Cuireann Coláiste Oiriall polasaí dian i bhfeidhm maidir le caitheamh an éide scoile. Táthar ag súil leis go mbeidh éide scoile iomlán a chaitheamh ag daltaí ar scoil agus ar an bhealach ar scoil agus ar an bhealach abhaile ón scoil. Tá an t-éide scoile ar fáil sa Fabric Centre, 15 Sráid na Páirce, Muineachán (Tel. 047 82062) in aice leis an timpeallán nó trasna an bhealaigh ó Sheipéal Naomh Iosaif.
Reáchtálann an scoil córas cíosa do na téacsleabhair do gach bliainghrúpa. Is é costas iomlán na dtéacsleabhar uilig ná €60 in aghaidh na bliana do gach dalta – sabháilt mhór do thuismitheoirí. Bíonn na leabhair ar fáil tríd an scoil.
Tosaíonn na ranganna ag 9.00 ar maidin. Bíonn briseadh beag ann ag 10.55 a mhaireann 15 bhomaite. Bíonn am lóin ar siúl idir 12.20 pm agus 1.00 pm. Níl cead ach ag daltaí na Séú Bliana an scoil a fhágáil ag am lóin. Críochnaíonn an lá scoile ag 3.35 pm. Bíonn naoi dtréimhse ranga ag daltaí gach lá.
Tá Comhairle na nDaltaí ann chun smaointí na ndaltaí a chur faoi bhráid na bainistíochta, chun dea-chaidreamh a chothú idir dhaltaí agus an fhoireann agus chun saol na scoile a dhéanamh níos taitneamhaí do gach duine. Bíonn toghchán ann gach Bealtaine do Chomhairle na nDaltaí. Toghtar beirt ionadaí ó gach bliainghrúpa ón 2ú go dtí an 6ú bliain. Bíonn ionadaí foirne nó múinteoir idirchaidrimh ann.
