Gailearaí

ceolchoirm-055 SAMSUNG ceolchoirm-047 img_5698 ceolchoirm-071 img_5650

CARTLANN

  • 2012 (19)
  • 2011 (55)
  • 2010 (10)
Baile > Daltai > Éide Scoile

Éide Scoile

Cuireann Coláiste Oiriall polasaí dain i bhfedidhm maidir le caitheamh an éide scoile. Táthar ag súil leis go mbeidh éide scoile iomlán a chaitheamh ag dalta ar scoil agus ar an bhealach ar scoil agus ar an bhealach abhaile ón scoil. Cuireann éide scoile atá caite go slachtmhar go mór le híomhá scoile. Seo a leanas an t-éide:

Geansaí marúin faoi mhuineál V le suaitheantas na scoile (€35)
Brístí dubha bootleg nó sciorta díreach le pléata ar chúl fá choinne na gcailíní (€30)
Bristí dubha polyester/viscose fá choinne na ngasúraí (€30)
Léine (€7.50) nó blús bánbhuí (€8.50)
Carbhat – marún mar bhundath le stríoca bánbhuí agus dubha ann gach re seach (€7.50)
Seaicéad fearthainne dubh le líneáil ann agus le suaitheantas na scoile (€35)
Bróga dubha agus stocaí dubha nó triús fá choinne na gcailíní
Scairf dubh – (an t-aon cheann atá ceadaithe ach roghnach)

Beidh éide reatha oifigiúil shell na scoile (€70) le léine polo agus suaitheantas na scoile san áireamh ar fáil do na daltaí sa scoil i mí Mheán Fómhair. B’fhéidir go n-amharcann seo costasach ach mairfidh éide reatha trí bliana má roghnaíonn an dalta an tomhas ceart i dtús ama.

Tá an t-éide scoile ar fáil sa Fabric Centre, 15 Sráid na Páirce, Muineachán (Tel. 047 82062).

Biology students during a field trip First Year students, 2008 – 09, with their Class Tutors: an Múinteoir Anne Marie (class Fionnuala) and an Múinteoir Roisin (class Fiachra)

Treoirlínte

  • Caithfidh an t-éide scoile a bheith glan, néata agus caite i gceart i rith an ama.
  • Bíodh an cnaipe ag an mhuinéal druidte ar an léine agus ar an bhlús
  • Caithfidh an carbhat a bheith ceangailte i gceart agus gan é a bheith caite go scaoilte.
  • Caithfear an sciorta go dtí an ghlúin.
  • Níl cead seaicéid nó éadach lomrach nach mbaineann leis an éide scoile a chaitheamh.
  • Tá caitheamh seodra teoranta go dtí dhá fháinne láimhe, fáinne amháin disréideach i ngach cluais agus uaireadóir.
  • Níl cead an aghaidh a pholladh ar mhaithe le sláinte agus le sabháilteacht.
  • Glacfar leis go mbeidh dath nadúrtha gruaige ag daltaí.
  • Tá cosc ar smidiú a chaitheamh
  • Níl cead éide Corpoideachais a chaitheamh le linn do dhalta a bheith ag teacht ar scoil nó ar a bhealach abhaile ón scoil nó sa rang ag am ar bith ar mhaithe le cúrsaí sláinteachais.
  • Tá cosc iomlán ar bhróga reatha a chaitheamh ag teacht nó ag dul abhaile ón scoil ach caithfear bróga reatha nó bróga peile le linn cluichí.
  • Beifear ag súil go mbeidh cuma shlachtmhar ar na daltaí i gcónaí agus an t-éide scoile a chaitheamh acu.
  • Cuirfear an córas smachta i bhfeidhm má sháraítear na treoirlínte thuas.