súil leis go seasfaidh siad leis an chód agus go spreagfaidh siad a gcuid mac/iníonacha le cloí leis.

Múinteoirí
Is mór an tionchar a imríonn cáilíocht an chaidrimh idir mhúinteoirí agus daltaí ar iompraíocht sa scoil.  Cothaíonn an cód caidrimh iontaoibh idir mhúinteoirí agus daltaí. Aithníonn an scoil ról múinteoirí i bhforbairt agus i bhfeidhmiú an Chóid Iompraíochta.  Aithníonn an scoil gurb é réimse an teagaisc agus na foghlama príomhfhócas an mhúinteora, ach go mbíonn ról fíorthábhachtach acu i dtaca le bainistíocht iompair.  Is croí-eilimint de chuid na scoile an ról lárnach sin.  

Tá múinteoirí ainmnithe do gach rang agus do gach bliainghrúpa a bhfuil freagrachtaí ar leith acu maidir le feidhmiú an chóid: Bíonn ról ar leith ag Múinteoirí Ábhair, Oidí, Ceanna bliana, Comhairleoir Treorach, Múinteoirí Tacaíochta Foghlama, áisíneachtaí eile, Príomhoide Tánaisteach agus Príomhoide go léir i dtaca le cosaint an chóid.

Baill eile Foirne
Aithníonn an scoil ionchur na foirne coimhdí i reáchtáil na scoile ó lá go lá.  Tá páirt acusan le himirt chomh maith i bhfeidhmiú rathúil ár gCóid Iompraíochta.  Tá freagracht orthu go háirithe teagmhais mhí-iompair agus samplaí dea-iompair a fheiceann siad a thuairisciú.

Bord Bainistíochta
Forbraítear gach polasaí le húdarás an Bhoird Bhainistíochta agus caithfidh a bhaill a cheadú sula n-éiríonn sé ina pholasaí oifigiúil scoile.  Cé nach mbíonn baint ag baill an bhoird le nósanna imeachta laethúla, is iad an grúpa iad ar féidir le tuismitheoirí agus daltaí os cionn 18 dul chucu i gcásanna fionraíochta nó díbeartha.

Bíonn freagracht ar na daoine fásta sa scoil samhail a thabhairt de chaighdeáin iompraíochta na scoile, ina dteagmháil le idir dhaltaí agus lena chéile, ós foinse chumhachtach foghlama do dhaltaí é a sampla siúd.  

Bítear ag súil leis fosta go mbeidh Tuismitheoirí/Caomhnóirí ina ndeá-shampla ar na caighdeáin atáthar ag iarraidh ar dhaltaí a chleachtadh. Tugann na bealaí ina mbíonn tuismitheoirí agus múinteoirí ag idirghabháil le chéile deis do dhaltaí dea-chaidrimh oibre a fheiceáil.  

RIALACHA SCOILE
Bíonn Rialacha Scoile i bhfeidhm nuair a bhíonn tú ag caitheamh culaith scoile, i d’ionadaí scoile nó i mbun aon ghníomhaíocht scoile. Cuireann rialacha scoile síos i dtéarmaí simplí ar an dóigh le tú féin a iompar chun foghlaim go maith agus chun forbairt i do dhuine fásta freagrach aibí.  Ní hé gur chum múinteoirí rialacha le cur isteach ar dhaltaí ná lena saol a dhéanamh deacair.  Má tá beagán gnáthchéille agat tchífidh tú go bhfuil siad ann le cosaint a dhéanamh ar an cheart atá ag daltaí chun foghlama agus ar an cheart atá ag múinteoirí chun teagaisc i dtimpeallacht atá sábháilte measúil agus comhbhách..  Mar sin de

Táimid ag súil leis:

1. Go dtiocfaidh tú ar scoil gach lá agus go mbeidh tú ann in am
2. Go dtiocfaidh tú ar scoil i do chulaith scoile, glan agus slachtmhar
3. Go mbíonn meas agat ar dhaoine agus ar mhaoin
4. Go ndéanfaidh tú do dhícheall sa seomra rang agus le do chuid obair baile
5. Go dtig tú isteach ullmhaithe mar is ceart do do chuid ábhar
6. Go n-iompróidh tú tú féin mar is cuí thart faoin scoil

1).    Go dtagann tú ar scoil gach lá agus in am.
 
Ciallaíonn sin:
•    Go mbíonn tú i bhfoirgneamh na scoile ar 8:55 am go laethúil.
•    Go dtagann tú ar scoil gach aon lá ach amháin murar féidir leat ar chor ar bith.  Amharctar ar mhaidhtseáil (nó dul i bhfolach ón scoil) mar shárú tromchúiseach rialacha.
•    Go dtugann tú nóta i do dhialann ó do thuismitheoir/caomhnóir má chailleann tú lá scoile ar an lá a thagann tú ar ais agus go dtugann tú é do d’Oide Ranga
•    Go dtugann tú nóta ó do thuismitheoir/chaomhnóir sa chás go mbíonn tú mall agus go síníonn tú nóta san oifig.
•    Go mbaileoidh tuismitheoir/caomhnóir tú ar scoil má bhíonn tú tinn i rith an lae agus go gcaithfidh tú imeacht.
•    Go gcaithfidh tú nóta sa Dialann ó do thuismitheoir a thaispeáint don rúnaí nó do mhúinteoir le stampáil más rud é go gcaithfidh tú imeacht i rith an lae agus ansin síniú amach ag an oifig fosta.
•    Go dtéann tú ar aghaidh chuig gach seomra ranga gan mhoill le bheith in am don cheacht.
•    Nach dtéann tú chuig an leithreas/taisceadán idir nó le linn ranganna gan cead a fháil ón mhúinteoir roimh ré.
•    Go n-iompraíonn tú tú féin go maith ar an bhealach chuig agus ón scoil.

mar:
•    Is deacair am a chailltear a thabhairt isteach arís.
•    Ní mór go mbeadh a fhios ag an scoil cén fáth a mbeifeá as láthair.
•    Bíonn daoine ag súil le míniúchán cúirtéiseach má bhíonn tú mall.
•    Ma thig tú mall chuig rang tá tú ag cur amú do chuid ama féin, am an mhúinteora agus am an ranga.
•    Má théann tú chuig an leithreas/taisceadán idir nó le linn ranganna is cur isteach ar an rang é.
•    Tá údarás agus freagracht ag an scoil ort ar do bhealach go dtí agus abhaile ón scoil.

2)    Go dtagann tú ar scoil i do chulaith scoile, glan agus slachtmhar.

Ciallaíonn sin
•    Caitheann tú an chulaith scoile ar scoil an t-am ar fad ach amháin nuair a chuireann an scoil a mhalairt in iúl duit.
•    Bíodh an cnaipe ag an mhuinéal druidte ar an léine nó ar an bhlús agus bíodh an carbhat ceangailte i gceart agat
•    Ní mór do dhaltaí an feisteas sonraithe spóirt a thabhairt leo ar scoil agus é a chaitheamh chun páirt a ghlacadh i ranganna corpoideachais, ag traenáil spóirt agus i gcomórtais spóirt.
•    Ba chóir go mbeadh cóiriú gruaige néata slachtmhar agus nádúrtha ag na daltaí ar fad. Glactar leis go mbeidh dath nadúrtha gruaige ag daltaí.
•    Ba chóir hataí agus scaifeanna a choinneáil i do mhála scoile i rith an lae.  Ní cheadaítear cótaí ná casóga sa seomra ranga agus ba chóir iad seo a fhágáil sa taiceadán.
•    Tá cosc ar chaitheamh tobac aon uair a bhíonn tú ag caitheamh na culaithe scoile nó a bhíonn tú páirteach in aon imeacht de chuid na scoile.
•    Ní cheadaítear polladh aghaidhe ar bith
•    Tá caitheamh seodra teoranta go dtí dhá fháinne láimhe, fáinne stoda amháin disréideach in íochtar gach cluaise agus uaireadóir. Bíonn cead ag daltaí fáinní stoda amháin a chaitheamh.
•    Ní cheadaítear smideadh.

mar:
•    Ba chóir do dhaltaí a gculaith a chaitheamh go bródúil, bheith cóirithe mar is ceart le haghaidh gníomhaíochtaí scoile agus bheith mar ambasadóirí nuair a bhíonn siad ag déanamh ionadaíochta ar son na scoile.
•    Ba chóir go mbeadh stíl/dath gruaige ag teacht le gnás feistis atá oiriúnach don scoil.
•    Is féidir le hataí agus scaifeanna daltaí a chur ar seachrán le linn ranganna.
•    Tá caitheamh tobac míshláintiúil.  Ba chóir go mbeadh daltaí i gcónaí mar dhea-ambasadóirí dá scoil féin.
•    Is féidir le contúirt teacht ó pholladh aghaidhe
•    Is féidir le contúirt teacht ó chaitheamh seodra nó caitheamh seodra breise iomarcach.i gcoimhthéacs sláinte agus sábháilteachta de.

3)    Go mbíonn meas agat ar dhaoine agus ar mhaoin agus go dtuairisceoidh tú aon
dochar taismeach a dhéanann tú nó a fheiceann tú.  

Ciallaíonn sin:
•    Go mbíonn tú cabhrach agus go gcaitheann tú go béasach measúil le daltaí eile, leis an fhoireann scoile agus leis na cuairteoirí uilig a thagann chun na scoile.
•    Go mbíonn meas agat ar threoracha do mhúinteoirí agus na foirne scoile.
•    Nach dtéann tú a bhulaíocht daltaí eile ó bhéal ná go fisiceach.
•    Gur chóir duit siúl go hordúil ar fud na scoile agus go háirithe sna dorchlaí.
•    Nach n-úsáidfidh tú teanga atá ionsaitheach ná maslach.
•    Go mbainfidh tú úsáid as na cannaí bruscair sna seomraí ranga, sna háiteanna comónta agus i gclós na scoile.
•    Go mbíonn meas agat ar shealúchas na scoile agus ar shealúchas daoine eile.
•    Go n-insíonn tú don oifig faoi aon dochar a rinne tú féin de thaisme nó a chonaic tú déanta.

mar:
•    Tá daltaí eile i dteideal dea-bhéasa agus meas bheith orthu, do dhalta féin
•    Tá do mheas agus do chomhoibriú ag dul do mhúinteoirí
•    Is cúis eagla, ghortaithe agus imní í an bhulaíocht.
•    Is féidir le taismí nó gortuithe tarlú de bharr iompar garbh.
•    Léiríonn caint mhaslach ionsaitheach dímheas agus goilleann sé ar dhaoine.
•    Tá sé de fhreagracht ar gach duine timpeallacht na scoile a choinneáil pléisiúrtha agus slán ó bhruscar.
•    Bheifeá ag iarraidh go dtabharfadh daoine an meas céanna do do chuid rudaí féin.
•    B’fhéidir nach mbeadh a fhios ag na húdaráis scoile ar bhealach ar bith eile má dhéantar dochar do thrioc nó do threalamh na scoile.

4)    Go ndéanann tú do dhícheall sa seomra ranga agus le do chuid obair baile.
 
Ciallaíonn sin:
•    Go n-éisteann tú sna seomraí ranga le do mhúinteoirí.
•    Nach mbíonn tú ag cur isteach ar cheachtanna.
•    Go suíonn tú le ceithre chos do chathaoireach ar an urlár an t-am ar fad.
•    Go ndéanann tú do chuid obair baile gach oíche, idir obair scríofa agus obair ó bhéal, agus go mbíonn an caighdeán oibre inghlactha.
•    Go mbíonn do dhialann leat i gcónaí agus go scríobhann tú síos do chuid obair baile inti.
•    Go n-iarrann tú ar do thuismitheoir/caomhnóir í a shíniú gach seachtain.
•    Go bhfaigheann tú cead ó do mhúinteoir a shíneoidh do dhialann má chaithfidh tú an seomra ranga a fhágáil.
•    Má iarrann múinteoir eile é go scríobhfaidh do mhúinteoir nóta i do dhialann am ar bith is gá.  
•    Go gcoinníonn tú do sheomra agus do thaisceadán féin néata.

mar:
•    Tá an múinteoir ag iarraidh cuidiú leat.
•    Tá sé míchothrom ar dhaoine eile sa rang atá ag iarraidh foghlaim má bhíonn tusa ag cur isteach orthu.
•    Is obair chúltaca é an obair baile ar obair a rinneadh sa seomra ranga.
•    Cuireann an nóta sa dialann i gcuimhne duit cad é atá le déanamh.
•    Nuair a shíníonn do thuismitheoirí do dhialann feiceann siad cad é mar atá ag éirí leat.
•    Nuair a shínítear do dhialann má chaithfidh tú an seomra a fhágáil, bíonn taifead ann ar am a chaill tú agus tugann se le fios do mhúinteoirí eile go bhfuil cead agat bheith ar shiúl as an seomra ranga.
•    Is den tábhacht é go nglacaimid freagracht as glanadh inár ndiaidh féin.

5)    Go dtig tú ar scoil ullmhaithe mar is ceart don lá scoile

Ciallaíonn sin:
•    Go mbíonn na pinn, na leabhair, na cóipleabhair chearta srl. leat do gach rang.
•    Go dtugann tú isteach leat aon ábhar/trealamh speisialta a bhíonn de dhíth don cheacht atá tú a dhéanamh.
•    Ba chóir gach mála, leabhar agus an dialann obair baile bheith slán ó aon ghraifítí.
•    Go mbeidh tú féin freagrach as do chuid rudaí féin a choinneáil slán.

 mar:
•    Is cur amú ama é go díreach mura mbíonn do chuid leabhar, peann srl. leat.
•    Tá sé dodhéanta an obair a dhéanamh nuair nach mbíonn an t-ábhar /trealamh leat a bhíonn de dhíth.
•    Is féidir le graifítí bheith maslach ionsaitheach.  
•    Má bhíonn daltaí slachtmhar cuidíonn sé leo bheith eagraithe. Tá tú sean go leor anois le hamharc i ndiaidh do chuid gnóthaí féin. Cuir d’ainm ar gach rud a bhaineann leat.

6)    Go n-iompraíonn tú tú féin mar is ceart ar fud na scoile.
 
Ciallaíonn sin:
•    Go labhraíonn tú Gaeilge i rith an ama ar scoil, i gclós na scoile, ar thuras nó ag aon imeacht eile a bhaineann leis an scoil. Níl cead aon teanga eile a labhairt taobh amuigh de na ranganna teanga eile.
•    Go dtéann tú go gasta agus go ciúin ó sheomra go seomra.
•    Go bhfanann tú go ciúin le do mhúinteoir agus tú ag seasamh i líne dhíreach lasmuigh den seomra ranga.
•    Go siúlann tú ar na pasáistí, nach mbíonn iompar crosta nó garbh ar siúl agat le scoláirí eile agus go seachnaíonn tú iompar callánach agus tríoblóideach.
•    Go dtéann tú go dtí do thaisceadán roimh thús na ranganna ar maidin, ag an bhriseadh, ag am lóin agus i ndiaidh am scoile amháin.
•    Nach mbíonn tú ag crochadh thart fán leithreas le linn am sosa nó ag am ar bith eile.
•    Nach gceadaítear bia agus deoch a ithe/ól laistigh den scoil ach amháin sa Seomra Caidrim agus sa cheaintín agus ag amanna ar leith amháin.
•    Go nglacann tú do smailc/loin sa dóigh agus san áit atá ceadaithe agus go n-éisteann tú leis an mhúinteoir a bhíonn ar dualgas.
•    Nach mbriseann tú, nach loiteann tú ná nach ndéanann tú aon dochar do mhaoin nó do threalamh na scoile.
•    Go dtuairiscíonn tú ar ais do mhúinteoir é má thugann tú faoi deara aon ghraifítí nó aon dochar bheith déanta ar shealúchas na scoile.  
•    Nach gceadaítear guma coganta san fhoirgneamh scoile ná sa chlós.
•    Nach dtugann tú toitíní, e-toitíní, lastóirí ná cipíní chun na scoile.
•    Go mbíonn cosc iomlán ar sceana, léasair nó aon chineál arm ionsaitheach.
•    Go múchann tú do ghuthán phóca agus go bhfágann tú é sa taisceadán le linn an lae scoile mar tá cosc ar úsáid fóin phóca i rith an ama.
•    Go bhfágann tú gach trealamh leictreonach sa bhaile.
•    Tá cosc iomlán ar alcól agus ar aon substaintí mídhleathacha.
•    Tá sé iomlán doghlactha go ndéanfaí aon fhocal scríofa, pictiúir nó ábhair eile a thairgeadh, a thaispeáint nó a dháileadh m.sh. trí facebook agus/nó aon mheán eile ar an idirlíon, a d’fhéadfadh imeagla nó náire a chur ar dhuine nó a chlú a mhilleadh.
•    Níl cead agat grianghraf a ghlacadh ná taifead a dhéanamh ar scoil gan cead do mhúinteora

mar:
•    Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus meán teagaisc na scoile agus is Gaelcholáiste muid.
•    Cuidíonn iompar sásúil linn an scoil a reáchtáil go maith.
•    Má théann tú chuig an taisceadán le linn ranganna nó idir ranganna cuireann tú isteach ar dhaoine eile agus ar an fhoghlaim.
•    Má bhítear ag crochadh thart faoin leithreas tarlaíonn brú daoine iontu.
•    Cuidíonn am agus áit faoi leith le haghaidh béilí a ithe leis an scoil a choinneáil glan agus pléisiúrtha.
•    Bíonn sé níos sábháilte nuair a chloítear le rialacha ag am sosa agus, nuair a leantar treoracha múinteoirí, cuidíonn sin le maoirsiú ar fud na scoile.
•    Caithfidh daoine eile maoin na scoile a úsáid agus bíonn deisiúcháin /athsholáthair costasach.
•    Tá gach duine freagrach as bheith ag cuidiú le timpeallacht na scoile a choinneáil taitneamhach.
•    Scriosann guma coganta an t-urlár, an troscán agus an tarmac srl. ar fud na scoile.  Is féidir go mbeadh sé ina ghuais sláinte fosta.
•    Tá cosc air sa dlí a bheith ag caitheamh ar thalamh na scoile, agus tá sé míshláintiúil agus contúirteach ach go háirithe.
•    Is cur isteach ar an scoil é má úsáidtear gutháin phóca nó aon trealamh leictreonach eile le linn am scoile.
•    Tá cipíní agus lastóirí contúirteach.  Fosta mura mbíonn siad ag duine is lú an cathú a bheidh ann toitín a chaitheamh.
•    Tá sé contúirteach bheith ag plé le mí-úsáid substaintí, tá sé míshláintiúil, gineann sé andúil agus tá sé mídhleathach.  
•    Is féidir le teachtaireachtaí Facebook/idirlín a bheith maslach agus duine eile a ghortú.
•    Tá sé in éadan an dlí grianghraf duine a thógáil gan a gcead.

Bearta choisctheacha

I gColáise Oiriall spreagfar daltaí ina gcuid iarrachtaí seasamh leis an Chód Iompraíochta trí na bearta seo a leanas:

(a) Foilsítear an Cód Iompraíochta ar shuíomh idirlín na scoile agus foilsítear leagan achomair sa  Dialann Scoile. Iarrtar ar dhaltaí nua-chláraithe agus ar a dtuismitheoirí é a léamh agus a n-aontú lena bhfuil ann a shíniú.  Agus sin á dhéanamh acu admhaíonn siad a dtacaíocht dó agus a gcomhoibriú leis. Tá sé seo ann le cinntiú go dtuigeann tuismitheoirí agus daltaí cad iad ár gcuid rialacha, cén fáth ar gá cloí leo agus cad iad na nósanna imeachta a leanfar mura gcoinnítear iad.  

Scrúdaítear gnéithe den chód ag an chruinniú eolais a reáchtáiltear gach bliain do thuismitheoirí Dhaltaí na Chéad Bhliana ag teacht isteach. Iarrtar ar thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le hoide nó ceann bliana a mic/a n-iníne más mian leo ceist a thógáil faoi ábhar iompraíochta. Tugtar cuireadh do thuismitheoirí páirt a ghlacadh i gCumann na dTuismitheoirí nó dul chuig cruinnithe a eagraíonn an cumann.

(b) Ag tús gach scoilbhliana, pléitear an Cód Iompraíochta le gach rang go mion. Déantar é sin le deis a thabhairt do dhaltaí smaoineamh faoi agus labhairt ar chúrsaí iompair, foghlama agus rialacha ionas go dtuigfidh siad cad é a chiallaíonn an Cód Iompraíochta dóibh.

(c) Foilsítear an Cód Iompraíochta i Lámhleabhar na Múinteoirí.  Ag tús na scoilbhliana pléitear príomhghnéithe chur i bhfeidhm an chóid leis na múinteoirí.  Déantar é sin le leanúnachas cleachtais a chinntiú.

 (d) Aithnímid i gColáiste Oiriall go bhfuil dlúthbhaint idir teagasc agus foghlaim éifeachtach agus dea-iompar. Nuair a bhíonn daltaí páirteach agus spreagtha chun foghlama, is mó an seans go mbeidh a n-iompar dearfach.  Spreagtar múinteoirí chun páirt a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil leanúnach.  Taobh istigh den scoil cuimsíonn forbairt foirne scrúdú a dhéanamh ar mhodhanna difriúla teagaisc cosúil le Measúnú chun Foghlama agus difreálú. Bíonn cruinnithe rialta Ranna Ábhar ann chun amharc ar riachtanais churaclaim agus comhghleacaíocht a chothú i measc na foirne.

(e) Má sháraíonn dalta riail, iarrtar orthu in amanna a mhíniú (ó bhéal nó i bhfoirm scríofa) an riail a sháraigh siad, a mhíniú cen tionchar a bhí ag an sárú sin ar bhaill phobal na scoile, agus cén dóigh a dtiocfadh leo gníomhú go difriúil amach anseo le nach sáródh siad an riail arís.  Déantar é sin chun íogaireacht agus tuiscint an dalta do dhaoine eile a fhorbairt agus chun cuidiú leo cloí le rialacha na scoile sa todhchaí.   Cuirtear prionsabail Cheartas Aisiríoch i bhfeidhm nuair is féidir. Cuidítear le daltaí labhairt lena n-oide nó lena gceann bliana más mian leo ceist a thógáil faoi ábhar iompraíochta.  

(f) Pléitear rialacha scoile agus an chúis atá leo mar chuid de chlár tréadchúraim na scoile nó mar chuid den OSSP.  Pléitear fosta nóisean na fadfhulaingthe do dhaoine eile, féinsmacht, cothrom na Féinne agus prionsabail an cheartais nádúrtha mar chuid den chlár Oideachas Reiligiúnach sa scoil.

 (g) Pléitear saincheisteanna amhail Bulaíocht, Ciníochas, Gnéasachas, Ciapadh, Foréigean, Mí-úsáid Substaintí leis an daltaí le linn a gcuid ama sa scoil againn, trí úsáid a bhaint as reachtaíocht reatha, cúrsaí reatha agus cainteoirí seachtracha. Déantar é sin le cuidiú le daltaí tuiscint níos fearr bheith acu ar na saincheisteanna sin ionas go dtig leo a smaointeoireacht, a dtuiscint agus a ngníomhartha a bhunú ar eolas fíorasach atá ag teacht leis na luachanna a dtaobhaítear leo sa scoil.

(h) Leagann polasaí Frithbhulaíochta na scoile, atá foilsithe ar an suíomh idirlín agus a bhfuil leagan achomair de ar fáil i nDialann na nDaltaí, leagann sé amach na céimeanna ghlactar maidir le sárú líomhnaithe an pholasaí.  Gach bliain bíonn Seachtain Feasacht Cairdis againn, a dhíríonn an pobal scoile ar iompar dearfach a chur chun cinn.  

Daltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais

Ba chóir do mhúinteoirí ábhair, múinteoirí acmhainne agus cúntóirí riachtanais speisialta a sheiceáil go gcuirtear caighdeáin agus rialacha in iúl ar dhóigh a thuigfidh daltaí le riachtanas speisialta oideachais. Caithfear an tuiscint sin a sheiceáil ó am go chéile mar a mbíonn dalta le riachtanais speisialta á iompar féin ar dhóigh a mheasfaí a bheith ina shárú ar na rialacha. Amanna beidh tacaíocht de dhíth ar mhúinteoirí a thuigbheáil cén dóigh is fearr chun cuidiú le dalta le riachtanais speisialta oideachais cloí leis na caighdeáin iompraíochta agus na súilíochtaí atá ag an scoil.

Luaíochtaí

I gColáiste Oiriall úsáideann múinteoirí na modhanna seo a leanas chun a seasamh leis an chód iompraíochta a chúiteamh le daltaí:

•    An dalta a mholadh ó bhéal go príobháideach
•    Ráiteas dearfach i leith an dalta a thabhairt don oide nó don cheann bhliana
•    An dalta  mholadh ó bhéal ag an tionól nó ar an idirchum
•    Ról ceannaireacht a thabhairt do dhaltaí mar chinnire nó mar bhall de Chomhairle na nDaltaí
•    Turas ranga bainteach leis an churaclam
•    Nóta gairid, dearfach nó scairt ghutháin chuig tuismitheoirí
•    Éachtaí curaclaim/seach-churaclaim a chur ar taispeáint ar na cláir fógraí sna seomraí ranga agus sna dorchlaí.  
•    Obair dhalta a chur ar taispeáint ar fud na scoile
•    Éachtaí curaclaim/seach-churaclaim a aibhsiú i nuachtlitir na scoile nó ar chomharthaíocht dhigiteach
•    Éachtaí curaclaim/seach-churaclaim a aibhsiú ar shuíomh idirlín na scoile nó i nuachtán áitiúil

Daltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais

Ba chóir go nglacfaí san áireamh a stíleanna ar leith foghlama nuair atáthar ag bronnadh duaiseanna ar dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais. Do gach dalta agus go speisialta don té a bhfuil deacrachtaí foghlama aige, is mó an tionchar a bheidh ag luaíocht nuair a cheanglaítear í go dlúth ó thaobh ama de leis an iompar atáthar a mholadh.

Straitéisí agus Smachtbhannaí

Is í is feidhm do na straitéisí agus do na smachtbhannaí seo athrú a thabhairt in iompar. Cuidíonn siad le daltaí a fhoghlaim go bhfuil a n-iompar doghlactha agus a fhoghlaim chun freagracht a ghlacadh as a n-iompar.

Úsáidtear na straitéisí agus na smachtbhannaí seo a leanas ionas go dtuigfidh ár gcuid daltaí go bhfuil roghanna acu faoina n-iompar féin agus go mbíonn iarmhairtí ag dul le gach rogha.
Tá siad céimnithe ionas go nglactar san áireamh cineál an teagmhais, an cás a ba chúis leis an teagmhas agus go gcuirtear iad i bhfeidhm ag foireann na scoile de réir ár gcórais atreoraithe.

•    Cur i gcuimhne nó rabhadh don dalta
•    Agallamh nó plé leis an dalta a chur in iúl an iompair a bhfuiltear ag súil leis
•    Leagan amach na suíochán a athrú nó suíochán an dalta a bhogadh
•    Ag comhlíonadh tasc éigin úsáideach sa scoil
•    Tasc breise oibre oiriúnach a thabhairt
•    Dalta le teacht chuig an mhúinteoir roimh am scoile nó ag am sosa leis an obair déanta agus/nó leithscéal
•    Nóta i nDialann an Dalta
•    Fíneáil le costas deisiúcháin nó athchuir a chlúdach
•    Pribhléid a bhaint
•    Fionraíocht – fógra 24 uair
•    Comhairliú leis an Oide Ranga
•    Glaoch gutháin ar thuismitheoirí
•    An dalta a thógáil ar shiúl ó láthair an teagmhais ach é go fóill faoi mhaoirseacht

Áirítear na rudaí seo a leanas i measc straitéisí agus smachtbhannaí as míghníomhartha níos tromchúisí nó as sáruithe leanúnacha ár gcóid iompraíochta. Ní gá gur san ord a liostaítear iad seo is féidir a gcur i bhfeidhm:

•    Píosa obair scríofa a thabhairt don dalta le déanamh ina gcaithfidh siad a thaispeáint i scríbhinn an riail/na rialacha a sháraigh siad, an tionchar a bhí ag an sárú sin orthu féin agus ar bhaill eile de phobal na scoile agus mar is féidir leo a chinntiú nach dtarlóidh an t-iompar céanna arís.
•    Tarraingt siar ón rang
•    Bileog Litearthachta go speisialta i gcás daltaí sóisearacha
•    Géibheann Gairid
•    Géibheann Fada
•    Tuairisc Sheachtainiúil
•    Conradh idir an scoil, an dalta agus tuismitheoir
•    Dalta a atreorú chuig Oide / Ceann Bliana/ Príomhoide Tánaisteach/Príomhoide
•    Glaoch Gutháin chuig tuismitheoirí
•    Litir fhoirmiúil abhaile
•    Cruinniú le tuismitheoirí
•    Fionraíocht ón scoil (féach Polasaí Fionraí agus Díbeartha)

Sainmhínítear géibheann gairid nó géibheann am lóin mar thréimhse géibhinn uair a chloig le linn am lóin ar an lá go mbíonn am lóin sínte ann. Sainmhínítear géibheann fada nó géibheann tráthnóna mar thréimhse géibhinn 2 ½ uair i ndiaidh am scoile ar an Aoine.

Atreorú
Is é bunphrionsabal an chórais atreoraithe mar is airde suas an dréimire a chaithfear déileáil le teagmhas, mar is tromchúisí a mheastar é bheith. Baineann dréimire an atreoraithe le gach ball foirne i gcur i bhfeidhm an Chóid Iompraíochta ar dhóigh laethúil phraiticiúil.  Tugann sin úinéireacht an pholasaí do gach ball foirne agus is cuí go raibh baint acu leis agus iad a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach.  

Má tá fadhb ag dalta atá ag cur lena místuaim i leith an Chóid Iompraíochta ansin is féidir na hatreoraithe seo a leanas a dhéanamh:

•    Atreorú chuig an Cheann Bhliana
•    Atreorú chuig an Príomhoide Tánaisteach
•    Atreorú chuig an Príomhoide
•    Atreorú chuig an Chomhairleoir Treorach
•    Atreorú chuig síceolaí le haghaidh tástála agus/nó cuidiú i mbunathrú iompraíochta

Céim 1: Múinteoir an Ábhair

Is é múinteoir an ábhair an chéad fhoinse chuidithe do dhaltaí.  Mar cheannaire léinn agus mar dhuine a bhfuil caidreamh iontaoibh bunaithe aige, beidh tionchar láidir ag an mhúinteoir ábhair ar dhaltaí.  Tá freagracht ar gach múinteoir iompar a bhainistiú ina seomra féin agus déileálfaidh siad le gnáth-theagmhais mhí-iompair trí straitéisí bainistíocht ranga. Tabharfaidh an tOide Ranga comhairle agus treoir don dalta go ndéanfaidh sé machnamh ar iompraíocht chlaonaíoch le súil go n-athróidh sé i dtreo iompraíocht níos dearfaí.  Ba chóir déileáil le coireann níos tromchúisí faoi Chéim 2 den chóras atreoraithe s’againn.

Céim 2: An Ceann Bliana

Tugtar múinteoir do gach Bliainghrúpa a bhfuil freagracht ar leith aige/aici astu.  Tá ról tréadchúraim agus smachta le himirt aige/aici leis na grúpaí ranga atá sa bhliainghrúpa sin.  

Céim 3: An Príomhoide Tánaisteach nó an Príomhoide

Daltaí nár tháinig an bunathrú iompraíochta inmhianaithe orthu ainneoin míle dícheall na scoile atreoróidh an Ceann Bliana iad chuig an Phríomhoide Tánaisteach nó chuig an Phríomhoide.  Má chinneann an Príomhoide Tánaisteach nó an Príomhoide gur ábhar fionraí é an t-iompar leanfar de na nósanna imeachta inár bpolasaí ar fhionraíocht agus ar dhíbirt.

Coinnítear comhaid daltaí sa phríomhoifig.  Comhdaítear conarthaí agus tuairiscí seachtainiúla, faoi mar a dhéantar le litreacha a cuireadh abhaile agus ábhar comhráite gutháin agus cruinnithe le tuismitheoirí a bhaineann le smachtbhannaí agus le hidirghabhálacha

Straitéisí a bhaineann le sáruithe leanúnacha den Chód Iompair
1.    Ar chomhairle an Cheannasaí Bliana seolfar dalta os comhair an Choiste Iompair agus Leasa chun moltaí agus comhairle a chur faoi bhráid an dalta.
2.    Beidh cásanna ann go mbainfear leas as géibheann, tarraingt siar pribhléidí nó tarraingt siar as an rang nó an Tuairisc Sheachtainiúil nó Conradh chun freagracht agus dearcadh dalta a fheabhsú m.s. drochphoncúlacht, droch-iompar ar pháirc imeartha, obair bhaile mhíshásúil agus a leithéad.
3.    Mura mbíonn an t-éide scoile a chaitheamh mar is ceart ag dalta ba cheart go mbeadh nóta mínithe sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir sa Dialann Scoile. Má tharlaíonn sé faoi thrí, cuirfear pionós cuí i bhfeidhm agus cuirfear scéal chuig na tuismitheoirí/caomhnóirí. Tógfar ar feadh tamaill bhig seaicéid, cótaí agus geansaithe nach bhfuil mar chuid den éide scoile.
4.    Má sharaíonn dalta riail na Gaeilge cuirfear é i ngéibheann gairid. I gcás dalta a sháraíonn an riail arís agus arís eile cuirfear an dalta i ngéibheann fada nó faoi dheireadh ar fionraí.
5.    Iarrfar ar dhaltaí a bheirtear orthu ag úsáid fón poca nó fón poca a bheith ina seilbh acu ar áitreabh na scoile nó mórthimpeall na scoile le linn an lae scoile é a thabhairt suas ar feadh tréimhse seachtaine. Má sháraíonn an dalta an riail arís tógfar an fón ar feadh tréimhse coicíse.
6.    Feidhmeoidh an Príomhoide lasmuigh den phróiseas seo ar mhaithe le haire agus sábháilteacht na ndaltaí agus na foirne más gá.
7.    Is faoin Choiste Iompair agus Leasa a bheas sé i ndeireadh ama an cinneadh a dhéanamh an bhfuil an scoil muiníneach go leor as caighdeán iompair dalta chun é a ghlacadh ar thuras scoile, go speisialta ar thuras scoile thar oíche.
8.    Tá sé d’údarás ag an Phríomhoide dalta a chur ar fionraí más gá a leithéad.
9.    Ina dhiaidh sin má leanann an droch-iompar is féidir go gcuirfear cás an dalta os comhair an Bhoird Bhainistíochta nó fiú os comhair Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin.
10.    Is féidir leis an Bhord Bainistiochta moladh a chur ar aghaidh chuig Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin duine a dhíbirt as an scoil go buan má bhíonn iompar dalta ag cur bac leanúnach le teagasc agus foghlaim nó más sárú tromchúiseach den Chód Iompair atá ann
11.    Déantar gach eachtra a thaifeadadh go leictreonach ar Chóras Smachta na Scoile.
12.    Coinníonn an scoil an ceart dalta a tharraingt siar ó imeachtaí seach-churaclaim nó ó phribhléidí eile de rogha na scoile má sháraíonn sé rialacha scoile nó rialacháin scoile agus is féidir go mbeidh páirt-aisíocaíocht táillí i gceist ó am go ham.

Córas Céimnithe do mhionchionta
Níos mó ná 3 mhionchion, 3 thuairisc nó 3 Bhileog Litearthachta

Géibheann Am Lóin

Níos mó ná 3 Gheibheann Am Lóin

Géibheann Fada

Níos mó ná 3 Ghéibheann Fada

Fionraí

Cur i bhfeidhm

Tá leagan achomair den Chód Iompraíochta ina nDialann Scoile ag daltaí atá cláraithe leis an scoil. Foilsítear an Cód ina iomlán ar shuíomh idirlín na scoile agus tá sé ar fáil ón scoil ach a iarraidh.  Tá cóip den Chód ag gach ball foirne ina Lámhleabhar Múinteoirí. Ag tús gach bliana pléitear an Cód Iompraíochta le gach rang go mion.  Déantar é sin le deis a thabhairt do dhaltaí smaoineamh faoi agus labhairt ar chúrsaí iompair, foghlama agus rialacha ionas go dtuigfidh siad cad é a chiallaíonn an Cód Iompraíochta dóibh. Ag tús na scoilbhliana pléitear príomhghnéithe chur i bhfeidhm an chóid leis na múinteoirí.  Déantar é sin le leanúnachas cleachtais a chinntiú.

Cuireadh an Cód Iompraíochta seo le chéile i gcomhar le Tuismitheoirí, Daltaí, Foireann agus Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall.  Déantar monatóireacht ar an chód ar bhonn rialta.  Pléitear gnéithe den chód go foirmiúil ag chruinnithe Ceanna Bliana, Foirne, Ranna agus Coiste.  Spreagtar múinteoirí chun ábhair imní agus moltaí a chur in iúl don fhoireann tréadchúraim.

NÓSANNA IMEACHTA FIONRAÍOCHTA AGUS DÍBEARTHA

1.    Ráiteas Polasaí
1.1.    Baineann an polasaí fionraíochta agus díbeartha le gach scoil atá faoi choimirce Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOO) an Chabháin agus Mhuineacháin.

2.    Creat Dlíthiúil
2.1.    Aithníonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin an dualgas atá ar scoileanna faoina smacht a bpolasaí a fhoilsiú i dtaca le hiontráil agus rannpháirtíocht sa scoil, lena n-áirítear polasaí na scoile mar a bhaineann sé le díbirt agus fionraíocht scoláirí de bhun Alt 15 (d) den Acht Oideachais 1998 agus Alt 23 den Acht Oideachais (Leas) 2000.  Sonraíonn Cód Iompraíochta Choláiste Oiriall:
•    Na caighdeáin iompair lena gcloífidh gach scoláire a bhíonn ag freastal ar an scoil
•    Na céimeanna is féidir a ghlacadh nuair a theipeann ar scoláire nó nuair a dhiúltaíonn sé cloí leis na caighdeáin sin
•    Na nósanna imeachta atá le leanúint sula gcuirfear scoláire ar fionraí nó sula ndíbreofar as an scoil é
•    Na cúinsí faoina mbainfear ar shiúl fionraíocht a tugadh do scoláire
•    Na nósanna imeachta atá le leanúint chun neamhláithreacht scoláire ón scoil a chur in iúl.
2.2.    Dearbhaíonn Coláiste Oiriall leis seo gur ullmhaíodh a Chód Iompraíochta de réir na dtreoirlínte a d’eisigh an Bord Leasa Oideachais, 2008.  Tagraíonn an Cód Iompraíochta do na nithe seo a leanas:
•    Na caighdeáin iompair a bhfuiltear ag súil leo sa scoil
•    An plean chun dea-iompair a chur chun cinn
•    Na bealaí ina bhfreagraíonn scoil d’iompar doghlactha
•    An plean chun an Cód Iompraíochta a chur i bhfeidhm
•    Nósanna imeachta na scoile i dtaca le fionraíocht agus díbirt
2.3.    Aithníonn Coláiste Oiriall an Ceart chun Achomhairc de bhun Alt 29 den Acht Oideachais
2.4.    I dtaca leis an Bhord Leasa Oideachais a chur ar an eolas, dearbhaíonn Coláiste Oiriall a cheanglas reachtúil de bhun Alt 21 (4)(a) den Acht Oideachais (Leas).
2.5.    Dearbhaíonn Coláiste Oiriall go bhfuil na sonraí a bhailítear maidir le scoláirí agus tuismitheoirí ag teacht leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

3    Fionraíocht
3.1    Tá an t-údarás ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall scoláire a chur ar fionraí.  Faoi Alt 44 (11(a)) den Acht um Bhoird Oideachais agus Oiliúna 2013, rinne BOO an Chabháin agus Mhuineacháin an t-údarás seo a chineachadh ar Bhoird Bhainistíochta gach ceann de na scoileanna faoina riail.
3.2    Aithníonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin gur féidir le Boird Bhainistíochta Choláiste Oiriall an t-údarás seo a tharmligean chuig Príomhoide Choláiste Oiriall.  Ba chóir don Bhord Bainistíochta socrú foirmiúil tarmligthe a dhéanamh ag cur san áireamh fhorálacha an Achta um Bhoird Oideachais agus Oiliúna 2013.
3.3    Aithníonn Coláiste Oiriall nach bhfuil san fhionraíocht ach straitéis amháin laistigh de Chód Iompraíochta Choláiste Oiriall mar fhreagra ar iompar mí-oiriúnach.
3.4.    Aithníonn Coláiste Oiriall nuair a bhíonn triail bainte as gach straitéis eile, go dtugann an fhionraíocht am do scoláire machnamh ar a n-iompar, freagracht as a n-iompar a aithint agus a ghlacadh, agus a thuiscint gur gá go n-athródh an t-iompar.  Oibríonn Coláiste Oiriall go dlúth le tuismitheoirí chun cuidiú le scoláire atá ar fionraí teacht ar ais isteach i bpobal na scoile gan deacracht.
3.5.    Aithníonn Coláiste Oiriall gur chóir go mba fhreagra cuí é an fhionraíocht ar an iompar atá ag déanamh imní dóibh.  Is ar chúinsí tromchúiseacha ba chóir an cinneadh a dhéanamh scoláire a chur ar fionraí, leithéidí:
•    Bhí tionchar fíordhochrach ag iompar an scoláire ar oideachas scoláirí eile.
•    Is geall le bagairt ar an tsábháilteacht an scoláire leanúint ar aghaidh ar scoil ag an am seo.
•    Tá an scoláire freagrach as dochar mór a dhéanamh do shealúchas.
•    Sáraíonn an scoláire an Cód Iompraíochta (de réir dhiscréid an Phríomhoide.)
3.6.    Dearbhaíonn Coláiste Oiriall go gcaithfear gach fionraíocht a chur in iúl do Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall.
3.7.    Dearbhaíonn Coláiste Oiriall gur chóir cásanna fionraíochta a fhógairt don Bhord Leasa Oideachais faoi na tosca seo a leanas:
•    Nuair a bhíonn an tréimhse fionraíochta le haghaidh 6 lá scoile as a chéile nó níos mó.
•    Nuair a bhíonn líon comhiomlán na laethanta ina mbíonn scoláire ar fionraí /as láthair in aon scoilbhliain amháin oiread agus 20 lá nó níos mó.
3.8.    Dearbhaíonn Coláiste Oiriall gur féidir fionraíocht a chur i bhfeidhm i ndiaidh na fachtóirí seo a leanas a mheabhrú:
•    Cineál agus tromchúis an iompair
•    Éifeacht agus comhthéacs an iompair
•    Na cineálacha idirghabhála a triaileadh go dáta
•    Gur cuireadh i bhfeidhm agus gur taifeadadh i ndoiciméad gach rogha smachta faoi Chód Iompraíochta Choláiste Oiriall
•    Gur taifeadadh gach gníomh /cinneadh a rinneadh agus gur cóipeáladh gach comhfhreagras
•    Rinneadh plé leis an scoláire agus tuismitheoir(í) i dtaca leis an iompar ar leith a mheasann an scoil bheith doghlactha, agus arbh fhéidir go dtiocfadh fionraí dá bharr.
3.9.    Dearbhaíonn Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall gur féidir go gcuirfí scoláirí atá ag freastal ar Choláiste Oiriall ar fionraí ar na cúiseanna seo a leanas go dtí go mbíonn fiosrúchán ann agus /nó plé le tuismitheoirí. Níl an liosta seo uileghabhálach:
•    As mí-iompar tromchúiseach
•    As leibhéal doghlactha mí-iompar leantach
•    As bulaíocht, iompar maslach, ionsaitheach nó foréigneach i leith daoine eile  bíodh sin ina bpearsa, le fón póca nó trí mheán sóisialta nó ar aon mhodh leictreonach eile; sa scoil, nó nuair a bhíonn an té inaitheanta leis an scoil
•    As alcól agus /nó drugaí mídhleathacha a sholáthar /a bheith ina sheilbh /a úsáid
•    As airm /ábhair ghuaiseacha a sholáthar /a bheith ina sheilbh /a úsáid
•    As iompar a d’fheadfadh bheith ina ábhar contúirte dó féin nó do dhaoine eile
•    As iompar ciníoch /ábhar ciníoch a sholáthar /ábhar ciníoch a úsáid
•    As iompar atá contrártha do théarmaí an Achta um Stádas Comhionann, 2000
•    As ciapadh gnéasach agus /nó ábhar pornagrafach bheith ina sheilbh /a sholáthar /a úsáid.
3.10.    Aithníonn Coláiste Oiriall gur féidir le teagmhas amháin mí-iompar tromchúiseach bheith ina chúis le fionraíocht.  Ar na húdair sin is féidir go mbraithfí láithreacht leantach an scoláire sa scoil ag an am bheith ina bagairt thromchúiseach ar shábháilteacht nó leas scoláirí, baill foirne na scoile nó aon duine eile.
3.11.    Is féidir scoláire a chur ar fionraí le linn scrúdú stáit agus is cóir de ghnáth go gceadódh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall a leithéid d’fhionraíocht. Níor chóir an cineál sin fionraíochta a úsáid ach amháin mar a bhfuil:  
•    Bagairt ar dhea-ord i láimhseáil an scrúdaithe
•    Bagairt ar shábháilteacht nó leas scoláirí eile agus pearsanra
•    Bagairt ar cheart scoláirí eile chun a scrúdú a dhéanamh in atmaisféar suaimhneach.
3.12.    Aithníonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin gur féidir go gcinnfeadh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall, mar chuid de pholasaí na scoile ar smachtbhannaí agus i ndiaidh próiseas comhairliúcháin leis an Phríomhoide, tuismitheoirí, múinteoirí agus scoláirí, go dtabhaíonn iompar ainmnithe ar leith fionraíocht mar smachtbhanna. Ní lúide dá chionn sin an dualgas go leanfaí próiseas chuí agus nósanna cothroma imeachta i ngach cás.

4.     Cineálacha fionraíochta atá mí-oiriúnach
•    Fionraíocht ar bhonn atrátha.  Níor chóir scoláire a chur ar fionraí arís go gairid i ndiaidh dóibh filleadh ar Choláiste Oiriall ach amháin má théann siad i gceann mí-iompar tromchúiseach a thuilleann fionraíocht, go leantar go hiomlán de nósanna imeachta cothroma agus gurb ionann an caighdeán a chuirtear i bhfeidhm le linn an t-iompar a mheas agus an caighdeán a chuirfí i bhfeidhm i leith iompar scoláire ar bith eile.
•    Fionraíocht neamhfhoirmiúil / gan admháil.  Fionraíocht is ea é ma chuirtear scoláire amach ar feadh cuid den lá scoile mar smachtbhanna.
•    Fionraíocht neamhshonraithe.  Níor chóir scoláirí a chur ar fionraí ar feadh tréimhsí éiginnte.  Mheasfaí a leithéid sin d’fhionraíocht ina díbirt de-facto.

5.    Nósanna Imeachta i dtaca le Fionraíocht
5.1.        Dearbhaíonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin go bhfuil ceangal ar Choláiste     Oiriall nósanna cothroma imeachta a leanúint agus iad ag brath scoláire a chur ar     fionraí. Ba chóir don scoil cloí leis na nósanna imeachta seo a leanas:
•    Ba chóir go n-inseofaí don scoláire agus do thuismitheoir(í) faoin ghearán
•    Ba chóir deis a thabhairt don scoláire agus do thuismitheoir(í) freagra a thabhairt
•    Sa chás go mbíonn fionraíocht ‘láithreach’ ann, ba chóir réamhfhiosrúchán a dhéanamh leis an chás a dhéanamh do ghearradh na fionraíochta.  Caithfear tuismitheoirí a chur ar an eolas agus socrú a dhéanamh chun an scoláire a bhailiú ón scoil.  Caithfidh an scoil aird chuí a thabhairt ar a dualgas cúraim i leith an scoláire.  
5.2.    Níor chóir scoláire a chur ar fionraí ar feadh níos mó ná 3 lá ach amháin faoi dhálaí eisceachtúla.  Aithníonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin gur chóir do Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall treoir a thabhairt don Phríomhoide i dtaca leis na cineálacha cúinsí faoina gceadófaí fionraíocht is faide ná 3 lá.  Má táthar ag moladh fionraíocht níos faide ná 3 lá ba chóir an cheist a chur faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta lena bhreathnú.  Aithníonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin áfach, go mb’fhéidir gur mhaith le Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall údarás a thabhairt don Phríomhoide fionraíocht suas le 5 lá a ghearradh sa chás nach féidir cruinniú de chuid an Bhoird a ghairm in am caoithiúil.  
5.3.    Dearbhaíonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin gur chóir do Bhoird Bhainistíochta Choláiste Oiriall athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh ar aon mholadh chun scoláire a chur ar fionraí nuair a chiallódh an fhionraíocht sin go mbeadh an líon laethanta a bheadh an scoláire ar fionraí san aon scoilbhliain amháin chomh hard le 20 lá nó níos mó.  Tá aon fhionraíocht den sórt sin faoi réir achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais, 1998.

6.    An Fhionraíocht a chur i bhfeidhm
6.1.    Ba chóir do Phríomhoide Choláiste Oiriall cinneadh na fionraíochta a fhógairt do na Tuismitheoirí agus don scoláire i scríbhinn.  Dearbhóidh an litir sin:
•    Tréimhse na fionraíochta agus na dátaí ag a dtosóidh agus a gcríochnóidh an fhionraíocht.  
•    Na cúiseanna leis an fhionraíocht.
•    Aon chlár staidéir atá le leanúint.
•    Na socruithe maidir le filleadh chun na scoile, lena n-áirítear aon cheangaltas a ghlacfaidh an scoláire agus na tuismitheoirí orthu féin nó aon ghealltanas a dhéanfaidh siad.
•    An bun le haghaidh achomhairc chuig Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall.
•    An bun le haghaidh achomhairc chuig BOO an Chabháin agus Mhuineacháin.
6.2.    Sa chás nach n-aontaíonn na Tuismitheoirí bualadh leis an Phríomhoide, dearbhaíonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin go seasfaidh fógra scríofa mar fhógra chun fionraíocht a ghearradh.  
6.3.    Is féidir fionraíocht a chur ar ceal má shocraíonn Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall an fhionraíocht a bhaint ar aon chúis.

7.    Achomharc ar an bhfionraíocht os comhair an Bhoird Bhainistíochta
7.1.    Nuair a bhíonn an líon iomlán laethanta a raibh an scoláire ar fionraí sa scoilbhliain reatha chomh hard le 20 lá, is féidir leis na tuismitheoirí nó scoláire os cionn 18 mbliana, an fhionraíocht a achomharc faoi Alt 29 den Acht Oideachais, 1998.
7.2.    Ba chóir a chur in iúl do thuismitheoirí agus don scoláire go bhfuil ceart achomhairc acu chuig BOO an Chabháin agus Mhuineacháin.
7.3.    Nuair a bhíonn deireadh le hachomharc os comhair BOO an Chabháin agus Mhuineacháin, is féidir leis na tuismitheoirí agus leis an scoláire achomharc a dhéanamh os comhair Rúnaí Ginearálta an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.  

8.    Nósanna imeachta i ndáil le hAchomharc ar Fhionraíocht
8.1.    Ar chomhfhreagras scríofa a fháil a bhaineann leis an achomharc ar fhionraíocht, ba chóir don Phríomhoide:
•    A chur in iúl don scoláire agus do na tuismitheoirí/caomhnóirí i scríbhinn go bhfuil cruinniú an Bhoird Bhainistíochta socraithe leis an achomharc ar fhionraíocht a mheas
•    A chinntiú go mbíonn taifid scríofa ag na tuismitheoirí/caomhnóirí, nó an scoláire atá 18 nó os a chionn de (a) an líomhain, (b) an fiosrúchán, (c) fógra scríofa den chúis a bhfuiltear ag iarraidh ar an Bhord Bainistíochta an fhionraíocht atá curtha a mheas.
•    Na taifid chuimsitheacha chéanna a sholáthar don Bhord agus a tugadh do na tuismitheoirí/caomhnóirí, nó scoláire atá 18 nó os a chionn.
•    Scéala a chur chuig na tuismitheoirí/caomhnóirí/scoláire atá os cionn 18 in am is i dtráth de dháta na héisteachta leis an Bhord Bainistíochta agus cuireadh a chur orthu chuig an éisteacht sin.
•    A chur in iúl do na tuismitheoirí/caomhnóirí/scoláire atá os cionn 18 gur féidir leo aighneacht scríofa a chur faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta.
8.2.    Tá sé de fhreagracht ar Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall an chéad fhiosrúchán a athbhreithniú agus a dheimhniú dó féin gur cuireadh an fiosrúchán i gcrích mar is cóir agus de réir nósanna imeachta cothroma.
8.3.    Ba chóir don Bhord Bainistíochta a athbhreithniú féin a dhéanamh ar an cháipéisíocht agus ar chúinsí uilig an cháis.
8.4.    Ba chóir don Bhord Bainistíochta a chinntiú maidir le haon duine a raibh baint acu le cúinsí na fionraíochta nach mbíonn páirt acu i bplé an Bhoird.
8.5.    Nuair a chinneann Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall achomharc ar fhionraíocht do scoláire a mheas, ní mór dó éisteacht a thionól agus ba chóir an cruinniú sin a reáchtáil de réir nósanna imeachta an Bhoird.
8.6.    Is féidir le duine eile na tuismitheoirí/caomhnóirí a thionlacan chuig an gcruinniú.  De réir nádúr éisteachtaí achomhairc ní bhíonn ionadaíocht dhlíthiúil ag teastáil.  Ba chóir a chur in iúl i scríbhinn do Rúnaí an Bhoird cé a bheidh ag freastal ar an chruinniú seo ar a laghad dhá lá sula mbíonn an cruinniú ar siúl.
8.7.    Ag tús an chruinnithe fiafróidh an Cathaoirleach cé acu atá coimhlint leasa ag aon bhall i ndáil leis an gceist atá an Bord a mheas. Nuair a mheasann an Bord go bhfuil coimhlint leasa ann, imeoidh aon bhall atá i gceist amach ón gcruinniú.
8.8.    Ag an chruinniú cuirfidh an Príomhoide agus na tuismitheoirí/caomhnóirí, nó scoláire atá 18 nó os a chionn araon a gcás, faoi bhráid an Bhoird i láthair a cheile agus beidh siad ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt ó Bhaill den Bhord.  Ba chóir ceada thabhairt do gach páirtí fianaise an pháirtí eile a cheistiú.  Ba chóir na ceisteanna a chur ar an Chathaoirleach ag deireadh na gcur i láthair.
8.9.    Nuair a bheidh a gcás déanta ag an Phríomhoide agus na tuismitheoirí/caomhnóirí, nó scoláire atá 18 nó os a chionn, imeoidh siad sin ón gcruinniú.
8.10.    Nuair a bheidh cluas le héisteacht tugtha don dá thaobh ba chóir don Bhord a chinntiú nach mbíonn an Príomhoide ná na Tuismitheoirí i láthair le haghaidh breithniú an Bhoird.  
8.11.    Más amhlaidh go mbíonn comhairle ghairmiúil an Phríomhoide de dhíth ar an Bhord, is féidir cuireadh a thabhairt don Phríomhoide teacht isteach arís chuig an chruinniú ar feadh seal don chúis sin amháin.   Nuair a bhíonn an Príomhoide i láthair ní bheidh aon phlé ar thuillteanais an cháis atáthar a mheas.
8.12.    Le linn na héisteachta ní mór don Bhord a bheith aireach a chinntiú i rith an ama go gcloíonn siad lena neamhchlaontacht i leith an Phríomhoide agus na dtuismitheoirí/caomhnóirí, nó an scoláire atá 18 nó os a chionn.  
8.13.    Agus iad ag éisteacht le hachomharc agus ag tabhairt breith air beidh aird chuí ag an Bhord do:
(a)    nádúr, scála agus marthanacht aon iompair a maítear ina leith gurb é a ba chionsiocair, nó a chuir, leis an gcinneadh a rinne an Bord nó a rinneadh ar son an Bhoird,  
(b)    réasúntacht aon iarrachtaí a rinne an scoil le cur ar chumas an scoláire a mbaineann an t-achomharc leis (an ‘scoláire i gceist’) páirt a ghlacadh san oideachas agus tairbhe a bhaint as,
(c)    leasa oideachasúla an scoláire i gceist agus an inmhianaitheacht  go gcuirfí ar chumas an scoláire chomh fada agus is féidir páirt a ghlacadh in oideachas lena c(h)uid piaraí agus tairbhe a bhaint as,
(d)    leasa oideachasúla scoláirí eile na scoile, agus soláthar éifeachtach an oideachais dóibh, agus timpeallacht a chaomhnú sa seomra ranga agus sa scoil a chabhraíonn leis an bhfoghlaim i measc scoláirí na scoile agus a chinntíonn leanúnachas teagaisc a bheith á sholáthar do scoláirí in aon seomra agus sa scoil atá i gceist,
(e)    sábháilteacht, sláinte agus leas múinteoirí, scoláirí agus foireann na scoile,
(f)    cód an iompair faoi réir rannóg 23 den Acht Oideachais (Leas) 2000 agus beartais ábhartha eile na scoile agus —
(i) i gcás an chóid iompair sin, an méid a bhíonn sé ag comhlíonadh an rannáin 23 sin agus aon treoirlínte a eisíodh faoi fhorannóg (3) den rannán sin, agus
(ii) i gcás na mbeartas eile sin, an méid a chuirtear gach ceann acu i bhfeidhm, a chothaíonn siad cothroime rochtana agus rannpháirtíochta san oideachas agus a bhíonn siad ag feidhmiú de réir:
(I) aon achtachán dlí a leagann an dualgas ar scoileanna nó ar a mboird,
(II) aon treoirlínte nó beartais ábhartha de chuid an Aire,
(g)    na dualgais a chuirtear ar scoileanna nó ar a mboird ag nó faoi aon achtachán,
(h)    treoirlínte a eisíodh de bhun rannán 22(7) den Acht 2000, agus
(i)    a leithéidí eile ceisteanna a mheasann an Bord a bheith ábhartha.

9.    Breithniú an Bhoird Bhainistíochta agus gníomhartha tar éis na héisteachta
9.1.    I ndiaidh dóibh éisteacht leis na páirtithe bainteacha uilig tá sé de fhreagracht ar an Bhord cinneadh a dhéanamh cé acu atá bunús leis an líomhain nó nach bhfuil agus más smachtbhanna cuí agus cóir é an fhionraíocht atá curtha.  
9.2.    Nuair a bhíonn an Bord Bainistíochta den bharúil, tar éis dóibh gach gné den chás a mheá, gur chóir an scoláire a chur ar fionraí, tabharfaidh an Bord treoir do Phríomhoide na scoile cinneadh an Bhoird Bhainistíochta a chur in iúl do na tuismitheoirí/caomhnóirí, nó don scoláire atá 18 nó os a chionn agus seasamh leis an chinneadh go gcuirtear fionraíocht scoile i bhfeidhm.

10.    Rannán 29 Achomharc in aghaidh Fionraíochta
10.1.    Nuair a shroicheann líon iomlán na laethanta a raibh an scoláire ar fionraí sa scoilbhliain reatha a oiread le 20 lá, is féidir leis na tuismitheoirí nó scoláire atá os cionn 18 mbliana, an fhionraíocht a achomharc faoi Rannán 29 den Acht Oideachais 1998.
10.2.    Ba chóir a gceart ar achomharc os comhair BOO an Chabháin agus Mhuineacháin a thabhairt le fios do thuismitheoirí agus don scoláire.
10.3.    Nuair a bhíonn deireadh le hachomharc os comhair BOO an Chabháin agus Mhuineacháin, féadfaidh tuismitheoirí agus an scoláire achomharc eile a chur os comhair Rúnaí Ginearálta na Roinne Oideachais agus Scileanna.

11.    Díbirt
11.1.    Tá an t-údarás ag BOO an Chabháin agus Mhuineacháin scoláire a dhíbirt. Is féidir an t-údarás sin a chineachadh faoi Alt 44 (11(a)) den Acht um Bhoird Oideachais agus Oiliúna 2013 chuig Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall.
11.2.    Ba chóir gur freagra cuí é an díbirt ar iompar an scoláire.  Admhaíonn Coláiste Oiriall gur céim an-tromchúiseach é scoláire a dhíbirt agus gur céim í nár chóir do Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall a ghlacadh ach amháin i gcásanna fíoreisceachtúla d’iompar doghlactha.  
11.3.    Dearbhaíonn Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall go gcaithfidh Coláiste Oiriall céimeanna suntasacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mhí-iompar ar dtús chun díbirt a sheachaint.  
Áirítear i measc a leithéidí sin de bhearta:
•    Ag bualadh le tuismitheoirí agus le scoláirí féachaint le modhanna a aimsiú chun cuidiú leis an scoláire a chuid iompair a athrú.  
•    Ag déanamh cinnte de go dtuigeann an scoláire iarmhairtí féideartha a chuid iompair má leanann sé ar aghaidh.
•    Ag cinntiú gur triaileadh gach rogha fhéideartha eile.
•    Ag lorg cúnaimh ó na háisíneachtaí tacaíochta cuí, m.sh. an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Seirbhísí Leasa Oideachais, Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh an FSS, an tSeirbhís Náisiúnta Tacaíochta Iompraíochta, JLO, NEPS, NCSE.  
11.4.    Éilíonn moladh chun scoláire a dhíbirt údair thromchúiseacha dá leithéid seo:   
•    Is cúis mhór chur isteach leanúnach é iompar an scoláire ar fhoghlaim daoine eile nó ar an phróiseas teagaisc
•    Is geall le bagairt shuntasach ar shábháilteacht agus ar leas daoine eile é an scoláire bheith i láthair sa scoil ar bhonn leantach
•    Tá an scoláire freagrach as damáiste tromchúiseach do mhaoin.
11.5.    Sula gcuimhnítear ar rogha na díbeartha caithfidh údaráis scoile bheith sásta gur baineadh triail as gach féidearthacht eile chun iompar an scoláire a athrú.  
11.6.    ‘Díbirt Uathoibríoch’
Is féidir le Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall a chinneadh i gcomhairle leis an Phríomhoide, tuismitheoirí, múinteoirí agus scoláirí go mbeadh díbirt ‘uathoibríoch’ ann de thoradh iompraíocht ainmnithe ar leith.  Ní bhaineann sin den dualgas go leanfaí de phróis chuí agus de nós imeachta cothrom.
11.7.    ‘Díbirt ar an gcéad chion  nó ar chion aon uaire’
Is féidir go mbeidh cúinsí eisceachtúla ann ina gcinneann Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall gur chóir scoláire a dhíbirt ar a chéad chion. I measc na gcineálacha iompraíochta a bhféadfaí a mholadh go ndíbreofaí scoláire mar gheall orthu as siocair sárú amháin ar an Chód Iompraíochta, d’áireofaí:
•    Bagairt thromchúiseach foréigin in aghaidh scoláire eile nó ball foirne
•    Foréigean iarbhír nó ionsaí fisiceach
•    Drugaí mídhleathacha a sholáthar do Scoláirí sa scoil
•    Ionsaí gnéasach

12.    Fachtóirí le Breathnú sula moltar scoláire a dhíbirt
12.1        Ba chóir do Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall na fachtóirí a leanas a ghlacadh san áireamh sula smaoineodh siad ar scoláire a dhíbirt:
•    Cineál agus dáiríreacht an iompair
•    Comhthéacs an iompair
•    Éifeacht an iompair
•    An idirghabháil a triaileadh cheana féin chun iompar an scoláire a athrú
•    Cé acu is freagra oiriúnach é an díbirt nó nach ea
•    Éifeacht fhéideartha na díbeartha
12.2        Níorbh fhóirsteanach an chéim í an díbirt dá leanann:
•    Drochfheidhmíocht acadúil
•    Drochthinreamh nó moille
•    Mionsáruithe ar an Chód Iompraíochta  

Aon iompar áfach, a bhíonn ina chur isteach leanúnach ar fhoghlaim nó a bhíonn contúirteach is féidir leis a bheith ina ábhar tromchúiseach. Ní mór iompar a scrúdú i gcomhthéacs chun an t-iompar é féin a thuiscint agus chun teacht ar an fhreagra nó an smachtbhanna is oiriúnaí.

13.    Nósanna Imeachta maidir le Díbirt
13.1.    Déanfar fiosrúchán mionsonraithe faoi stiúir an Phríomhoide.  Ba chóir don Phríomhoide a chinntiú nach bhfuil páirt ag duine ar bith san fhiosrúchán a raibh aon bhaint acu le dálaí an cháis.
13.2.    Ba chóir don Phríomhoide a chur in iúl don scoláire agus dá t(h)uismitheoirí faoi shonraí an tsáraithe líomhnaithe iompair, an dóigh a ndéanfar é a fhiosrú agus go bhféadfadh díbirt a theacht dá bharr.  Caithfidh an Príomhoide a chinntiú go dtugtar gach deis don scoláire agus do na tuismitheoirí freagra a thabhairt ar an ghearán go raibh mí-iompar tromchúiseach ann.   Ba chóir don Phríomhoide é sin a chur in iúl i scríbhinn le cinntiú go mbíonn taifead buan ag tuismitheoirí gur cuireadh ar an eolas iad.
13.3.    Ba chóir cruinniú a eagrú idir an scoláire agus a t(h)uismitheoirí agus Príomhoide Choláiste Oiriall sula gcuirtear smachtbhanna i bhfeidhm.
13.4.    Dá dteipfeadh ar scoláire agus ar a dtuismitheoir(í) teacht chuig cruinniú ba chóir don Phríomhoide scríobh chucu a chur in iúl dóibh:
•    Dáiríreacht an cháis
•    An tábhacht go ndéanfaí freastal ar athchruinniú
•    Mura n-éiríonn leis sin, an dualgas atá ar údaráis na scoile cinneadh a dhéanamh mar fhreagra ar an iompar mí-oiriúnach
•    gach comhfhreagras a choinneáil ar taifead
13.5.    Nuair a bhíonn barúil ag Príomhoide Choláiste Oiriall, bunaithe ar fhiosrúchán an mhí-iompair líomhnaithe, gur féidir go dtuilleann se díbirt, déanfaidh an Príomhoide moladh don Bhord breathnú ar dhíbirt i leith an cháis.
13.6.    Ba chóir don Phríomhoide:
•    A chur in iúl don scoláire agus do na tuismitheoirí i scríbhinn go bhfuiltear ag iarraidh ar an Bhord Bainistíochta breathnú ar dhíbirt.
•    A chinntiú go mbíonn taifid scríofa ag na tuismitheoirí (a) den líomhain, (b) den fhiosrúchán, (c) den fhógra scríofa ar na cúinsí faoina bhfuiltear ag iarraidh ar an Bhord Bainistíochta breathnú ar fhéidearthacht na díbeartha.
•    Na taifid chuimsitheacha chéanna a chur ar fáil don Bhord agus a thugtar don scoláire agus do na tuismitheoirí.
•    A thabhairt le fios do na tuismitheoirí go luath dáta na héisteachta leis an Bhord Bainistíochta agus cuireadh a thabhairt dóibh teacht chuig an éisteacht sin.
•    Comhairle a chur ar thuismitheoirí gur féidir leo aighneacht scríofa agus ó bhéal a dhéanamh don Bhord Bainistíochta.  
13.7.    Tá sé de fhreagracht ar Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall athbhreithniú a dhéanamh ar an fhiosrúchán tosaigh agus bheith sásta ann féin gur tugadh faoin fhiosrúchán mar is ceart de réir nósanna imeachta cothroma.  
13.8.    Ba chóir don Bhord Bainistíochta a athbhreithniú féin a dhéanamh ar an cháipéisíocht ar fad agus ar thosca uilig an cháis.
13.9    .    Ba chóir don Bhord Bainistíochta a chinntiú nach bhfuil duine ar bith páirteach i     bplé an Bhoird a raibh aon bhaint aige le dálaí an cháis.
13.10    Nuair a chinneann Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall ar scoláire a dhíbirt     caithfidh sé éisteacht a ghairm agus ba chóir an cruinniú sin a eagrú mar is ceart de     réir nósanna imeachta an Bhoird.  
13.11    Is féidir go ndéanfaí tuismitheoirí a thionlacan ag éisteacht an Bhoird ach, ós fóram tuata é, ní gnáthchleachtas é ionadaíocht dhlíthiúil bheith ann. Ba chóir a chur in iúl i scríbhinn do Rúnaí an Bhoird dhá lá roimh an chruinniú cé a bheas i láthair.
13.12    Ag tús an chruinnithe fiafróidh an Cathaoirleach cé acu atá coimhlint leasa ag aon bhall i leith na ceiste atá á breathnú ag an Bhord.  Nuair a mheasann an Bord go bhfuil coimhlint leasa ann, tarraingeoidh an ball /na baill sin siar ón chruinniú.
13.13    Ag an éisteacht, cuireann an Príomhoide agus na tuismitheoirí, nó scoláire 18 mbliana d’aois nó os a cionn, a gcás faoi bhráid an Bhoird i láthair a chéile agus beidh siad ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt ó Bhaill an Bhoird. Ba chóir cead a bheith ag gach páirtí cuid fianaise an pháirtí eile a cheistiú.  Ba chóir ceisteanna a chur tríd an Chathaoirleach ag deireadh gach cuir i láthair.
13.14    Nuair a bhíonn a gcás déanta ag an Phríomhoide agus ag na Tuismitheoirí, tarraingeoidh siad siar ón chruinniú.
13.15    Má bhíonn comhairle ghairmiúil an Phríomhoide de dhíth ar an Bhord, is féidir a iarraidh ar an Phríomhoide teacht ar ais chuig an chruinniú ar feadh tamall gairid chuige sin.  Agus an Príomhoide i láthair, ní bheidh aon phlé ann ar thuillteanais an cháis atáthar a bhreathnú.
13.16    I rith na héisteachta caithfidh an Bord a chinntiú go mbíonn siad, agus go bhfeictear iad a bheith, neamhchlaonta mar a bhaineann se leis an Phríomhoide agus leis an scoláire.  Is féidir gur mhaith le Tuismitheoirí go ndéanfaí iad a thionlacan ag éisteachtaí agus ba chóir don Bhord sin a éascú de réir dea-chleachtais agus nósanna imeachta Boird.
13.17    Nuair a bhíonn éisteacht tugtha don dá thaobh ba chóir don Bhord a chinntiú nach mbíonn an Príomhoide ná na Tuismitheoirí i láthair do phlé an Bhoird.
13.18    Le linn dóibh díbirt atá molta a éisteacht agus a mheas beidh aird chuí ag an Bhord do:
(j)    nádúr, scála agus marthanacht aon iompair a maítear ina leith gurb é a ba chionsiocair, nó a chuir, leis an gcinneadh a rinne an Bord nó a rinneadh ar son an Bhoird,  
(k)    réasúntacht aon iarrachtaí a rinne an scoil le cur ar chumas an scoláire a mbaineann an t-achomharc leis (an ‘scoláire i gceist’) páirt a ghlacadh san oideachas agus tairbhe a bhaint as,
(l)    leasa oideachasúla an scoláire i gceist agus an inmhianaitheacht  go gcuirfí ar chumas an scoláire chomh fada agus is féidir páirt a ghlacadh in oideachas lena c(h)uid piaraí agus tairbhe a bhaint as,
(m)    leasa oideachasúla scoláirí eile na scoile, agus soláthar éifeachtach an oideachais dóibh, agus timpeallacht a chaomhnú sa seomra ranga agus sa scoil a chabhraíonn leis an bhfoghlaim i measc scoláirí na scoile agus a chinntíonn leanúnachas teagaisc a bheith á sholáthar do scoláirí in aon seomra agus sa scoil atá i gceist,
(n)    sábháilteacht, sláinte agus leas múinteoirí, scoláirí agus foireann na scoile,
(o)    cód an iompair faoi réir rannóg 23 den Acht Oideachais (Leas) 2000 agus beartais ábhartha eile na scoile agus —

(p)    na dualgais a chuirtear ar scoileanna nó ar a mboird ag nó faoi aon achtachán,
(q)    treoirlínte a eisíodh de bhun rannán 22(7) den Acht 2000, agus
(r)    a leithéidí eile ceisteanna a mheasann an Bord a bheith ábhartha.

14    Plé agus gníomhartha an Bhoird Bhainistíochta i ndiaidh na héisteachta
14.1        Ar chluinstin ó na daoine go léir atá páirteach, tá sé de fhreagracht ar an Bhord cin    neadh a dhéanamh cé acu atá bunús leis an líomhain nó nach bhfuil agus más í an     díbirt an smachtbhanna is cuí.  
14.2    Nuair a bhíonn an Bord Bainistíochta den tuairim, agus fíricí uilig an cháis breathnaithe acu, gur chóir an scoláire a dhíbirt, caithfidh an Bord scéala a chur chuig an Oifigeach Leasa Oideachais (OLO) i scríbhinn faoina thuairim agus faoi na cúiseanna atá leis an tuairim sin de bhun Alt 24 (91) den Acht Oideachais (Leas), 2000.  Ba chóir don Bhord tagairt do nósanna imeachta tuairiscithe an Bhoird Náisiúnta Leasa Oideachais le haghaidh moltaí díbeartha.  
14.3    Ní féidir an scoláire a dhíbirt roimh imeacht 20 lá scoile ón dáta ar a bhfaigheann an tOifigeach Leasa Oideachais an fógra scríofa seo.
14.4    Ba chóir don Bhord Bainistíochta scéala scríofa a chur chuig na tuismitheoirí faoi chinneadh an phlé agus sa chás go bhfuil díbirt á mholadh acu, ba chóir a rá leis na tuismitheoirí go gcuirfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Leasa Oideachais ar an eolas.

15    Comhairliúcháin a shocraíonn an tOifigeach Leasa Oideachais
15.1        Laistigh de 20 lá ón am a bhfaightear fógra ó Bhord Bainistíochta déanfaidh an      OLO gach iarracht fhéideartha comhairliúcháin ar leith bheith aige leis an         Phríomhoide, na tuismitheoirí agus an scoláire. Eagróidh an OLO cruinniú leis na     páirtithe sin. Díreoidh na comhráite sin ar shocruithe ailtéarnacha oideachais don     scoláire.
15.2        Go dtí go mbíonn na comhairliúcháin in 11.1 thart is féidir go measfadh an Bord     Bainistíochta go bhfuil sé iomchuí scoláire a chur ar fionraí le linn an ama sin.      Níor chóir smaoineamh air sin ach amháin nuair a mheastar go mbeadh láithreacht     leantach an scoláire ar scoil ina chur isteach mór ar fhoghlaim scoláirí eile nó ina     riosca ar shábháilteacht agus ar shláinte scoláirí nó baill foirne.

16    An Cinneadh ar Dhíbirt a dhearbhú
16.1    Nuair a bheidh an tréimhse 20 lá i ndiaidh fógra chuig an OLO istigh agus nuair atá an Bord Bainistíochta go fóill den bharúil gur chóir an scoláire a dhíbirt, ba chóir don Bhord Bainistíochta an cinneadh ar dhíbirt a dhearbhú go foirmiúil.  
16.2    Ba chóir a chur in iúl do thuismitheoirí láithreach go leanfar den díbirt anois. Caithfear a chur in iúl do Thuismitheoirí agus don scoláire faoina gceart achomhairc os comhair BOO an Chabháin agus Mhuineacháin.

17    Rannán 29 Achomharc in aghaidh Díbeartha
17.1        Is féidir leis na tuismitheoirí nó scoláire atá os cionn 18 mbliana, an fhionraíocht a     achomharc faoi Rannán 29 den Acht Oideachais 1998.
17.2        Ba chóir a gceart ar achomharc os comhair BOO an Chabháin agus Mhuineacháin a     thabhairt le fios do thuismitheoirí agus don scoláire agus ba chóir an fhoirm     chaighdeánach a thabhairt dóibh trína dtaiscfí an t-achomharc sin.
17.3        Nuair a bhíonn deireadh le hachomharc os comhair BOO an Chabháin agus     Mhuineacháin, féadfaidh tuismitheoirí agus an scoláire achomharc eile a chur os     comhair Rúnaí Ginearálta na Roinne Oideachais agus Scileanna.

18    Athbhreithniú ar úsáid na Díbeartha
18.1    Ba chóir do Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall úsáid na díbeartha a     athbhreithniú sa scoil ag eatraimh thráthrialta

19    Cur i bhfeidhm agus Athbhreithniú Beartais
19.1        Beidh an Príomhoide agus Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall freagrach as an     bheartas seo a chur i bhfeidhm.
19.2        Déanfar an beartas seo a athbhreithniú go tréimhsiúil, i bhfianaise reachtaíocht     éiritheach agus Treoirlínte a eisítear ón Roinn Oideachais agus Scileanna ón uair a     fhaomhtar é go hoifigiúil ag Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus     Mhuineacháin agus ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall.

3)    Go mbíonn meas agat ar dhaoine agus ar mhaoin agus go dtuairisceoidh tú aon dochar taismeach a dhéanann tú nó a fheiceann tú. 

1. An Polasaí

I gcomhréir le riachtanais an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na dtreoirlínte faoi chód iompair a d’eisigh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais tá an beartas frithbhulaíochta seo a leanas glactha ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall mar chuid de chód iompair iomlán na scoile. Géilleann an beartas go huile agus go hiomlán do riachtanais Ghnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile a foilsíodh i Meán Fómhair 2013

2. Príomhphrionsabail dea-chleachtais

Aithníonn Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a dhiúltaí a d’fhéadfadh a thionchar a bheith ar dhaltaí, agus geallann an scoil dá réir cloí leis na príomhphrionsabail dea-chleachtais seo a leanas agus iompar bulaíochta á chosc agus á chomhrac.

  • Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil:
    • ina nglactar go fonnmhar le difríocht agus le héagsúlacht agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht;
    • ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i dtimpeallacht neamhbhagrach; agus
    • ina gcuirtear caidreamh bunaithe ar mheas chun cinn ar fud phobal na scoile;
  • Ceannaireacht éifeachtach;
  • Cur chuige scoile uile;
  • Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aige
  • Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt)
    • a chothaíonn ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí; agus
    • ina dtéitear i ngleic go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus trasfóbach;
  • Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí;
  • Tacaíochtaí don fhoireann;
  • Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar shlí chomhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus
  • Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.

3. Sainmhíniú ar bhulaíocht

I gcomhréir le Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile seo é an sainmhíniú ar bhulaíocht: iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine nó daoine eile, agus a dhéantar arís agus arís eile. Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas ar an sainmhíniú ar bhulaíocht:

  • Ionsaitheacht fhisiciúil: Áirítear air sin duine a bhrú, a shá, a bhualadh, a chiceáil, a phriocadh nó cor coise a chur ann. Bheadh trom-ionsaí fisiciúil ar áireamh anseo. Is minic a théann daltaí i mbun ‘troideanna bréige’, ach féadtar úsáid a bhaint astu chun ciapadh fisiciúil a dhéanamh faoi cheilt, sin nó duine a ghortú.
  • Imeaglú: Cineál ar leith iompar bulaíochta is ea imeaglú: d’fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar chomharthaíocht choirp ionsaitheach ina mbaintear úsáid as an nguth mar arm troda. D’fhéadfadh aghaidh a léiríonn ionsaitheacht agus/nó míghnaoi a bheith ina chúis mhór imní.
  • Aonrú agus eisiamh: Tarlaíonn bulaíocht den chineál seo nuair a dhéanann cuid den rang nó an rang ar fad duine a aonrú, a eisiamh nó neamhaird a thabhair air/uirthi d’aon ghnó. Fágtar duine as an áireamh d’aon ghnó agus bíonn cúlchaint mhailíseach ar siúl. D’fhéadfadh ráitis mhaslacha a bheith á scríobh mar gheall ar an dalta seo in áiteanna poiblí, nó nótaí faoin dalta nó líníochtaí den dalta a bheith á scaipeadh nó í/é a bheith á maslú/mhaslú de chogar ach é a bheith sách ard le go gcloisfí é.
  • Caidreamh bulaíochta: Bíonn seo ann nuair a dhiúltaítear go leanúnach d’iarrachtaí duine caidreamh a bheith aige/aici le piaraí agus gaol a chothú leo, nó nuair a bhaintear an bonn de na hiarrachtaí sin.
  • Cibearbhulaíocht: Is bulaíocht é seo a chuirtear i gcrích trí theicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide ar nós téacsteachtaireachtaí, suíomhanna líonra sóisialta, r-phost, cur teachtaireachtaí meandracha, feidhmchláir, suíomhanna cluichíochta, seomraí comhrá agus teicneolaíochtaí eile ar líne. An cineál bulaíochta ar líne is coitianta ná teachtaireachtaí míchuí nó goilliúnacha a dhíriú ar dhuine.
  • Ainmneacha maslacha a thabhairt ar dhuine: Duine ar bith a thugann ainm maslach, goilliúnach nó náiritheach ar dhuine eile, ba cheart féachaint air sin mar iompar bulaíochta. Is minic a ndéantar tagairt do chuma fhisiciúil duine. D’fhéadfaí aird dhiúltach a dhíriú ar thuin chainte nó ar ghuth so-aitheanta. Is minic cumas acadúil a bheith ina chúis le hainmneacha maslacha.
  • Dochar do mhaoin: Is féidir bulaíocht a dhíriú ar mhaoin phearsanta. I gceist ansin bheadh damáiste d’éadaí, d’fhón póca nó do ghléasanna eile, do leabhair scoile agus d’ábhar foghlama eile nó cur isteach ar thaisceadán nó ar rothar an dalta. D’fhéadfaí a bhfuil sa mhála scoile a chaitheamh amach ar an urlár. D’fhéadfaí rudaí pearsanta a bhriseadh, a loit, a ghoid nó a chur i bhfolach.
  • Sracadh: D’fhéadfaí airgead a éileamh, faoi bhagairt uaireanta. D’fhéadfaí iallach a chur ar dhalta maoin a ghoid ar son duine eile atá ag gabháil d’iompar bulaíochta .
  • Bulaíocht bunaithe ar aitheantas, ar nós bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch, bulaíocht bunaithe ar bhallraíocht den Lucht Siúil agus bulaíocht ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.

Ní chuimsíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht teagmhais aonraithe nó teagmhais aon uaire d’iompar diúltach d’aon turas, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile agus ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile.

Ach, i bhfianaise an bheartais seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh Gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.

Iompar diúltach nach n-áirítear sa sainmhíniú seo ar bhulaíocht, déileálfar leis de réir chód iompair na scoile.

4. Múinteoirí Ábhartha

Is iad na múinteoirí ábhartha a dhéanfaidh bulaíocht a imscrúdú agus a dhéileálfaidh léi ná na Cinn Bhliana, an Príomhoide agus an Príomhoide Tánaisteach.

5. Straitéisí oideachais agus coiscthe

Seo a leanas na straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear straitéisí a bheidh dírithe go sonrach ar an gcibearbhulaíocht agus ar bhulaíocht bunaithe ar aitheantas, go háirithe bulaíocht homafóbach agus trasfóbach) a bheidh in úsáid i gColáiste Oiriall:

  • Tá muid agdoiciméadú na straitéisí sonracha oideachais agus coiscthe a chuirfidh an scoil chun feidhme, go speisialta agus muid ag plé le ceist na cibearbhulaíochta agus na bulaíochta bunaithe ar aitheantas, go háirithe bulaíocht homafóbach agus bulaíocht trasfóbach.
  • Ar na cleachtais éifeachtacha tá bearta coiscthe agus bearta chun feasacht a mhúscailt mar gheall ar gach gné den bhulaíocht agus straitéisí chun cabhrú le daltaí dul i ngleic le fadhbanna de réir mar a thagann siad chun cinn. Féachann muid chuige sna straitéisí sin go gcothaítear ionbhá, meas agus athléimneacht sna daltaí.
  • Féachann muid chuige le deiseanna a thabhairt do dhaltaí chun braistint dhearfach dá fhiúntas féin a chothú tríd ár gclár curaclaim agus seach-churaclaim mar aithníonn muid an ceangal láidir idir iompar agus féinmheas. Díríonn ár dtionscnaimh agus ár gcláir ar fheasacht agus ar thuiscint ar bhulaíocht a chothú sna daltaí, lena n-áirítear cúiseanna le bulaíocht agus iarmhairtí na bulaíochta agus pléann muid go speisialta le bulaíocht bunaithe ar aitheantas agus go háirithe le bulaíocht homafóbach agus le bulaíocht trasfóbach.
  • Is í an dóigh is fearr le dul i ngleic leis an chibearbhulaíocht ná é a chosc ar an chéad dul síos. Díríonn ár mbearta coiscthe agus múscailt feasachta a dhíriú ar oideachas a chur ar dhaltaí faoin tslí le hiad féin a iompar ar líne, faoin tslí le bheith sábháilte ar líne agus ar conas cultúr a chothú ina dtuairiscítear aon údar imní mar gheall ar chibearbhulaíocht. Gnéithe tábhachtach den chur chuige sin is ea cur chuige scoile uile a bheith ann agus ról gníomhach a bheith ag tuismitheoirí. Cuirtear san áireamh sna bearta coiscthe agus múscailt feasachta an deis atá ann chun gabháil don chibearbhulaíocht ar áiseanna teicneolaíochta atá ar fáil laistigh den scoil.
  • Déanann muid cúram speisialta do dhaltaí faoi mhíchumas agus do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus bearta á ndéanamh ag scoil chun dul i ngleic le hiompar bulaíochta nó é a chosc. Tá an beartas frithbhulaíochta gcomhréir le beartais agus tacaíochtaí eile na scoile agus cinntíonn muid go n-oibríonn na seirbhísí ar fad a dhéanann soláthar do dhaltaí mar iad as lámha a chéile. Ar na bearta a dhéanann muid chun an fhéidearthacht go ndéanfar bulaíocht ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a laghdú tá cuimsiú a fheabhsú, díriú ar scileanna sóisialta a shealbhú, aird a dhíriú ar phríomhócáidí mar an t-athrú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil agus dea-chultúr scoile a chothú ina léirítear meas ar chách agus ina dtugtar lámh chúnta do uile dhuine
  • Déanann muid ár ndícheall chun feasacht ar bhulaíocht a mhúscailt ionas go dtuigfidh gach ball de phobal na scoile an rud is bulaíocht ann agus an tslí ina ndéileálann an scoil le hiompar bulaíochta. Bíonn Seachtain Feasachta Cairdis againn, pléitear bulaíocht agus déantar cur i láthair ag cruinnithe Chumann na dTuismitheoiri, bíonn seisiúin eolais ann do mhúinteoirí, déantar caint go rialta ag na tionóil, pléitear an t-ábhar le gach bliainghrúpa ag tús na bliana, bíonn feachtas póstaer iontach feiceálach ann ar fud na scoile, líonann daltaí ceistneoirí machnamhacha isteach, tá CCTT i bhfeidhm ar fud na scoile agus tá go leor gnéithe den bhulaíocht fite fuaite i gCód Iompair na scoile. Déanann muid cinnte de go mbíonn feitheoireacht shásúil roimh, le linn agus i ndiaidh am scoile.Tuigeann muid go dtugann seachtain feasachta cairdis an fhéinmhuinín is gá a thabhairt do thuismitheoirí dalta a bhfuil bulaíocht á déanamh uirthi nó air chun í a thuairisciú don scoil. Cuidíonn sé fosta chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt do thuismitheoirí an dalta atá ag gabháil don bhulaíocht go bhfuil sé de fhreagracht orthu díriú ar iompar a bpáiste.
  • Tá roinnt comhpháirteanna agus clár sa churaclam atá ábhartha maidir le bulaíocht a chosc agus meas ar éagsúlacht agus ar chuimsiú a chothú. Déantar foráil speisialta sa churaclam OSPS chun féachaint ar iompar bulaíochta agus ar na réimsí gaolmhara seo: muintearas agus imeascadh, cumarsáid, coimhlint, cairdeas, sábháilteacht phearsanta agus caidreamh. Sa Chlár Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta tá deiseanna chun réimsí ar nós na gnéasachta agus an chaidrimh a chíoradh agus a phlé, rudaí a bhfuil baint mhór acu le bulaíocht bunaithe ar aitheantas. Aithníonn muid go mbíonn gá le forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí sa réimse seo oibre.
  • Tá spás i ngach ábhar le dearcadh a chothú ar mhaithe le meas ar chách; a thábhachtaí atá an éagsúlacht; conas réamhchlaonadh agus steiréitíopáil a sheachaint agus béim a leagan ar a neamh-inghlactha atá iompar bulaíochta. Sa Bhéarla, úsáideann muid litríocht chun plé a spreagadh. Sa Tíreolaíocht agus sa Stair, déanann muid tagairtí don choilíniú, don dúshaothrú agus do dheachtóireachtaí chun mí-úsáid cumhachta a léiriú. Leathnaíonn muid na hiarrachtaí sin isteach i réimsí eile ar nós na hEalaíne, na Drámaíochta, an Oideachais Reiligiúnaigh, agus an Chorpoideachais. Cuireann muid comhoibriú agus iarrachtaí grúpa chun cinn i spóirt foirne, i gclubanna agus i gcumainn scoile agus trí mheán ábhair phraiticiúla. Aithníonn muid go mbíonn deiseanna den scoth le fáil i ngníomhaíochtaí spóirt chun ionsaitheacht a úsáid ar mhaithe le rud fiúntach a bhaint amach agus chun féinsmacht a fhoghlaim.

6. Gnásanna chun iompar bulaíochta a imscrúdú agus déileáil leis

Seo a leanas straitéisí Choláiste Oiriall chun iompar bulaíochta a imscrúdú, chun obair leantach a dhéanamh ina dtaobh agus chun iompar bulaíochta a thaifeadadh mar aon leis na straitéisí idirghabhála bunaithe a úsáidfidh an scoil chun déileáil le cásanna d’iompar bulaíochta:

  • Is é an phríomhaidhm a bheidh ag an múinteoir ábhartha agus bulaíocht á imscrúdú aici/aige aghaidh a thabhairt ar aon cheist is gá a réiteach agus an gaol idir na páirtithe i dtrácht a chur ar ais mar a bhí sé an oiread is indéanta sin (seachas milleán a chur). Agus imscrúdú ar bhulaíocht á dhéanamh, nó nuair a bhítear ag déileáil le bulaíocht, feidhmeoidh an múinteoir a breithiúnas gairmiúil chun a chinneadh cibé an ndearnadh bulaíocht agus conas ab fhearr déileáil leis an bhfadhb.
  • Caithfidh an múinteoir ábhartha gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí gan ainm, a imscrúdú agus déileáil leo. Ar an tslí sin beidh níos mó muiníne ag daltaí gur fiú bulaíocht a thuairisciú. Tá sé ríthábhachtach an mhuinín sin a chothú i measc na ndaltaí. Deirtear go soiléir leis na daltaí nach ag tabhairt leideanna atá siad nuair a thuairiscíonn siad teagmhais bhulaíochta ach á n-iompar féin ar dhóigh fhreagrach.
  • Spreagann muid an fhoireann neamhtheagaisc – rúnaithe, cúntóirí riachtanas speisialta, coimhdirí iompar scoile, airígh, glantóirí – chun aon teagmhas d’iompar bulaíochta a fheiceann siad, nó a luaitear leo, a thuairisciú don mhúinteoir ábhartha.
  • Ní mór do thuismitheoirí agus do dhaltaí comhoibriú le haon imscrúdú agus cuidiú leis an scoil aon cheist bhulaíochta a réiteach agus an caidreamh a bhíodh idir na páirtithe atá bainteach leis an mbulaíocht a chur ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta sin. Bíonn cur chuige réidh, fadhbréitigh, neamhmhothúchánach ag múinteoirí agus iad ag déileáil le líomhaintí d’iompar bulaíochta a thuairiscíonn daltaí, baill foirne nó tuismitheoirí dóibh.
  • Is fearr de ghnáth teagmhais a imscrúdú lasmuigh den seomra ranga chun príobháideacht gach duine atá bainteach leis a chosaint. Déantar gach agallamh go híogair ag féachaint do chearta gach dalta i dtrácht. D’fhéadfadh daltaí nach bhfuil baint dhíreach acu leis an mbulaíocht eolas úsáideach a sholáthar in agallamh mar sin. Agus anailís á déanamh ar theagmhais d’iompar bulaíochta, lorgaíonn an múinteoir ábhartha freagraí ar na ceisteanna céard, cá háit, cathain, cén duine nó cé na daoine, agus cad chuige? Cuirtear na ceisteanna sin go ciúin síochánta, chun sampla a thabhairt den dóigh le déileáil le coimhlint go héifeachtach neamhionsaitheach.
  • Má bhíonn grúpa i gceist, cuirtear agallamh ar gach duine den ghrúpa ina nduine agus ina nduine agus labhraítear leis an ngrúpa ar fad ina dhiaidh sin. Ag an chruinniú grúpa, iarrtar ar gach ball cuntas a thabhairt ar an méid a chonaic sé/sí le bheith cinnte go gcluineann an grúpa ar fad cuntais a chéile. Tacaíonn muid le gach ball sa ghrúpa i bhfianaise na mbrúnna a d’fhéadfadh baill eile sa ghrúpa a chur orthu tar éis an agallaimh leis an múinteoir. In amanna thiocfadh leis a bheith foirsteanach nó cuidiúil iarraidh ar na daoine a bhí bainteach leis an teagmhas a gcuntas ar an teagmhas a scríobh síos.
  • I gcásanna ina gcinneann an múinteoir ábhartha go ndearnadh bulaíocht, déantar teagmháil, a luaithe is féidir, le tuismitheoirí na bpáirtithe i dtrácht chun iad a chur ar an eolas faoin scéal agus na bearta a dhéanfar a mhíniú doibh (le tagairt do bheartas na scoile). Tugann an scoil deis phlé do na tuismitheoirí ar dhóigheanna ina bhféadfaí bearta na scoile agus an tacaíocht do na daltaí a athneartú nó a mhéadú. I gcás ina gcinneann an múinteoir ábhartha go raibh dalta ag gabháil d’iompar bulaíochta, cuirtear ar a súile nó ar a shúile di nó dó go soiléir gur sháraigh sí nó sé beartas frith-bhulaíochta na scoile agus déantar iarrachtaí chun go bhféachfadh sí nó sí an scéal ó thaobh an dalta a bhfuil an bhulaíocht á déanamh air nó uirthi nó air.
  • Bíonn muid soiléir don uile dhuine atá bainteach leis (gach grúpa daltaí agus tuismitheoirí) in aon chás ina mbíonn gá le smachtú, gur ceist phríobháideach é idir an dalta atá á smachtú, a tuismitheoirí nó a thuismitheoirí agus an scoil. Socraíonn muid cruinnithe breise leis na páirtithe i dtrácht a shocrú chun iarracht a dhéanamh iad a thabhairt le chéile níos faide anonn má bhíonn an dalta a ndearnadh an bhulaíocht uirthi nó air sásta leis sin. Féadann tairbhe theiripeach a bheith ag gabháil le cruinnithe mar sin.
  • I gcásanna ina measann an múinteoir ábhartha nár caitheadh go leordhóthanach leis an iompar bulaíochta laistigh de 20 lá scoil tar éis di/dó a chinneadh gur tharla iompar bulaíochta, caithfidh an múinteoir ábhartha é sin a thaifead ar an ‘fhoirm chun iompar bulaíochta a thaifeadadh’.Agus cinneadh á dhéanamh cibé ar déileáladh go cuí agus go leordhóthanach le cás bulaíochta, ní mór don mhúinteoir ábhartha, mar chuid dá breithiúnas gairmiúil, na tosca seo a leanas a chur san áireamh: cibé ar scoireadh den iompar bulaíochta ó shin; cibé ar réitíodh, a mhéad ab fhéidir, aon cheist a bhí le réiteach idir na páirtithe; cibé an bhfuil an caidreamh idir na páirtithe curtha ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta agus an bhfuarthas aon aiseolas ó na páirtithe i dtrácht, óna dtuismitheoirí nó ó Phríomhoide nó ó Phríomhoide Tánaisteach na scoile.
  • I gcás nach bhfuil tuismitheoir sásta gur dhéileáil an scoil le cás bulaíochta i gcomhréir leis na gnásanna seo, caithfidh gnásanna na scoile maidir le gearán a dhéanamh a chur in iúl don tuismitheoir. I gcás ina mbaineann an tuismitheoir úsáid as gnásanna na scoile maidir le gearán a dhéanamh agus nach bhfuil sí/sé sásta fós, caithfidh an scoil a insint don tuismitheoir go bhfuil sé de cheart aici/aige gearán a dhéanamh le hOmbudsman na Leanaí.

7. Gnásanna chun iompar bulaíochta a thaifeadadh

  • Tá sé cinnithe ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall go mbíonn gnásanna soiléire ag an scoil chun iompar bulaíochta a nótáil agus a thuairisciú go foirmiúil agus tá na gnásanna sin doiciméadaithe mar chuid de bheartas frithbhulaíochta na scoile. Ní mór gach taifead a choimeád i gcomhréir leis an reachtaíocht chuí cosanta sonraí.
  • Bíodh is go gcaithfear gach tuairisc, lena n-áirítear tuairiscí gan ainm i dtaobh bulaíochta, a imscrúdú agus go gcaithfidh an múinteoir ábhartha déileáil leo, bainfidh an múinteoir ábhartha leas as a breithiúnas gairmiúil i dtaca leis na taifid de na tuairiscí sin a bheidh le coinneáil, na bearta a dhéanfar agus aon phlé leo siúd atá bainteach leis an mbulaíocht maidir leis an gcéanna.
  • Má fhaigheann an múinteoir ábhartha go ndearnadh bulaíocht, ní mór don mhúinteoir ábhartha taifid scríofa a choimeád chun cabhrú léi/leis an cheist a réiteach agus an gaol idir na páirtithe a chur ar ais mar a bhí sé, a mhéad is indéanta.
  • Caithfidh an múinteoir ábhartha an ‘fhoirm chun iompar bulaíochta a thaifeadadh’a úsáid chun an t-iompar bulaíochta a thaifeadadh sna cásanna seo a leanas: i gcásanna ina measann sé/sí nár díríodh go leordhóthanach ná go cuí ar an iompar bulaíochta laistigh de 20 lá scoile tar éis dó/di a chinneadh gur tharla iompar bulaíochta; agus i gcás inar chinn an scoil go gcaithfear iompar bulaíochta a thaifeadadh i gcásanna áirithe agus é a thuairisciú láithreach don Phríomhoide nó don Leasphríomhoide.

8. Tacaíochtaí do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu

Seo a leanas clár tacaíochta Choláiste Oiriall do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu:

  • Tá clár tacaíochta i bhfeidhm i gColáiste Oiriall do dhaltaí a ndearnadh bulaíocht orthu. D’fhéadfadh comhairleoireacht agus/nó deiseanna chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí chun a bhféinmheas a mhéadú, a scileanna cairdis agus sóisialta a fhorbairt agus athléimneacht a chothú iontu a bheith de dhíth ar dhaltaí mar sin. Is cur chuige cúram comhroinnte atá againn. Baineann muid leas as cleachtas aisríoch, idirghabháil nó comhréiteach mar is cuí. Coinníonn muid cumarsáid oscailte idir scoil, tuismitheoirí agus gníomhaireachtaí seachtracha agus oibríonn muid le chéile chun an fhadhb a leigheas agus chun an t-íospartach a chosaint.
  • Tá clár tacaíochta do dhaltaí a bhí ag gabháil d’iompar bulaíochta a bheith mar chuid de phróiseas idirghabhála na scoile, leis. Bíonn cuidiú leanúnach de dhíth ar dhaltaí a bhí bainteach le hiompar bulaíochta. Daltaí nach leor a bhféinmheas, tugtar deiseanna dóibh chun a gcuid braistintí féinfhiúntais a mhéadú. Mar sin aithníonn muid go mbíonn sé tábhachtach sna straitéisí foghlama a chuirtear chun feidhme foráil a bheith déanta chun braistint daltaí faoina bhfiúntas féin a mhéadú. D’fhéadfadh comhairleoireacht a bheith de dhíth ar dhaltaí a ghabhann d’iompar bulaíochta chun gur féidir leo bealaí eile a fhoghlaim chun a gcuid riachtanas a chomhlíonadh gan cearta daoine eile a shárú.

9. Cásanna tromchúiseacha a tharchur chuig FSS

I dtaca le bulaíocht sna scoileanna foráiltear in Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Páistí, 2011 (Tús Áite do Leanaí) agus sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna “i gcásanna ina dtarlaíonn teagmhas tromchúiseach agus ina bhféachtar ar an iompar mar iompar a d’fhéadfadh a bheith mí-úsáideach, ní mór don scoil dul i gcomhairle le Seirbhísí Sóisialta FSS do Leanaí agus do Theaghlaigh d’fhonn freagairt chuí a dhréachtú, ar nós plean bainistíochta”.

Déantar teagmhais thromchúiseacha d’iompar bulaíochta a tharchur, faoi mar atá leagtha síos in Tús Áite do Leanaí agus sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna, chuig Seirbhís Leanaí agus Teaghlaigh HSE agus/nó na Gardaí, faoi mar a bheadh.

Foráiltear, leis, sna Gnásanna um Chosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna go gcaithfidh an Teagmhálaí Ainmnithe comhairle a lorg ó Sheirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS i gcás ina bhfuil údar imní ag pearsanra scoile mar gheall ar pháiste ach nach bhfuil siad cinnte ar cheart an cás a thuairisciú d’FSS.

10. Bulaíocht mar chuid den chontanam

Is féidir le hiompar bulaíochta a bheith mar chuid de chontanam iompair seachas ina ghníomh neamhspleách agus i gcásanna áirithe féadfaidh an t-iompar iompú ina ionsaí nó ina chiapadh tromchúiseach fisiciúil nó gnéasach. Chun a chinntiú go ndéileáltar le cásanna den sórt sin go cuí, déantar foráil i mbeartas frithbhulaíochta na scoile le haghaidh nascacht chuí leis an gcód iompair agus chun cásanna a tharchur chuig gníomhaireachtaí agus údaráis sheachtracha, nuair is cuí. I gcásanna ina bhfuil údar tromchúiseach imní againnl i dtaobh iompar dalta, lorgaíonn muid comhairle ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS).

11. Maoirseacht agus Monatóireacht Éifeachtach ar Dhaltaí

Deimhníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil beartais agus cleachtais chuí mhaoirseachta agus monatóireachta i bhfeidhm chun iompar bulaíochta a chosc agus chun déileáil leis agus chun idirghabháil luath a éascú más féidir.

12. An Ciapadh a Chosc

Deimhníonn an Bord Bainistíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a oibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun daltaí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.

13. Tá an beartas seo ar fáil do phearsanra na scoile, foilsíodh é ar shuíomh Gréasáin na scoile agus do Chumann na dTuismitheoirí. Cuirfear cóip den bheartas seo ar fáil don Roinn agus do phátrún na scoile má iarrtar é.

14. Athbhreithneoidh an Bord Bainistíochta an beartas agus a fheidhmiú uair amháin i ngach scoilbhliain. Cuirfear fógra scríofa gur athbhreithníodh beartas frithbhulaíochta na scoile ar fáil do phearsanra na scoile, foilseofar é ar shuíomh Gréasáin na scoile agus do Chumann na dTuismitheoirí. Cuirfear taifead den athbhreithniú agus a thoradh ar fáil don phátrún agus don Roinn, leis, má iarrtar é.

Dhaingnigh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall an Beartas Frithbhulaíochta seo ar 5 Aibreán 2017

Síniú: ___________________________ Dáta: 5 Aibreán 2017

(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta)

Síniú: _____________________________ Dáta: 5 Aibreán 2017

(Príomhoide)

Dáta an chéad athbhreithnithe eile: go bliantiúil

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Is iar-bhunscoil é Coláiste Oiriall a sholáthraíonn iar-bhunoideachas do scoláirí ón Chéad Bhliain go dtí Bliain na hArdteistiméireachta. Faoi réir na riachtanais a fhaightear san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017, Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 agus Treoir Tusla ar Ráitis Cosaint Leanaí a ullmhú, chomhaontaigh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí atá leagtha amach sa doiciméad seo. <

1 Ghlac an Bord Bainistíochta, mar chuid den Ráiteas um Chosaint Leanaí ginearálta seo, le cáipéis na Roinne: Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017, agus cuirfidh sé i bhfeidhm é go hiomlán agus gan aon athrú

2 Is é Brendan Ó Dufaigh an Phearsa Idirchaidrimh Ainmnithe (PIA)

3 Is í Annette Ní Thuathail an Leas-Phearsa Idirchaidrimh Ainmnithe (LPIA)

4 Aithníonn an Bord Bainistíochta go mbaineann ceisteanna cosaint agus leas leanaí le gach gné de shaol scoile agus gur gá iad a léiriú i ngach ceann de bheartais, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí na scoile. Cloífidh an scoil ina cuid beartas, nósanna imeachta, cleachtas agus gníomhaíochtaí leis na prionsabail dea-chleachtais seo a leanas i dtaca le cosaint agus leas leanaí:

Maidir leis an scoil de:

  •  aithneoidh sí go bhfuil cosaint agus leas leanaí barrthábhachtach, beag beann ar gach ceist eile;
  • cloífidh sí go hiomlán lena dualgais reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí agus faoi aon reachtaíocht ábhartha eile i dtaca le cosaint agus le leas leanaí;
  • comhoibreoidh sí go hiomlán leis na húdaráis reachtúla chuí i dtaca le ceisteanna a bhaineann le cosaint agus le leas leanaí
  • gabhfaidh sí chuici féin cleachtais shábháilte chun na féidearthachtaí go dtarlódh díobháil nó taismí do leanaí a laghdú agus chun oibrithe a chosaint ó bheith ag glacadh rioscaí nach gá a d’fhéadfadh iad a fhágáil oscailte do líomhaintí mí-úsáide nó neamairt;
  • forbróidh sí cleachtas oscailteachta le tuismitheoirí agus spreagfaidh sí na tuismitheoirí chun baint a bheith acu in oideachas a gcuid páistí; agus
  • cloífidh sí go hiomlán le riachtanais rúndachta agus í ag plé le ceisteanna cosaint leanaí.

Cloífidh an scoil freisin leis na prionsabail thuas i dtaca le haon scoláire aosach a bhfuil soghontacht speisialta ag baint leis.

5 Tá na nósanna imeachta / bearta seo a leanas faoi réir:

  • I ndáil le haon bhall foirne arb é ábhar aon fhiosrúcháin é (cibé cén dóigh a gcuirtear síos air) i ndáil le haon ghníomh, faillí nó toisc i dtaca le páiste a dhéanann freastal ar an scoil, cloíonn an scoil leis na nósanna imeachta cuí atá leagtha amach i gCaibidil 7 de Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 agus leis na nósanna imeachta araíonachta ábhartha aontaithe do bhaill foirne na scoile atá foilsithe ar shuíomh gréasáin ROS.
  • I dtaca le roghnúchán nó le hearcaíocht na foirne agus a n-oiriúnacht chun obair a dhéanamh le páistí, cloíonn an scoil le riachtanais reachtúla ghrinnfhiosrúcháin na nAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 agus leis an treoir ghinearálta um dhualgas cúraim atá leagtha síos i ngrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus i gciorcláin chuí earcaíochta a d’fhoilsigh ROS agus atá ar fáil ar shuíomh gréasáin ROS.
  • I dtaca le soláthar faisnéise agus, mar is gá, teagasc agus oiliúint a sholáthar, do bhaill foirne maidir le heachtraí díobhála a aithint (faoi mar a shainmhínítear san Acht 2015)

¬ Thug an scoil cóip de Ráiteas um Chosaint Leanaí na scoile do gach ball foirne

¬ Cinntíonn an scoil go bhfaigheann gach ball nua foirne cóip de Ráiteas um Chosaint Leanaí na scoile

¬ Spreagann an scoil an fhoireann chun tairbhe a bhaint as oiliúint ábhartha

¬ Spreagann an scoil baill den Bhord Bainistíochta chun tairbhe a bhaint as oiliúint ábhartha

¬ Coimeádann an Bord Bainistíochta taifid de gach ócáid oiliúna a bhíonn ag baill foirne agus Boird

  • I dtaca le hábhair imní faoi chosaint leanaí a thuairisciú do Tusla, bíonn ar gach ball foirne cloí leis na nósanna imeachta atá leagtha amach in Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017, lena n-áirítear i gcás múinteoirí cláraithe, iad siúd a bhaineann le tuairisciú faoi shainordú faoin Acht um Thús Áite do Leanaí.
  • Sa scoil seo tá an PIA thuas-ainmnithe ceaptha ag an mBord mar an “duine ábhartha” (mar a shonraítear san Acht um Thús Áite do Leanaí) le bheith ina chéad phointe teagmhála i dtaca leis an Ráiteas um Chosaint leanaí.
  • Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí is daoine faoi shainordú gach múinteoir cláraithe atá fostaithe ag an scoil.
  • I gcomhréir leis an Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, rinne an Bord measúnú ar aon dochar féideartha do pháiste le linn dóibh a bheith ar scoil nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí scoile. Tá measúnú scríofa ina leagtar amach na réimsí riosca a aithníonn an scoil agus nósanna imeachta na scoile le déileáil leis na rioscaí sin curtha mar aguisín leis na nósanna imeachta seo.
  • Is féidir teacht ar na nósanna imeachta éagsúla a dtagraítear dóibh sa Ráiteas seo trí shuíomh gréasáin na scoile, ar shuíomh gréasán ROS nó cuirfidh an scoil iad ar fáil ach iad a iarraidh.

6 Foilsíodh an ráiteas seo ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuireadh é ar fáil do gach ball de phearsanra na scoile, Cumann na dTuismitheoirí agus patrún na scoile. Tá sé ar fáil go furasta ag tuismitheoirí agus ag caomhnóirí ach é a iarraidh. Cuirfear cóip den Ráiteas seo ar fáil do Tusla agus don Roinn má iarrtar í.

7 Déanfar an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo a athbhreithniú ar bhonn bliantúil nó chomh luath agus is féidir tar éis athrú ábhartha ar bith in aon cheist lena mbaineann an ráiteas seo.

Ghlac an Bord Bainistíochta leis an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo ar 8 Feabhra 2018. v

Síniú: ____________________________ Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta Príomhoide 

Síniú: ____________________________ Rúnaí don Bhord Bainistíochta

Dáta: 8 Feabhra 2018 Dáta: 8 Feabhra 2018

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

  1. . Ráiteas Polasaí

    Tá teacht isteach i ngach scoil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOO) an Chabháin agus Mhuineacháin oscailte do gach scoláire, a bhfuil sé ar a gcumas freastal ar a c(h)uid riachtanas oideachais, ag cur san áireamh sábháilteacht agus cearta na ndaoine ábhartha uilig ,  agus faoi réir fheidhmeanna an Aire de bhun alt 7 (1) an Achta Oideachais 1998.

1.2       Baineann an polasaí seo le gach scoil dara leibhéil atá faoi choimirce Bhord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin BOO, lena  n-áirítear Coláiste na Láirige, Cluain Eois ar páirtnéireacht é idir BOO an Chabháin agus Mhuineacháin agus Deoise Chlochair.

  1. Creat Dlíthiúil

2.1       Aithníonn Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin cearta gach aon pháiste, páistí atá faoi mhí-chumas nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais eile acu san áireamh, de réir mar a bhaineann siad le hoideachas de bhun an Achta Oideachais 1998 Alt 6 (c) agus faoi réir Fheidhmeanna an Aire de bhun Alt 7 (1) an Achta Oideachais 1998.

  • Aithníonn Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin a dhualgas chun rochtain chomhionann ar oideachas agus rannpháirtíocht ann a chur chun cinn de bhun an Achta Oideachais 1998, Alt 6 (c) agus faoi réir fheidhmeanna an Aire de bhun Alt 7 (1) an Achta Oideachais 1998.
  • Maidir le glacadh isteach scoláirí chuig Coláiste Oiriall dearbhaíonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin a dhualgas reachtúil de bhun an Acht Um Stádas Comhionannais 2000 de réir mar a bhaineann sé le forais oideachais.
  1. Freagracht Tuismitheoirí

3.1       D’fhéadfadh go mbeadh ar thuismitheoir(í)/caomhnóir(í) páiste (nó scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) a bhfuil iarratas ar iontráil chuig Coláiste Oiriall déanta acu cibé faisnéis a sholáthar a thiocfadh a bheith leagtha síos ag an scoil/ BOO an Chabháin agus Mhuineacháin. Beidh foirm toilithe mar chuid den fhoirm rollaithe agus beidh sí le síniú ag tuismitheoir(í)/chaomhnóir(í) ag ceadú do scoileanna teacht a bheith acu ar eolas ábhartha ó bhunscoileanna agus ó phríomháisineachtaí eile.

3.2      Roimh theacht an pháiste go Coláiste Oiriall, beidh ar an tuismitheoir/caomhnóir agus ar an bpáiste (nó ar scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) gealltanas scríofa a shíniú ina ndearbhaítear go gcloífear le Cód Iompair na scoile.

  1. Nósanna Imeachta maidir le Clárú

  • Déanfaidh BOO an Chabháin agus Mhuineacháin cinnte de go ndréachtóidh gach scoil faoina choimirce nósanna imeachta iontrála mar chuid dá mbeartas iontrála/rollaithe. Is iad na nósanna imeachta seo a leanas a bheidh i gceist i gColáiste Oiriall:
  • Foirm rollaithe le comhlánú.
  • An dáta deiridh chun iarratas a chur isteach más ábhartha.
  • Agallamh le tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) nó le scoláire os cionn 18 mbliana d’aois.
  • Nósanna imeachta maidir leis an bpobal áitiúil a chur ar an eolas faoin rollú.
  • Faisnéis a bhíonn ar thuismitheoirí an scoláire a chur ar fáil

Is é briseadh meántéarna Feabhra an spriocdháta le haghaidh Rolluithe / Iontrálacha.

4.2       D’fhéadfadh Coláiste Oiriall an fhaisnéis seo a leanas a lorg ó thuismitheoirí scoláirí nach bhfuil aois 18 mbliana slánaithe acu, nó ó scoláirí a bhfuil aois 18 mbliana slánaithe acu, sula ndéantar cinneadh maidir le cead isteach chun na scoile a bheith acu.

  • Ainm, dáta breithe an scoláire, teastas breithe an dalta
  • Seoladh an scoláire/na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí
  • Uimhir UAP an scoláire
  • Uimhreacha teileafóin agus uimhreacha teileafóin do chás éigeandála san áireamh
  • Sonraí na scoile/anna a raibh an scoláire iontu roimhe seo
  • Faisnéis ó iarscoil/eanna
  • Reiligiún an scoláire
  • Faisnéis míochaine ábhartha
  • Aon fhaisnéis ábhartha maidir le caomhnóireacht an scoláire/orduithe dlí a bhaineann leis an scoláire
  • Aon eolas ábhartha maidir le riachtanais oideachais an scoláire
  • Tuairiscí Síceolaíochta /Oideachais
  • Foirm E1 11 ó scoláirí a chónaíonn i dTuaisceart Éireann

Caithfidh ar a laghad tuismitheoir/caomhnóir amháin a bheith le scoláire (faoi bhonn 18 mbliana d’aois) agus é ag teacht isteach i gColáiste Oiriall.

  • Eiseoidh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall nó a ainmní cinneadh chuig tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) páiste nó scoláire a bhain 18 mbliana d’aois amach taobh istigh de 21 lá tar éis an fhaisnéis ábhartha atá léirithe i 5.2 a fháil, nó taobh istigh de 21 lá tar éis an dáta deiridh sonraithe le haghaidh rollaithe, de bhun an Achta Oideachais (Leas) Alt 19 (3). Tá an fógra seo ag brath ar an scoil comhaontú sínithe a fháil ar an bPolasaí Iontrála agus ar na beartais a leag an scoil síos do Chód Iompair agus Úsáid Substaintí.

Má tháirgtear áit sa scoil, caithfidh tuismitheoir/caomhnóir nó scoláire os cionn 18 mbliana d’aois a chur in iúl do Choláiste Oiriall cé acu a bheidh nó nach mbeidh siad ag glacadh le tairiscint na scoile.

4.4     Tá Coláiste Oiriall atá faoi choimirce BOO an Chabháin agus Mhuineacháin cláraithe mar Rialaitheoir Sonraí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Tá na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) agus scoláire do Choláiste Oiriall de dhíth ar mhaithe le rollú, clárú, riarachán, téacsanna a sheoladh, leas leanaí agus chun ár ndualgais reachtúla eile a chomhlíonadh.  Bainfear feidhm as sonraí teagmhála chomh maith chun tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) agus scoláire a chur ar an eolas maidir le himeachtaí nó gníomhaíochtaí Choláiste Oiriall nó BOO. 

Cé go gcaithfidh BOO an Chabháin agus Mhuineacháin agus Coláiste Oiriall leis an eolas a sholáthraítear faoi rún go ginearálta tá seans ann go mbeidh orainn, ó am go ham, sonraí pearsanta a mhalartú ar bhonn rúnda le comhlachtaí eile lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Roinn Gnóthaí Sóisialta agus Teaghlaigh , an Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,  an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais nó le scoil eile (má bhíonn an scoláire ag aistriú). Braitheann muid ar thuismitheoir(í)/caomhnóir(í)/scoláire os cionn 18 mbliana d’aois faoi choinne faisnéis chruinn agus iomlán a sholáthar dúinn agus faoi choinne uasdátú a thabhairt dúinn maidir le haon athrú san fhaisnéis a sholáthraítear.  Dá mbeadh tuismitheoir(í) /caomhnóir(í) /scoláire ós cionn 18 mbliana d’aois ag iarraidh sonraí pearsanta a uasdátú nó rochtain a fháil orthu,  ba choir dóibh é sin a chur in iúl do Phríomhoide Choláiste Oiriall i scríbhinn.

  • Critéir Iontrála

 5.1  Ar cháilitheacht d’iontráil chuig Coláiste Oiriall áirítear na rialacháin seo a leanas de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta:

  • A bheith in aois a 12 ar 1 Eanáir sa bhliain féilire tar éis don pháiste teacht isteach sa chéad bhliain.
  • Ba chóir go mbeadh caighdeán oideachais cothrom le caighdeán bhliain a sé Bunscoile bainte amach ag scoláirí le náisiúntacht Éireannach sa bhliain acadúil roimh theacht isteach sa scoil.
  • Oideachas inchomparáide a bheith bainte amach ag scoláirí ó thíortha eile.

 5.2       Sa chás go mbíonn níos mó iarratas ná áiteanna, cinnteoidh BOO an Chabháin agus Mhuineacháin go sonróidh gach scoil atá faoina riail critéir iontrála ina gcuid beartas iontrála/rollaithe.  Déanfar tosaíocht sa bheartas ar chritéir roghnaithe agus léireoidh siad conas a dhéantar tosaíocht de na critéir sin.  I gColáiste Oiriall áirítear i measc na gcritéar sin iad seo a leanas:         

  • Liosta scoileanna friothálacha (scoláirí ó Ghaelscoileanna agus scoláirí, ó bhunscoileanna eile i gCo Mhuineacháin, a bhfuil suim acu in iar-bhunscolaíocht Ghaeilge)
  • An chéad pháiste sa chlann
  • Rogha siblín
  • Páistí bhaill foirne na scoile
  • Páistí a bhfuil freastal déanta acu ar bhunscoil lán-Ghaeilge
  • Gach páiste eile a bhfuil cónaí air/uirthi sa scoilcheantar.
  • Páistí nach bhfuil cónaí orthu sa scoilcheantar ach a bhfuil siblín leofa ar an scoil.
  • Páistí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den scoilcheantar
  • Gach iarratasóir eile

5.3       Sa chás go mbíonn Coláiste Oiriall ró-shuibscríofa ar an lá deiridh faoi choinne

iarratais a fháil, cuirfear liosta feithimh i bhfeidhm. Ba chóir eolas maidir leis an dáta sin a chur ar fáil go forleathan.  Má tharlaíonn sé go bhfuil áit ar fáil déanfar an cinneadh maidir le hiarratasóirí de réir na gcritéar iontrála.

  •     De réir threoirlínte na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, ní chuirfidh líon na n-áiteanna iontrála isteach ar an gcuraclam a sholáthraítear.
  • I gcás scoláire a bheith ag iarraidh bliain scoile a ath-dhéanamh, déanfaidh Coláiste Oiriall gach iarracht freastal ar an scoláire. Beidh sé sin, áfach, faoi réir (a) áiteanna a bheith ar fáil i ngrúpaí ranga rogha ábhar an scoláire, (b) na roghanna ábhar atá á dtairiscint ag an scoil an bhliain sin, (c) srianta curaclaim gach raoin ábhar agus (d) de réir Imlitir MO2/95 na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
  1. Iarratas ar Aistriú ó scoláire

  • Aithníonn BOO an Chabháin agus Mhuineacháin agus Coláiste Oiriall nach féidir aistrithe a sheachaint (m.sh. athrú áit chónaithe nó clann ag bogadh isteach i gceantar). Mar ghnáthpholasaí, ní mholtar aistrithe isteach i gColáiste Oiriall ar mhaithe le leas ginearálta leanúnachas oideachas an scoláire. De ghnáth, is é polasaí Bhord Bainistíochta Choláiste Oiriall gan aistrithe a cheadú i rith na scoilbhliana.  Mar sin féin, i gcás scoláirí ar bhog a dteaghlach isteach sa scoilcheantar, agus nach bhfuil cláraithe le hiar-bhunscoil ar bith eile, chuirfí iarratais mar sin san áireamh.
  • Sainmhínítear iarratas ar aistriú mar iarratas ó scoláire a chláraigh cheana féin i scoil eile sa scoilcheantar nó lasmuigh de, nó ó scoláire a dhéanann iarratas tar éis 30 Meán Fómhair den bhliain acadúil.
  • Níl sé mar pholasaí ag BOO an Chabháin agus Mhuineacháin ná ag Coláiste Oiriall glacadh le haistrithe ó scoláirí atá cláraithe cheana féin i scoileanna iar-bhunoideachais áitiúla, ach amháin má bhíonn cúinsí eisceachtúla ann. Ní ghlacfar le hiarratais ó scoláirí a bhfuil imeachtaí araíonachta ina gcoinne i scoil eile lena n-áirítear nósanna imeachta achomhairc reachtúla leanúnacha de réir an Achta Oideachais 1998 nó an Achta Oideachais (Leas) Nuair a shásaítear Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall go bhfuil a leithéid de chúinsí eisceachtúla ann cuirfear na coinníollacha agus na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm.
  • Ní mór do thuismitheoir(í) / caomhnóir(í) an scoláire (nó an scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) an Fhoirm um Iarratas ar Aistriú a chomhlánú. Ba cheart litir a bheith leis an bhfoirm iarratais seo a mhíníonn go soléir cúis(eanna) an iarratais.
  • Ní mór do thuismitheoir(í)/ caomhnóir(í) an scoláire (nó an scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) an fhoirm um Fhiosrúchán Scoláirí a chomhlánú.
  • Ní mór do Phríomhoide na scoile a bhfuil an scoláire ag freastal uirthi faoi láthair nó na scoile deiridh ar a raibh sé/sí an fhoirm um Fhiosrúchán Scoláirí chomhlánaithe a sheoladh ar ais.
  • Tá lán ceada ag Coláiste Oiriall litir mholta rúnda a iarraidh ó Údaráis na scoile ar ar fhreastail an scoláire.
  • Caithfidh na doiciméid seo a leanas a bheith leis na hiarratais:
  • An dá thuairisc is deireanaí ón scoil ar a raibh an scoláire
  • Dhá litir theistiméireachta, dátaithe laistigh de mhí ó dháta an iarratais, ó Chlub Óige nó Spóirt nó a gcómhaith agus/nó ó bhall den Gharda Síochána nó ball den phobal a bhfuil meas air.
  • Tuairiscí ar bith síceolaíochta/oideachasúla
  • Ní mór an Fhoirm Iarratais a chomhlánú ina hiomláine.
  • Nuair a chomhlíontar na riachtanais in 6.4, 6.5 agus 6,6 agus 6.8, ní mór do thuismitheoir(í)/ caomhnóir(í) an scoláire (nó an scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) freastal a dhéanamh ar agallaimh leis an bPríomhoide agus le daoine ábhartha eile de chuid Choláiste Oiriall.

Is féidir go n-iarrfaí fosta ar an scoláire scrúdú Gaeilge scríofa agus cainte a dhéanamh, a fhóireann dá aois agus chaithfeadh bainistíocht na scoile í féin a shásamh go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge labhartha agus scríofa ag an dalta.

6.10     Agus cearta reachtúla agus bunreachtúla thuismitheoir(í)/ caomhnóir(í) agus a gcuid páistí a aithint, tá lán ceada ag Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall diúltú d’iarratas ar bith faoi chúinsí áirithe lena n-áirítear iad seo a leanas cé nach liosta eisiach iad:

  • Taifead de dhrochiompar leanúnach roimhe
  • Easpa acmhainní fónta chun freastal a dhéanamh ar riachtanais ar leith
  • Gnóthachtáil oideachasúil ró-easnamhach le bheith páirteach i gcúrsa áirithe

Caithfidh bainistíocht na scoile a bheith sásta go bhfuil cúiseanna maithe oideachasúla ag baint leis an aistriú agus go rachadh an t-aistriú chun sochair an scoláire sin.

  • Má bhíonn Bord Bainistíocht Choláiste Oiriall sásta gur chuir an t-iarratasóir gach

            eolas cruinn ar fáil agus, ag féachaint dá dhualgas reachtúil, má bhíonn sé sa dóigh gur féidir freastal ar riachtanais oideachais an iarratasóra, gan cur isteach ar chearta na scoláirí atá ar an scoil cheana féin, d’fhéadfaí ansin áit a thairiscint don iarratasóir. Is féidir le Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall iarratasóir a dhiúltú murar nochtadh eolas iomlán nó má tugadh eolas míthreorach bréagach.

  • Déanfar breithiúnas ar iarratais ar iontráil isteach i gColáiste Oiriall i dtaobh leas iomlán na scolairí uile atá ag freastal faoi láthair agus spás fisiceach agus acmhainní a bheith ar fáil fosta. I ndiaidh chinneadh Bhord Bainistíochta an Choláiste ar iarratais aonair i dtaobh aistrithe chun na scoile, má bhíonn bunús maith ag an mBord chun teacht ar an tuairim chothrom agus réasúnta nach mbeadh sé chun leasa na scoláirí atá ann cheana féin agus/nó an iarratasóra a leithéid d’iarratas a cheadú, is é polasaí na scoile clárú iarratasóirí da léithéid a dhiúltú.
  • I gcás scoláire a díbríodh as scoil eile ar bhonn buan, ní féidir leis an iarratas dul ar aghaidh go dtí go mbeidh na tuismitheoir(í)/ caomhnóir(í) (nó an scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) curtha ar an eolas maidir leis an gceart atá acu ar achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na hiarscoile maidir leis an scoláire. Má díbríodh an scoláire as Coláiste Oiriall, ní cheadófar an t-iarratas ar athchlárú.
  • Cuirfidh Coláiste Oiriall na tuismitheoirí(í)/ caomhnóir(í) (nó an scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) ar an eolas maidir leis an gceart sin. Thig leis an scoil foirmeacha iarratas ar achomharc a chur ar fáil maidir leis sin.
  • Sa chás go ndéanann scoláire atá tar éis Coláiste Oiriall a fhágáil go deonach chun fostaíocht a ghlacadh nó chun freastal ar fhoras eile oideachais, iarratas foirmeálta ar athiontráil chun na scoile, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, glacfaidh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall cinneadh maidir le cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh siad an scoláire isteach arís. In athbhreithniú den saghas sin bheadh iarthaifead scoile an scoláire maidir le cur chuige oibre, rannpháirtíocht in imeachtaí scoile, tinreamh, iompar, taifead ón iarscoil san áireamh. Cuirfear an tuismitheoir/na tuismitheoirí agus an scoláire faoi agallamh mar chuid den nós imeachta maidir le hathiontráil.
  • Tá lán ceada ag Coláiste Oiriall tuilleadh sonraí ábhartha a iarraidh i dtaca leis an b[róiseas rollaithe. Cuirfear cinntí in iúl laistigh de 21 lá i ndiaidh do na tuismitheoirí(í)/ caomhnóir(í) (nó an scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) na sonraí ábhartha uile a chur ar fáil de réir Alt 19 den Acht Oideachais (Leas) 2000
  • Cuirfear na ceisteanna seo a leanas san áireamh agus na hiarratais á meas:
  • Méid an ranga
  • Foireann a bheith ar fáil
  • Cóiríocht chuí a bheith ar fáil
  • Cearta na n-iarratasóirí
  • Cearta agus leas na scoláirí/foirne laistigh den scoil.
  • Gnóthachtáil oideachasúil an iarrthóra i leith an chláir ar mian leis clárú fáoina choinne
  • Tinreamh agus iompar an iarrthóra go nuige seo
    • Roimh theacht chuig Coláiste Oiriall, beidh ar scoláirí foirm a shíniú ina léireoidh siad go nglacann siad le Cód Iompair Choláiste Oiriall.
  • Fáiltíonn Coláiste Oiriall roimh scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus úsáidfimid idir acmhainní airgeadais agus daonna curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun freastal réasúnta a dhéanamh ar scoláirí faoi mhíchumais nó a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu oiread le costas ainmiúil ionas go mbeidh sé ar chumas na scoláirí seo a bheith rannpháirteach i saol na scoile oiread agus is indéanta go praiticiúil.

Agus cearta tuismitheoirí(í)/ caomhnóir(í) a aithint agus lántacaíocht a thabhairt dóibh scoil a roghnú dá gcuid páistí, tá cumas na scoile chun riar ar scoláirí a bhfuil riachtanais ar leith acu ag brath ar sholáthar acmhainní, atá oiriúnach do riachtanais an scoláire aonair, a sholáthraítear ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Fáiltíonn an scoil roimh iarratais ó scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais orthu, ach amháin sa chás go gciallódh nadúr agus méid na riachtanas sin nach mbeadh clárú an scoláire sa scoil ag teacht le leas an scoláire féin ná le soláthar éifeachtach oideachais do na scoláirí eile a mbeadh an scoláire i gceist le hoiliúint ina gcuideachta.

I ndiaidh dóibh an t-eolas ábhartha agus na cáipéisí gairmiúla uile a bhailiú lena n-áirítear tuairiscí bunscoile na scoláirí, déanfaidh Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall breithmheas ar an dóigh chun riar ar riachtanais na scoláirí sin.

Déanfar teagmháil leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) i dtaca le hacmhainní don oideachas speisialta a mbeadh na scoláirí i dteideal iad a fháil. Má bhíonn tuilleadh acmhainní de dhíth, cuirfidh an Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSO) iarratas chuig CNOS chun an tacaíocht riachtanach a cheadú – comhlánfar na foirmeacha i gcomhar le tuismitheoir(í)/ caomhnóir(í).

B’fhéidir go n-iarrfadh an Príomhoide cruinniú le tuismitheoir(í)/ caomhnóir(í) an scoláire chun an t-iarratas agus riachtanais an scoláire a phlé.

Is féidir le tuismitheoir(í)/ caomhnóir(í) an scoláire cruinniú a iarraidh leis an bPríomhoide chun oideachas agus/nó riachtanais eile an scoláire a phlé.

NB     B’fhéidir go dtógadh sé roinnt ama ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a leithéid d’iarratas a phróiseáil. Moltar go láidir do thuismitheoirí a chur in iúl don scoil chomh luath agus is féidir agus a gcás ar leith a phlé píosa maith roimh iarratas a dhéanamh.

  1. Cead Isteach a Dhiúltú do Scoláire

 7.1       Ní dhiúltóidh Coláiste Oiriall cead d’aon scoláire teacht isteach ach amháin  de réir pholasaí BOO an Chabháin agus Mhuineacháin faoi Alt 15(2) (d) den Acht Oideachais 1998.

7.2       Coimeádann Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall aige féin an cead chun diúltú do scoláire faoi chúinsí eisceachtúla.  Airítear ar na cúinsí sin an cás ina gcruthódh rollú an scoláire riosca doghlactha ó thaobh shláinte, leas agus sábháilteacht scoláirí eile, nó na foirne, nó baol do mhaoin na scoile.

  1. Achomhairc

8.1       Sa chás go ndiúltaítear cead isteach chuig Coláiste Oiriall, cuirfear an tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) (nó an scoláire atá os cionn 18 mbliana d’aois) ar an eolas maidir leis an nós imeachta achomhairc de réir an Achta Oideachais 1998 agus an Achta Oideachais (Leas) 2000.

  1. Cur i bhFeidhm agus Athbhreithniú

9.1       Is iad BOO an Chabháin agus Mhuineacháin, na Boird Bhainistíochta agus Príomhoide gach scoile dara leibhéal atá freagrach as an bpolasaí seo a chur i bhfeidhm.

9.2       Déanfaidh Coláiste Oiriall athbhreithniú ar an bpolasaí seo go rialta i bhfianaise aon chomharthaí reachtúla nó ábhartha eile.

Seanchas Scoile Cúrsa ullmhúcháin i labhairt na Gaeilge do dhaltaí nuachláraithe i gColáiste Oiriall nár fhreastail ar bhunscoileanna lánGhaeilge. Cúrsa 15 uair thar cúig sheachtain roinnte suas sna deich gceacht seo a leanas:

  • Staidéar agus Foghlaim
  • Obair Bhaile
  • Gnáthchúrsaí an Lae
  • Cúrsaí Ama
  • Imeachtaí Breise
  • Easaontais nó Míthuiscintí
  • Am Lóin
  • Ag cur aithne ar dhaoine eile
  • Na hÁbhair Scoile
  • Seomra Ranga

Chomh maith le Gramadach = briathra, ag cur ceisteanna, aidiachtaí, caint dhíreach/claoininsint agus réamhfhocail Téarmaíocht na Matamaitice

  • Úsáidtear áiseanna clos-amhairc go forleathan
  • Cuirtear an-bhéim ar labhairt na teanga
  • Dírítear ar fhoclóir scoile amháin

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Is scoil lánGhaeilge í Coláiste Oiriall. Feidhmíonn an scoil trí mhéan na Gaeilge. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teanga teagaisc na scoile agus beidh dualgas ar dhaltaí Gaeilge amháin a labhairt le chéile ar scoil, ar bhus na scoile agus ag aon imeachtaí a bhaineann leis an scoil is cuma cá mbíonn na himeachtaí sin ar siúl. Tá sé mar chuid de shainmheon na scoile go n-úsáidfidh an dalta an leagan Gaeilge dá shloinne.

Tuigimid gurb é an Béarla príomhtheanga na ndaltaí sa bhaile agus dá bhrí sin tá sé mar dhúshlán againn bheith ar ár n-airdeall chun an teanga a fhorbairt. Cuirfear deiseanna ar fáil do dhaltaí maidir le húsáid na Gaeilge i gcomhthéacsanna ilghnéitheacha, mar shampla; turasanna, aoí-chainteoirí díospóireachtaí, cluichí srl.

Iarrfar ar thuismitheoirí roinnt Gaeilge a úsáid lena bpáistí, mar shampla; ag fágáil slán ar maidin agus ag fiafraí conas mar a bhí an lá scoile. Iarrfar orthu fosta cur ina luí ar a gcuid páistí Gaeilge amháin a úsáid ar scoil seachas i rangannna na dteangacha eile agus míniú dóibh faoin ról lárnach, tábhachtach atá ag teanga na Gaeilge i saol na scoile.

Míneofar sainthéarmaíocht na n-ábhar do dhaltaí i nGaeilge agus i mBéarla. Is téacsleabhair i nGaeilge a úsáidfear chomh fada agus is féidir. Is féidir go mbeidh teacht ag daltaí ar leagan Béarla de na téacsleabhair ach iad a bheith mar leabhair thagartha sa bhaile acu mas mian leo.

Is i nGaeilge amháin a bheas na nótaí ranga uilig a thabharfaidh múinteoirí amach dá gcuid daltaí. Is trí mhéan na Gaeilge amháin a bheas obair bhaile, obair ranga, scrúduithe ranga agus billeoga eolais i rith an ama.

Tá sé de dhualgas ar mhúinteoirí an dea-shampla a léiriú tríd an Ghaeilge a labhairt i gcónaí agus na daltaí a spreagadh chun ard-chaighdeán Gaeilge a labhairt agus cruinneas agus saibhreas teanga a chothú. Coinneoidh an Príomhoide, an fhoireann agus an tOide Ranga súil ar chaighdeán labhairt na Gaeilge.

Cuirfear cumas Gaeilge agus toilteanas í a labhairt san áireamh nuair a bheas múinteoirí agus baill eile foirne á gceapadh do Choláiste Oiriall. Reachtálfar agallaimh do phostanna sa scoil trí mheán na Gaeilge. Cuirfear Polasaí Gaeilge na scoile in iúl do gach ball foirne.

Cuirfear Riail na Gaeilge i bhfeidhm. Tabharfar aitheantas do na daltaí is mó a léiríonn díograis agus dílseacht don Ghaeilge. Meabhrófar tábhacht na Gaeilge do na daltaí go rialta. Tabharfar cuidiú faoi leith do dhaltaí nach bhfuil líofa sa Ghaeilge agus do dhaltaí nár fhreastail ar bhunscoileanna lánGhaeilge.

Tá próiseas faoi leith leagtha amach sa Chód Iompar maidir le sárú Riail na Gaeilge. Tá cóip den Chód Iompair ag gach clann agus ag gach ball foirne.

Déanfaidh an Príomhoide, múinteoirí agus daltaí monatóireacht rialta ar an pholasaí. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta, Coiste na dTuismitheoirí agus tuismitheoirí tacaíocht don pholasaí.

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Faoi Acht na dTeangacha, 2003, tá dualgas reachtúil ar eagraíochtaí stáit le cinntiú go bhfuil teacht ar agus go bhfuil caighdeán níos airde seirbhísí poiblí ann trí mheán na Gaeilge.

Tá aitheantas oifigiúil ag an Ghaeilge taobh istigh de Chomhphobal na hEorpa.

Freastalaíonn 24,000 duine óg ar chúrsaí Gaeilge samhraidh go bliaintiúil i gceantair ina labhraítear Gaeilge iontu ar a dtugtar Gaeltachtaí i seacht gcontae.

Tá staisiún raidió, seirbhís teilifíse agus paipéar nuachta seachtainiúil dá gcuid féin ag cainteoirí Gaeilge.

Tá 170 bunscoil lánGhaeilge agus 42 iarbhunscoil lánGhaeilge ann.

Tá leagan Gaeilge fá choinne Microsoft Office, Word, Excel, Powerpoint agus Outlook ar fáil.

Cuireann 59 ollscoil ar fud an domhain, Harvard, Notre Dame, California, Moscow, Sydney agus Toronto sa chuntas, cúrsaí Gaeilge ar fáil anois.

Is i nGaeilge amháin a labhair Seán Óg Ó hAilpín, captaen Chorcaí, nuair a bronnadh Corn Mhic Charthaigh air os comhair 80,000 duine i bPáirc an Chrocaigh i 2005. Rinne Dara Cinnéide amhlaidh nuair a bronnadh Corn Mhig Uighir air an bhliain roimhe sin.

Is feidir le húsáideoirí tuarthéacs Gaeilge a roghnú agus an Ghaeilge a roghnú mar ghnáth-theanga chlár an ghutháin an Samsung Tocco.

Ag bunús na n-ollscoileanna ó dheas agus ó thuaidh tá an Ghaeilge ar fáil mar ábhar céime B.A. i gColáiste na Trionóide, fiú, thig leat Gaeilge a dhéanamh mar chéim aon ábhair. I gColáiste na Trionóide fosta cuirtear an Ghaeilge ar fáil mar cheann de thrí theanga sa B.Sc. i Ríomheolaíocht, Teangeolaíocht agus Teanga. I ndámh na Tráchtála i U.C.D. tá an Ghaeilge mar rogha amháin as 6 theanga Eorpacha, mar chuid den chúrsa 4 bliana B.Comm. (Idirnáisiúnta) le Gaeilge. In Ollscoil na hÉireann, Corcaigh tá an Ghaeilge mar rogha amháin as 5 theanga Eorpacha sa chúrsa B.Comm. Eorpach le Gaeilge. Tá B.A.i nGaeilge agus Ceol ar fáil ansin i gCorcaigh fosta.

Coláistí Oiliúna

Tá ról lárnach ag an Ghaeilge sna coláistí oiliúna do bhunmhúinteoirí. Tá bunchaighdeán de C3 de dhíth ar pháipéar Ardleibhéil Gaeilge sna coláistí oiliúna ó dheas. Tá an Ghaeilge mar ábhar roghnach i gColáiste Oiliúna Ollscoile Naomh Mhuire, Béal Feirste. Cuireann Coláiste Mhuire, Marino an B.Ed. ar fáil trí mhéan na Gaeilge.

Na Meáin

Chuir fás Raidio na Gaeltachta, TG4 agus Foinse le forbairt na meán Gaeilge. Tá an Ghaeilge mar mhodúl roghnach sa chúrsa B.A. san Iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá an Ghaeilge mar rogha amháin as 3 theanga sa B.A. san Iriseoireacht agus Teanga in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT).

Tá ceannrodaíocht déanta ag DCU i staidéar an ghnó trí Ghaeilge. Cuireann siad cúrsa clúiteach B.Sc.i bhFiontraíocht, Ríomháirí agus Airgeadais ar fáil trí Ghaeilge chomh maith le cúrsa iarchéime M.Sc.i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Sa choláiste céanna tá an Ghaeilge mar rogha de roinnt teangacha ins na cúrsaí iarchéime M.A san Aistritheoireacht agus an M.A. in Ateangaireacht Comhdhála. Cuireann Ollscoil na hÉireann, Corcaigh cúrsa céime BCL agus an Ghaeilge ar fáil.

Gaillimh

Tá dualgas bunreachtúil ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cúrsaí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar sin thig le micléinn Tíreolaíochta, Staire, Trachtála, Fraincise agus Eolaíochta a gcuid foghlama nó cuid dá gcuid foglama a dhéanamh trí Ghaeilge. Is féidir an tArd Dioplóma in Oideachas a dhéanamh trí Ghaeilge i nGaillimh fosta.

Tá an Ghaeilge mar rogha de roinnt teangacha sa chúrsa M.A.i Staidéar an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, DCU agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Cuireann Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo B.A. i nGnó agus Cumarsáid ar fáil trí Ghaeilge agus cuireann cuid eile de na hInstitiúidí Teicneolaíochta eile modúl Gaeilge ar fáil i gcuid dár gcúrsaí céime.

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Réamhrá

Ta an beartas seo á chur in áit le lánpháirtíocht gach dalta i saol na scoile a chinntiú. Tá sé ag teacht le ráiteas misin Choláiste Oiriall a spreagann gach rannpháirtí i bpobal na scoile bheith ‘ag díriú ar bharr feabhais acadúil’ agus ‘a lánacmhainneacht a chomhlíonadh’. Tugann an tAcht Oideachais (Leas), 2000 creatlach chuimsitheach le haghaidh freastal rialta scoile a chur chun cinn. Faoin Acht, every caithfidh gach dalta freastal ar scoil go rialta go dtí go mbeidh siad sé bliana déag nó ar a laghad trí bliana oideachais a dhéanamh in iar-bhunscoil, cibé acu a thagann go deireanach.

Bunaíodh an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (NEWB) chun tacú le tinreamh scoile agus le leanúint de pháistí nach mbíonn ag freastal go rialta ar scoil. Féachann Coláiste Oiriall chuige go bhfaigheann a chuid daltaí uile oideachas a thabharfaidh oiread deiseanna agus is féidir le go mbainfidh gach dalta barr feabhais amach. Déanann Coláiste Oiriall an-iarracht timpeallacht fháilteach gheanúil a chruthú ina mothaíonn gach ball de phobal na scoile go bhfuil siad ag teastáil agus slán. Oibríonn na baill foirne uile leis na daltaí agus a dteaghlaigh lena chinntiú go bhfreastalaíonn gach dalta go rialta agus go poncúil.

Aidhmeanna agus Cuspóirí

A chinntiú gur tosaíocht é an tinreamh agus an phoncúlacht ag gach páirtí leasmhar sa scoil ar a n-áirítear daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí.
Creatlach a fhorbairt a shainíonn róil agus freagrachtaí aontaithe agus a chothaíonn comhsheasmhacht maidir le cur i gcrích tascanna ainmnithe.
Tacaíocht, comhairle agus treoir a sholáthar do thuismitheoirí agus do dhaltaí.
Cur chuige córasach a fhorbairt i dtaca le sonraí a bhailiú a bhaineann le tinreamh agus anailís a dhéanamh orthu.

Breis forbartha a dhéanamh ar chóras luaíochtaí agus smachtbhannaí.
Riachtanais an dalta aonair a aithint le linn saincheisteanna atá bainteach le freastal a láimhseáil nó athimeascadh a phleanáil i ndiaidh tréimhse fhada asláithreachta.

Róil agus Freagrachtaí

Ról an Tuismitheora

Ba cheart do dhalta freastal ar scoil gach lá. Is é freagracht na dtuismitheoirí a chinntiú nach gcailleann a mac/iníon lá scoile ach amháin le linn tinnis nó tosca ‘dosheachanta’. Ba chóir coinní leighis/fiaclóireachta a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta scoile nuair is féidir. Níor chóir daltaí a bhaint amach as an scoil le linn am téarma le haghaidh laethanta saoire.

Má chailleann dalta lá ar scoil is ar chrann an tuismitheora a thiteann sé a chur in iúl do Choláiste Oiriall faoina asláithreacht. Is féidir teachtaireacht ghutháin a chur chuig oifig na scoile. Caithfidh nóta scríofa mínithe óna dtuismitheoir bheith ag daltaí atá ag filleadh chun na scoile i ndiaidh dóibh bheith as láthair. Tá spás fágtha le haghaidh na nótaí seo i ndialann an dalta. Ba cheart do thuismitheoirí a chinntiú go mbíonn a gcuid páistí ar scoil in am. Ba chóir do dhaltaí an scoil a shroicheadh 5 bhomaite roimh idir thús an lae scoile agus na ceachtanna san iarnóin. Tugann sin am dóibh dul chuig a dtaisceadán agus na leabhair agus an trealamh atá de dhíth orthu dá gcuid ranganna a eagrú.

Is é polasaí na scoile go gcoinneofar daltaí siar má bhíonn siad mall ar scoil. Cuirtear an choinneáil siar seo in iúl do thuismitheoirí trí litir ón Cheann Bliana. Má tharlaíonn sé go mbíonn daltaí mall ar bhonn leanúnach cuirfear litir abhaile le daltaí agus cuirfear tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm. Aithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh tosca dosheachanta i gceist nuair a thiocfaidh dalta isteach go mall m.s. deacrachtaí taistil. Bíonn an scoil solúbtha maidir le ceisteanna den chineál sin agus oibríonn sí i gcomhar leis na tuismitheoirí agus an dalta chun aon tacaíocht is féidir a thabhairt.

Ról an Dalta

Caithfidh daltaí bheith in am sa rang nuair a líonfaidh múinteoir an chéad tréimhse an rolla cláraithe. Tá sé doghlactha go mbeadh daltaí ag teacht isteach i ndiaidh an dara clog. Buailfidh clog na scoile 5 bhomaite roimh thús Cheacht a 1 agus cúig bhomaite roimh Cheacht a 6 arb é an chéad cheacht é i ndiaidh bhriseadh an lóin. Daltaí a bhíonn mall do Cheacht a 1 nó Cheacht a 7 caithfidh siad an ‘Leabhar Mall’ a shíniú agus tugtar duillín moille dóibh lena ligean isteach sa rang. Iarrfaidh maoir ar dhaltaí sna dorchlaí, sna spásanna taisceadán agus thart ar na leithris bogadh ar aghaidh chuig a gcuid ranganna in am.

Ar theacht ar ais chun na scoile i ndiaidh bheith as láthair, ba cheart do dhaltaí a nóta thaispeáint don mhúinteoir ábhair le linn chlárú na maidine, a thabharfaidh ar a sheal iad do rúnaí na scoile le linn a cuairte ar gach rang. Bítear ag súil leis i ngach cás neamhláithreachta go dtabharfaidh daltaí a mbris isteach le hobair a cailleadh a luaithe agus is féidir.

Teacht Isteach Mall ar Maidin: Má bhíonn daltaí mall ag teacht ar scoil ar maidin síneofar isteach iad sa phríomhoifig ag rúnaí na scoile agus tabharfar duillín moille dóibh. Is sárú tromchúiseach ar Chód Iompair na Scoile é gan síniú isteach go mall agus cuirfear smacht ar dhaltaí dá réir.

Teacht Isteach Mall Tráthnóna: Bítear ag súil leis go bhfillfidh daltaí sinsearacha ar ais ar scoil go poncúil i ndiaidh bhriseadh an lóin. Cuirfear daltaí a thagann isteach go mall i ndiaidh an lóin chuig Oifig na Scoile le haghaidh stampa moille. Má tharlaíonn sé arís is arís eile go mbíonn daltaí mall i ndiaidh an lóin is féidir go mbainfí a bpas lóin díobh. Ní mór do dhaltaí a imíonn ón scoil le linn an lae scoile síniú amach in Oifig na Scoile, ag rá cá huair atá siad ag imeacht agus cén fáth.

Ról an Phríomhoide /an Leas-Phríomhoide

Tá an Príomhoide/Leas-Phríomhoide freagrach as cur i bhfeidhm éifeachtach Bheartas Tinrimh agus Poncúlachta na scoile. Tá an Príomhoide/Leas-Phríomhoide freagrach as na tuairisceáin tinrimh chuí a sheoladh ar ais chuig an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (NEWB).

I gcomhar leis na Cinn Bhliana déanfaidh an Príomhoide/Leas-Phríomhoide monatóireacht ar an tinreamh agus cinnteoidh siad luath-idirghabháil má aithnítear go bhfuil fadhb ann. Úsáidfidh Cinn Bhliana agus/nó an Leas-Phríomhoide litreacha caighdeánacha na scoile le dul i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí daltaí a bhíonn mall go minic don scoil nó dá gcuid ranganna.

Ról an Chinn Bhliana

Is é an Ceann Bliana i bpáirt leis na múinteoirí ábhar atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar phatrúin tinrimh agus phoncúlachta trasna an bhliainghrúpa. Rachaidh an Ceann Bliana i dteagmháil le tuismitheoirí mar a mbíonn patrún asláithreachta nó moille le brath. Tugann an Ceann Bliana tacaíocht d’Oidí Ranga a chinntiú go bhfaightear míniú ar gach cás asláithreachta i nóta ó thuismitheoirí. I roinnt bheag cásanna is féidir go mbeadh deacracht ag an oide teacht ar nóta ón bhaile. Más cuí rachaidh an Ceann Bliana i gceann an phlé le cinntiú go mínítear an asláithreacht seo.

Cuirfidh an Ceann Bliana agus foireann bainistíochta na scoile smachtbhannaí don mhoille i bhfeidhm de réir Chód Iompair na Scoile. Cuirfidh an Ceann Bliana in iúl do thuismitheoirí trí litir nuair a bhíonn thart ar 15 chás neamhláithreachta ag dalta, go n-eiseofar ar ball tuairisc chuig an Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais, má leanann an patrún ar aghaidh. Ta an scoil tuisceanach maidir le riachtanais phearsanta agus tosca a cuid daltaí agus tuigtear go mbíonn spreagadh ag teastáil ó roinnt daltaí le teacht ar scoil go rialta. Bíonn ról ag an Cheann Bhliana chun tacú le daltaí deacrachtaí a shárú a bhaineann le tinreamh. Is féidir sin a dhéanamh trí:

  • Idirghabháil le baill foirne
  • Obair go dlúth le Tuismitheoirí
  • Athbhreithniú rialta a thabhairt ar an straitéis atá i bhfeidhm

Is é freagracht an Chinn Bhliana a chinntiú gur tosaíocht laistigh den Bhliainghrúpa é ardchaighdeán tinrimh agus poncúlachta. Is féidir sin a dhéanamh trí chruinnithe foirne Bliana, tionóil, bronnadh duaiseanna dheireadh na bliana srl.

Ról an Oide Ábhair

Is é an Múinteoir Ábhair atá freagrach as an ghlaoch rolla oifigiúil a ghlacadh gach lá le linn chlárú na maidine. Le linn an ama sin, ba chóir don Mhúinteoir Ranga leanúint den asláithreacht agus nótaí ó thuismitheoirí ag míniú na gcásanna seo a bhailiú. Ba chóir don Oide a chur in iúl don Cheann Bliana más amhlaidh, i ndiaidh roinnt meabhrúchán, nach dtugann dalta nóta isteach a mhíniú a neamhláithreachta. Is é an tOide Ábhar atá freagrach as rolla a ghlaoch ag tús gach ceachta. Is féidir na taifid seo a chur ar fáil do Chinn Bhliana, Príomhoide nó Leas-Phríomhoide dá dtarlódh sé in am ar bith go mbeadh ceist ann faoi thuairisc dhalta. Ba chóir d’Oidí Ábhar a rá leis an Cheann Bliana má thagann patrún asláithreachta/moillechun cinn i dtaca le dalta ar bith ina ngrúpa. Is féidir leis an Oide Ábhar a leithéid sin de bhuaireamh a chur in iúl do thuismitheoir trí dhialann an dalta. Nuair a choinnítear dalta siar nó a bhaintear as rang é ag duine údarásach, tabharfaidh an duine sin míniú scríofa dó/di faoina (h)asláithreacht ón rang. Níl cead ag aon dalta bheith as láthair ón rang gan a údarás scríofa mar sin. Nuair is féidir é tabharfar réamhfhógra don Oide Ranga má tá daltaí le hastarraingt ó rang.

Ról an Fhoireann Riaracháin

Caithfidh daltaí a thagann isteach mall ar scoil tuairisciú chuig Oifig na Scoile mar a dtabharfar duillín moille dóibh. Taifeadann an fhoireann riaracháin an mhoille seo ar an ríomhchóras cláraithe. Má imíonn daltaí ón scoil i rith an lae caithfidh siad síniú amach in Oifig na Scoile, mar a nótáiltear am agus cúis a n-imeachta. Déanann an fhoireann riaracháin monatóireacht ar chomhlánú ghlaoch rolla na maidine.

Straitéisí chun Rannpháirtíocht Daltaí a Chur chun Cinn

Aithníonn an scoil go mbíonn ardtinreamh ann nuair a mhothaíonn daltaí sona, sábháilte agus páirteach i saol phobal na scoile. Is trí rannpháirtíocht iomlán gach dalta i ngach gné de shaol na scoile agus trí fhéachaint chuige go gcothaítear a bhforbairt phearsanta, dea-shaoránacht agus dul chun cinn acadúil is ea is mian linn patrúin tinrimh a uasmhéadú. Is rún linn sin a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

Curaclam

Cuireann an scoil réimse leathan ábhar ar fáil ar an tSraith Shóisearach agus Shinsearach. Ofráiltear fosta Clár cuimsitheach Idirbhliana. Bíonn tacaíocht Chomhairleoir Treoirghairme agus teagasc bunaithe ar acmhainní ar fáil do dhaltaí nuair is/más gá.

Modheolaíochtaí

Trí theagasc an churaclaim déanann an múinteoir iarracht réimse modheolaíochtaí a úsáid a spreagann agus a éascaíonn rannpháirtíocht na ndaltaí uile. Déantar cinnte go mbíonn difrealú i ngach rang le freastal ar gach dalta. Soláthraíonn an bhainistíocht scoile forbairt mhúinteoirí agus tacaíonn siad léi trína dhéanamh éasca acu freastal ar chúrsaí inseirbhíse agus trí laethanta oiliúna foirne a thairiscint.

Comhchuraclaim

Freastalaíonn clár comhchuraclaim/seach-churaclaim Choláiste Oiriall ar réimse leathan spéiseanna sa dóigh is go n-uasmhéadófar rannpháirtíocht daltaí. I measc an réimse gníomhaíochtaí a thairgtear áirítear spóirt, drámaíocht, cuairteanna, clubanna am lóin, feasacht charthanachta agus turais allamuigh.

Cúram Tréadach

Cuidíonn struchtúir thréadchúraim agus eagrú ranga na scoile le gach dalta páirt a ghlacadh i saol na scoile ar dhóigh a chuireann a bhforbairt phearsanta chun cinn.

Oide Ranga/Ceann Bliana

Spreagann an t-atmaisféar comhbhách ranga a chothaíonn an tOide Ranga spreagann sin fosta lánpháirtíocht i saol na scoile. I gcomhar leis an Cheann Bliana, bíonn ról ag an Oide Ranga meanma mhaith ranga a chothú a chuireann cairdeas agus foghlaim chun cinn. Tríd an struchtúr sin fosta is féidir le tuismitheoirí dul i dteagmháil le agus bualadh le múinteoirí.

Rannpháirtíocht Tuismitheoirí

Fáiltítear roimh ionchur tuismitheoirí trí na bealaí éagsúla atá ar fáil dóibh m.s. Cumann Tuismitheoirí. Reáchtáiltear Cruinnithe Tuiste-Oide agus cruinnithe bainteacha eolais go rialta le linn na scoilbhliana. In amanna is féidir le hobair pháirtaimseartha i rith na seachtaine scoile cur le drochthinreamh agus drochphoncúlacht. Cuirtear in iúl do thuismitheoirí agus do dhaltaí faoi na dálaí dleathacha maidir le hobair pháirtaimseartha agus cuirtear in iúl dóibh faoi na drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith aici ar fheidhmiú a mic/n-iníne.

Tionscnaimh

Tá roinnt tionscnamh curtha in áit chun dea-thinreamh agus dea-phoncúlacht a spreagadh. Bronntar duaiseanna go bliantúil ar son taifead tinrimh neamhbhriste. Cuireann oidí i gcuimhne do dhaltaí go rialta go gcaithfidh siad a bheith ag a gcuid ranganna in am. Tá Dialann an Dalta deartha le cuidiú le tuismitheoirí agus daltaí déileáil le hasláithreacht agus le moille go héasca agus go héifeachtúil.

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344