Aidhmeanna
- Dul in aibíocht agus cur le féinmhuinín
- Na scíleanna sóisialta agus cumarsáide atá de dhíth i sochaí an lae inniu a fhorbairt.
- An saol oibre, gnó agus teicneolaíochta a thuiscint agus a bhlaiseadh
- Déanamh réidh fá choinne na hArdteiste
Teanga Idirbhliana
- Tionscnamh, obair ghrúpa, cur i lathair ó bhéal,
- Aibíocht, féin-mhuinín, scíleanna cumarsáide, ceardlanna
- Aoi-chainteoirí, obair foirne, cumas, taithí oibre
- Na bunábhair, modúil, roghanna

An Clár Léinn
- Matamaitic, Béarla, Gaeilge, Fraincis (4 x 4 = 16 thréimhse)
- Reiligiún agus Oideachas Sóisialta (2 thréimhse)
- Corpoideachas agus Caithimh Aimsire (4 thréimhse)
- Teicneolaíocht na Faisnéise (5 thréimhse)
- Ábhair Eile agus Modúil (17 dtréimhse)
- Gairmthreoir (1 thréimhse)
Croí-Ábhair
- Matamaitic
- Béarla (caint phoiblí, scríbhneoireacht chruthaíoch agus litríocht Mhuineacháin san áireamh)
- Gaeilge (Staidéar ar na Meáin san áireamh)
- Fraincis (dul siar ar ghramadach agus ar stórfhocal, obair ó bhéal agus Scannanaíocht Fraincise san áireamh)
Ábhair Eile
- Trachtáil (Gnó, Cuntasaíocht san áireamh)
- Eolaíocht (Bitheolaíocht, Fisic san áireamh)
- Eacnamaíocht Bhaile
- Staidéir Shoisialta (Tíreolaíocht agus Stair san áireamh)
- Ceol
- Ealaín (Sceitseáil agus Líníocht san áireamh)
Modúil
- Garchabhair
- Dlí-eolaíocht
- Cocaireacht
- Caint Phoiblí
- Dlí
- Faisean
- Litríocht Mhuineacháin
- Dearadh Grafach
- Staidéar ar na Meáin
Eolas Ginearálta
- Scrúduithe Nollag agus Samhraidh
- Tuairiscí abhaile tar éis Nollag agus sa Samhradh
- Cruinniú idir múinteoirí agus tuismitheoirí
- Cloí le Cód Iompair na scoile
- Cloí le polasaí obair bhaile na scoile
Teicneolaíocht na Faisnéise (ECDL)
- Bunchoincheapanna Theicneolaíocht na Faisnéise
- Usáid an ríomhaire agus bainistiú comhad
- Proiseáil Focail (Word)
- Scairbhileog (Excel)
- Bunachar Sonraí (Access)
- Cur i láthair (Powerpoint)
- Eolas agus cumarsáid (Ríomhphost agus an gréasan domhanda)
Taithí Oibre
- Seachtain amháin i láthair amháin oibre i mí na Samhna agus seachtain eile i láthair eile oibre i mí Feabhra.
- Spreagtar do dhaltaí a gcuid taithí oibre féin a chuartú.
- Is féidir le hospidéil, staisiúin Gardaí, scoileanna, monarchana, cogaslanna, gruagairí, comhlachtaí ríomhaire, tréidlíanna, cuntasóirí a bheith mar láithreacha oibre.
- Líonann na daltaí tuairisc comhlachta agus cuireann na fostóirí tuairisc ar ais chugainn mar gheall ar an dalta.
Imeachtaí Breise
- Ceardlann Dlí
- Díospóireachtaí – Leinster Schools
- Mion Chomhlacht
- Gaisce – Gradam an Uachtaráin
- Léiriú Chlár Raidió
- Ranganna Snagdhamhsa


Spórt agus Caithimh Aimsire
- Snámh in Ionad Scíthe Mhuineacháin
- Golf Driving Range
- Pitch and Putt, Leadóg
- Caitheamh bollaí i nDún Dealgan agus boláil istigh i gCluain Tiobraid
- Marcaíocht capall i dTigh Damhnata
- Rianadóireacht i bPáirc Rossmore
- Oighearscatáil i nDún Dealgan
- Liathróid Láimhe, Scuais
Oideachas Sóisialta
- Aoi-chainteoirí ag plé ábhar cosúil le bochtanas, mí -úsáid substaintí, daoine gan dídean, sláinte intinne, lucht siúil, daoine míchumasacha.
- Bailiú airgid fá choinne eagraíochtaí mar I.S.P.C.C., Autism Society and Hospice Homecare
- Cuairt ar thabhairt ar na hothair i dtithe banaltrais Drumbear agus Mullinahinch.
Turasanna
- Caisleán Bhaile Atha Cliath
- Iarsmalann an Chumainn Luthchleas Gael agus Páirc an Chrocaigh
- Pluaiseanna Marble Arch
- Cúirt Chuarda Dhún Dealgan
- Ionad Eachtraíochta Tanagh
Turasanna
| Cainteoirí agus Ceardlanna | €30 | |
| ECDL | €50 | |
| Turasanna agus Taisteal | €40 | |
| Spórt agus Scíth | €30 | |
| Iomlán | €150 |
Meastóireacht agus Teistiméireacht
- Ardghradam (80%-100%); Gradam (60%-79%); Pas (40%-59%); Meastóireacht ar bith (39% nó níos lú)
- Seo cuid den chritéir: díograis, poncúlacht, comhoibriú, feabhas, iarracht, tinreamh, fiontar, rannphairtíocht.
