The Under 19 and the Under 16 Boys’ Basketball teams face Scoil Uí Mhuirí in their respective finals of the North Eastern League organized by Basketball Ireland.
Ó mhí Mheán Fomhair ar aghaidh bhí dhá fhoireann in iomaíocht ó thaobh na buachaillí de – foireann sinsir agus foireann cadette. D’imir an fhoireann cadette in éadan Choláiste Learga, Scoil Uí Mhuirí, Dún Léire, an Scoil Gramadaí, Dún Dealgan agus Coláiste na hInse, Co na Mí. Sa chéad chluiche sa tsraith bhí Donnacha O Dulain iontach láidir ag cosaint agus sa dara cheathrú ghnóthaigh Turlough O Cleircín trí chiséain i ndiaidh a chéile. Chuir Oisín O Conraoi leis an méid seo le dhá chiseain ón líne saorchaithimh, rud a d’fhág na foirne cothrom ag leathama. Bhí an dara leath iontach fisiciúil agus chaill Coláiste Oiriall an cluiche.
. . . → Tuilleadh eolais uait? Boys’ Basketball teams book places in Regional Finals